European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1645

22.2.2024

TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

Fógra ón gCoimisiún maidir leis an sainiú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Aontais

(C/2024/1645)

Clár

1.

RÉAMHRÁ 3

1.1.

Cuspóir don Fhógra seo 3

1.2.

Ról an tsainithe margaidh 4

1.3.

Prionsabail ghinearálta an tsainithe margaidh 6

2.

MODHEOLAÍOCHT GHINEARÁLTA 10

2.1.

Modheolaíocht ghinearálta chun margaí táirgí a shainiú 11

2.1.1.

An t-ionadú éilimh 11

2.1.2.

An t-ionadú soláthair 13

2.2.

Modheolaíocht ghinearálta chun margaí geografacha a shainiú 15

3.

AN PRÓISEAS MAIDIR LE MARGAÍ A SHAINIÚ 17

3.1.

Cur chuige ginearálta maidir le sainiú margaidh sa chleachtas 17

3.2.

Fianaise a úsáidtear chun margaí táirgí a shainiú 17

3.2.1.

Fianaise atá ábhartha maidir leis an ionadú éilimh 17

3.2.1.1.

Saintréithe táirgí, praghsanna, an úsáid bheartaithe agus roghanna tosaíochta ginearálta custaiméirí 17

3.2.1.2.

Fianaise ar an ionadú roimhe seo 18

3.2.1.3.

Fianaise ar an ionadú hipitéiseach 19

3.2.1.4.

Fianaise ar shrianta iomaíochta atá bunaithe ar thuairimí tionscail 19

3.2.1.5.

Bacainní agus costais atá bainteach le héileamh a mhalartú ar tháirgí ionaid ionchasacha 20

3.2.1.6.

Cuir chun feidhme thástáil SSNIP 20

3.2.2.

Fianaise atá ábhartha maidir leis an ionadú soláthair 20

3.2.2.1.

Fianaise ar an ionadú roimhe seo 20

3.2.2.2.

Bacainní agus costais atá bainteach le malartú soláthair 21

3.3.

Fianaise a úsáidtear chun margaí geografacha a shainiú 21

3.3.1.

Catagóirí fianaise atá ábhartha chun an margadh geografach ábhartha a shainiú 21

3.3.1.1.

Céannacht na soláthróirí, na sciartha den mhargadh agus na praghsanna atá ar fáil 21

3.3.1.2.

Roghanna tosaíochta na gcustaiméirí agus iompar cheannaigh 22

3.3.1.3.

Bacainní agus costais a bhaineann le soláthar do chustaiméirí i limistéir éagsúla 23

3.3.1.4.

Tosca a bhaineann le hachar, costais iompair agus dobharcheantair 23

3.3.1.5.

Sreafaí trádála agus patrúin lastas 24

3.4.

Fianaise a bhailiú agus meastóireacht a dhéanamh uirthi 24

4.

SAINIÚ MARGAIDH IN IMTHOSCA SONRACHA 26

4.1.

Sainiú margaidh i dtaca le difreáil shuntasach 27

4.2.

Sainiú margaidh i dtaca leis an idirdhealú idir custaiméirí nó grúpaí custaiméirí 28

4.3.

Sainiú margaidh i dtaca le T&F suntasach 28

4.4.

Sainiú margaidh i dtaca le hardáin iltaobhacha 30

4.5.

Sainiú margaidh i dtaca le hiarmhargaí, le bearta agus le héiceachórais (digiteacha) 31

5.

SCIARTHA DEN MHARGADH 32

6.

CONCLÚIDÍ 35

1.   RÉAMHRÁ

1.1.   Cuspóir don Fhógra seo

1.

Úsáideann an Coimisiún coincheap an tsainithe margaidh agus dlí iomaíochta an Aontais á fhorfheidhmiú aige, is é sin:

(a)

forfheidhmiú rialacha in aghaidh trustaí faoi Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (1);

(b)

rialú cumasc de bhun Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2) (‘an Rialachán um Chumaisc’).

(c)

forfheidhmiú forálacha coibhéiseacha a leagtar amach sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (3) (‘Comhaontú LEE’).

2.

Sainíonn an Coimisiún de ghnáth an margadh ábhartha sna cásanna sin (4) ina bhfuil sé tábhachtach breithmheas a dhéanamh ar chumas iomaíoch coibhneasta na ngnóthas (5).

3.

Is é is cuspóir don Fhógra seo treoir a chur ar fáil faoin tslí a chuireann an Coimisiún coincheap an mhargaidh ábhartha i bhfeidhm agus dlí iomaíochta an Aontais á fhorfheidhmiú aige. Leis an mbeartas iomaíochta déantar margaí dea-fheidhmiúla a chaomhnú agus tugtar aghaidh ar chlistí margaidh, rud a rannchuidíonn leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach araon agus le hathléimneacht an mhargaidh aonair (6). Is éard is aidhm dó a áirithiú go bhfanfaidh margaí iomaíoch, oscailte agus dinimiciúil. Dá réir sin, is féidir leis an mbeartas iomaíochta rannchuidiú le róspleáchas a chosc agus athléimneacht gheilleagar an Aontais a mhéadú trí shlabhraí soláthair láidre agus éagsúlaithe a chumasú, (7) agus d’fhéadfadh sé comhlánú le creat rialála an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil trí thosca inbhuanitheachta a chur san áireamh a mhéid is ábhartha don mheasúnú iomaíochta, lena n-áirítear mar chuid den sainiú margaidh. I bhfianaise an mhéid sin, cuireann an treoir nuashonraithe a thugtar san Fhógra seo san áireamh na forbairtí suntasacha a rinneadh le 20 bliain anuas. Áirítear orthu sin digitiú agus bealaí nua chun earraí agus seirbhísí a thairiscint, chomh maith leis na cineálacha malartuithe tráchtála atá ag éirí níos idirnasctha agus níos forleithne ar fud an domhain.

4.

Tríd an modheolaíocht a leanann an Coimisiún a fhoilsiú agus trí na príomhchritéir agus tríd an bpríomhfhianaise ar a bhfuil sé ag brath agus margaí ábhartha á shainiú aige a léiriú, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún go méadófar trédhearcacht a bheartais agus a chinnteoireachta agus dlí iomaíochta an Aontais á chur i bhfeidhm. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún freisin an t-ualach ar acmhainní a sheirbhísí féin agus ar acmhainní páirtithe leasmhara seachtracha a laghdú, rud a fhágann go mbeidh measúnuithe iomaíochta níos éifeachtúla.

5.

Trí thrédhearcacht agus, dá dhroim sin, intuarthacht mheasúnuithe an Choimisiúin faoi dhlí iomaíochta an Aontais a mhéadú, cuirfear níos mó leis an deimhneacht dhlíthiúil freisin atá ag gnóthas agus a gcomhairleoirí. Is fearr a bheidh siad in ann measúnú a dhéanamh ar raon feidhme na margaí ábhartha agus ar an dóchúlacht go bhféadfaidh an Coimisiún ábhair imní i ndáil le hiomaíocht a shainaithint i gcás ar leith. Beidh siad in ann na tosca sin a chur san áireamh ina gcinnteoireacht inmheánach nuair atá siad ag beartú, mar shampla, gnóthais eile a fháil, comhfhiontair a chruthú, comhaontuithe áirithe a thabhairt i gcrích nó gabháil d’iompar áirithe go haontaobhach. Leis an treoir a thugtar san Fhógra seo tabharfar cúnamh do ghnóthais freisin agus réamh-mheas á dhéanamh ar an gcineál faisnéise, a mheasann an Coimisiún a bheith ábhartha chun críoch sainithe margaidh.

1.2.   Ról an tsainithe margaidh

6.

Is uirlis é sainiú margaidh a úsáideann an Coimisiún chun na teorainneacha iomaíochta idir gnóthais a shainaithint agus a shainiú. Is é is príomhchuspóir do shainiú margaidh sainaithint a dhéanamh, ar bhealach córasach, ar na srianta iomaíochta éifeachtacha agus láithreacha atá roimh na gnóthais lena mbaineann (8) agus táirgí áirithe á dtairiscint acu (9) i limistéar ar leith. Is é toradh atá ar shainiú margaidh iomaitheoirí ábhartha an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann a shainaithint maraon leis na táirgí sin á dtairiscint acu, chomh maith le sainaithint na gcustaiméirí ábhartha. Beidh táirgí a chuireann srianta iomaíochta éifeachtacha agus láithreacha i bhfeidhm laistigh den tréimhse ama ábhartha, agus na táirgí sin amháin, ina gcuid den mhargadh ábhartha céanna mar atá táirgí an ghnóthais nó na gnóthas lena mbaineann, agus meastar gur cuid den mheasúnú iomaíochta iad srianta eile nach bhfuil chomh héifeachtach céanna, nó nach bhfuil iontu ach srianta ionchasacha.

7.

Tá feidhm ag na breithnithe céanna agus margaí ábhartha á sainiú chun táirgí áirithe a cheannach i limistéar ar leith (‘margaí ceannaigh’) (10). Sa chás sin, tá sé de phríomhchuspóir ag sainiú margaidh sainaithint a dhéanamh, ar bhealach córasach, ar na srianta iomaíochta éifeachtacha láithreacha atá ar an ngnóthas nó na gnóthais lena mbaineann agus na táirgí sin á gceannach acu (11). Dá réir sin, is é an toradh atá ar shainiú margaidh iomaitheoirí ábhartha an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann a shainaithint maraon leis na táirgí á gceannach acu, chomh maith leis na soláthróirí ábhartha a shainaithint. Ní dhéanfar tuilleadh plé ar na margaí ceannaigh sa chuid eile den Fhógra seo, ach baineann an treoir a leagtar amach san Fhógra seo le margaí ceannaigh freisin, agus cuirtear a sainiúlachtaí (12) agus fhíricí an cháis atá i gceist san áireamh.

8.

Baineann an Coimisiún úsáid de ghnáth as sainiú margaidh i gcás inar gá measúnú a dhéanamh ar chumas iomaíochta coibhneasta gnóthas mar chuid den mheasúnú iomaíochta (13) agus, go háirithe, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil cumhacht mhargaidh ag gnóthas (14). Mar sin, is uirlis inmheánach é sainiú margaidh chun an measúnú iomaíochta a eagrú agus a éascú i gcásanna iomchuí agus ní céim éigeantach é sna measúnuithe uile faoi dhlí iomaíochta an Aontais. Agus an Coimisiún ag déanamh measúnú iomaíochta ina dhiaidh sin, agus ag déanamh anailís ar an gcumhacht mhargaidh, déanann sé measúnú foriomlán ar na srianta ábhartha uile ar an ngnóthas/na gnóthais a bhfuil baint acu leis na margaí ábhartha táirgí agus geografacha, agus d’fhéadfadh measúnú ar na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis an measúnú foriomlán sin – bacainní ar dhul isteach nó ar mhéadú, tionchar barainneachtaí scála (d’fhéadfadh sé go mbeadh barraineachtaí a d’eacródh as gníomhaíochtaí lasmuigh den mhargadh a bheith san áireamh) nó éifeachtaí líonra, rochtain ar shócmhainní agus ionchuir shonracha, chomh maith le difreáil táirgí (15). Féadfar athruithe atá intuartha go leor ar shrianta den sórt sin a áireamh sa mheasúnú sin freisin nuair is gá measúnú réamhbhreathnaitheach a dhéanamh ar an gcás. Mar chéim idirmheánach sa phróiseas measúnaithe foriomlán, is gá sainmhíniú margaidh a bheith cothrom le dáta tráth an iompair nó an chomhchruinnithe ábhartha agus bunaithe ar fhíorais, mar a mhínítear a thuilleadh i mír 14.

9.

Tá dlúthbhaint ag an úsáid a bhaineann an Coimisiún as sainiú margaidh leis na cuspóirí a shaothraítear leis na hionstraimí éagsúla de chuid dhlí iomaíochta an Aontais:

(a)

i measúnuithe faoi Airteagal 102 CFAE, sainíonn an Coimisiún an margadh ábhartha de ghnáth agus measúnú á dhéanamh ar cheannasacht a bheith ann (16);

(b)

i measúnuithe faoin Rialachán um Chumaisc, sainíonn an Coimisiún an margadh ábhartha go tráthrialta agus measúnú á dhéanamh ar éifeachtaí comhchruinnithe ar an iomaíocht (17);

(c)

i measúnuithe faoi Airteagal 101 CFAE, úsáideann an Coimisiún sainiú margaidh go háirithe chun a chinneadh an ann nó nach ann do shrian suntasach ar an iomaíocht nó chun a shuí an gcomhlíontar an coinníoll de bhun Airteagal 101(3), pointe (b) CFAE le haghaidh díolúine ó chur i bhfeidhm Airteagal 101(1) CFAE (18). Sa chleachtas, is minic a úsáideann an Coimisiún sainiú margaidh agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhaontuithe (19), ar comhaontuithe iad a bhfuil sé d’éifeacht acu an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh. Os a choinne sin, is minic nach sainíonn an Coimisiún an margadh ábhartha agus measúnú á dhéanamh ar chomhaontuithe a bhfuil sé de chuspóir acu an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, amhail comhaontuithe cairtéil, agus níl oibleagáid air a leithéid a dhéanamh (20).

10.

Le sainiú margaidh féadfar sciartha den mhargadh a ríomh, a d’fhéadfadh an Coimisiún a úsáid, i measc eilimintí eile, chun measúnú a dhéanamh ar chumas iomaíochta gnóthais chun críocha an mheasúnaithe iomaíochta. Agus anailís á déanamh ag an gCoimisiún ar chumhacht mhargaidh, féadfaidh sé breathnú freisin ar threochtaí ar dócha go leanfaidh siad ar aghaidh nó ar fhorbairtí intuartha i ndáil leis na sciartha sin den mhargadh, sin agus ar shrianta arbh fhéidir nach mbeidís soiléir i bhfianaise sciartha den mhargadh amháin, mar a mhínítear a thuilleadh i míreanna 106 agus 113. Féadfaidh an Coimisiún sciartha den mhargadh a úsáid freisin mar uirlis scagtha tosaigh chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an dtiocfaidh ábhair imní i ndáil lehiomaíocht chun cinn. Tá tairseacha sciar den mhargadh ar cheann de na paraiméadair a úsáidtear chun raon feidhme na rialachán blocdhíolúine a chinneadh lena gcuirtear Airteagal 101(3) CFAE i bhfeidhm maidir le catagóirí áirithe comhaontuithe (21); chun a mheas an bhféadfadh tionchar a bheith ar an trádáil faoi Airteagail 101 agus 102 CFAE (22), agus chun sainaithint a dhéanamh ar chomhchruinnithe ar ina leith a measadh ón tús nach n-ardófaí ábhair imní maidir lehiomaíocht faoin Rialachán um Chumaisc i ndáil le haon mhargadh nó i ndáil le margaí áirithe (23).

1.3.   Prionsabail ghinearálta an tsainithe margaidh

11.

Cuireann an Coimisiún roinnt prionsabal i bhfeidhm nuair a shainíonn sé margaí ábhartha chun dlí iomaíochta an Aontais a fhorfheidhmiú. Leagtar amach na prionsabail sin i míreanna 12 go 21.

