|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2168 |
25.3.2024 |
Caingean arna tabhairt an 26 Eanáir 2024 – Penta Systems v an Coimisiún
(Cás T-43/24)
(C/2024/2168)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Penta system Srl (Modugno, an Iodáil) (ionadaí: K. Duchoňová, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh an 27 Samhain 2023 ón gCoimisiún maidir le diúltú ar thairiscint an iarratasóra a chuir sé isteach i nós imeachta tairisceana JRC/IPR/2022/RP/1912 – Bainistíocht Dramhaíola Radaighníomhaí Oibríochtaí agus Cothabháil Áiseanna (RAMA) Seirbhisí agus cinneadh ón gCoimisiún Eorpach ar dhámachtain thairiscint JRC/IPR/2022/RP/1912 – Bainistíocht Dramhaíola Radaighníomhaí Oibríochtaí & Cothabháil Áiseanna (RAMA) Seirbhisí chuig [ainmneacha a fhágáil ar lár] a chur ar neamhní; |
|
— |
A ordú don chosantóir costais an iarratasóra a bhaineann leis an nós imeachta a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur cinneadh treallach é agus go bhfuil easpa cúiseanna ag gabháil leis. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear diultú do rochtain ar fhaisnéis. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun dea-riaracháin. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2168/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)