|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1757 |
22.3.2024 |
P9_TA(2023)0306
Córas na Scoileanna Eorpacha – staid na himeartha, dúshláin agus peirspictíochtaí
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 ar chóras na Scoileanna Eorpacha: Staid na himeartha, Dúshláin agus Peirspictíochtaí (2022/2149(INI))
(C/2024/1757)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1), |
|
— |
ag féachaint don staidéar a rinneadh dá Coiste um Chultúr agus um Oideachas an 9 Meitheamh 2022 dar teideal The European Schools system: State of Play, Challenges and Perspectives [Córas na Scoileanna Eorpacha: An staid mar atá, Dúshláin agus Peirspictíochtaí] (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ó mhí na Nollag 2022 dar teideal PISA for Schools: How The European Schools Compare Internationally 2022 [PISA do Scoileanna: Conas a dhéantar comparáid idir Scoileanna Eorpacha go hidirnáisiúnta, 2022], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil deiridh 2022 ón nGníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus um Oideachas Cuimsitheach dar teideal External Evaluation of the Implementation of the European Schools’ Action Plan on Educational Support and Inclusive Education [Meastóireacht Sheachtrach ar Chur Chun Feidhme Phlean Gníomhaíochta na Scoileanna Eorpacha maidir le Tacaíocht Oideachais agus Oideachas Cuimsitheach], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 25 Samhain 2022 dar teideal Report on the annual accounts of the European Schools for the financial year 2021 [Tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Scoileanna Eorpacha don bhliain airgeadais 2021], |
|
— |
ag féachaint don Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (3), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le córas na Scoileanna Eorpacha (4), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch agus comhchoiteann (5), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025 – micridhintiúir, cuntais foghlama aonair agus foghlaim le haghaidh timpeallacht inbhuanaithe (6), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le beartas oideachais dhigitigh a mhúnlú (7), |
|
— |
ag féachaint dá rún an 7 Iúil 2016 maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, go háirithe na Breithnithe Deiridh ó Choiste UNCRPD (8), |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0205/2023), |
|
A. |
de bhrí gur córas uathúil é Córas na Scoileanna Eorpacha (CSE) a bhfuil a láidreachtaí agus a cháilíochtaí léirithe aige ó bunaíodh é sna 1950idí, mar a léiríodh, mar shampla, trí aitheantas a thabhairt don Baccalaureate Eorpach i ngach Ballstát agus tríd an bhfás leanúnach ar líon na Scoileanna Eorpacha Creidiúnaithe; de bhrí gur cheart go mbeadh an deis ag gach saoránach den Aontas tairbhe a bhaint as an oideachas sin; |
|
B. |
de bhrí gur cheart go mbeadh an deis ag gach duine tairbhe a bhaint as an gcineál oideachais a chuireann CSE ar fáil agus nach mór an deis a thabhairt do gach córas scoile ar fud an Aontais Eorpaigh leas a bhaint as saineolas oideolaíoch CSE; |
|
C. |
de bhrí gurb ionann CSE, agus córais oideachais na mBallstát á gcomhcheangal aige – trí bhíthin ranna teanga comhthreomhara – le gné láidir Eorpach, le braistint de chomhuintearas agus féiniúlacht, le hoideachas ilteangach agus le fócas ar an eolaíocht, ar an teicneolaíocht, ar an innealtóireacht, ar na healaíona agus ar an matamaitic, chomh maith le nuálaíochtaí oideolaíocha, gurb ionann é agus saotharlann agus foinse taithí le haghaidh athchóiriú oideachasúil, lena n-áirítear chun Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) a chruthú; |
|
D. |
