European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1989

12.3.2024

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(C/2024/1989)

Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Bingöl Balı’

Uimh. AE: PDO-TR-02886 – 5.1.2023

ATFC (x) TGFC ( )

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Bingöl Balı’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Tuirc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-ábhar

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.4. Táirgí eile de thionscnamh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí éagsúla déiríochta seachas im, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is mil pholaflórach é ‘Bingöl Balı’ a fhaightear ón limistéar geografach a shonraítear i Roinn 4. Féadann a dath a athrú ó ómra éadrom go ómra dorcha. Tá sé ar an margadh mar chíor mheala agus mar mhil a bhaintear. Sa táirgeadh, úsáidtear na pórtha beach Apis mellifera anatoliaca, A. mellifera caucasica, A. mellifera meda agus a n-hibridí.

Is iad seo a leanas saintréithe pailine ‘Bingöl Balı’.

i)

Ba cheart ceann amháin ar a laghad de na tacsóin ghaolmhara a bheith san áireamh sa phailin: Astragalus sp. (bleachtphiseán), Centaurea sp. (dréimire Muire), Hypericum sp. (luibh Eoin Baiste), Trifolium sp. (seamair) agus Xeranthemum sp. (neamhbhásmhar nó buan bliantúil),

ii)

Ba cheart go gcomhlíonfadh an phailin freisin an speictream pailine a liostaítear i dTábla 2 (níl gá leis na tacsóin pailine liostaithe go léir a bheith ann le chéile).

Tábla 1

Saintréithe fisiceimiceacha ‘Bingöl Balı’

Gné

Luach

Bogthaise (% ar a mhéad)

18  %

Siúcrós (g/100 g; uasmhéid)

3 g/100 g

Fruchtós+Glúcós (g/100g; íosmhéid)

65 g/100 g

Fruchtós/Glúcós

1,00 -1,30

Máltós (% ar a mhéad)

4  %

Substaint atá dothuaslagtha in uisce (g/100g; uasmhéid)

0,1 g/100 g

Saoraigéadacht (meq/kg; uasmhéid)

40 meq/kg

Seoltacht leictreach (mS/cm; uasmhéid)

0,8 mS/cm

Líon na ndiastáiseanna (íosta)

15

HMF (mg/kg; uasmhéid)

20 mg/kg

δ 13 C mil

-23 nó níos ísle

δ 13 C próitéin - δ 13 C mil

–1,0 nó níos airde

C 4 shiúcra(uasta)

7  %

Próilín (mg/kg; íosmhéid)

450

Tábla 2

Saintréithe meilise-phailineolaíocha ‘Bingöl Balı’

 

Tacsón

Fine

Cion Pailine (Príomhúil: ≥ 45 %, Tánaisteach: 16 - 44 %, Beag: 3 - 15 %, Rian: <3)

1.

Acanthus sp.

Acanthaceae

Beag, rian

2.

Sambucus sp.

Adoxaceae

Beag, rian

3.

Allium sp.

Amaryllidaceae

Beag, rian

4.

Rhus sp.

Anacardiaceae

Beag, rian

5.

Apiaceae

Apiaceae

Rian

6.

Chaerophyllum sp.

Apiaceae

Rian

7.

Eryngium campestre

Apiaceae

Tánaisteach, beag, rian

8.

Pimpinella sp.

Apiaceae

Príomhúil, rian

9.

Achillea sp.

Asteraceae

Beag, rian

10.

Anthemis sp.

Asteraceae

Rian

11.

Artemisia sp.

Asteraceae

Tánaisteach, rian

12.

Carduus sp.

Asteraceae

Rian

13.

Cichorium sp.

Asteraceae

Tánaisteach, beag, rian

14.

Cirsium spp.

Asteraceae

Beag, rian

15.

Cirsium yildizianum

Asteraceae

Tánaisteach, rian

16.

Crepis sp.

Asteraceae

Tánaisteach, beag, rian

17.

Echinops sp.

Asteraceae

Beag, rian

18.

Gundelia sp.

Asteraceae

Rian

19.