12.

Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (‘Cúirteanna an Aontais’) agus cás-chleachtas an Choimisiúin, is iondúil go gcuimsítear gné tháirge agus gné gheografach leis an margadh ábhartha ar dá réir a dhéanann an Coimisiún measúnú ar dhinimic na hiomaíochta (24).

(a)

Leis an margadh táirgí ábhartha cuimsítear na táirgí uile a mheasann custaiméirí a bheith inmhalartaithe nó ionadúil do tháirge nó táirgí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann, bunaithe ar shaintréithe na dtáirgí, a bpraghsanna agus a n-úsáid bheartaithe, agus na dálaí iomaíochta agus struchtúr maidir leis an soláthar agus an éileamh ar an margadh á gcur san áireamh (25).

(b)

Leis an margadh geografach ábhartha cuimsítear an limistéar geografach ina ndéanann na gnóthais lena mbaineann táirgí ábhartha a sholáthar nó a éileamh, ina bhfuil na dálaí iomaíochta aonchineálach go leor chun go bhféadfar na héifeachtaí a bheadh ag an iompar nó ag an gcomhchruinniú atá faoi imscrúdú a mheasúnú, agus a bhféadfar é a idirdhealú ó limistéir gheografacha eile, go háirithe de bharr go bhfuil na dálaí iomaíochta an-éagsúil ar fad sna limistéir sin (26).

13.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh breithnithe ama a bheith ábhartha freisin agus an margadh áirithe á shainiú, mar shampla ina ndéanann tosca difear suntasach do shainroghanna custaiméirí nó do struchtúr an tsoláthair amhail an ceannach séasúrach nó breithnithe ama buaice/seachbhuaice (27).

14.

Ar an dara dul síos, tá sainiú margaidh bunaithe ar fhíorais an cháis (28). Athraíonn margaí ábhartha de réir bhrí dhlí iomaíochta an Aontais ó earnáil go chéile, ar leibhéil éagsúla den slabhra soláthair agus uaireanta ar fud limistéir gheografacha. I gcás inarb ann do chinntí a rinneadh roimhe seo ón gCoimisiún maidir le margadh sonrach, féadfaidh an Coimisiún tús a chur lena anailís uathu sin agus a fhíorú an bhféadfaí saian mhargaidh ábhartha a úsáideadh sna cinntí a rinneadh roimhe seo a chur i bhfeidhm maidir leis an gcás atá i gceist. Mar sin féin, níl sé de cheangal ar an gCoimisiún an sainiú ar mhargadh ábhartha óna chinntí a rinneadh roimhe seo a chur i bhfeidhm i gcásanna sa todhchaí (29) agus beidh sé airdeallach i gcónaí i leith athruithe arna spreagadh ag treochtaí níos leithne amhail an digitiú, athruithe maidir le slabhraí luacha nó le foinsiú ag custaiméirí, nó forbairtí maidir lena mhéad domhandaithe atá i gceist ó thaobh malartuithe tráchtála de.

15.

Ar an tríú dul síos, agus an margadh ábhartha á shainiú, cuireann an Coimisiún san áireamh na paraiméadair iomaíochta éagsúla a mheasann custaiméirí a bheith ábhartha sa limistéar agus sa tréimhse ar a ndéantar measúnú. Féadfar praghas an táirge a áireamh ar na paraiméadair sin , ach a leibhéal nuálaíochta freisin agus a cháilíocht i ngnéithe éagsúla – amhail a inbhuanaitheacht, a éifeachtúlacht acmhainní, a mharthanacht, luach agus cineál na n-úsáidí a thairgtear leis an táirge, an fhéidearthacht an táirge a chomhtháthú le táirgí eile, an íomhá a chuirtear in iúl nó an tslándáil agus an chosaint príobháideachais a thugtar, chomh maith lena infhaighteacht, lena n-áirítear ó thaobh aga, athléimneacht slabhraí soláthair, iontaofacht an tsoláthair agus costais iompair. An tábhacht choibhneasta atá leis na paraiméadair sin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh athrú uirthi le himeacht ama.

16.

Ar an gceathrú dul síos, níl sa sainiú margaidh, i gcás inar gá, ach céim amháin i measúnú an Choimisiúin faoi dhlí iomaíochta an Aontais. Ní dhéanann an Coimisiún cinneadh ach amháin i dtaobh an ann d’ábhair imní i ndáil le hiomaíocht tar éis measúnú iomaíochta a dhéanamh (30). Dá bhrí sin, is céim idirmheánach sa mheasúnú atá sa sainiú margaidh, ní dhéantar réamhbhreith leis ar thoradh mheasúnú an Choimisiúin faoi dhlí iomaíochta an Aontais.

17.

Ar an gcúigiú dul síos, le sainiú margaidh ceadaítear idirdhealú a dhéanamh idir srianta iomaíochta ó laistigh agus lasmuigh den mhargadh, trí na srianta iomaíochta éifeachtacha láithreacha, agus na srianta sin amháin, a áireamh sa mhargadh ábhartha. Mar sin féin, cuireann an Coimisiún na srianta iomaíochta uile (bíodh siad éifeachtach agus láithreach nó ná bíodh) san áireamh sa mheasúnúiomaíochta, agus á chur san áireamh gur srianta níos fánaí ar an ngnóthas nó ar na gnóthais lena mbaineann iad srianta lasmuigh den mhargadh. Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an gcaidreamh leis an measúnú iomaíoch, féach mír 8 thuas freisin.

18.

Ar an séú dul síos, is minic a bhíonn na margaí a shainítear mar an gcéanna ar fud cásanna agus measúnuithe nuair atá an ghníomhaíocht eacnamaíoch chéanna ó thaobh táirgí agus na tíreolaíochta de i gceist (31). Mar sin féin, ós rud é go bhféachann an sainiú margaidh le sainaithint a dhéanamh ar na srianta éifeachtacha láithreacha iomaíochta atá ábhartha don mheasúnú ar an iomaíocht i leith iompraíocht shonrach nó i leith comhchruinniú sonrach, d’fhéadfadh toradh an tsainithe margaidh a bheith éagsúil ag brath ar na nithe a leanas:

(a)

an gnóthas nó na gnóthais lena mbaineann. Ós rud é go gcinntear le gníomhaíochtaí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann an túsphointe le haghaidh na hanailíse ionadaíochta, féadfar margaí a shainiú ar bhealach éagsúil de réir an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann. D’fhéadfadh sé sin teacht chun cinn, mar shampla, i gcás ina bhfuil na srianta iomaíochta a fhorchuireann na gnóthais ar a chéile neamhshiméadrach, is é sin lena rá go bhféadfadh gnóthas áirithe srian a chur ar ghnóthas eile, cé nach bhfuil feidhm ag an méid sin vice versa (32). Sa chás sin, má thógtar na táirgí de chuid gnóthais éagsúla mar thúsphointe le haghaidh na hanailíse ionadaíochta – mar shampla de bharr go bhfuil na páirtithe sa chomhchruinniú éagsúil nó de bharr bhfuil iompar gnóthais éagsúil faoi imscrúdú – is féidir go dtiocfaidh torthaí éagsúla i dtéarmaí sainithe margaidh as sin.

(b)

an tréimhse faoi bhreathnú. Cuireann an Coimisiún san áireamh na dálaí iomaíochta a bhí i réim tráth an iompair nó an chomhchruinnithe atá á measúnú (rud a bhféadfar forbairtí atá intuartha go leor a bheith san áireamh ann, nuair a bheidh cás ann a éileoidh measúnú réamhbhreathnaitheach, mar a leagtar amach i mír 21). Dá réir sin, is féidir go n-athróidh torthaí maidir le sainiú margaidh le himeacht ama má athraíonn an dinimic iomaíochta. Féadfaidh an méid sin a bheith amhlaidh, mar shampla, nuair a dhéantar na dálaí iomaíochta i limistéir gheografacha shainiúla a chóineasú le himeacht ama agus nuair a thagann siad chun a bheith aonchineálach go leor chun go ndéanfar limistéir a bhí ina gcuid de mhargaí geografacha sainiúla ar dtús a áireamh sa mhargadh geografach céanna ina dhiaidh sin (33), nó nuair a thagann forbairtí margaidh tuartha chun cinn, ar forbairtí iad a measadh a bheith fánach nó neamhchinnte roimhe sin.

(c)

na hábhair imní a bhaineann leis an iomaíocht atá á mbreithniú. I gcás sonrach, d’fhéadfadh na srianta ábhartha éifeachtacha láithreacha iomaíochta a bheith ag brath ar na hábhair imní iomaíochta atá á mbreithniú. Mar shampla, d’fhéadfadh na srianta sin a bheith ag brath ar an é an t-ábhar imní atá á fhiosrú go dtiocfadh méaduithe ar phraghsanna na dtáirgí atá ann cheana mar thoradh ar an gcumasc, nó go laghdódh an cumasc infheistíochtaí i bhforbairt táirgí (34). Thairis sin, d’fhéadfadh sé gur ghá an gnáthchur chuige maidir le sainiú margaidh a oiriúnú i gcás ina bhféadfadh cumhacht mhargaidh atá ann cheana an anailís a shaobhadh (mar shampla i ndáil le teoiric na díobhála faoi Airteagal 102 CFAE) (35) .

19.

Ar an seachtú dul síos, tá an coincheap maidir le ‘margadh ábhartha’ i ndlí iomaíochta an Aontais éagsúil le húsáid an téarma ‘margadh’ i gcomhthéacsanna eile, go háirithe i gcomhthéacsanna gnó. Is minic a úsáideann gnóthais an téarma ‘margadh’ chun tagairt a dhéanamh don limistéar nó don áit a ndíolann siad a dtáirgí nó chun tagairt leathan a dhéanamh don tionscal nó don earnáil lena mbaineann siad. Mar shampla, féadfaidh gnóthais a rá go bhfuil siad gníomhach i margadh domhanda i gcás ina measfaidh siad go dtéann siad in iomaíocht ar bhonn domhanda le haghaidh ioncaim in aghaidh gnóthais ó na hilchríocha uile. Mar sin féin, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil táirgí na ngnóthas uile atá gníomhach ar fud an domhain ionadúil le haghaidh custaiméirí in LEE ná go bhfuil dálaí iomaíochta aonchineálach go leor roimh chustaiméirí ar fud an domhain, arb iad sin na critéir ábhartha le haghaidh shainiú margaidh an Choimisiúin faoi dhlí iomaíochta an Aontais mar a mhínítear a thuilleadh i Roinn 2. Maidir le dinimic níos leithne lasmuigh de raon feidhme margaí sainithe ábhartha chun críocha dhlí na hiomaíochta, cuir i gcás barainneachtaí scála difreáilte atá ag gnóthais éagsúla óna ngníomhaíochtaí domhanda ar an iliomad margaí táirgí nó geografacha níl siad sin ábhartha maidir leis an gcéim inmheánach trína sainítear margaí chun críocha dhlí na hiomaíochta, ach is féidir leo a bheith ábhartha don mheasúnú ar an iomaíocht, agus má tá, cuirfear san áireamh iad mar is cuí sa chomhthéacs sin. Ina theannta sin, an coincheap nó an sainmhíniú ar ‘margadh’ a úsáidtear i réimsí dlí seachas dlí na hiomaíochta, i réimse na cumarsáide leictreonaí (36), mar shampla, níl sé cinntitheach chun críocha dhlí iomaíochta an Aontais.

20.

Ar an ochtú dul síos, níl sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún teacht ar chonclúid chinntitheach maidir le raon feidhme beacht an mhargaidh i gcás nach n-athróidh toradh mheasúnú an Choimisiúin faoi shainithe margaidh inchreidte éagsúla. Féadfaidh an Coimisiún an sainiú margaidh a fhágáil ar oscailt (37) i gcásanna ina dtagann ábhair imní i ndáil lehiomaíocht chun cinn gan beann ar an sainiú margaidh a chuirtear i bhfeidhm (38) agus i gcásanna nach dtagann aon ábhar imní i ndáil lehiomaíocht chun cinn gan beann ar an sainiú margaidh a chuirtear i bhfeidhm (39). Nuair a fhágann an Coimisiún an sainiú margaidh ar oscailt, is iondúil go ndéanann sé an measúnú iomaíochta le haghaidh na sainithe margaidh malartacha inchreidte uile, cé gur féidir go n-athróidh doimhneacht a anailíse iomaíochta idir na margaí malartacha ar a ndéantar measúnú (40).

21.

Ar an naoú dul síos, féadfaidh an Coimisiún aistrithe a bhfuil coinne leo a chur san áireamh i struchtúr margaidh sa chás go n-éilíonn measúnú réamhbhreathnaitheach a dhéanamh . Tá aistrithe struchtúracha sa mhargadh éagsúil ó bhreithnithe a bhaineann le hiontráil sa mhargadh ag iomaitheoirí ionchasacha (‘iomaíocht ionchasach’) (41) sa mhéid go ndéanann siad difear do dhinimic ghinearálta an tsoláthair agus an éilimh i margadh agus, dá bhrí sin, do na freagairtí ginearálta ar athruithe ar dhálaí soláthair coibhneasta. Ba cheart na haistrithe struchtúracha sa mhargadh sin a idirdhealú ó athruithe nach ndéanann difear ach do ghnóthais aonair a thairgeann táirgí sna margaí ábhartha ná do chustaiméirí aonair a éilíonn táirgí sna margaí ábhartha. Is féidir le haistrithe struchtúracha sa mhargadh difear a dhéanamh don sainiú ar an margadh táirgí ábhartha, mar shampla i gcás ina léirítear gur dócha go bhfuil cineálacha nua táirgí ar tí teacht chun cinn ar an margadh (42), nó don sainiú ar an margadh geografach ábhartha, mar shampla i gcás ina bhfuil athruithe teicneolaíocha le tarlú nó ina bhfuil athruithe ar an gcreat rialála le tarlú (43). Cuireann an Coimisiún na haistrithe struchtúracha sa mhargidh gearrthéarmacha nó meántéarmacha a bhfuil coinne leo san áireamh i gcás go dtiocfadh astu athruithe éifeachtacha ar dhinimic ghinearálta an tsoláthair agus an éilimh laistigh den tréimhse atá ábhartha le haghaidh mheasúnú an Choimisiúin (44). Ionas go mbeidh an Coimisiún in ann é sin a dhéanamh, ní mór fianaise iontaofa (45)a bheith ann go léirítear gur dócha go dtarlóidh na hathruithe struchtúracha réamh-mheasta. Ní mór don fhianaise sin dul níos faide ná toimhdí ar dá réir go leanfaidh treochtaí breathnaithe ar aghaidh nó go n-athróidh gnóthais áirithe a n-iompar.

2.   MODHEOLAÍOCHT GHINEARÁLTA

22.