de bhrí gur cheart CSE a ailíniú go hiomlán leis na beartais oideachais a chuireann an tAontas Eorpach chun cinn; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm lárnach ag CSE soghluaisteacht a éascú agus aistriú chuig na córais oideachais náisiúnta uile agus uathu, agus ceangal ar na Ballstáit trasuí cothrom agus comhionann thorthaí foghlama CSE a áirithiú; |
|
E. |
de bhrí go bhfuil sé de bhuntáiste ag struchtúr rialachais CSE go gcoimeádtar nasc díreach leis na Ballstáit, ach gur gá é a athchóiriú i bhfianaise na srianta soiléire atá air ó thaobh cinnteoireachta, ó thaobh bainistíochta athraithe agus ó thaobh malartú struchtúrtha dea-chleachtas le córais oideachais náisiúnta; |
|
F. |
de bhrí gur gá raon feidhme ról an Choimisiúin in CSE a leathnú agus foirmeacha a ghníomhaíochta a leathnú, ós rud é go bhfuil a rannpháirtíocht teoranta faoi láthair do chúrsaí buiséadacha, rud a fhágann go bhfuil na gnéithe oideachais, oibríochtúla agus acmhainní daonna, atá chomh tábhachtach céanna, as an áireamh; |
|
G. |
de bhrí go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ar an gcóras reatha earcaíochta múinteoirí in CSE, rud a fhágann go bhfuil neamhréir ann idir na riachtanais ar an láthair agus an fhoireann iarbhír atá tugtha ar iasacht ag na Ballstáit, deacrachtaí a bhaineann le pleananna earcaíochta bliantúla, deacrachtaí maidir le múinteoirí agus baill foirne cháilithe a aimsiú, dálaí oibre neamhbhuana do mhúinteoirí a earcaítear go háitiúil agus do bhaill foirne oideachais eile agus fadhbanna le forbairt ghairmiúil leanúnach; de bhrí gur gá borradh a chur faoi tharraingteacht CSE i measc an phobail teagaisc; |
|
H. |
de bhrí, cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag CSE maidir le cuimsiú mac léinn a bhfuil riachtanais speisialta acu, atá faoi mhíchumas nó a bhfuil difríochtaí foghlama acu, go bhfuil easpa tacaíochta síceolaíochta ann agus go bhfuil méadú ag teacht ar an ngá atá le dianchúnamh tacaíochta; de bhrí go bhfuil cumarsáid agus pacáistí fostaíochta leormhaithe ríthábhachtach chun a áirithiú go gcuirfidh foireann oideachais agus shíceolaíoch tacaíocht ardcháilíochta, shaincheaptha agus leanúnach ar fáil do mhic léinn; |
|
I. |
de bhrí go bhfuil CSE freagrach as a áirithiú go bhfreastalófar go cothrom ar theangacha uile AE, lena n-áirítear teangacha beaga, agus as éagsúlacht teanga agus chultúrtha a chur chun cinn agus gné Eorpach na foghlama á atreisiú ag an am céanna; de bhrí go bhfuiltear chun fáilte a chur roimh phleananna chun na rannóga teanga go léir a léiriú sna sraitheanna príomhúla agus tánaisteacha araon sa Bhruiséil faoi 2028; |
|
J. |
de bhrí go bhfuil ról lárnach ag tuismitheoirí sna scoileanna, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí seach-churaclaim a eagrú agus seirbhísí iompair agus seirbhísí eile a sholáthar, agus go ndéanann cumainn thiomnaithe tuismitheoirí ionadaíocht orthu; |
|
K. |
de bhrí gurb ionann acmhainní AE agus formhór bhuiséad CSE, agus ar an gcúis sin ní mór don Pharlaimint grinnscrúdú a dhéanamh ar bhainistiú agus ar reáchtáil CSE ar bhealach níos déine agus gur cheart cuspóirí agus tosaíochtaí infheistíochta arna nglacadh ag AE i réimse an oideachais a léiriú níos fearr sa CSE; |
|
L. |
de bhrí, mar gheall ar easpa cuntasachta roinnt tíortha óstacha, atá freagrach as foirgnimh scoile a sholáthar agus a chothabháil, go bhfuil saincheisteanna tromchúiseacha ann, go háirithe sa Bhruiséil, áit a bhfuil plódú roimh scoileanna; de bhrí go bhfuil iarmhairtí móra tar éis a bheith ag na deacrachtaí sin ar chaighdeán an oideachais, ar ghnéithe eagraíochtúla agus ar shábháilteacht, slándáil agus folláine na ndaltaí agus na mball foirne; |
