|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1652 |
4.3.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 16 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-grad – an Bhulgáir) – WS v Intervyuirasht organ na Darzhavna agentsia za bezhantsite pri Ministerskia savet
(Cás C-621/21 (1), Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh))
(Tarchur chun réamhrialú - An limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Comhbheartas maidir le tearmann - Treoir 2011/95/AE - Coinníollacha maidir le stádas dídeanaí a fháil - Airteagal 2(d) - Fáthanna le géarleanúint - ‘Baint le grúpa sóisialta áirithe’ - Airteagal 10(1)(d) - Gníomhartha géarleanúna - Airteagal 9(1) agus (2) - Nasc idir na fáthanna agus na gníomhartha le géarleanúint, nó idir na fáthanna le géarleanúint agus an easpa cosanta ar a leithéid de ghníomhartha - Airteagal 9(3) - Gníomhaithe neamhstáit - Airteagal 6(c) - Coinníollacha maidir le cosaint choimhdeach - Airteagal 2(f) - ‘Díobhálacha tromchúiseacha’ - Airteagal 15(a) agus (b) - Measúnú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta chun stádas dídeanaí nó an stádas dídeanaí a thugtar leis an gcosaint choimhdeach a dheonú - Airteagal 4 - Foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban - Foréigean teaghlaigh - Bagairt na ‘coire onóra’)
(C/2024/1652)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Administrativen sad Sofia-grad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: WS
Cosantóir: Intervyuirasht organ na Darzhavna agentsia za bezhantsite pri Ministerskia savet
Tríú páírtí: Predstavitelstvo na Varhovnia komisar na Organizatsiyata na obedinenite natsii za bezhantsite v Bulgaria
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagal 10(1)(d) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011, maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: de réir na ngnáthchúinsí sa tír thionscnaimh, tá baint le ‘grúpa sóisialta áirithe’ ag mná na tíre sin ar an iomlán agus grúpaí ban níos lú a bhfuil comhthréith sa bhreis acu, ar baint í atá ina ‘fáth le géarleanúint’ a bhfuil stádas dídeanaí inaitheanta dá bharr. |
|
2) |
Maidir le hAirteagal 9(3) de Threoir 2011/95 ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: i gcás ina líomhnaíonn iarratasóir go bhfuil eagla a ghéarleanúna air, ina thír thionscnaimh, ag gníomhaithe neamhstáit, is gá nasc a shuíomh idir ceann acu de na fáthanna le géarleanúint dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Treoir sin agus na gníomhartha géarleanúna, i gcás ina bhfuil a leithéid de nasc insuite idir ceann acu de na fáthanna le géarleanúint sin agus an easpa cosanta ar na gníomhartha sin ag gníomhaithe neamhstáit, dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Treoir sin. |
|
3) |
Maidir le hAirteagal 15(1) agus (b) de Threoir 2011/95, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: go gclúdaíonn an coincheap ‘díobhálacha tromchúiseacha’ an fhíorbhagairt ar an iarratasóir, go marófaí í nó go ndéanfadh ball dá teaghlach nó dá pobal gníomhartha foréigin di, mar gheall ar shárú líomhainte ar ghnásanna cultúrtha, reiligiúnacha nó traidisiúnta, agus go bhféadfadh an coincheap seo, dá bhrí sin, mar chúinse le stádas cosanta coimhdí a aithint, de réir bhrí Airteagal 2(g) den Treoir sin. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1652/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)