Mar a mhínítear i Roinn 1.2, is é is príomhchuspóir do shainiú margaidh creat a sholáthar, mar chéim idirmheánach, chun an measúnú iomaíochta a struchtúrú agus a éascú trí shainaithint a dhéanamh ar bhealach córasach ar na srianta iomaíochta éifeachtacha láithreacha atá ar an ngnóthas nó na gnóthais lena mbaineann agus táirgí áirithe á dtairiscint do chustaiméirí i limistéar áirithe.

23.

Tá gnóthais faoi réir trí phríomhfhoinse srianta iomaíochta, is é sin an t-ionadú éilimh, an t-ionadú soláthair agus an iomaíocht ionchasach:

(a)

Is éard is ionadú éilimh ann an fórsa araíonachta is éifeachtaí agus is láithrí ar sholáthróirí táirge ar leith (46). Beidh an tionchar a bheidh ag gnóthas ar na dálaí díola atá i réim – amhail praghsanna, leibhéal na nuálaíochta nó an cháilíocht atá ar fáil – ag brath ar a mhéid atá a chustaiméirí in ann malartú go héasca chuig táirgí atá ar fáil agus a mheasann na custaiméirí a bheith ina dtáirgí ionaid (47). Dá bhrí sin, is é an t-ionadú éilimh an phríomhcheist agus an margadh táirgí ábhartha á shainiú.

(b)

D’fhéadfadh an t-ionadú soláthair a bheith ábhartha freisin maidir leis an sainiú ar an margadh ábhartha i gcásanna áirithe, is é sin nuair atá sé chomh héifeachtach agus chomh láithreach céanna agus atá an t-ionadú éilimh agus nuair a bhíonn dálaí iomaíochta comhchosúla mar thoradh air ar fud na dtáirgí lena mbaineann. I dtaithí an Choimisiúin, ní bhaineann an t-ionadú soláthair ach le sainiú margaidh i gcásanna sonracha.

(c)

Os a choinne sin, is éard atá san iomaíocht ionchasach srianta iomaíochta níos fánaí agus níos teagmhasaí nach gcomhlíonann na critéir maidir le héifeachtacht agus láithreacht an ionadaithe (48). Dá bhrí sin, ní bhaineann an iomaíocht ionchasach leis an sainiú ar an margadh ábhartha agus ní iomchuí díolacháin reatha ag iomaitheoir ionchasach táirgí nach féidir a ionadú le táirge nó táirgí an ghnóthas nó na ngnóthas lena mbaineann ó thaobh na gcustaiméirí de a chur san áireamh sa mhargadh táirgí ábhartha (49), ná an margadh geografach a leathnú chun na limistéir ina bhfuil an t-iomaitheoir ionchasach gníomhach cheana féin lena tháirgí a chur san áireamh (50). Iomaíocht ionchasach a bheith ann, is rud é a éilíonn anailís ar thosca breise, lena n-áirítear an dóchúlacht, an tráthchlár agus méid aon iontrála sa mhargadh. Chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na hiomaíochta féideartha, ní mór anailís a dhéanamh ar conas a dhéanann sé sin, nó a d'fhéadfadh sé sin, difear a dhéanamh d’iompar an ghnóthais/na ngnóthas lena mbaineann. Déantar anailís air sin sa mheasúnú iomaíochta.

24.

Tá an measúnú ar an ionadú éilimh agus soláthair ina chuidiú chun na táirgí a shainaithint sa mhargadh ábhartha agus, dá réir sin, chun na soláthróirí atá gníomhach sa mhargadh a shainaithint. Maidir le sainaithint na gcustaiméirí ar dócha go mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí comhchosúla an iompair nó an chomhchruinnithe atá i gceist, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina eilimint thábhachtach freisin chun an margadh ábhartha a shainiú, ar mhaithe le creat úsáideach a chur ar fáil don mheasúnú iomaíoch. Chuige sin, díríonn an Coimisiún ar a mhéid a bhíonn ar chustaiméirí aghaidh a thabhairt ar dhálaí iomaíochta atá cosúil nó éagsúil. Is minic a bhíonn measúnú den sórt sin ábhartha maidir leis an sainiú ar an margadh táirgí agus geografach ábhartha nuair a théann soláthróirí i mbun caibidlíochta le custaiméirí aonair nó nuair is féidir leo idirdhealú a dhéanamh idir custaiméirí nó grúpaí custaiméirí (51).

2.1.   Modheolaíocht ghinearálta chun margaí táirgí a shainiú

2.1.1.   An t-ionadú éilimh

25.

Mar a leagtar amach i mír 23, is é an príomhchur chuige a úsáideann an Coimisiún chun an margadh táirgí ábhartha a shainiú measúnú a dhéanamh ar inionadaitheacht táirgí ó thaobh an chustaiméara de (an t-ionadú éilimh). Tagann cásanna chun cinn nuair a bhíonn an t-ionadú éilimh láidir go leor go mbeadh custaiméirí lánsásta táirgí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann a mhalartú ar tháirgí atá ar fáil go héasca. Cuireann an Coimisiún na táirgí sin san áireamh sa mhargadh táirgí ábhartha céanna agus is é atá iontu srianta éifeachtacha láithreacha na hiomaíochta.

26.

Cinneann an Coimisiún an raon táirgí a mheasann custaiméirí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann a bheith ina dtáirgí ionaid éifeachtacha láithreacha agus measann sé chomh maith leis sin méid na hinionadaitheachta le táirgí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann trí éagsúlacht fianaise a scrúdú. De réir cheanglais agus shaintréithe gach cáis, áirítear leis an bhfianaise sin táscairí le haghaidh na gcúiseanna a gcuirfeadh nó nach gcuirfeadh custaiméirí táirge amháin in ionad táirge eile, amhail sainroghanna custaiméirí a bhaineann le saintréithe táirge, praghsanna, feidhmiúlachtaí, an úsáid atá beartaithe, bacainní roimh mhalartú agus costais mhalartaithe. Áirítear léi freisin táscairí díreacha ionadaithe, amhail fianaise ar an ionadú roimhe sin nó ar an ionadú hipitéiseach. Leagtar amach tuilleadh mionsonraí maidir leis an bhfianaise ar a bhfuil an Coimisiún ag brath agus measúnú á dhéanamh ar an ionadú éilimh, i Roinn 3.2.

27.

Is é an phríomhcheist atá le freagairt, agus an fhianaise sin á scrúdú, cé chomh toilteanach a mhalartódh custaiméirí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann táirgí ar tháirgí ionaid, agus cé na táirgí ionaid sin, atá ar fáil go héasca (más ann dóibh), a mhalartóidís mar fhreagairt ar mheathlú ar dhálaí soláthair tháirgí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann i gcoibhneas le táirgí eile (52). Chun críoch oibríochtúil agus praiticiúil, is iondúil go mbíonn an measúnú sin dírithe ar fhreagairtí ar arduithe praghsanna, ach is féidir athruithe ar pharaiméadair iomaíocha eile a mheas leis freisin, amhail cáilíocht an táirge nó leibhéal nuálaíochta an táirge, mar a leagtar amach i mír 15.

28.

Ó thaobh coincheapa de, ciallaíonn an cur chuige sin, ag tosú ó mhargadh is iarrthóir ina bhfuil an táirge nó na táirgí nó na cineálacha táirgí de chuid an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann ar dtús agus a bhfuil an measúnú iomaíochta dírithe air nó orthu, go gcuirtear na táirgí ionaid atá ar fáil go héasca (más ann dóibh) leis an margadh is iarrthóir go dtí gur margadh táirgí ábhartha iad na táirgí a shainaithnítear.

29.

An critéar teoiriciúil a úsáidtear go minic chun a chinneadh an bhfuil an margadh is iarrthóir ina mhargadh táirgí ábhartha, is é cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh monaplaí hipitéiseach sa mhargadh is iarrthóir cumhacht mhargaidh a fheidhmiú. Is féidir measúnú a dhéanamh air sin tríd an gceist a chur an measfadh monaplaí hipitéiseach sa mhargadh is iarrthóir gur brabúsach an ní é ardú buan atá beag ach suntasach a chur chun feidhme ar an bpraghas (‘tástáil SSNIP’) (53).

30.

Nuair a théann gnóthais in iomaíocht maidir le paraiméadair seachas praghas, amhail cáilíocht nó leibhéal na nuálaíochta, is doiligh tástáil SSNIP a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcomhthéacs táirgí ar phraghas airgeadaíochta nialais (54) agus tionscail atá an-nuálach. Tagann tuilleadh deacrachtaí chun cinn de réir theoiric na díobhála a chuirtear i bhfeidhm san imscrúdú. Nuair a díríonn an measúnú ar an athrú ar chumhacht mhargaidh an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann, i gcás na hanailíse féachaint an mbeadh éifeachtaí neamh-chomhordaithe ann mar thoradh ar chumasc cothrománach, cuir i gcás, is féidir tástáil SSNIP a chur i bhfeidhm go hiondúil ar an margadhphraghas atá i réim. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an méid sin a bheith amhlaidh i gcás ina mbeidh an bhéim ar an measúnú ar an gcumhacht mhargaidh atá ag an ngnóthas nó na gnóthais lena mbaineann cheana, amhail agus margaí á sainiú chun críoch measúnú a dhéanamh ar cheannasacht a bheith ann faoi Airteagal 102 CFAE (55). Thairis sin, de dheasca srianta coincréiteacha is féidir gur doiligh tástáil SSNIP a chur i bhfeidhm go heimpíreach agus an margadh táirgí ábhartha á shainiú i bhfíorchásanna. Mar shampla, is féidir nach mbeidh sé indéanta faisnéis iontaofa a bhailiú maidir leis an méid caillteanas a thabhódh monaplaí hipitéiseach agus SSNIP á chur chun feidhme.

31.

Dá bhrí sin, cé go bhféadfaidh an Coimisiún brath ar phrionsabail thástáil SSNIP ina mheasúnú ar an margadh ábhartha, níl aon oibleagáid ar an gCoimisiún tástáil SSNIP a chur i bhfeidhm go heimpíreach agus tá cineálacha eile fianaise chomh bailí céanna chun eolas a thabhairt maidir leis an sainiú margaidh, mar a thuairiscítear a thuilleadh i Roinn 3 (56). Go deimhin, sa chuid is mó de na cásanna ní fhónann tástáil SSNIP ach mar chreat coincheapúil chun an fhianaise atá ar fáil a léirmhíniú.

2.1.2.   An t-ionadú soláthair

32.

Is féidir le hiniondaitheacht táirgí ó thaobh soláthróirí de (ionadú soláthair) a bheith ábhartha don sainiú margaidh i gcás ina n-úsáideann soláthróirí na sócmhainní agus na próisis chéanna chun táirgí gaolmhara a tháirgeadh nach táirgí ionaid iad le haghaidh na gcustaiméirí, agus i gcás ina dtagann as sin dálaí iomaíochta comhchosúla ar fud raon na dtáirgí gaolmhara sin. Sna cásanna sin, is féidir gurb iomchuí na táirgí gaolmhara sin a áireamh sa mhargadh táirgí ábhartha, ar choinníoll go mbeidh éifeacht iallaigh an ionadaithe soláthair ar fud raon na dtáirgí coibhéiseach le héifeacht iallaigh an ionadaithe éilimh i dtéarmaí éifeachtachta agus neasachta.

33.

Na dálaí is gá chun an margadh a leathnú bunaithe ar an ionadú soláthair, is éard atá i gceist leo go bhfuil an chuid is mó de na soláthróirí, nó na soláthróirí go léir fiú, in ann an táirgeadh a mhalartú idir táirgí i raon na dtáirgí gaolmhara (57); nach dtabhóidh soláthróirí ach costais bháite nó rioscaí neamhshuntasacha breise nuair a mhalartaíonn siad an táirgeadh; go bhfuil an dreasacht ag soláthróirí é sin a dhéanamh agus go ndéanfadh siad amhlaidh nuair a thagann athrú ar phraghsanna coibhneasta nó ar dhálaí éilimh; agus gur féidir leo na táirgí go léir sa raon a thairiscint go héifeachtach sa ghearrthéarma (58).

34.

Is iondúil go bhféadfaidh cásanna, lena mbaineann an t-ionadú soláthair atá sách láidir, teacht chun cinn nuair a dhéanann gnóthais raon cáilíochtaí nó raon grád de tháirge áirithe a mhargú. Mar shampla, i gcás a bhaineann le táirgeadh cruach dosmálta (59), chinn an Coimisiún, ó thaobh éilimh de, nach bhféadfadh custaiméirí gráid ná aicmí grád éagsúla cruach dosmálta a úsáid chun na críche céanna. Mar sin féin, bhí sé indéanta do mhonaróirí malartú ó tháirgeadh gráid amháin chuig grád eile sa ghearrthéarma agus úsáid á baint as an trealamh céanna gan ach costais bhreise theoranta ann. In éagmais deacrachtaí dáileacháin ar leith, bhí monaróirí cruach dosmálta in ann, dá bhrí sin, dul in iomaíocht le haghaidh orduithe na ngrád éagsúil. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún gráid éagsúla na cruach dosmálta san áireamh sa mhargadh ábhartha céanna.

35.

Is féidir leis an ionadú soláthair a bheith ábhartha freisin le haghaidh sainiú margaidh nuair a cheannaíonn custaiméirí táirgí saincheaptha, mar shampla, nuair a eisíonn custaiméirí glaonna ar thairiscintí le haghaidh tionscadail tógála nó soláthar traenacha nó gástuirbíní. Sna cásanna sin, is féidir nach mbeidh aon ionadú éilimh ann, nó gur ionadú éilimh teoranta a bheidh ann, idir na táirgí saincheaptha le haghaidh custaiméirí éagsúla. Ó thaobh an ionadaithe éilimh de, d’fhéadfadh gach táirge saincheaptha den sórt sin a mhargadh ábhartha féin a bheith aige. Mar sin féin, nuair a thagann an srian iomaíochta ar an ngnóthas nó ar na gnóthais atá i gceist sna cásanna sin as cumas soláthróirí eile an táirge saincheaptha sonrach a tháirgeadh, d’fhéadfadh dálaí iomaíocha a bheith cosúil le chéile i measc custaiméirí éagsúla. Dá bhrí sin, i gcás inar féidir leis na soláthróirí céanna freagairt le tairiscintí a chomhlíonann sonraíochtaí custaiméirí éagsúla, mar shampla i nglaonna éagsúla ar thairiscintí, rud a dhéanann siad go hiondúil, is féidir na táirgí saincheaptha éagsúla a áireamh sa mhargadh táirgí ábhartha céanna.

36.

