|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1681 |
4.3.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – TEAG v an Coimisiún
(Cás T-56/21) (1)
(Iomaíocht - Comhchruinnithe - Margaí leictreachais agus gáis na Gearmáine - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach - Oibleagáid chun cúiseanna a lua - An coincheap ‘comhchruinniú aonair’ - An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil - An ceart chun éisteacht a fháil - Sainmhíniú ar an margadh - Tréimhse anailíse - Measúnú ar éifeachtaí an idirbhirt ar iomaíocht - Earráidí follasacha measúnaithe - Gnóthais - Dualgas cúraim)
(C/2024/1681)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: TEAG Thüringer Energie AG (Erfurt, an Ghearmáin) (ionadaithe: I. Zenke agus T. Heymann, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Meessen agus J. Szczodrowski, Gníomhairí, T. Funke agus A. Dlouhy, Dlíodóirí)
Idiragraithe, i dtaca leis an gcosantóir: E.ON SE (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Grave, C. Barth agus D.-J. dos Santos Goncalves, Dlíodóirí), RWE AG (Essen) (ionadaithe: U. Scholz, J. Ziebarth agus J. Siegmund, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2019) 6530 final ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019 lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.8870 – E.ON v Innogy) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do TEAG Thüringer Energie AG a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, E.ON SE agus RWE AG a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1681/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)