![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2154 |
25.3.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Eanáir 2024 – TA Towers v EUIPO – Wobben Properties (Ábhar foirgníochta)
(Cás T-202/22) (1)
(Dearadh Comhphobail - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear ábhar foirgníochta - Foras le neamhbhailíocht - Neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha cosanta - Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Easpa saincháilíochta - Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 6/2002)
(C/2024/2154)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: TA Towers ApS (Odense, an Danmhairg) (ionadaí: L. Andersen, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionada: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhord Achomhairc de EUIPO, idiragaí os comhair na Cúirte Ginearálta: Wobben Properties GmbH (Aurich, an Ghearmáin) (ionadaithe: R. F. Böhm agus A. Ebert-Weidenfeller, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Feabhra 2022 (Cás R 2493/2020-3) ar neamhní.
An cuid oibríochtúil
1) |
Cuirtear an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig an Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Feabhra 2022 (Cás R 2493/2020-3) ar neamhní. |
2) |
Diúltaítear don chuid eile don chaingean. |
3) |
Ordaítear do EUIPO agus do Wobben Properties GmbH a gcostais féin a íoc chomh maith le, gach ceann díobh, leath de na costais arna dtabhú ag TA Towers ApS os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair an Bhoird Achomhairc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2154/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)