I gcás nach bhfuil sé de chumas ná de dhreasacht ach ag cuid de na soláthróirí an táirgeadh a mhalartú agus na táirgí a thairiscint go héifeachtach sa ghearrthéarma agus i gcás go ndéanfadh siad amhlaidh, ní iomchuí an raon táirgí a áireamh sa mhargadh ábhartha céanna (60). Agus an measúnú iomaíochta á dhéanamh, cuireann an Coimisiún san áireamh mar sin féin an srian ar an iomaíocht a fheidhmíonn na soláthróirí sin a chomhlíonann na coinníollacha, lena n-áirítear cé acu is dócha nó nach dócha go leathnóidh siad a ndíolacháin maidir leis na táirgí ábhartha sa todhchaí nuair atá gá le measúnú réamhbhreathnaitheach le haghaidh an cháis. Sampla den chur chuige sin is ea an measúnú ón gCoimisiún ar an margadh le haghaidh cruach mhiotalbhrataithe (61). Chinn an Coimisiún nár comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh an ionadaithe soláthair maidir le cruach stánphláta ná cruach chróimiam a bhí brataithe go leictrealaíoch sa chás sin de dheasca nach raibh ach soláthróir iomaíoch amháin in ann na táirgí sin a tháirgeadh ar an líne tháirgthe chéanna agus de dheasca nach raibh ról ábhartha sa mhargadh ag próiseas lena ndearnadh an dá tháirge a tháirgeadh ar ‘línte luasctha’ arbh fhéidir malartú eatarthu. Mar sin féin, chuir an Coimisiún san áireamh an srian a d’fheidhmigh an soláthróir a bhí in ann cruach stánphláta agus cruach chróimiam a bhí brataithe go leictrealaíoch a tháirgeadh ar ‘línte luasctha’ ina mheasúnú ar an iomaíocht.

37.

Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina mbeadh gá le sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe atá ann cheana a choigeartú go suntasach lasmuigh den ghnáthchúrsa gnó de bharr an ionadaithe soláthair; le níos mó ná infheistíochtaí neamhshuntasacha breise, costais bháite nó rioscaí a thabhú; le cinntí straitéiseacha de chineál marthanach a dhéanamh, nó le moilleanna ama a thabhú, ní leathnaíonn an Coimisiún an margadh ábhartha bunaithe ar an ionadú soláthair. Ní fhéadfaidh an Coimisiún an margadh ábhartha a leathnú bunaithe ar an ionadú soláthair fiú má tá baint ag táirgeoirí cheana féin le táirgeadh ar fud réimse na dtáirgí gaolmhara. Mar shampla, cé go bhféadfaidh táirgeoirí áirithe cáise cineálacha éagsúla cáise a tháirgeadh, is féidir go mbeidh costais agus agaí tionscanta suntasacha i gceist sular féidir le táirgeoir cineáil amháin cáise an táirgeadh a mhalartú agus tosú ar chineál éagsúil cáise a dhíol (62). I gcásanna den sórt sin, déanann an Coimisiún scrúdú ar éifeachtaí an mhalartaithe sin sa mheasúnú ar an iomaíocht mar shrian ó iomaíocht ionchasach.

2.2.   Modheolaíocht ghinearálta chun margaí geografacha a shainiú

38.

Is féidir le margaí geografacha a bheith idir margaí áitiúla agus domhanda, de réir fhíorais an cháis. Mar a leagtar amach i mír 12(b), is é an cur chuige a úsáideann an Coimisiún chun an margadh geografach ábhartha a shainiú measúnú a dhéanamh ar dhálaí iomaíochta. Is é is túsphointe coiteann ann na limistéir inar dócha go mbeidh éifeachtaí ag an iompar ábhartha nó ag an gcomhchruinniú ábhartha a shainaithint, trí shuíomh an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann agus suíomh a gcustaiméirí a shainaithint. Déanann an Coimisiún anailís ansin féachaint an bhfuil na dálaí iomaíochta i limistéar áirithe aonchineálach go leor (63) chun go bhféadfar na héifeachtaí a bheadh ag an iompar nó ag an gcomhchruinniú a mheas agus an féidir an limistéar sin a idirdhealú ó limistéar eile toisc go bhfuil na dálaí iomaíochta difriúil go mór sna limistéir sin.

39.

Déanann an Coimisiún a mheasúnú ar na dálaí iomaíochta trí scrúdú a dhéanamh ar éagsúlacht fianaise. Leis an bhfianaise sin áirítear, de réir cheanglais agus shaintréithe gach cáis: láithreacht na soláthróirí céanna nó soláthróirí éagsúla ar fud limistéir gheografacha; cosúlachtaí nó difríochtaí ina sciartha den mhargadh agus ina bpraghsanna; cosúlachtaí nó difríochtaí i sainroghanna custaiméirí agus iompar cheannaigh; bacainní agus costais atá bainteach le soláthar a dhéanamh do chustaiméirí i limistéar éagsúil; tosca a bhaineann le fad a dhéanann difear do chostais, do chainníochtaí atá ar fáil nó d’iontaofacht an tsoláthair, agus do shreafaí trádála agus do phatrúin lastas. I Roinn 3.3 leagtar amach tuilleadh mionsonraí maidir leis an bhfianaise ar a mbraitheann an Coimisiún agus measúnú á dhéanamh ar mhargaí geografacha.

40.

De ghnáth, déanann an Coimisiún anailís ar an ionadú éilimh idir soláthróirí atá lonnaithe i suíomhanna nó limistéir gheografacha éagsúla. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcásanna nach mbaineann suíomh an chustaiméara leis na dálaí faoina dtairgtear táirgí, is é sin le rá i gcás nach ndéanann soláthróirí idirbheartaíocht le custaiméirí aonair nó nach ndéanann siad idirdhealú de réir shuíomh an chustaiméara nó de réir limistéar geografach. Sa chás sin, déantar an margadh geografach ábhartha a shainiú de ghnáth bunaithe ar shuíomh an tsoláthróra (64) agus féadfaidh an Coimisiún béim ar leith a chur ar a shuí cé na soláthróirí atá ina ndlúthionadaithe don ghnóthas nó do na gnóthais lena mbaineann, agus cé na limistéir ina bhfuil siad lonnaithe, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i Roinn 2.1.1. Sampla de sin is ea sainiú an Choimisiúin ar na margaí ábhartha le haghaidh seirbhísí aeriompair paisinéirí faoin gcur chuige aerfoirt ar aerfort i gcásanna roimhe seo in earnáil an aeriompair. Dhírigh anailís an Choimisiúin lena shuí an raibh cuid de na haerfoirt ábhartha inionadaithe le haerfoirt eile ó thaobh na bpaisinéirí de (65).

41.

I gcásanna ina ndéanann soláthróirí idirbheartaíocht le custaiméirí aonair nó inar féidir leo idirdhealú a dhéanamh de réir shuíomh an chustaiméara nó de réir limistéar geografach, saineoidh an Coimisiún, de ghnáth, an margadh geografach ábhartha bunaithe ar shuíomh an chustaiméara (66). An t-ionadú éilimh idir limistéir gheografacha éagsúla — amhail malartú chuig allmhairí breise — d’fhéadfadh sé sin a bheith ábhartha sna cásanna sin freisin. I gcás ina measfaidh custaiméirí in dhá limistéar go bhfuil na soláthróirí mar an gcéanna ina roghanna malartacha den chuid is mó agus gur féidir leo méideanna ceannaigh a mhalartú go héasca eatarthu, is féidir go léireofar leis sin, i dteannta tosca eile, go bhfuil na dálaí iomaíochta idir an dá limistéar aonchineálach go leor agus go mbeadh éifeachtaí an iompair nó an chomhchruinnithe sách comhchosúil chun go mbeidh an dá limistéar ina gcuid den mhargadh geografach ábhartha céanna. Os a choinne sin, i gcás ina measfaidh custaiméirí in dhá limistéar go bhfuil soláthróirí éagsúla ina roghanna malartacha nó i gcás ina mbeidh na méideanna is féidir a mhalartú agus a mhalartaítear teoranta, mar shampla de bharr sainroghanna custaiméirí nó de bharr teorainneacha sna méideanna allmhairí atá ar fáil, léirítear leis sin nach bhfuil dálaí iomaíochta sa dá limistéar aonchineálach go leor (67).

42.

Mar thoradh air sin, allmhairí a bheith ann nó an fhéidearthacht malartú chuig allmhairí i limistéar geografach ar leith, ní gá go bhfágfadh sé sin go déanfar an margadh geografach a leathnú chun an limistéar óna ndearnadh na hearraí a onnmhairiú nó óna bhféadfaí iad a onnmhairiú a chur san áireamh. Custaiméirí atá lonnaithe sa limistéar óna ndearnadh na hearraí a onnmhairiú nó óna bhféadfaí iad a onnmhairiú is féidir dálaí iomaíochta éagsúla a bheith rompu i gcomparáid le custaiméirí atá lonnaithe sa limistéar ina seachadtar allmhairí. Sna himthosca sin, dá ndéanfaí margaí geografacha a shainiú go forleathan chun limistéir onnmhairiúcháin agus seachadta na n-earraí allmhairithe a áireamh, d’fhéadfaí a áireamh go hearráideach leis sin sa mhargadh ábhartha limistéir inar dócha go ndéanfaí difear ar bhealach éagsúil do chustaiméirí leis an iompar nó leis an gcomhchruinniú ábhartha. Leis sin, chuirfí isteach ar an measúnú iomaíochta seachas é a éascú.

43.

Dá bhrí sin, i gcásanna ina bhfuil allmhairí suntasacha ann, ach go bhfuil trádáil idir limistéir gheografacha áirithe nó breithnithe soláthair agus éilimh eile neamh-leordhóthanach chun go leanfaidh dálaí iomaíochta atá aonchineálach go leor, ní leathnaíonn an Coimisiún an margadh geografach ábhartha chun an limistéar óna ndearnadh na hearraí a onnmhairiú a áireamh. Mar sin féin, mar chuid den mheasúnú ar an iomaíocht agus nuair a shainítear margaí geografacha bunaithe ar shuíomh an chustaiméara, ríomhann an Coimisiún sciartha den mhargadh bunaithe ar na díolacháin uile le custaiméirí sa mhargadh geografach ábhartha, lena n-áirítear díolacháin ó sholáthróirí áitiúla agus allmhaireoirí araon. Cuireann an Coimisiún an srian iomaíochta ó allmhairí sa mhargadh ábhartha san áireamh go hiomlán freisin sa mheasúnú ar an iomaíocht, mar shampla trí scrúdú a dhéanamh ar cé acu is dócha nó nach dócha go leathnóidh allmhairí sa todhchaí nuair atá gá le measúnú réamhbhreathnaitheach le haghaidh an cháis (68).

44.

Sampla den chaoi a measann an Coimisiún sreafaí trádála agus an margadh geografach ábhartha á shainiú agus a mheasúnú iomaíochta á dhéanamh is ea an measúnú a rinne an Coimisiún ar an margadh le haghaidh táirgí cruach carbóin cothroma críochnaithe (69). Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh na margaí geografacha ábhartha le haghaidh cineálacha éagsúla táirgí cruach carbóin cothroma críochnaithe níos leithne ná LEE toisc go raibh struchtúir an mhargaidh éagsúil idir réigiúin dhomhanda; rinneadh foinsiú den chuid is mó ar an leibhéal réigiúnach, agus bhí difríocht shuntasach ann maidir le praghsáil na dtáirgí idir réigiúin an domhain. Mar sin féin, rinneadh measúnú mionsonraithe ar an srian iomaíochta ó allmhairí mar chuid den mheasúnú ar an iomaíocht.

3.   AN PRÓISEAS MAIDIR LE MARGAÍ A SHAINIÚ

3.1.   Cur chuige ginearálta maidir le sainiú margaidh sa chleachtas

45.

Sa chleachtas, is iondúil go mbíonn an Coimisiún in ann na margaí táirgí agus geografacha ábhartha is sochreidte a shainaithint roimh ré, ar margaí iad inar cheart iompar nó comhchruinniú ar leith a mheasúnú. Is féidir é sin a bhunú ar fhaisnéis atá ar fáil go héasca, ar na margaí ábhartha a shainítear i gcinntí ón gCoimisiún roimhe seo sna tionscail chéanna nó i dtionscail chomhchosúla, nó ar fhaisnéis arna cur isteach ag an ngnóthas nó na gnóthais lena mbaineann. Is minic a bhíonn líon teoranta de na margaí ábhartha malartacha inchreidte sin ann. Ansin déanann an Coimisiún a hipitéisí oibre tosaigh maidir leis na margaí táirgí agus geografacha ábhartha a choigeartú i bhfianaise na fianaise a bailíodh le linn a imscrúdaithe, más gá. I roinnt cásanna, is leor sracscrúdú a dhéanamh ar na sainithe margaidh malartacha inchreidte chun an measúnú iomaíochta a struchtúrú agus a éascú i gcinneadh an Choimisiúin, gan an gá anailís mhionsonraithe a dhéanamh chun teacht ar chonclúid maidir leis an sainiú ar gach margadh ábhartha. Ina chinntí, féadfaidh an Coimisiún sainithe margaidh malartacha a leagan amach agus a mheas, ag tosú le margaí ionchasacha níos leithne nó níos cúinge, de réir shonraíochtaí an cháis.

46.

Leis na Ranna 3.2 agus 3.3 seo a leanas tugtar tuairisc ar na tosca éagsúla a fhéadfaidh a bheith ábhartha chun na margaí táirgí agus geografacha ábhartha a shainiú. Le Roinn 3.4 tugtar tuairisc ar an mbealach a mbailíonn an Coimisiún fianaise maidir leis na tosca éagsúla sin agus ar an mbealach a ndéanann sé meastóireacht uirthi. Ní thugtar le tuiscint leis sin gurb amhlaidh i ngach cás aonair is gá don Choimisiún fianaise a fháil ar na tosca uile a luaitear agus measúnú a dhéanamh orthu. Sa chleachtas, fianaise a bhaineann le fothacar de na tosca sin, is minic is leor sin chun é a chur ar a chumas don Choimisiún teacht ar chonclúid maidir leis an margadh ábhartha.

3.2.   Fianaise a úsáidtear chun margaí táirgí a shainiú

47.

I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2, agus an margadh táirgí ábhartha á shainiú, díríonn an Coimisiún go príomha ar fhianaise a bhaineann leis an ionadú éilimh, ach féadfaidh sé fianaise a bhaineann leis an ionadú soláthair a chur san áireamh freisin má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar amach i Roinn 2.1.2., D’fhéadfadh na catagóirí fianaise a leagtar amach i Ranna 3.2.1 agus 3.2.2 a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an ionadú éilimh agus soláthair chun críocha an margadh táirgí ábhartha a shainiú.

3.2.1.   Fianaise atá ábhartha maidir leis an ionadú éilimh

3.2.1.1.   Saintréithe táirgí, praghsanna, an úsáid bheartaithe agus roghanna tosaíochta ginearálta custaiméirí

48.

I gcás na fianaise maidir le tosca amhail saintréithe táirgí (agus lena n-áirítear cáilíocht nó leibhéal nuálaíochta an táirge), praghsanna, feidhmiúlachtaí agus an úsáid bheartaithe, a bhíonn go minic ar fáil go héasca, bíonn an fhianaise sin úsáideach i gcoitinne chun an raon táirgí ionaid féideartha atá ar fáil do chustaiméirí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann a shainaithint.

49.