An staid mar atá agus fís
|
1. |
á chur i bhfáth go bhfuil gá le measúnú criticiúil domhain ar gach gné de CSE, agus le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcóras chun go mbeidh sé slán i bhfad na haimsire, chun a ghníomhaíochtaí for-rochtana a leathnú agus chun a áirithiú go mbeidh sé ina eiseamláir do mhalartú dea-chleachtas sna córais oideachais trí chéile; |
|
2. |
á iarraidh ar Bhord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha misean, prionsabail agus cuspóirí CSE a thabhairt cothrom le dáta i bhfoirm ‘Cairt CSE’ nua a bheidh oiriúnach don 21ú céad agus lena dtabharfar fís athspreagthach don chóras agus do chuspóirí réadúla ar féidir é a mheasúnú ina leith, agus leas á bhaint as saineolas inmheánach agus seachtrach araon; á iarraidh go dtabharfaí isteach an ‘Chairt CSE’ nua sin faoi dheireadh 2024; |
|
3. |
á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar ról CSE i dtaca le bunú LEO, lena n-áirítear maidir le foghlaim teangacha agus gné láidir Eorpach den fhoghlaim, agus i dtaca le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch dioplómaí ar fud an Aontais, bunaithe ar eiseamláir sheanbhunaithe an Baccalaureate Eorpaigh; |
|
4. |
á iarraidh go mbeadh ról níos comhtháite agus níos gníomhaí ag an gCoimisiún, go háirithe ó thaobh CSE agus LEE a idirnascadh; á chur in iúl gur mian léi go sainráite go mbeadh an Ard-Stiúrthóireacht Oideachais, Óige, Spóirt agus Cultúir rannpháirteach go láidir i ndéileálacha an Choimisiúin le CSE; |
|
5. |
á iarraidh go mbeadh cuntasacht agus trédhearcacht mhéadaithe ann, mar aon le grinnscrúdú agus rialú parlaiminteach níos déine, agus cumarsáid fheabhsaithe chun infheictheacht agus tuiscint CSE agus Baccalaureate na hEorpa ar gach leibhéal a mhéadú; |
|
6. |
á mheabhrú do na Ballstáit go bhfuil sé d’oibleagáid orthu cead iontrála neamh-idirdhealaitheach ollscoile a dheonú agus a choinneáil faoin gCoinbhinsiún lena sainmhínítear Reacht na Scoileanna Eorpacha agus a ráthú go ndéanfar soláthar iomlán oideachais agus dul chun cinn acadúil a áirithiú freisin do mhic léinn nach bhfuil roinn teanga acu; á iarraidh ar an mBord Gobharnóirí agus ar na Ballstáit trasuí cothrom agus comhionann na dtorthaí foghlama ó CSE agus ó Baccalaureate na hEorpa ina dtáblaí coibhéise a áirithiú agus na ceartúcháin is gá a dhéanamh ar na córais tiontaithe náisiúnta chun prionsabal na córa comhionainne a chomhlíonadh go hiomlán agus a áirithiú go mbeidh gach mac léinn in ann bogadh go rathúil chuig aon Bhallstát; |
|
7. |
á iarraidh go mbeadh caidreamh níos dlúithe ann idir CSE agus éiceachórais oideachais áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, go háirithe trí dhea-chleachtais a mhalartú agus trí chomhoibriú maidir le cláir agus gníomhaíochtaí le scoileanna comhpháirtíochta ó chórais náisiúnta; |
Saincheisteanna rialachais, bainistíochta agus dlí
|
8. |
á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú domhain a dhéanamh, faoi chathaoirleach neamhspleách agus faoi dheireadh 2024, ar na struchtúir rialachais agus bhainistíochta ar fud CSE agus i ngach scoil aonair i gcomhar le hOifig Ard-Rúnaí na Scoileanna Eorpacha (OAR) agus leis an mBord Gobharnóirí, agus go ndéanfaí scrúdú san athbhreithniú sin ar na róil, na freagrachtaí agus na struchtúir atá i bhfeidhm ar gach leibhéal, chun measúnú a dhéanamh ar neamhspleáchas feidhmeanna agus coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, agus chun saincheisteanna rialála atá ina mbac ar CSE a shainaithint; |
|
9. |
