European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2026

18.3.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Eanáir 2024 – VN v an Coimisiún

(Cás T-159/23) (1)

(Státseirbhís - Oifigigh - Saoire bhreoiteachta - Neamhláithreacht gan údar - Asbhaint as tuarastail - Prionsabal na neamhchlaontachta - Oibleagáid chun cúiseanna a chur in iúl - Earráid fhollasach measúnaithe - Force majeure - Dualgas cúraim)

(C/2024/2026)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: VN (ionadaithe: A. Champetier agus S. Rodrigues, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Bohr agus L. Vernier, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 6 Iúil 2022 a chur ar neamhní, cinneadh a dhearbhaigh go raibh sé as láthair ón obair gan údar an 10 Meitheamh 2022, rud a d’fhágfadh go mbainfí lá amháin as a thuarastal agus, ar an dara dul síos, cúiteamh i leith an damáiste a éilíonn sé a bheith fulaingthe.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do VN na costais a íoc.


(1)   IO C 179, 22.5.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2026/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)