Mar sin féin, i gcás measúnú lena fháil amach an bhfuil táirgí comhchosúil feadh saintréithe inbhraite, an bhfuil a bpraghsanna agus a bpatrúin praghsanna inchomparáide (70) nó an bhfónann na táirgí don úsáid bheartaithe chéanna (71), féadfaidh sé a bheith neamh-leordhóthanach chun a chinneadh an bhfuil dhá tháirge ina dtáirgí ionaid éilimh. Os a choinne sin, ní gá go mbeidh difríochtaí i saintréithe táirgí, i bpraghsanna ná san úsáid bheartaithe leordhóthanach i gcónaí, iontu féin, chun a chinneadh gur cuid de mhargaí táirgí difriúla iad dhá tháirge (72). Is é is cúis leis sin go mb’fhéidir nach léireofar go cruinn leis na breithnithe an méid spéise a bhíonn ag custaiméirí i dtréithe éagsúla an táirge ná conas a d’fhreagródh custaiméirí d’athruithe ar dhálaí soláthair coibhneasta amhail ardú praghsanna.

50.

Dá bhrí sin, déanann an Coimisiún measúnú ar na cúiseanna foluiteacha a chuirfeadh nó nach gcuirfeadh custaiméirí táirge amháin in ionad táirge eile chun na paraiméadair is ábhartha le haghaidh roghanna na gcustaiméirí a shainaithint. Is féidir roghanna na gcustaiméirí a spreagadh le paraiméadair éagsúla i dteannta phraghas an táirge, amhail a leibhéal nuálaíochta nó a cháilíocht i ngnéithe éagsúla, mar a leagtar amach i mír 15. Mar shampla, féadfaidh custaiméirí a chur san áireamh an monaraítear táirge trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht atá inbhuanaithe a bheag nó a mhór (73). D’fhéadfadh difríochtaí idir bealaí dáileacháin, lena n-áirítear ar líne agus as líne (74), nó an creat rialála (75), a bheith ábhartha freisin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh roghanna na gcustaiméirí a bheith faoi réir claontachtaí iompair , amhail claonadh an rogha réamhshocraithe a roghnú. Trí na paraiméadair sin atá ar na paraiméadair is ábhartha le haghaidh roghanna na gcustaiméirí a shainaithint, ceadaítear don Choimisiún na táirgí a chur i gcomparáid feadh na bparaiméadar sin, rud atá faisnéiseach chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal inionadaitheachta eatarthu.

3.2.1.2.   Fianaise ar an ionadú roimhe seo

51.

I gcásanna áirithe, is féidir go mbeidh fianaise ionadaíochta ann idir táirgí éagsúla i ndiaidh athruithe struchtúracha, teagmhais nó suaití roimhe sin sa mhargadh. Féadfaidh an fhianaise sin a bheith faisnéiseach go háirithe maidir leis an ionadú éilimh, agus go háirithe nuair is é is cúis leis an ionadú athrú eisiginiúil (76) ar dhálaí soláthair coibhneasta tháirgí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann, amhail suaitheadh costais gan choinne, nó teagmhas comhchosúil eile. Is féidir faisnéis úsáideach a sholáthar trí tháirgí nua a sheoladh freisin, nuair is féidir anailís bheacht a dhéanamh ar na táirgí a bhfuil díolacháin caillte acu mar gheall ar an táirge nua (77). Mar an gcéanna, athruithe ar chainníochtaí mar fhreagairt ar imeacht soláthróra ón margadh, nó a thagann ó neamh-infhaighteacht (shealadach) táirgí áirithe (mar shampla de dheasca bristeacha táirgeachta nó suaití sa slabhra soláthair), féadfaidh siad a bheith faisnéiseach le haghaidh patrúin ionadaíochta (78). Mar sin féin, an dearcadh a bhíonn ag custaiméirí ar athrú suntasach, amhail neamh-infhaighteacht iomlán táirge nó tabhairt isteach táirge nua, ní fhéadfaidh sé sin a léiriú i gcónaí conas a rachadh custaiméirí i ngleic le hathruithe níos teoranta i ndalaí soláthair coibhneasta.

52.

I gcásanna áirithe, féadfaidh gnóthais faisnéis ábhartha a bhailiú ar tháirgí ionaid éilimh freisin le linn an ghnáthchúrsa gnó. Mar shampla, is féidir go mbeidh sonraí ag gnóthas maidir leis na custaiméirí a ghnóthaigh siad agus na custaiméirí a chaill siad agus maidir le céannacht na n-iomaitheoirí a chaill nó a ghnóthaigh na custaiméirí sin. Os a choinne sin, maidir le fianaise go bhfuil custaiméirí ag imeacht ó tháirge mar thoradh ar thosca nach mbaineann le hathruithe ar dhálaí soláthair coibhneasta, amhail athrú ar shainroghanna nó ar phatrúin tomhaltais le himeacht ama, níl an fhianaise sin chomh faisnéiseach céanna le haghaidh an ionadaithe éilimh (79).

53.

I gcás inarb ann do shonraí leordhóthanacha maidir le hionadú roimhe sin, is féidir gurb indéanta bearta cainníochtúla a dhíorthú maidir le hinionadaitheacht táirgí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go bhféadfaí cóimheasa atreoraithe a dhíorthú idir táirgí ionaid is iarrthóir. Déanann cóimheasa atreoraithe meastachán ar sciar na méideanna díolachán a chaill an táirge leasa agus a atreoraítear chuig gach táirge ionaid is iarrthóir mar fhreagairt ar athruithe ar dhálaí soláthair coibhneasta. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé a bheith indéanta meastachán a dhéanamh faoi phraghasleaisteachas dílis agus tras-phraghasleaisteachas (80) le haghaidh éileamh ar tháirge trí theicnicí eacnaiméadracha a úsáid (81) (82). Chun bheith iontaofa, ní mór an fhianaise chainníochtúil sin a bheith sách láidir.

3.2.1.3.   Fianaise ar an ionadú hipitéiseach

54.

Féadfaidh an Coimisiún a bheith ag brath freisin ar fhaisnéis maidir le conas is dócha go bhfreagróidh custaiméirí d’athruithe hipitéiseacha ar dhálaí soláthair coibhneasta (‘ionadú hipitéiseach’). Freagraí réasúnaithe ó chustaiméirí agus iomaitheoirí maidir leis an ionadú hipitéiseach sin, is féidir leo a bheith faisnéiseach chun táirgí ionaid a shainaithint. I gcásanna áirithe, is féidir go mbeidh fianaise ar an ionadú hipitéiseach ar fáil freisin ó shuirbhéanna ar shampla ionadaíoch custaiméirí. D’fhéadfadh gurb í an fhianaise ar ionadú hipitéiseach an t-aon fhianaise dhíreach (chainníochtúil) atá ar fáil maidir leis an ionadú éilimh agus d’fhéadfadh sí a bheith faisnéiseach don mheasúnú. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh fianaise ar an ionadú hipitéiseach chomh hiontaofa céanna le fianaise maidir le hionadú iarbhír, mar shampla de bharr nach bhfuil aon iarmhairt iarbhír ag an ionadú éilimh hipitéiseach ar chustaiméirí nó de bharr claontacht iompair eile. Go háirithe, tuairimí rannpháirtithe sa mhargadh a bhaineann le dóchúlacht nó méid an mhalartaithe hipitéisigh chuig táirge malartach, is féidir nach mbeidh siad sách iontaofa, iomlán ná cruinn chun a cheadú don Choimisiún leaisteachais éilimh a mheas. Is measúnú cás ar chás é sin áfach agus tá sé ag brath ar neart na fianaise atá ar fáil.

55.

I dtionscail atá i mbun forbartha go gasta, go háirithe tionscail a bhfuil an dul chun cinn teicneolaíoch tapa mar shaintréithe aige (e.g. san earnáil dhigiteach), is féidir go dtiocfaidh aistrithe struchtúracha margaidh as tabhairt isteach táirgí nó próiseas nua nó nuafhorbartha, mar aon le hathruithe teicneolaíocha nó rialála, ar aistrithe struchtúracha margaidh iad lena ndéantar difear don dinimic iomaíoch atá ann cheana agus do na freagairtí ginearálta ar dhálaí soláthair coibhneasta. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún na hathruithe a bhfuil coinne leo ar fhéidearthachtaí ionadaithe a thagann as an athrú ar dhinimic iomaíoch a chur san áireamh, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 21.

3.2.1.4.   Fianaise ar shrianta iomaíochta atá bunaithe ar thuairimí tionscail

56.

Is iondúil go ndéanann gnóthais faireachán ar iomaíocht sa ghnáthchúrsa gnó. Is féidir freisin go mbeidh faireachán á dhéanamh ag comhlachais tionscail nó ag saineolaithe ar iomaíocht. Cé nach gá go gcomhfhreagraíonn na tuairimí tionscail sin ar theorainneacha margaidh do choincheap an mhargaidh ábhartha de réir bhrí fhaisnéis dhlí iomaíochta an Aontais, faisnéis ar maidir léi a mheasann gnóthais gur iomaitheoirí (dlútha) iad féin, chomh maith leis na tuairimí ó rannpháirtithe eile sa mhargadh agus ó shaineolaithe tionscail ar shrianta iomaíocha, is féidir faisnéis úsáideach a sholáthar léi chun measúnú a dhéanamh ar ionadú éilimh. Tá feidhm aige sin go háirithe i gcás ina mbeidh na cúiseanna foluiteacha a thugtar chun tacú leis an gconclúid go bhfuil iomaitheoirí (dlútha) gnóthas áirithe ag comhfhreagairt do chreat an Choimisiúin maidir le sainiú margaidh, is é sin le rá go measann custaiméirí gur táirgí ionaid atá i dtáirgí na ngnóthas.

3.2.1.5.   Bacainní agus costais atá bainteach le héileamh a mhalartú ar tháirgí ionaid ionchasacha

57.

Is iomaí bacainn ionchasach atá roimh ionadú agus is iomaí costas malartaithe atá ann. Is féidir go mbeidh raon leathan tionscnamh ag na bacainní agus ag na costais sin, amhail oibleagáidí conarthacha, costais a bhaineann le táirgí malartacha a chuardach, éiginnteacht maidir le cáilíocht agus clú táirgí malartacha, na costais a bhaineann le foghlaim faoi tháirgí eile a úsáid nó próisis táirgthe dílse a oiriúnú, aithint branda, bacainní rialála nó cineálacha eile idirghabhála stáit, éifeachtaí líonra a bheith ann (83), na costais a bhaineann le hiniomparthacht sonraí nó an méid idir-inoibritheachta (84) le táirgí eile nó spleáchais eile i ndáil le sonraí, comhtháthú táirgí nó comhlántachtaí úsáide.

58.

Féadfaidh bacainní le malartú teacht chun cinn freisin i gcás nach féidir le custaiméirí malartú idir bealaí díolacháin éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh na srianta iomaíochta ar sholáthar comhpháirteanna gluaisteáin donmhargaidh buntrealaimh, a bheith eagsúíl leo siúd a bhaineann le soláthar na gcomhpháirteanna den sórt sin le haghaidh páirteanna spártha, agus ní bheidh custaiméirí le haghaidh páirteanna spártha in ann na comhpháirteanna a fháil ar na coinníollacha a thairgtear do dhéantúsóirí buntrealaimh. Is féidir gurb é a thiocfaidh as sin dhá mhargadh táirgí ábhartha shainiúla.

3.2.1.6.   Cuir chun feidhme thástáil SSNIP

59.

I gcásanna áirithe, is féidir gurb indéanta teorainneacha an mhargaidh ábhartha a chinneadh freisin trí mheasúnú a dhéanamh ar bhonn cainníochtúil lena fháil amach an mbeadh SSNIP brabúsach le haghaidh monaplaí hipitéiseach (85). Sampla de chur chun feidhme thástáil SSNIP is ea ‘anailís ar chaillteanas criticiúil’ (86). Is iondúil gurb é atá i gceist le hanailís ar chaillteanas criticiúil go gcinntear uaschaillteanas mhéid na ndíolachán is féidir a thabhú chun go mbeidh SSNIP brabúsach le haghaidh monaplaí hipitéiseach. Cuirtear an ‘caillteanas criticiúil’ sin i gcomparáid ansin le meastachán ar chaillteanas iarbhír dóchúil mhéid na ndíolachán a thagann as SSNIP. Má tá an caillteanas criticiúil níos mó ná an caillteanas iarbhír dóchúil, bheadh SSNIP brabúsach, rud a léiríonn gur margadh táirgí ábhartha atá sna táirgí sa mhargadh is iarrthóir. Sa chás contrártha, is féidir gur gá an margadh is iarrthóir a leathnú. Braitheann sonraíochtaí na hanailíse a dhéanfar ar imthosca áirithe gach cáis. Agus measúnú á dhéanamh ar anailís ar chaillteanas criticiúil, cuireann an Coimisiún san áireamh freisin nach amháin go dtugtar caillteanas criticiúil íseal le fios le corrlach brabúis breathnaithe ard, ach gur féidir go léirítear leis freisin gur dócha go mbeidh leaisteachas iarbhír an éilimh – agus dá réir sin an caillteanas iarbhír – íseal, agus a mhalairt (87).

3.2.2.   Fianaise atá ábhartha maidir leis an ionadú soláthair

3.2.2.1.   Fianaise ar an ionadú roimhe seo

60.

Agus measúnú á dhéanamh ar ionadú soláthair, féadfaidh an Coimisiún fianaise ó ghnóthais a mheas maidir le ró-acmhainneacht a bheith ann agus maidir lena gcumas agus lena ndreasacht chun táirgeadh agus soláthar a athúsáid sa ghearrthéarma. Fianaise ar ath-leithdháileadh táirgthe nó soláthar do na táirgí atá i gceist roimhe sin mar fhreagairt ar athruithe eisginiúla ar dhálaí soláthair nó éilimh, tá sé sin ábhartha go háirithe (mar shampla, an táirgeadh a mhalartú idir cáilíochtaí nó gráid éagsúla sa ghnáthchúrsa gnó). Os a choinne sin, in éagmais fianaise ar an ionadú soláthair roimhe sin, féadfaidh an Coimisiún a mheas nach bhfuil sé chomh dóchúil céanna go mbeadh éifeacht an ionadaithe sin coibhéiseach le héifeacht an ionadaithe éilimh i dtéarmaí éifeachtachta agus neasachta.

3.2.2.2.   Bacainní agus costais atá bainteach le malartú soláthair

61.

Measann an Coimisiún bacainní agus costais éagsúla agus measúnú á dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann leis an margadh a leathnú bunaithe ar ionadú an tsoláthair. Mar shampla, déanann sé a mheas, má táthar lena dtáirgeadh nó a soláthar a mhalartú, an gá do ghnóthais infheistíochtaí caipitil sonracha a thabhú nó infheistíochtaí sonracha a thabhú i bpróisis táirgeachta, foghlaim agus caipiteal daonna, bunú branda nó aithint ainm, rochtain ar shonraí, costais atrealmhaithe nó infheistíochtaí eile. Faisnéis maidir le constaicí dlí nó riaracháin a bheith ann, amhail an gá atá ann ceadúnas ar leith a bheith ag duine, nó constaicí de chineál straitéiseach lena bhféadfar difear a dhéanamh do mhalartú táirgthe nó soláthair, amhail naisc chonarthacha nó comhaontuithe eisiachais, is féidir go mbeidh sí úsáideach freisin. Déanann an Coimisiún anailís freisin ar dhreasachtaí na ngnóthas chun a dtáirgeadh nó a soláthar a mhalartú, lena n-áirítear cé acu a thiocfadh nó nach dtiocfadh caillteanas i ndíolacháin táirgí eile as sin, agus ar a dtoilteanas malartú. Mar a mhínítear i mír 37, nuair nach bhfuil aon bhacainn ná costas den sórt sin neamhshuntasach, cuireann an Coimisiún san áireamh na srianta iomaíochta (más ann dóibh) arna bhfeidhmiú ag na gnóthais sin mar chuid den mheasúnú ar an iomaíocht seachas tríd an margadh ábhartha a leathnú.

