European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1665

4.3.2024

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 11 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Apelacyjny w Warszawie – an Pholainn) – R. sp. z o.o. v Prezes Urzędu Regulacji Energetyki

(Cás C-220/23, (1) Prezes Urzędu Regulacji Energetyki)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Státchabhair - Tacaíocht d’fhuinneamh in-athnuaite - Oibleagáid leictreachas a sholáthar ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite - Cabhair atá ag luí leis an margadh inmheánach - Réamhfhógra faoi chabhair - Airteagal 108(3) CFAE - Féidearthacht pionós airgid a fhorchur mar gheall ar shárú ar an oibleagáid soláthair a tharla roimh an bhfógra sin)

(C/2024/1665)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Apelacyjny w Warszawie

Páirtithe

Iarratasóir: R. sp. z o.o.

Cosantóir: Prezes Urzędu Regulacji Energetyki

An chuid oibríochtúil

Ní mór an abairt dheireanach d’Airteagal 108(3) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(3) CAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar phionós airgid a fhorchur ar ghnóthas mar gheall ar shárú ar oibleagáid atá mar chuid de bheart Státchabhrach a cuireadh chun feidhme sular ghlac an Coimisiún an cinneadh críochnaitheach lena gcinntear go bhfuil an chabhair sin ag luí leis an margadh inmheánach, nuair a tharla an sárú lena mbaineann le linn na tréimhse sular glacadh é.


(1)  Dáta an tascthe: 5.4.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1665/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)