á áitiú gur gá solúbthacht chinnteoireacht an Bhoird a chuíchóiriú agus a mhéadú trí chóras vótála malartach le comhairliúchán feabhsaithe le geallsealbhóirí CSE chun go mbeidh an Bord in ann freagairt níos fearr do riachtanais na scoileanna; á áitiú, thairis sin, go ndéanfaí cinntí laistigh de CSE a chur in iúl go cruinn; |
|
10. |
á iarraidh go mbeadh freagrachtaí soiléire, cinnteoireacht thrédhearcach, breithmheasanna feidhmíochta débhliantúla, agus pleananna oiliúna agus forbartha don fhoireann bainistíochta uile, lena n-áirítear ionduchtú struchtúrtha, ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal scoile; |
|
11. |
á iarraidh ar OAR agus ar thriúracht an Bhoird Gobharnóirí tuarascáil bhliantúil mhionsonraithe chomhpháirteach CSE a chur faoi bhráid na Parlaiminte ó 2024, i gcomhar le geallsealbhóirí uile CSE,, ionas go mbeidh ar chumas na Parlaiminte faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar athchóirithe agus ar chuspóirí, aird a tharraingt ar shaincheisteanna criticiúla agus ról leanúnach a chomhlíonadh i dtaca le maoirseacht agus le bainistiú athruithe; |
|
12. |
á iarraidh ar an mBord Gobharnóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
13. |
á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar shainordú Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Sheirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin chun tuairimí agus moltaí bliantúla a sholáthar maidir le gnéithe éagsúla de CSE agus á iarraidh go ndéanfaí na tuairimí agus na moltaí sin a thíolacadh don Pharlaimint mar chuid den phlé maidir leis an tuarascáil bhliantúil chomhpháirteach ar CSE; |
Acmhainní, bonneagar agus foireann
|
14. |
ag tathant ar na Ballstáit a n-oibleagáidí i leith CSE ina n-iomláine, go háirithe maidir le múinteoirí cáilithe agus baill foirne eile oideachais a thabhairt ar iasacht agus bonneagar leordhóthanach a sholáthar (áitreabh oiriúnach, cothabháil na n-áitreabh sin agus uasghrádú orthu), agus á iarraidh go mbeadh córas ceangailteach ranníocaíochtaí díreacha airgeadais ann chun tuilleadh solúbthachta agus slándála a áirithiú do CSE agus do na Ballstáit araon; |
|
15. |
á iarraidh go mbunófaí tascfhórsa tiomnaithe faoi lár 2025, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na ranníocóirí buiséadacha uile le CSE agus a mbeidh saineolaithe oideolaíocha ábhartha ó OAR, ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit rannpháirteach ann, i bhfianaise an athbhreithnithe atá beartaithe ar an gcomhaontú comhroinnte costas atá ann faoi láthair sa scoilbhliain 2025/2026, a mbeidh sainordú aige moltaí nithiúla a dhéanamh chun saincheisteanna acmhainní criticiúla a réiteach agus chun samhail chuimsitheach inbhuanaithe um chomhroinnt costas a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas CSE a mhisean a chomhlíonadh i gcomhréir le ‘Cairt CSE’ nua; |
|
16. |
á mholadh do na Ballstáit óstacha bonneagar CSE a áireamh in aon phleananna infheistíochta bonneagair scoile náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun a áirithiú gur féidir le CSE tairbhe a bhaint as eisíocaíochtaí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta leis na Ballstáit, agus meastóireachtaí ar phleananna náisiúnta atá ar na bacáin á gcur san áireamh agus aon nuashonruithe ábhartha á gcur san áireamh, amhail nuashonruithe a bhaineann le caibidlí RepowerEU; |
|
17. |
á iarraidh ar an mBord Bainistíochta na ganntanais leanúnacha múinteoirí a réiteach go práinneach agus staid chobhsaí chothrom fostaíochta a áirithiú do chách trí bhaill foirne a choinneáil agus trí iomlaoid foirne a laghdú, agus ar an gcaoi sin fágáil daoine oilte a sheachaint freisin; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh acmhainní breise agus pacáiste fostaíochta neartaithe agus cothrom ann do bhaill foirne a fhaightear ar iasacht agus a earcaítear go háitiúil araon, ina mbeidh luach saothair iomaíoch, tuarastail níos comhionainne le haghaidh múinteoirí naíolainne, bunscoile agus meánscoile, soiléireacht maidir le stádas agus cobhsaíocht na fostaíochta, córas d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) agus ionchais ghairme bhreise in CSE agus lasmuigh de; |