3.3.   Fianaise a úsáidtear chun margaí geografacha a shainiú

62.

Is iondúil go mbíonn an Coimisiún in ann réamhthuairim a ghlacadh i dtaobh an bhfuil an margadh geografach is iarrthóir ina mhargadh atá áitiúil, náisiúnta, réigiúnach, uile-LEE (88), níos leithne ná LEE nó domhanda, bunaithe ar réamhfhaisnéis maidir le hiompar cheannaigh agus roghanna tosaíochta chustaiméirí na dtáirgí ábhartha. Déanann an Coimisiún imscrúdú ansin féachaint an bhfuil na dálaí iomaíochta ar fud an mhargaidh is iarrthóir aonchineálach go leor chun go bhféadfar na héifeachtaí a bheadh ag an iompar nó ag an gcomhchruinniú a mheas agus an féidir an margadh is iarrthóir a idirdhealú ó limistéir eile toisc go bhfuil na dálaí iomaíochta difriúil go mór sna limistéir sin.

3.3.1.   Catagóirí fianaise atá ábhartha chun an margadh geografach ábhartha a shainiú

63.

Féadfaidh na catagóirí fianaise a leagtar amach sa Roinn seo a bheith ábhartha chun an margadh geografach ábhartha a shainiú.

3.3.1.1.   Céannacht na soláthróirí, na sciartha den mhargadh agus na praghsanna atá ar fáil

64.

I gcás ina mbeidh rochtain ag custaiméirí i limistéir gheografacha éagsúla ar na soláthróirí iarbhír agus ionchasacha céanna agus i gcás ina mbeidh sciartha comhchosúla den mhargadh ag na soláthróirí sin sna limistéir éagsúla, is iondúil go mbíonn an méid sin ar an gcéad táscaire lena léirítear go bhfuil dálaí iomaíochtaaonchineálach go leor chun na limistéir sin a áireamh sa mhargadh geografach ábhartha céanna. Os a choinne sin, i gcás ina n-athróidh na sciartha den mhargadh atá ag na soláthróirí sin go substaintiúil ar fud limistéir gheografacha éagsúla, is iondúil go léirítear leis sin nach bhfuil dálaí iomaíochta sna limistéir sin aonchineálach go leor.

65.

Is féidir fianaise úsáideach a sholáthar freisin le réamhanailís ar phraghsáil agus ar dhifríochtaí idir praghsanna. Den chuid is mó is féidir coinne a bheith leis go dtiocfaidh leibhéil praghsanna chomhchosúla as dálaí aonchineálacha iomaíochta ar fud limistéir éagsúla le haghaidh na dtáirgí céanna. Is féidir go dtiocfaidh an chosúlacht sin freisin as arbatráiste feidhmiúil idir limistéir éagsúla, is é sin le rá an próiseas lena bhféadfar a fhágáil go ndéanfaidh arbatráisteoirí ceannachán sa limistéar ísealphraghsáilte agus athdhíolachán sa limistéar ardphraghsáilte de bharr praghsanna níos airde i limistéar amháin go dtí go mbeidh praghsanna comhtháite go leordhóthanach chun an t-arbatráiste sin a dhéanamh neamhbhrabúsach. Is féidir leis an gCoimisiún a mheas freisin an gcuireann soláthróirí dálaí éagsúla soláthair ar fáil do chustaiméirí bunaithe ar shuíomh an chustaiméara, toisc go bhféadfadh tionchar a bheith aige sin ar cé acu is féidir nó nach féidir an margadh a shainiú timpeall ar shuíomhanna na soláthróirí (89).

66.

D’fhéadfadh sé, áfach, nach mbeadh anailísí ar sciartha den mhargadh agus ar phraghsanna cinntitheach, iontu féin, le haghaidh sainiú ar an margadh geografach (90). Dá bhrí sin, is iondúil go ndéanann an Coimisiún iniúchadh ar na cúiseanna atá le haon chumraíocht ar leith ar sciartha den mhargadh nó ar phraghsanna, agus déanann sé measúnú freisin ar tháscairí eile.

3.3.1.2.   Roghanna tosaíochta na gcustaiméirí agus iompar cheannaigh

67.

D’fhéadfadh roghanna tosaíochta áitiúla, náisiúnta nó réigiúnacha le haghaidh táirgí nó brandaí sonracha (91) teacht as difríochtaí i gcultúr, teanga, stíl mhaireachtála, déimeagrafaic nó cúlra socheacnamaíoch. Is féidir difear a dhéanamh leis sin do staideanna iomaíocha gnóthas éagsúil i limistéir éagsúla. Is dócha gurb é a thiocfaidh as difríochtaí i sainroghanna custaiméirí ar fud limistéir éagsúla difríochtaí in iompar cheannaigh agus dá réir sin d’fhéadfaí raon feidhme geografach an mhargaidh a theorannú go mór leo sin.

68.

Go háirithe, nuair is amhlaidh a athraíonn an tsraith táirgí a mheasann custaiméirí a bheith ina dtáirgí ionaid do tháirgí an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann idir limistéir gheografacha, is iondúil gur táscaire láidir é sin nach bhfuil dálaí iomaíochta aonchineálach go leor chun go mbainfidh na limistéir sin leis an margadh geografach céanna.

69.

Le scrúdú ar an bpatrún geografach ceannachán atá ag custaiméirí faoi láthair is féidir táscairí úsáideacha a sholáthar ar chosúlachtaí nó ar dhifríochtaí i sainroghanna custaiméirí agus dálaí iomaíochta. Mar shampla, nuair atá rochtain ag custaiméirí uile-LEE ar na soláthróirí céanna ar théarmaí comhchosúla, gan beann ar shuíomh na gcustaiméirí, mar shampla má cheannaíonn siad ó ghnóthais atá lonnaithe aon áit in LEE ar théarmaí comhchosúla, nó má sholáthraíonn siad a soláthairtí trí nósanna imeachta tairisceana ina dtugtar cuireadh don tacar céanna gnóthas agus ina gcuireann na gnóthais sin tairiscintí isteach, is dócha gur margadh uile-LEE a bheidh sa mhargadh geografach (92), mura dtagann tosca eile salach ar chinneadh den sórt sin. Mar an gcéanna, nuair atá rochtain ag custaiméirí ar fud an domhain ar na soláthróirí céanna ar théarmaí comhchosúla gan beann ar shuíomh na gcustaiméirí, mar shampla, má cheannaíonn siad ó ghnóthais atá lonnaithe in aon áit ar domhan ar théarmaí comhchosúla, is dócha gur margadh domhanda a bheidh sa mhargadh geografach ábhartha (93). Féadfar a thabhairt de shainmhíniú ar mhargadh freisin gur margadh domhanda é nach n-eisiatar uaidh ach limistéir shonracha mar gheall ar bhacainní iontrála arda nó bacainní eile ar chustaiméirí foinsiú domhanda a dhéanamh (94). I gcásanna den sórt sin, agus nuair a shainítear margaí geografacha bunaithe ar shuíomh custaiméirí, dhéanfaí aon allmhairí ó na limistéir eisiata isteach sa mhargadh geografach sainithe a áireamh agus sciartha den mhargadh (95) á ríomh, agus ba cheart anailís a dhéanamh sa mheasúnú iomaíochta ar an bhféidearthacht go gcuirfeadh na hallmhairí sin srian ar an ngnóthas nó ar na gnóthais a bhfuil baint acu leis an margadh ábhartha.

3.3.1.3.   Bacainní agus costais a bhaineann le soláthar do chustaiméirí i limistéir éagsúla

70.

Déanann an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil soláthróirí in ann agus toilteanach a dtáirgí a thairiscint ar théarmaí iomaíocha ar fud an mhargaidh is iarrthóir nó an ann do bhacainní nó costais a fhágann gur dodhéanta nó mítharraingteach go bhfreastalóidh soláthróir ar chustaiméirí ar théarmaí iomaíocha i limistéir nach bhfreastalaíonn sé orthu faoi láthair. Leis an measúnú sin áirítear scrúdú ar cé acu a cheanglaítear nó gceanglaítear le sainroghanna custaiméirí go mbeidh láithreacht áitiúil nó rochtain ag soláthróirí ar líonra dáileacháin nó bealaí dáileacháin ábhartha acu chun díolachán a dhéanamh ar fud an mhargaidh is iarrthóir. Áirítear leis freisin scrúdú ar an gcreat rialála, is é sin aon chineál bacainne arna chruthú le gníomhaíocht stáit lena bhféadfar difear a dhéanamh do sholáthróirí ó limistéir eile. Féadfar a áireamh ar na bacainní sin rialacha soláthair phoiblí, fóirdheontais phoiblí, rialáil praghsanna, cuótaí agus taraifí lena dteorannaítear trádáil nó táirgeadh, caighdeáin theicniúla, ceanglais teanga, monaplachtaí dlí, teorainneacha le saoirse bunaíochta, ceanglais údarúcháin riaracháin (mar shampla ceadúnais agus ceadanna), nó rialachán earnáilsonrach eile. Leis na bacainní sin is féidir go dteorannófar go héifeachtach an méid atá soláthróirí i limistéar áirithe faoi bhrú iomaíoch ó sholáthróirí atá bunaithe lasmuigh den limistéar sin agus dá réir sin is féidir go dtiocfaidh difríochtaí sna dálaí iomaíochta astu. Leis na bacainní céanna is féidir bac a chur ar chustaiméirí freisin ceannachán a dhéanamh ó sholáthróirí i limistéir éagsúla.

71.

Os a choinne sin, leis an gcreat rialála, go háirithe comhchuibhiú rialála, mar shampla ar leibhéal an Aontais nó go domhanda, is féidir bacainní ar thrádáil a laghdú agus a léiriú go bhfuil margaí geografacha níos leithne nó gur dócha go dtiocfaidh siad chun bheith amhlaidh sa todhchaí. Cuireann an Coimisiún san áireamh próiseas chomhtháthú an mhargaidh san áireamh agus margaí geografacha á sainiú. Nuair a bhaintear bacainní rialála, déanann an Coimisiún measúnú ar fhianaise ábhartha lena léirítear aistriú struchtúrach margaidh, mar shampla maidir le praghsanna, sciartha den mhargadh nó patrúin trádála.

3.3.1.4.   Tosca a bhaineann le hachar, costais iompair agus dobharcheantair

72.

I margaí áirithe, is féidir go mbeidh staideanna iomaíocha soláthróirí ag brath ar an achar idir gach soláthróir agus an custaiméir. Mar shampla, is féidir go seasfaidh costais iompair do chodán tábhachtach de chostais le haghaidh táirgí áirithe, rud a fhéadfaidh soláthróirí atá lonnaithe ar achar níos faide ón gcustaiméir a chur faoi mhíbhuntáiste iomaíoch suntasach i gcoibhneas le soláthróirí atá lonnaithe níos gaire don chustaiméir. D’fhéadfadh éifeacht chomhchosúil a bheith ag tosca eile, amhail breithnithe shlándáil an tsoláthair, breithnithe inbhuanaitheachta (96), somheatacht táirgí nó inrochtaineacht.Thairis sin, i margaí tomhaltóirí, d’ fhéadfadh an t-achar taistil nó an t-am taistil chuig an soláthróir a bheith ina bhreithniú tábhachtach. Is iondúil gurb é sin an cás, mar shamplaí, le haghaidh aerfort, ollmhargaí nó stáisiúin pheitril.

73.

Sna cásanna sin, is dócha go mbeidh margaí difreáilte go geografach sa mhéid go n-athraíonn dálaí iomaíochta mar fheidhm den achar idir gach soláthróir agus an custaiméir (97). I gcásanna den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún an margadh geografach a shainiú bunaithe ar dhobharcheantair. Is féidir dobharcheantair a tharraingt de réir custaiméirí nó soláthróirí, agus sin ag brath ar shainiúlachtaí an cháis agus ar cé acu a thairgeann nó nach dtairgeann soláthróirí a gcuid táirgí faoi dhálaí éagsúla bunaithe ar shuíomh nó ar limistéar geografach an chustaiméara. In éagmais idirdhealú den sórt sin, is minic a dhéanann an Coimisiún breithniú ar dhobharcheantair timpeall ar shuíomhanna na soláthróirí. Os a choinne sin, i margaí ina bhfuil praghsanna sonracha do chustaiméirí, is fearr de ghnáth measúnú a dhéanamh ar dhálaí iomaíocha i suíomhanna éagsúla do chustaiméirí agus dobharcheantair a tharraingt timpeall ar shuíomhanna na gcustaiméirí (98). I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, mar shampla toisc go bhfuil go leor custaiméirí ann agus go bhfuil siad scaipthe nó toisc nach bhfuil aon fhaisnéis ann maidir le suíomh chustaiméirí na n-iomaitheoirí, féadfaidh an Coimisiún dobharcheantair a tharraingt timpeall ar shuíomhanna na soláthróirí.

74.

Is iondúil go ndéantar dobharcheantair a thomhas i dtéarmaí achar taistil nó am taistil custaiméirí (a dtugtar iseacróin orthu sa chás sin) nó i dtéarmaí achar seachadta nó am seachadta timpeall suímh ar laistigh de a tharlaíonn cion díolachán ar leith. Is iondúil go mbíonn an Coimisiún ag brath ar dhobharcheantair atá ionadaíoch ar phatrúin ceannaigh fhormhór na gcustaiméirí (99). Is féidir é sin a chinneadh ó dháileadh iarbhír na seachadtaí nó ó na hachair taistil nó ama, agus/nó is féidir é a bhunú ar thuairimí rannpháirtithe sa mhargadh. Ar an mbonn sin, is iondúil go measann an Coimisiún go gcumhdaítear le dobharcheantair 80 % de dhíolacháin nó custaiméirí (100). Ag brath ar bhreithnithe a bhaineann go sonrach leis an margadh, féadfaidh an Coimisiún brath freisin ar shraitheanna malartacha raonta. Shainigh an Coimisiún, mar shampla, margaí geografacha freisin ar bhonn na ndobharcheantar lena gcumhdaítear 70 % agus/nó 90 % de dhíolacháin (101).

3.3.1.5.   Sreafaí trádála agus patrúin lastas

75.