Helichrysum sp.

Asteraceae

Príomhúil, tánaisteach, beag, rian

20.

Leontodon sp.

Asteraceae

Rian

21.

Onopordum sp.

Asteraceae

Rian

22.

Ptilostemon sp.

Asteraceae

Rian

23.

Senecio sp.

Asteraceae

Rian

24.

Taraxacum sp.

Asteraceae

Beag, rian

25.

Xanthium sp.

Asteraceae

Rian

26.

Alkanna sp.

Boraginaceae

Rian

27.

Anchusa sp.

Boraginaceae

Rian

28.

Cerinthe minor

Boraginaceae

Rian

29.

Echium sp.

Boraginaceae

Beag, rian

30.

Myosotis sp.

Boraginaceae

Beag, rian

31.

Onosma sp.

Boraginaceae

Rian

32.

Campanula sp.

Campanulaceae

Beag, rian

33.

Campanula sp.

Campanulaceae

Beag, rian

34.

Cephalaria sp.

Caprifoliaceae

Beag, rian

35.

Dipsacus sp.

Caprifoliaceae

Rian

36.

Scabiosa spp.

Caprifoliaceae

Rian

37.

Valeriana sp.

Caprifoliaceae

Rian

38.

Dianthus sp.

Caryophyllaceae

Beag

39.

Saponaria sp.

Caryophyllaceae

Rian

40.

Silene sp.

Caryophyllaceae

Rian

41.

Caryophyllaceae/ Amaranthaceae

Caryophyllaceae/ Amaranthaceae

Tánaisteach, beag, rian

42.

Chenopodium sp.

Chenopodiaceae

Beag, rian

43.

Convolvulus sp.

Convolvulaceae

Tánaisteach, rian

44.

Cornus sp.

Cornaceae

Rian

45.

Sedum sp.

Crassulaceae

Beag,

46.

Eleagnus sp.

Eleagnaceae

Rian

47.

Euphorbia sp.

Euphorbiaceae

Rian

48.

Coronilla sp.

Fabaceae

Beag, rian

49.

Genista sp.

Fabaceae

Rian

50.

Hedysarum sp.

Fabaceae

Beag, rian

51.

Lathyrus sp.

Fabaceae

Rian

52.

Lotus sp.

Fabaceae

Príomhúil, tánaisteach, beag, rian

53.

Medicago sp.

Fabaceae

Beag

54.

Melilotus sp.

Fabaceae

Tánaisteach, beag, rian

55.

Onobrychis sp.

Fabaceae

Rian

56.

Robinia pseudoacacia

Fabaceae

Rian

57.

Securigera sp.

Fabaceae

Beag

58.

Vicia spp.

Fabaceae

Rian

59.

Geranium sp.

Geraniaceae

Rian

60.

Lamiaceae

Lamiaceae

Beag, rian

61.

Lamium macrodon

Lamiaceae

Tánaisteach, beag

62.

Lamium sp.

Lamiaceae

Príomhúil, tánaisteach, beag, rian

63.

Marrubium sp.

Lamiaceae

Rian

64.

Mentha sp.

Lamiaceae

Rian

65.

Nepeta sp.

Lamiaceae

Rian

66.

Origanum sp.

Lamiaceae

Beag, rian

67.

Phlomis sp.

Lamiaceae

Beag, rian

68.

Salvia sp.

Lamiaceae

Rian

69.

Teucrium sp.

Lamiaceae

Beag, rian

70.

Thymus spp.

Lamiaceae

Rian

71.

Lythrum salicaria

Lythraceae

Beag, rian

72.

Alcea sp.,

Malvaceae

Rian

73.

Malva sp.

Malvaceae

Rian

74.

Tilia sp.

Malvaceae

Rian

75.

Morus sp.

Moraceae

Rian

76.

Epilobium sp.

Onagraceae

Rian

77.

Corydalis sp.

Papaveraceae

Rian

78.

Papaver sp.

Papaveraceae

Rian

79.

Linaria sp.

Plantaginaceae

Beag, rian

80.

