|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2047 |
18.3.2024 |
Caingean arna tabhairt an 8 Eanáir 2024 – UL agus páirtithe eile v SEGS
(Cás T-17/24)
(C/2024/2047)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: UL agus an seisear iarratasóir eile (ionadaithe: A. Guillerme, T. Bontinck agus F. Patuelli, Dlíodóirí)
Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
na cinntí atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
ceart na n-iarratasóirí do liúntas oideachais dá leanaí faoi 5 bliana d’aois a aithint, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 15 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus na himthosca eisceachtúla a bhaineann leo á gcur san áireamh; |
|
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean in aghaidh na gcinntí ón Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) lena ndiúltaítear costais a bhaineann le naíolann agus scoil arna dtabhú ag na hiarratasóirí maidir leis an liúntas oideachais a chur san áireamh, maíonn na hiarratasóirí ceithre shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí i gcur i bhfeidhm Airteagal 15 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin’), agus pléadáil neamhdhleathach ar fhorálacha an Treoirleabhar do Thoscaireachtaí an Aontais a bhaineann leis an liúntais oideachais. |
|
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna SEGS earráid dlí agus earráid fhollasach measúnaithe trí uasteorainn níos ísle a chur i bhfeidhm ná an uasteorainn dá bhforáiltear in Airteagal 15 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin, agus pléadáil neamhdhleathach ar fhorálacha an Treoirleabhar do Thoscaireachtaí an Aontais a bhaineann leis an liúntais oideachais. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí, earráid fhollasach measúnaithe agus sárú ar dhualgas cúraim ag SEGS nuair a mheas sí nach cásanna eisceachtúla a bhí i gcásanna na n-iarratasóirí de réir bhrí Airteagal 15 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe idir tuismitheoirí leanaí idir 3 agus 5 bliana d’aois agus tuismitheoirí leanaí faoi 3 bliana d’aois, de pháirt, agus idir tuismitheoirí leanaí faoi 5 bliana d’aois agus tuismitheoirí leanaí os cionn 5 bliana d’aois, de pháirt eile, agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2047/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)