Le hanailís ar phatrún agus ar threocht lastas agus sreafaí trádála agus ar thiománaithe na sreafaí sin, féadfar easpa nó láithreacht bacainní a léiriú. Le freagrúlacht na sreafaí sin d’athruithe ar dhálaí soláthair coibhneasta, féadfar an méid brú iomaíoch a chuireann soláthróirí atá lonnaithe lasmuigh den mhargadh geografach is iarrthóir ar an ngnóthas nó ar na gnóthais lena mbaineann a léiriú freisin. I gcásanna áirithe, is féidir go mbeifear in ann an srian sin a chainníochtú, mar shampla, trí leaisteachais allmhairí a mheas go heacnaiméadrach nó trí staidéir teagmhais lena dtaispeántar freagrúlacht allmhairí ar athruithe praghais (102). Mar sin féin, ní gá go dtugtar le fios le láithreacht sreafaí trádála iontu féin ná lena bhfreagrúlacht d’athruithe ar dhálaí soláthair coibhneasta go bhfuil na dálaí iomaíochta sa limistéar as a dtionscnaíonn sreafaí trádála aonchineálach go leor sa mhargadh geografach is iarrthóir chun údar a thabhairt le leathnú ar an margadh geografach ábhartha. I gcás nach amhlaidh sin, agus mar a mhínítear i mír 43, cuireann an Coimisiún na srianta iomaíochta (más ann dóibh) ó allmhaireoirí ar an ngnóthas nó na gnóthais lena mbaineann san áireamh sa mheasúnú ar an iomaíocht (lena n-áirítear maidir le sciartha den mhargadh agus leathnú ionchasach amach anseo) seachas an margadh geografach ábhartha a leathnú.

3.4.   Fianaise a bhailiú agus meastóireacht a dhéanamh uirthi

76.

Úsáideann an Coimisiún foinsí éagsúla faisnéise agus cineálacha éagsúla fianaise chun an margadh ábhartha a shainiú agus féadfaidh sé brath ar fhaisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil araon. Féadfaidh cineálacha áirithe fianaise a bheith cinntitheach i gcás amháin, ach féadfaidh siad a bheith teoranta nó neamhthábhachtach i gcásanna eile lena mbaineann tionscal éagsúil, táirge éagsúil nó imthosca éagsúla. I bhformhór na gcásanna agus go háirithe nuair is gá measúnú mionsonraithe a dhéanamh, bunaíonn an Coimisiún a chinntí ar bhreithniú roinnt tosca, mar a leagtar amach i Ranna 3.2 agus 3.3, agus ar fhoinsí éagsúla. Glacann an Coimisiún cur chuige oscailte maidir le fianaise eimpíreach, arb é is aidhm dó úsáid éifeachtach a bhaint as an bhfaisnéis uile atá ar fáil, rud a fhéadfaidh a bheith ábhartha i gcásanna aonair, agus déanann sé measúnú foriomlán bunaithe ar an bhfianaise sin (103). Ní chuireann an Coimisiún ordlathas docht i bhfeidhm d’fhoinsí éagsúla faisnéise ná de chineálacha fianaise (104).

77.

Ba cheart an fhianaise a úsáideann an Coimisiún chun margaí a shainiú a bheith iontaofa (105). Is dócha gurb amhlaidh an cás, mar shampla, i gcás ina dtiocfaidh an fhianaise ó údaráis phoiblí nó i gcás ina dtacóidh foinsí iomadúla léi, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh ag a bhfuil leasanna coinbhleachta, amhail soláthróirí agus a gcustaiméirí díreacha. Ina theannta sin, a mhéid is féidir, úsáideann an Coimisiún fianaise a bhí ann le déanaí i ndáil leis an tréimhse faoi imscrúdú, go háirithe agus measúnú á dhéanamh ar mhargaí i dtionscal ar a bhfuil athrú á dhéanamh. I gcás ina mbeidh gá le measúnú réamhbhreathnaitheach le haghaidh an cháis agus ina mbeidh sainiú margaidh bunaithe ar athruithe ar an dinimic iomaíoch laistigh den tréimhse ama a breithnítear, ní mór tacú leis na hathruithe sin le fianaise iontaofa lena léirítear leibhéal leordhóthanach dóchúlachta go dtiocfaidh na hathruithe a bhfuil coinne leo chun cinn. Agus measúnuithe réamhbhreathnaitheacha den sórt sin á ndéanamh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh catagóirí nó foinsí áirithe fianaise chomh hiontaofa céanna nó nach bhfuil siad ar fáil fiú. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach mbeadh fianaise ar an ionadú a rinneadh roimhe seo ar fáil agus measúnú á dhéanamh ar tháirgí nua atá á bhforbairt. Os a choinne sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh doiciméid inmheánacha rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgtear sa ghnáthchúrsa gnó nó i dtuarascálacha neamhspleácha tionscail, lena n-áirítear réamh-mheastacháin láidre, ábhartha go háirithe chun críoch measúnú réamhbhreathnaitheach a dhéanamh.

78.

Tá ualach cruthúnais níos airde le fianaise más féidir a shuí nach bhféadfadh tionchar a bheith ag imscrúdú an Choimisiúin ar an bhfianaise, amhail fianaise a bhí ann roimh phléití maidir le comhchruinniú nó le hiompar agus a bhí ann roimh imscrúdú an Choimisiúin. Nuair a bhíonn fianaise bhréagnaitheach ann, déanann an Coimisiún tástáil ar na ráitis nó ar na sonraí ábhartha nuair is gá, mar shampla trína sheiceáil an bhfuil foinsí neamhspleácha iontaofa ar fáil. Mura bhfuil foinsí neamhspleácha iontaofa ar fáil, déanann an Coimisiún measúnú i dtaobh cé na fianaisí lena mbaineann luach cruthúnais níos airde, agus foinsí na faisnéise á gcur san áireamh, chomh maith leis an gcomhthéacs maidir le conas agus cathain a gineadh nó a soláthraíodh an fhaisnéis don Choimisiún.

79.

I gcás inarb iomchuí, chomh maith le bheith ag brath ar aighneachtaí ón ngnóthas nó ó na gnóthais lena mbaineann, bailíonn an Coimisiún fianaise trí iarrataí i scríbhinn ar fhaisnéis a sheoladh chuig rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear na gnóthais lena mbaineann, nó trí agallamh a chur orthu. Sa chomhthéacs sin, féachann an Coimisiún le fianaise fhíorasach a fháil go príomha ó na príomhiomaitheoirí agus ó na príomhchustaiméirí sa tionscal agus féachann sé lena dtuairimí a fháil maidir le teorainneacha na margaí táirgí agus geografacha. D’fhéadfadh iarrataí ar fhaisnéis a bheith ina gcúis le fíneálacha má chuirtear freagraí ar fáil a bheidh míthreorach nó mícheart, rud a chuideodh lena áirithiú go gcuirtear faisnéis chruinn ar fáil. Féadfaidh an Coimisiún teagmháil a dhéanamh freisin le comhlachais trádála nó custaiméara ábhartha eile, gnóthais atá gníomhach i margaí réamhtheachtacha nó gaolmhara agus le príomhpháirtithe leasmhara eile lena n-áirítear údaráis agus gníomhaireachtaí rialtais áitiúla, náisiúnta nó idirnáisiúnta nó eagraíochtaí neamhrialtasacha.

80.

Chun an margadh ábhartha a shainiú, féadfaidh an Coimisiún doiciméid inmheánacha a iarraidh ó eintitis ábhartha freisin, lena n-áirítear go háirithe an gnóthas nó na gnóthais lena mbaineann. Tá doiciméid inmheánacha ábhartha go háirithe i gcás inar ullmhaíodh iad sa ghnáthchúrsa gnó, seachas doiciméid a ullmhaíodh i bhfianaise imscrúdú an Choimisiúin nó lena linn, ós rud é go bhféadfadh siad léiriú níos fearr a thabhairt ar an dearcadh atá ag na gnóthais sin ar an margadh. Is féidir a áireamh leis sin staidéir mhargaíochta a choimisiúnaigh gnóthais san am a chuaigh thart chun eolas a thabhairt maidir le cinntí, mar shampla, praghsáil a dtáirgí nó gníomhaíochtaí margaíochta. Féadfar suirbhéanna custaiméirí maidir le patrúin úsáide agus dearcthaí, sonraí maidir le patrúin cheannaigh custaiméirí, na tuairimí a nocht soláthróirí agus staidéir taighde margaidh arna gcur isteach ag an ngnóthas nó na gnóthais lena mbaineann agus a iomaitheoirí nó a n-iomaitheoirí, a chur san áireamh chun a shuí an measann cion custaiméirí atá suntasach go heacnamaíoch go bhfuil dhá tháirge inionadaithe. Le fianaise lena léirítear go ndéanann gnóthas faireachán ar iompraíocht iompar iomaitheoirí áirithe, nó doiciméid straitéiseacha ar a mbraitheann an gnóthas chun eolas a thabhairt maidir le cinntí gnó, amhail pleananna gnó nó measúnuithe ar láidreachtaí, laigí, deiseanna nó bagairtí, is féidir go léireofar cumas srianta iomaíochta arna bhfeidhmiú ag gnóthais iomaíocha éagsúla (106). Ba cheart tosca a bhaineann le comhthéacs doiciméad aonair a chur san áireamh chun a n-ábharthacht a mheas. Áirítear orthu sin dáta na ndoiciméad, céannacht na n-údar agus na seolaithe ionchasacha (amhail a bhfeidhm, a saineolas agus/nó a sinsearacht), agus cuspóir na ndoiciméad.

81.

I gcásanna áirithe, le suirbhéanna ad hoc a dhéantar chun críoch an imscrúdaithe agus lena gcumhdaítear sampla ionadaíoch de chustaiméirí nó soláthróirí is féidir faisnéis úsáideach a sholáthar maidir leis an margadh ábhartha (107). Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh suirbhé a dhéanamh nó a choimisiúnú i gcás ar leith, ag brath ar an tsaincheist atá i gceist agus ar an bhfianaise atá ar fáil ó fhoinsí eile, agus srianta riaracháin á gcur san áireamh, amhail tráthchlár an imscrúdaithe. Ní mór suirbhéanna a dhearadh go cáiréiseach chun freagraí fiúntacha a mhealladh ón bpobal leasa (108).

82.

Féadfaidh an Coimisiún brath freisin ar fhaisnéis phoiblí, tuarascálacha margaidh nó tionscail, tuarascálacha anailísí airgeadais, chomh maith le staidreamh an mhargaidh nó staidéir eacnamaíocha, lena n-áirítear ó shainchomhairleoirí seachtracha (109). I gcásanna lena mbaineann margaí rialáilte, lena n-áirítear, mar shampla, na hearnálacha teileachumarsáide, fuinnimh nó cúraim sláinte, féadfaidh an Coimisiún sonraí agus tuairimí a lorg freisin ó rialtóirí earnáilsonracha.

83.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún cuairteanna neamhfhoirmiúla nó cigireachtaí foirmiúla a dhéanamh ag áitreabh an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann, ar áitreabh a gcustaiméirí nó a n-iomaitheoirí, chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas a dhéantar táirgí a mhonarú nó a sholáthar.

4.   SAINIÚ MARGAIDH IN IMTHOSCA SONRACHA

84.

Leis an Roinn seo tugtar aghaidh ar ghnéithe áirithe den sainiú margaidh a bhaineann go sonrach le tionscail, earnálacha nó cineálacha margaí ar leith. Mura sonraítear a mhalairt sa Roinn seo, beidh feidhm freisin ag prionsabail ghinearálta an tsainithe ar na margaí táirgí agus geografacha a leagtar amach san Fhógra seo maidir leis na tionscail, na hearnálacha nó na cineálacha áirithe margaí a luaitear sa Roinn seo.

4.1.   Sainiú margaidh i dtaca le difreáil shuntasach

85.

Féadfar táirgí a dhifreáil ar bhonn suntasach chun go mbeidh táirgí áirithe ina dtáirgí ionaid níos gaire ná táirgí ionaid eile. Is féidir go dtarlóidh difreáil ar leibhéal an táirge nó ar an leibhéal geografach. Tarlaíonn difreáil táirge i gcás ina mbeidh tábhacht ag tréithe na dtáirgí le haghaidh rogha an chustaiméara (110), lena n-áirítear dearadh, íomhá branda, sonraíochtaí teicniúla, marthanacht, an leibhéal seirbhíse nó aon ghné shonrach eile (111). Tarlaíonn difreáil gheografach i gcás ina mbeidh tábhacht ag suíomh an chustaiméara agus an tsoláthróra aonair le haghaidh rogha an chustaiméara (112).

86.

Trí anailís a dhéanamh ar na táirgí ionaid atá ar fáil go héifeachtach do chustaiméirí chun an margadh ábhartha a shainiú, is féidir gurb é a thiocfaidh as sin go sainaithneoidh an Coimisiún margaí ábhartha ar leithligh laistigh de chontanam de tháirgí difreáilte. I gcásanna eile, is féidir leis an gCoimisiún margadh ábhartha atá cuíosach leathan a shainiú lena n-áirítear táirgí difreáilte (113).

87.

I gcásanna áirithe, is féidir gurb é a thiocfaidh as slabhraí ionadaíochta a bheith ann (114) go mbreithneoidh an Coimisiún ar mhargaí ábhartha a shainiú inarb amhlaidh nach bhfuil táirgí ná limistéir ag foircinn an mhargaidh inionadaithe go díreach (115). I gcásanna roimhe seo, áfach, d’fhág anailís an Choimisiúin ar na fíorais go ndiúltódh sé do shainithe margaidh níos leithne den sórt sin (116).

4.2.   Sainiú margaidh i dtaca leis an idirdhealú idir custaiméirí nó grúpaí custaiméirí

88.

Déantar idirdhealú idir custaiméirí nó grúpaí custaiméirí nuair a thairgtear dálaí éagsúla soláthair dóibh (amhail praghsanna éagsúla nó leibhéil cháilíochta éagsúla) don táirge céanna, ar chúiseanna nach mbaineann le costais (117). Is féidir gurb é a thagann as sin grúpa sainiúil custaiméirí le haghaidh an táirge ábhartha a bheith ina mhargadh sainiúil níos cúinge. Is iondúil gurb amhlaidh é sin i gcás ina gcomhlíonfar trí choinníoll charnacha (118):

(a)

is féidir a shainithint go soiléir cén grúpa lena mbaineann custaiméir aonair tráth a dhíoltar an táirge ábhartha leis an gcustaiméir;

(b)

ní dócha go mbeidh trádáil ann idir custaiméirí ná arbatráiste ag tríú páirtithe;

(c)

is idirdhealú de chineál buan é an t-idirdhealú idir custaiméirí nó grúpaí custaiméirí.

89.

I gcásanna ina ndéantar idirdhealú idir custaiméirí nó grúpaí custaiméirí, is féidir go n-athróidh na dálaí iomaíochta ar fud na ngrúpaí custaiméirí éagsúla ionas gur féidir éifeachtaí éagsúla a bheith ag an iompar nó ag an gcomhchruinniú i gceist ar ghrúpaí custaiméirí éagsúla. Is féidir leis seo barántas a thabhairt chun margaí ábhartha ar leith a shainiú do gach custaiméir nó grúpa custaiméirí (119). Is féidir le hidirdhealú bunaithe ar shuíomh custaiméirí a bheith ina chúis freisin leis an margadh geografach ábhartha a shainiú de réir na suíomhanna sin (120).