Plantago lanceolata

Plantaginaceae

Príomhúil, tánaisteach, beag, rian

81.

Acantholimon sp.

Plumbaginaceae

Rian

82.

Polygala sp.

Polygalaceae

Rian

83.

Polygonum sp.

Polygonaceae

Rian

84.

Rheum sp.

Polygonaceae

Rian

85.

Rumex sp.

Polygonaceae

Rian

86.

Portulaca sp.

Portulacaceae

Rian

87.

Lysimachia sp.

Primulaceae

Rian

88.

Ranunculus sp.

Ranunculaceae

Rian

89.

Paliurus spina christi

Rhamnaceae

Rian

90.

Cerasus sp.

Rosaceae

Rian

91.

Filipendula sp.

Rosaceae

Beag, rian

92.

Fragaria sp.

Rosaceae

Rian

93.

Potentilla sp.

Rosaceae

Tánaisteach, beag, rian

94.

Prunus sp.

Rosaceae

Rian

95.

Pyrus sp.

Rosaceae

Rian

96.

Rosa canina

Rosaceae

Beag, rian

97.

Rosaceae

Rosaceae

Tánaisteach, beag, rian

98.

Rubus sp.

Rosaceae

Rian

99.

Sanguisorba minor

Rosaceae

Beag, rian

100.

Galium sp.

Rubiaceae

Beag, rian

101.

Citrus sp.

Rutaceae

Beag, rian

102.

Salix sp.

Salicaceae

Beag, rian

103.

Verbascum spp.

Scrophulariaceae

Príomhúil, tánaisteach, beag, rian

104.

Eremurus sp.

Xanthorrhoeaceae

Rian

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór gach céim táirgthe, próiseála agus ullmhúcháin a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Díoltar an mhil i bprócaí gloine 1 kg ar a mhéad.

Díoltar an chíor mheala i bpacáistíocht dhronuilleogach, chearnach nó laicearaithe 3-5 kg, atá oiriúnach le haghaidh teagmhála le bia.

Ní mór an mhil a chuirtear ar díol a chosaint ar sholas gréine díreach agus a stóráil in áiteanna glana agus tirime í nach mó ná 20 oC a dteocht inmheánach, saor ó bholadh.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an t-ainm ‘Bingöl Balı’ agus ceann de na lógónna ‘Bingöl Balı’ seo a leanas a bheith le fáil ar phacáistiú an táirge.

Image 1

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Cumhdaíonn an limistéar geografach críochaithe na sráidbhailte agus na bailte uile a bhaineann le cúige Bingöl san Anatóil Thoir sa Tuirc.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an t-iarratas ar chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh ‘Bingöl Balı’ bunaithe ar cháilíocht agus ar shaintréithe sonracha an táirge amháin, a eascraíonn as na gnéithe nádúrtha agus daonna atá sa limistéar geografach.

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Tá sléibhte timpeall ar chúige Bingöl. Is iad na príomhaonaid mhoirfeolaíocha ardchláir bholcánacha ag ingearchlónna éagsúla i limistéir shléibhtiúla ar fud an chúige, gleannta a dhéantar as sruthanna a ghearrann trí limistéir shléibhtiúla agus a shocraíonn ar fhabhtlínte, agus machairí agus báisíní a dhéantar mar gheall ar ghníomhaíocht theicteonach i measc maiseanna sléibhtiúla. Mar thoradh ar airdí agus ar thírghnéithe a athraíonn thar achair ghearra tá éagsúlacht ann sa topagrafaíocht, sna gnéithe aeráide agus san fhásra.

Mar thoradh ar an bháisteach bhliantúil agus an líon ard laethanta grianmhara i Bingöl tá flóra saibhir ag an limistéir gheografaigh. Daracha (Quercus petraea subsp. pinnatiloba (K.Koch) Menitsky agus Quercus libani Oliv.) den chuid is mó a dhéanann an clúdach i limistéir foraoise. I gceantair steipe, tá na speicis bleachtphiseáin Astragalus muschianus Kotschy & Boiss. ex Boiss. agus Astragalus gummifer Labill. flúirseach.

