Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1872 |
11.3.2024 |
Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2023 – WU v Eurojust
(Cás T-1176/23)
(C/2024/1872)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: WU (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)
Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh an 14 Feabhra 2023 agus Cinneadh an 14 Meán Fómhair 2023 a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don chosantóir cúiteamh EUR60 000 a íoc leis an iarratasóir; |
— |
a ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean i gcoinne Chinneadh 2023-03 ó Eurojust an 14 Feabhra 2023, lena ndúntar an fiosrúchán riaracháin gan aon ghníomh eile ina dhiaidh agus lena ndiúltaítear dá iarraidh ar chúnamh, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear ar thaobh amháin, coinbhleacht leasa ar thaobh cheannionadaí Eurojust le linn na cosanta cointinní agus, ar an taobh eile, sárú ar phrionsabal na neamhchlaontachta oibiachtúla. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gurb ann do neamhrialtachtaí nóis imeachta iomadúla. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráidí follasacha measúnaithe ar choincheap an chiaptha trí chineál iomchuí, údaraithe agus dlisteanach gach iompar arna mbunú leis an bhfiosrúchán riaracháin. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1872/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)