European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1778

22.3.2024

P9_TA(2023)0303

An Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (COM(2021)0557 – C9-0329/2021 – 2021/0218(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2024/1778)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0557),

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0222),

ag féachaint d’Airteagal 294(2), Airteagal 114, Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0329/2021),

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá beartaithe,

ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Nollaig 2021  (1) agus an 13 Iúil 2022  (2),

ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 28 Aibreán 2022  (3),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Meitheamh 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0208/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (4);

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 127.

(2)   IO C 443, 22.11.2022, lch. 145.

(3)   IO C 301, 5.8.2022, lch. 184.

(4)  Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 14 Meán Fómhair 2022 (IO C 125, 5.4.2023, lch. 398).


P9_TC1-COD(2021)0218

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Meán Fómhair 2023 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2023/2413.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1778/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)