Ós rud é gurb é 1 500 -2 000 m meán-airde an ardchláir, tá tréimhse an tsamhraidh fionnuar agus tá tréimhse an bhláthaithe fada. Fágann sé sin go gcruthaítear láithreáin nádúrtha neadaithe is féidir a úsáid ó mí an Mheithimh go mí Dheireadh Fómhair i dtéarmaí gníomhaíochtaí beachaireachta. Ina theannta sin, cuireann sé limistéir áitiúla foscúla ar fáil chun beachaireacht a dhéanamh.

De bharr nach bhfuil fiontair tionscail troma in Bingöl, tá na hacmhainní ithreach agus uisce glan i gcónaí.

Sainiúlacht an táirge

Tá áit thábhachtach ag cúige Bingöl le haghaidh gníomhaíochtaí beachaireachta maidir lena shuíomh, a choinníollacha nádúrtha agus a luachanna táirgthe. Tá Bingöl suite in oirthear an Trasnáin Anatólaigh i réigiún fhlóra na hIaráine agus na Tuirce, le topagrafaíocht ar leith i gcomparáid leis an réigiún máguaird agus leis an tír, agus tá acmhainneacht mhór beachadóireachta aige mar gheall ar a éagsúlacht shaibhir bhláthach agus a raon leathan tréimhsí bláthaithe. Dá bharr sin, tá éagsúlacht plandaí shaibhir ag cúige Bingöl agus léiríonn sé ráta ard eindéimeachta. Tá thart ar 1 700 speiceas plandaí ann, a bhfuil 300 díobh eindéimeach in Bingöl. Ina theannta sin, tá níos mó ná 200 tacsón plandaí cláraithe mar phlandaí beach le hanailísí meilise-phailineolaíoch. Is iad na príomhtheaghlaigh plandaí i measc na bplandaí beach sin Asteraceae (teaghlach na Nóiníní), Fabaceae (teaghlach na Léagúm) agus Hypericaceae (teaghlach luibh Eoin Baiste). Dar ndóigh, léirítear an éagsúlacht bhláthúil seo i dtionscnamh luibheolaíoch ‘Bingöl Balı’.

Ó thaobh na luibheolaíochta de, tá an cion ard pailine ina saintréith de chuid ‘Bingöl Balı’, lena n-áirítear ceann amháin ar a laghad de na tacsóin ghaolmhara a bheith ann; Astragalus sp. (bleachtphiseán), Centaurea sp. (dréimire Muire), Hypericum sp. (luibh Eoin Baiste), Trifolium sp. (seamair) agus Xeranthemum sp. (neamhbhásmhar nó buan bliantúil) agus cuid de na pailiní a léirítear i dTábla 2 faoi phointe 3.2.

An toisc dhaonna

Is foinse thábhachtach ioncaim iad gníomhaíochtaí beachaireachta, a dhéantar le blianta fada i gcúige Bingöl, don limistéar geografach.

Déantar gníomhaíochtaí beachaireachta den chuid is mó i bhfoirm buailteachas beach. Cuirtear tús le gníomhaíochtaí na mbeachairí ag tús mhí an Mhárta, ina measc cúram a thabhairt do na gcoilíneachtaí beach agus iad a bheathú le linn an gheimhridh agus an chráinbheach a bhainistiú. Leanann an t-ullmhúchán seo ar aghaidh go dtí lár mhí na Bealtaine. Is féidir leis na beachairí a gcuid beacha a athlonnú laistigh den limistéar geografach i mí na Bealtaine, ag brath ar an ráta sreafa neachtair.

Braitheann athrú suíomh na mbeach ar airde den chuid is mó. Éiríonn an fásra níos teirce os cionn 1 100 m, mar sin bogann na beacha go airde 1 900 m agus níos airde, achar 3-4 km ó na lonnaíochtaí, i dtreo foinsí uisce nádúrtha, agus limistéir ina bhfuil raidhse neachtair agus sreabha pailine.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1989/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)