|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2013 |
18.3.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 7 Nollaig 2023 – A. N. v Ministerstvo vnitra
(Cás C-753/23, Krasiliva (1))
(C/2024/2013)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší správní soud
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: A. N.
Cosantóir: Ministerstvo vnitra
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
(1) |
An gcuirtear cosc le hAirteagal 8(1) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle, (2) fiú i bhfianaise chomhaontú na mBallstát gan Airteagal 11 den Treoir sin a chur i bhfeidhm, ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir a bhfuil iarratas ar chead cónaithe chun críoch na cosanta sealadaí do-ghlactha i gcás ina ndearna an neamhnáisiúnach iarratas ar chead cónaithe i mBallstát eile nó i gcás inar deonaíodh cead dó cheana féin i mBallstát eile? |
|
(2) |
An bhfuil an ceart ag duine a bhfuil cosaint shealadach aige faoi Threoir 2001/55/CE ón gComhairle chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil, os comhair cúirt faoi Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar theip Bhallstáit i ndeonú ceada chónaithe de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
(2) Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin do smachtbhannaí agus bearta in aghaidh fostóirí náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO 2001 L 212, lch. 12).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2013/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)