|
18. |
á iarraidh go dtabharfaí leibhéal níos mó neamhspleáchais do mhúinteoirí agus scoileanna araon chun cur ar a gcumas freagairt níos fearr do riachtanais agus do chásanna sonracha, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh sásraí measúnaithe agus cuntasachta níos láidre ag gabháil leis an neamhspleáchas níos fearr sin ionas go ráthófar caighdeáin chomhchuibhithe; |
|
19. |
á iarraidh go dtabharfaí poist bhreise mheánbhainistíochta atá dírithe ar mhodheolaíochtaí agus curaclaim teagaisc ar ardchaighdeán isteach i scoileanna, agus go mbeadh na nósanna imeachta náisiúnta uile maidir le hiasachtaí níos trédhearcaí agus níos oscailte; |
|
20. |
ag aithint agus ag spreagadh obair phobal na scoile, go háirithe tuismitheoirí, i saol na scoile, amhail gníomhaíochtaí seach-churaclaim a chur ar fáil, agus á áitiú gur gá faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na scoileanna chun dea-bhainistiú, cáilíochtaí iomchuí oideolaíocha, inacmhainneacht agus cuimsitheacht a ráthú; á mheabhrú go ndeonaíonn an Coinbhinsiún ról do thuismitheoirí i rialachas CSE agus á iarraidh go n-aithneofaí an ról sin go leormhaith; |
|
21. |
á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú bliantúil práinneach ar an mbeartas rollaithe agus ar na táillí scoile chun áit a ráthú do gach mac léinn i gcatagóir amháin, chun an meascán socheacnamaíoch a leathnú tríd an CSE a oscailt do níos mó catagóirí mac léinn agus chun leas iomlán a bhaint as AES, lena n-áirítear maidir le haghaidh a thabhairt ar róphlódú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé an riail siblíní a fhorfheidhmiú go docht agus á áitiú nár cheart go gcuirfeadh táillí dlíthiúla cosc ar thuismitheoirí ná ar chaomhnóirí dlíthiúla achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí ón Údarás Lárnach um Chlárú a sháraíonn rialacha clárúcháin; |
|
22. |
á iarraidh, thairis sin, go n-oibreodh an Bord ar phlean soghluaisteachta CSE a bheidh uaillmhianach agus a nuashonrófar go rialta ar gach leibhéal chun iompar ar scoileanna a dhéanamh níos éifeachtúla, níos inacmhainne, níos inrochtana agus níos glaise; |
Cáilíocht oideachais agus oideolaíochta
|
23. |
á iarraidh ar an mBord Gobharnóirí caighdeáin oideachais agus oideolaíocha a neartú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
24. |
á iarraidh ar an mBord Gobharnóirí agus ar OAR straitéis FGL agus clár ionduchtúcháin a fhorbairt do mhúinteoirí agus do bhaill foirne eile oideachais ar fud CSE faoi dheireadh 2024 agus clár ionduchtúcháin do mhúinteoirí nua a fhorbairt, agus á áitiú go mbeidh cur chuige leathan ann i leith TTF, lena n-áirítear i dtéarmaí ábhar agus modheolaíochtaí, chun deiseanna gairme a leathnú agus chun éifeachtúlacht chomhchoiteann agus struchtúir fhoirmiúla a thógáil lena dtacaítear le múinteoirí dea-chleachtais agus ábhair oideolaíocha a dhearadh, a chur chun feidhme, a mheas agus a mhalartú ar fud na seomraí ranga agus an chórais ina iomláine; |
|
25. |
á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as acmhainneacht iomlán múinteoirí CSE a bhfuil taithí acu chun bheith ina n-oiliúnóirí agus ina meantóirí sna córais náisiúnta, á iarraidh ar an mBord Gobharnóirí dreasachtaí agus treoirlínte a bhunú chun na críche sin agus ag cur béim ar an ról ba cheart a bheith ag CSE ó thaobh bunú modúil múinteoirí Eorpacha, a bheidh le cur san áireamh san oiliúint tosaigh ar mhúinteoirí ar fud an Aontais; |
