|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1670 |
4.3.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 9 Samhain 2023 – UW v Etihad Airways P.J.S.C.
(Cás C-663/23, Etihad Airways)
(C/2024/1670)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Düsseldorf
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: UW
Cosantóir: Etihad Airways P.J.S.C.
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An gcaithfear Airteagal 5(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(1)(a) agus Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (1) a léiriú sa chaoi gur féidir le haerphaisinéir nár íoc ticéad eitilte le haeriompróir oibriúcháin in airgead, ach trí aermhílte i gcomhthéacs clár dílseachta eitilte arna bhunú ag aeriompróir eile, aisíocaíocht praghas na heitilte in airgead a éileamh, i gcás ina gcuireann an t-aeriompróir oibriúcháin an eitilt sin ar ceal? |
|
2. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: ar cheart praghas an ticéid, chun críocha Airteagal 8(1)(a) de Uimh. 261/2004, ar féidir leis an aerphaisinéir aisíocaíocht a fháil ina leith in airgead, a mheas i gcásanna mar sin de réir an phraghas atá ar fáil don phobal, arna thairiscint ag an aeriompróir oibriúcháin le díol don eitilt a cuireadh ar ceal, nó de réir an luacha nó an mheánluacha atá ar na haermhílte? |
(1) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1670/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)