|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2139 |
25.3.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – Meta Platforms Ireland Limited v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni
(Cás C-797/23, Meta Platforms Ireland)
(C/2024/2139)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Limited
Cosantóir: Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
Ar cheart Airteagal 15 (de Threoir 790/2019 (1) (EUCD)) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhorálacha reachtaíochta náisiúnta a thabhairt isteach – amhail na cinn a leagtar síos in Airteagal 43-bis de Dhlí na hIodáile maidir le cóipcheart agus na cinn atá leagtha síos i [Rún AGCom 3/23/CONS ón Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni, a mhéid a:
|
|
2) |
An gcuirtear cosc le hAirteagal 15 EUCD ar fhorálacha náisiúnta amhail na cinn dá dtagraítear i gCeist 1 thuas, lena gcuirtear oibleagáid ar [ISSPanna] sonraí a nochtadh, faoi réir mhaoirseacht an Údaráis Rialála náisiúnta féin, a bhfuil neamhchomhlíonadh faoi réir smachtbhannaí riaracháin? |
|
3) |
An bhfuil prionsabail na saoirse chun gnó a sheoladh, dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, maidir le saoriomaíocht, dá dtagraítear in Airteagal 109 CFAE, agus prionsabail na comhréireachta, dá dtagraítear in Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, forálacha na reachtaíochta náisiúnta, amhail na cinn dá dtagraítear thuas, lena:
|
(1) Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO 2019 L 130, lch. 92).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2139/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)