|
26. |
á áitiú go dtarraingeoidh scoileanna ar acmhainneacht na foghlama pearsantaithe; á iarraidh ar an mBord Gobharnóirí na creataí atá ann cheana a threisiú agus beartas cuimsitheach comhleanúnach, aonfhoirmeach agus córasach a chur chun feidhme ar fud CSE lena gcuirtear oideachas cuimsitheach ar ardchaighdeán ar fáil, lena seachnaítear eisiamh mar gheall ar mhíchumas, lena n-áirithítear cóiríocht réasúnta, lena ndéantar cóimheasa idir múinteoirí agus mic léinn a oiriúnú, lena n-úsáidtear curaclam solúbtha, lena méadaítear go mór líon na mball foirne cáilithe oideachais agus tacaíochta síceolaíche agus lena gcuirtear seirbhísí treoshuímh agus meantóireachta ar fáil; ag tathant go ndéanfaí dul chun cinn i dtreo aitheantas a thabhairt do thorthaí foghlama mac léinn a bhfuil riachtanais speisialta acu, atá faoi mhíchumas nó a bhfuil difríochtaí foghlama acu le teastasú nó le dioplóma deireadh staidéir mura ndéanann siad Baccalaureate na hEorpa a shuí; á mholadh go dtabharfaí isteach innéacs cuimsithe in CSE; |
|
27. |
á iarraidh ar an mBord Gobharnóirí agus ar OSG timpeallacht foghlama shábháilte a chothú nach gceadaítear aon chineál foréigin inti agus an comhrac i gcoinne na bulaíochta agus na cibearbhulaíochta a neartú in CSE trí chur chuige comhchuibhithe uilescoile a fhorbairt lena n-áirítear múscailt feasachta, oiliúint, treoirlínte chun déileáil le bulaíocht as líne agus ar líne, córas piartha tacaíochta a chur chun cinn lena mbeidh baint ag múinteoirí agus tuismitheoirí atá gníomhach agus dea-oilte, agus córas smachtbhannaí soiléir agus in-fhorfheidhmithe ar gach leibhéal; |
|
28. |
á iarraidh ar an mBord agus ar OAR measúnú a dhéanamh ar mhodúl gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) a chuimsiú in CSE, comhpháirtíochtaí a bhunú le hinstitiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus scrúdú a dhéanamh ar an deis a d’fhéadfadh a bheith ann scoileanna Eorpacha creidiúnaithe VET a chur ar bun; |
|
29. |
á áitiú gur gá eispéireas oideachais iomlán, ardcháilíochta a chur ar fáil do gach mac léinn, go háirithe ina máthairtheanga agus do dhaltaí nach bhfuil roinn teanga acu sa bhuntimthriall agus sa tsraith thánaisteach araon; á iarraidh ar Bhord na gCigirí (BoI) dul i gcomhairle le daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí faoin tionchar a bheadh ag laghdú líon na gceachtanna agus na n-ábhar nó ag cur leibhéil éagsúla ranga le chéile nuair a bhíonn líon na ndaltaí faoi bhun na tairsí; |
|
30. |
á iarraidh ar an mBord athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar theagasc an dara agus an tríú teanga ar bhonn na treorach oideolaíche is déanaí maidir leis an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht a thabhairt isteach sa luathoideachas, modhanna comhtheagaisc agus oiriúnacht na foghlama difreáilte chun a áirithiú go mbainfidh daltaí de gach aois tairbhe as teangacha a fhoghlaim; |
|
31. |
á iarraidh go gcuirfí níos mó soghluaisteachta ar fáil do mhic léinn agus do mhúinteoirí laistigh de CSE agus chuig córais scoile eile agus uathu agus go ndéanfaí na curaclaim atá ann cheana a nuashonrú d’fhonn an ghné Eorpach a neartú tuilleadh, amhail trí athbhreithniú a dhéanamh ar shiollabas stair na hEorpa, lena n-áirítear ról na mionlach, trí oideachas saoránachta a mhúineadh mar ábhar neamhspleách, trí ‘Uaireanta Eorpacha’ a ionchorprú ar gach leibhéal oideachais, agus béim á leagan ar thábhacht oidhreacht agus luachanna na hEorpa, agus trí fhiontraíocht agus scileanna boga a fhorbairt; á áitiú go gcoinneofar soláthar reatha an oideachais reiligiúnaigh agus eiticiúil; |
