European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1829

11.3.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 25 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – WY v Laudamotion GmbH, Ryanair DAC

(Cás C-54/23 (1), Laudamotion agus Ryanair)

(Tarchur chun réamhrialú - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Airteagal 5(1) - Airteagal 7(1) - Cúiteamh d’aerphaisinéirí i gcás moill fhada ar eitilt - Caillteanas ama - Eitilt mhalartach arna cur in áirithe ag an bpaisinéir féin - Paisinéir a thagann chuig an gceann scríbe níos lú ná trí huaire déanach i gcomparáid leis an am teachta a bhí sceidealta ar dtús - Gan aon chúiteamh)

(C/2024/1829)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: WY

Cosantóirí: Laudamotion GmbH, Ryanair DAC

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagail 5(1) agus 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl aerphaisinéir i dteideal cúitimh faoi na forálacha sin más rud é, mar gheall ar an mbaol go mbeadh moill fhada ar theacht chuig ceann scríbe deiridh na heitilte a bhfuil áirithint deimhnithe aige, nó fiú fianaise leordhóthanach ar a leithéid de mhoill, gur chuir sé eitilt ionaid in áirithe é féin agus gur shroich sé an ceann scríbe níos lú ná trí huaire taobh thiar den am a bhí sceidealta ar dtús don chéad eitilt.


(1)   IO C 173, 15.5.2023


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1829/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)