|
32. |
á iarraidh ar an nGrúpa Oibre borradh a chur faoin bhfoghlaim chomhshaoil agus faoin oideachas digiteach in CSE, lena n-áirítear trí chreat inniúlachta inbhuanaitheachta na hEorpa agus an creat inniúlachta digití a chur chun feidhme, á áitiú go gcuirfear feabhas ar theagasc scileanna glasa agus digiteacha agus ag tathant ar CSE páirt a ghlacadh i dtionscnaimh amhail an Deimhniú Eorpach um Scileanna Digiteacha, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar mhodhanna traidisiúnta foghlama lena n-úsáidtear leabhair chlóite agus lena ndéantar an t-eisiamh digiteach a chomhrac; |
|
33. |
á mholadh go gcruthófaí imeacht ceiliúrtha bliantúil chun dea-chleachtas oideolaíoch a chomhroinnt, chun eolas a chomhthiomsú i measc scoileanna, múinteoirí agus mac léinn agus chun a gcuid oibre agus tionscadal a chur ar taispeáint don chóras níos leithne, agus cuireadh á thabhairt d’ionadaithe oideachais náisiúnta chun feasacht ar CSE a ardú; |
|
34. |
á iarraidh go mbunófaí pobal alumni foirmiúil CSE agus go ndéanfaí bearta chun feasacht a ardú ina leith, agus go mbaileofaí sonraí maidir le conairí oideachais mac léinn tar éis dóibh céim a bhaint amach, le sainordú don OSG faisnéis anaithnidithe a bhailiú; |
Amach anseo
|
35. |
á iarraidh go mbeadh ranníocaíochtaí airgeadais ó AE le CSE mar líne bhuiséid ar leithligh i mbuiséid AE amach anseo, chun trédhearcacht a mhéadú, pleanáil straitéiseach a áirithiú agus grinnscrúdú parlaiminteach a éascú faoin nós imeachta um urscaoileadh, agus á iarraidh go n-áireofaí CSE i bhforbairt bhreise LEE agus go mbeidh an dá rud idirnasctha go dlúth; |
|
36. |
á chur in iúl gur mian léi go mbeidh CSE ina eiseamláir den oideachas ilteangach agus ilchultúrtha ardcháilíochta san Eoraip agus níos faide i gcéin, ag léiriú gur féidir le ‘aontaithe san éagsúlacht’ a bheith ina réaltacht bheo freisin i réimse an oideachais; á iarraidh ar na geallsealbhóirí uile oibriú i dtreo na haidhme sin mar chomhchruthaitheoirí, lena n-áirítear trí chomhar feabhsaithe leis na Scoileanna Eorpacha Creidiúnaithe, a bhfuil a gcuimsiú agus a bhforbairt ríthábhachtach don chóras iomlán; á iarraidh go ndéanfaí athmheastóireacht ar AES chun measúnú a dhéanamh ar bhealaí chun raon feidhme CSE a leathnú chuig na Ballstáit uile trí nósanna imeachta agus ceanglais níos solúbtha a chur i bhfeidhm maidir le creidiúnú scoileanna agus dearbhú cáilíochta agus cigireacht cáilíochta á bhfeabhsú ag an am céanna; |
|
37. |
á chur in iúl gur mian léi go ndéanfaí ionadaíocht ar Pharlaimint na hEorpa ar an mBord Gobharnóirí agus á iarraidh go mbeadh sainchomhlacht neamhspleách seachtrach ann chun samhlacha rialachais malartacha a scrúdú agus a mholadh, lena n-áirítear athbhreithniú ar an gCoinbhinsiún lena sainítear Reacht na Scoileanna Eorpacha agus an fhéidearthacht samhail Eorpach fhornáisiúnta a chur in ionad stádas dlíthiúil idir-rialtasach na scoileanna; |
o
o o
|
38. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. |
(1) IO L 212, 17.8.1994, lch. 3.
(2) Staidéar – The European Schools system: State of Play, Challenges and Perspectives [Córas na Scoileanna Eorpacha: Staid na hImeartha, Dúshláin agus Peirspictíochtaí], Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Roinn Beartais B — Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, an 9 Meitheamh 2022.
(3) IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
(4) IO C 56 E, 26.2.2013, lch. 14.
(5) IO C 205, 20.5.2022, lch. 17.
(6) IO C 479, 16.12.2022, lch. 65.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1757/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)