4.3.   Sainiú margaidh i dtaca le T&F suntasach

90.

Is minic gur príomhpharaiméadar iomaíochta í an nuálaíocht. Cuireann an Coimisiún san áireamh sainiúlachtaí tionscal an-nuálach arb é is príomhthréith dóibh taighde agus forbairt (‘T&F’) a dhéanamh go minic agus go suntasach. Cuirtear na sainiúlachtaí sin, a d’fhéadfadh a bheith in aon earnáil tionscail, san áireamh de ghnáth ag céim an mheasúnaithe iomaíochta ach d’fhéadfadh siad a bheith ábhartha do shainiú margaidh freisin. Ós rud é go bhféadfadh toradh na n-iarrachtaí nuálaíochta ó thaobh táirgí deiridh de a bheith neamhchinnte, féadfaidh an Coimisiún torthaí éagsúla ionchasacha ar phróisis T&D a chur san áireamh ina mheasúnú.

91.

Tá táirgí píblíne mar a thugtar orthu ina sampla feiceálach de na cásanna ina bhféadfadh an Coimisiún na sainiúlachtaí sin a chur san áireamh le haghaidh sainiú margaidh. Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil na táirgí sin ar fáil do chustaiméirí go fóill, d’fhéadfadh go mbeadh infheictheacht leordhóthanach ann ar a bpróiseas T&F chun a fháil amach cé acu táirge nó táirgí eile ar dócha go mbeidh an táirge píblíne inionadaithe leo, más amhlaidh go dtugtar forbairt an táirge phíblíne i gcrích go rathúil agus go dtugtar an táirge chun an mhargaidh. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go mbaineann an táirge píblíne sin le margadh táirgí ábhartha (121) atá ann cheana nó le margadh táirgí nua, ar margadh é atá teoranta don táirge píblíne agus a tháirgí ionaid (122). Maidir leis an úsáid atá beartaithe don táirge píblíne agus lena inionadaitheacht réamh-mheasta le táirgí eile, tá ról ar leith acu maidir leis an margadh ábhartha a shainiú. Maidir le gné gheografach margaidh ábhartha ina bhfuil táirgí píblíne, d’fhéadfadh sé gur gá gné gheografach na buniarrachta T&F a léiriú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith níos leithne ná margadh geografach ábhartha na dtáirgí tráchtálaithe (123).

92.

Os a choinne sin, i gcásanna áirithe, is féidir nach mbeidh dlúthbhaint ag próiseas T&F le haon táirge sonrach (go fóill) (124) ach go mbeidh baint aige le céimeanna luatha den taighde, a bhféadfaidh an iliomad críoch a bheith leo agus a fhéadfaidh fónamh do tháirgí éagsúla san fhadtéarma. Cé gur féidir gur doiligh margadh táirgí ábhartha laistigh a shainaithint sa chiall docht de dheasca nach n-aistríonn na hiarrachtaí nuálaíochta luatha sin ina dtáirgí intrádála láithreach, is féidir go mbeidh sé ábhartha fós na teorainneacha a shainaithint ar laistigh díobh a théann gnóthais in iomaíocht le chéile sna hiarrachtaí nuálaíochta níos luaithe sin, chun a mheas an bhféadfadh caillteanas iomaíochta nuálaíochta mar gheall ar chomhchruinniú nó iompar a bheith ann (125). Sa chineál measúnúcháin sin, tosca amhail cineál agus raon feidhme na n-iarrachtaí nuálaíochta, cuspóirí na línte éagsúla taighde, speisialtóireacht na bhfoirne éagsúla lena mbaineann nó na torthaí ar na hiarrachtaí nuálaíochta a rinne an gnóthas roimhe sin, is féidir go mbeidh siad ábhartha chun na teorainneacha a shainiú ar laistigh díobh a tharlaíonn iomaíocht nuálaíochta. Agus na teorainneacha sin á sainiú, is iomchuí aird a thabhairt ar na limistéir gheografacha ina dtarlaíonn T&F taobh le haon sainiúlacht gheografach eile (126).

93.

D’fhéadfadh na tosca ginearálta chun an margadh táirgí agus geografach ábhartha a shainiú mar a leagtar amach i Roinn 3, a bheith ábhartha chun margaí a shainiú i dtaca le T&F suntasach, ag brath ar an méid infheictheachta atá ann i ndáil leis na tosca sin. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh gurb ann do chontanam idir próisis T&F a bhfuil dlúthbhaint acu le táirge sonrach nó le táirge píblíne agus iarrachtaí nuálaíochta luatha nach bhfuil dlúthbhaint acu leis na táirgí sin. D’fhéadfaí gurbh amhlaidh é sin go háirithe ag an tráth a thagann próisis T&F chun a bheith níos spriocdhírithe ach atá ar a gcumas go fóill torthaí ionchasacha iolracha agus malartacha a bhaint amach, nach bhfuil sách scagtha go fóill chun a bheith aicmithe mar tháirgí píblíne sonracha ag a bhfuil úsáid shainithe agus saintréithe críochnaithe acu. Sa chás sin, d’fhéadfadh cur chuige an Choimisiúin maidir le sainiú margaidh a bheith níos gaire don chur chuige a úsáidtear le haghaidh táirgí píblíne nó le haghaidh iarrachtaí nuálaíochta luatha, de réir mar a bhfuil an próiseas ábhartha T&F sa chontanam sin.

4.4.   Sainiú margaidh i dtaca le hardáin iltaobhacha

94.

Le hardáin iltaobhacha tacaítear le hidirghabhálacha idir grúpaí úsáideoirí éagsúla, lena gcruthaítear staid ina bhfuil tionchar ag an éileamh ó ghrúpa úsáideoirí amháin ar an éileamh ó na grúpaí eile (127). Sa chás sin, féadfaidh freagairt grúpa amháin d’athrú ar dhálaí soláthair difear do ghrúpaí eile freisin, rud a fhágann go bhfuil lúba aiseolais idir na taobhanna éagsúla den ardán, is é sin le rá éifeachtaí líonra indíreacha (128). Is iondúil go ndéanann ardáin na héifeachtaí líonra indíreacha sin idir grúpaí éagsúla a inmheánú agus a ndálaí soláthair á leagan síos.

95.

I dtaca le hardáin iltaobhacha, féadfaidh an Coimisiún margadh táirgí ábhartha a shainiú le haghaidh na dtáirgí arna dtairiscint ag ardán ina iomláine, ar bhealach lena gcuimsítear na grúpaí úsáideoirí uile (nó an iliomad díobh) (129), nó féadfaidh sé margaí táirgí ábhartha ar leithligh (ach atá idirghaolmhar) a shainiú le haghaidh na dtáirgí a thairgtear ar gach taobh den ardán (130). De réir fhíorais an cháis, is féidir go mbeidh sé níos iomchuí margaí ar leithligh a shainiú i gcás ina mbeidh difríochtaí suntasacha sna féidearthachtaí ionadaíochta ar na taobhanna éagsúla den ardán. Chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an ann do na difríochtaí sin, féadfaidh an Coimisiún tosca a chur san áireamh amhail cé acu atá nó nach bhfuil na gnóthais a thairgeann táirgí inionadaithe le haghaidh gach grúpa úsáideoirí éagsúil le chéile, méid na difreála táirgí ar gach taobh (nó dearcadh gach grúpa úsáideoirí ina leith), tosca iompair amhail na cinntí frithinge (131) de chuid gach grúpa úsáideoirí agus cineál an ardáin (mar shampla cé acu is ardán idirbhirt nó meaitseála é). I gceachtar den dá chás, cuireann an Coimisiún san áireamh, i gcás inarb ábhartha, na héifeachtaí líonra indíreacha idir grúpaí úsáideoirí ar thaobhanna éagsúla den ardán agus na margaí ábhartha á sainiú nó sa mheasúnú ar an iomaíocht.

96.

Sa chleachtas, is féidir go bhfágfar, agus éifeachtaí líonra indíreacha ann, go bhfuil an measúnú ar an ionadú éilimh agus, go háirithe, cur i bhfeidhm thástáil SSNIP níos dúshlánaí ná mar atá i staideanna nach ann d’aon idirthuilleamaíocht éilimh den sórt sin idir grúpaí úsáideoirí.

97.

Féadfaidh ardáin iltaobhacha táirge a sholáthar do ghrúpa úsáideoirí ar phraghas airgeadaíochta nialais, nó fiú ar phraghas diúltach, chun úsáideoirí a mhealladh chuig táirgí a thairgtear ar na taobhanna eile den ardán agus airgead a shaothrú as a dtáirgí ar na taobhanna sin. Féadfaidh praghsanna airgeadaíochta nialais a bheith ina gcuid lárnach de straitéis ghnó na n-ardán iltaobhach. Ós rud é go soláthraítear táirge ar phraghas airgeadaíochta nialais, ní thugtar le tuiscint nach bhfuil aon mhargadh ábhartha ann don táirge sin.

98.

I gcásanna den sórt sin, tá paraiméadair neamhphraghais ábhartha go háirithe le haghaidh an mheasúnaithe ar ionadú. Díríonn an Coimisiún ar thosca amhail feidhmiúlachtaí táirge (132), an úsáid bheartaithe (133), fianaise ar an ionadú a rinneadh roimhe seo nó ionadú hipitéiseach (134), bacainní nó costais mhalartaithe amhail idir-inoibritheacht le táirgí eile , iniomparthacht sonraí agus gnéithe ceadúnúcháin (135). Féadfaidh an Coimisiún roghanna malartacha maidir le SSNIP a mheas freisin, amhail trí mheasúnú a dhéanamh ar iompar mhalartaithe chustaiméirí an táirge neamhphraghais mar fhreagairt ar laghdú buan atá beag ach suntasach ar cháilíocht (‘SSNDQ’) (136).

4.5.   Sainiú margaidh i dtaca le hiarmhargaí, le bearta agus le héiceachórais (digiteacha)

99.

In imthosca áirithe, is é a thagann as táirge marthanach a thomhailt (táirge príomhúil) táirge nasctha eile a thomhailt (táirge tánaisteach). Tugtar ‘an t-iarmhargadh’ air seo go minic. Sna himthosca sin, cuireann an Coimisiún na srianta iomaíochta san áireamh freisin, srianta arna bhforchur le dálaí an mhargaidh sna margaí nasctha faoi seach, agus na margaí ábhartha á sainiú le haghaidh na dtáirgí príomhúla agus tánaisteacha agus/nó sa mheasúnú ar an iomaíocht.

100.

Is iondúil go mbíonn trí bhealach fhéideartha ann chun margaí táirgí ábhartha a shainiú i gcás táirgí príomhúla agus tánaisteacha, is é sin:

(a)

mar chóras margaidh lena gcuimsítear an táirge príomhúil agus tánaisteach araon (137);

(b)

mar ilmhargaí, is é sin margadh le haghaidh an táirge phríomhúil agus margaí ar leithligh le haghaidh na dtáirgí tánaisteacha atá bainteach le gach branda den táirge príomhúil (138); nó

(c)

mar dhémhargaí, is é sin an margadh le haghaidh an táirge phríomhúil ar thaobh amháin agus an margadh le haghaidh an táirge thánaistigh ar an taobh eile (139).

101.

Féadfaidh an sainiú ar mhargadh córais a bheith níos iomchuí:

(a)

nuair is dóchúla go gcuirfidh custaiméirí na costais saolré san áireamh agus an táirge príomhúil á cheannach;

(b)

nuair is airde an caiteachas ar an táirge tánaisteach nó ar na táirgí tánaisteacha (nó nuair is airde a luach) i gcomparáid leis an gcaiteachas ar an táirge príomhúil (nó a luach);

(c)

nuair is airde an méid inionadaitheachta idir táirgí príomhúla agus nuair is ísle na costais mhalartaithe idir táirgí príomhúla;

(d)

nuair nach ann d’aon soláthróir nó nuair nach bhfuil ach beagán soláthróirí atá speisialaithe sa táirge tánaisteach nó sna táirgí tánaisteacha amháin (140).

102.

Seachas sin, is féidir go mbeidh sé níos iomchuí démhargaí nó ilmhargaí a shainiú, de réir an mhéid inionadaitheachta go príomha idir táirgí tánaisteacha na soláthróirí éagsúla. Mar shampla, má tá táirgí tánaisteacha ó sholáthróirí éagsúla comhoiriúnach leis na táirgí príomhúla uile nó leis an gcuid is mó díobh, is féidir go mbeidh an sainiú ar dhémhargaí níos iomchuí, ach má tá custaiméirí an táirge phríomhúil gafa le tacar srianta táirgí tánaisteacha a úsáid, agus é sin amháin, is féidir go mbeidh an sainiú ar ilmhargaí níos iomchuí.

103.

In imthosca eile, cé nach bhfuil tomhailt táirge amháin nó níos mó spleách ar tháirge príomhúil, is féidir gur fearr le custaiméirí fós roinnt táirgí a thomhailt le chéile mar bheart. Sna himthosca sin, féadfaidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh féachaint an margadh táirgí ábhartha atá éagsúil ó na táirgí aonair atá sa bheart, trí mheasúnú a dhéanamh ar inionadaitheacht idir an beart agus na táirgí aonair (mar shampla, trí mheasúnú a dhéanamh féachaint an ndéanfadh custaiméirí na táirgí aonair a aimsiú ar leithligh i gcás ina mbeadh díghrádú ar dhálaí soláthair an bhirt) (141).

104.

Is féidir a mheas in imthosca áirithe gurb é atá in éiceachórais (dhigiteacha) croítháirge príomhúil agus roinnt táirgí tánaisteacha (digiteacha) a bhfuil a dtomhailt nasctha leis an gcroítháirge, mar shampla, le naisc theicneolaíocha nó idir-inoibritheacht (142). Agus éiceachórais (dhigiteacha) á meas, féadfaidh an Coimisiún dá réir sin prionsabail atá cosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm maidir le hiarmhargaí a chur i bhfeidhm chun an margadh táirgí ábhartha nó na margaí táirgí ábhartha a shainiú (143). Nuair a thairgtear na táirgí (digiteacha) tánaisteacha mar bheart, féadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar an bhféidearthacht go mbeadh an beart sin ina mhargadh ábhartha as féin. Cé nach bhfuil na héiceachórais (digiteacha) uile oiriúnach do chur chuige iarmhargaidh ná do chur chuige margaidh beart, cuireann an Coimisiún san áireamh, i gcás inarb ábhartha, tosca amhail éifeachtaí gréasáin, costais mhalartaithe (lena n-áirítear tosca a bhféadfadh gaibhniú custaiméirí a bheith mar thoradh orthu) agus cinntí frithinge (cinntí aonfhrithinge nó ilfhrithinge) chun an margadh nó na margaí táirgí ábhartha a shainiú.

5.   SCIARTHA DEN MHARGADH

105.

Le sainiú margaidh cuirtear ar a chumas don Choimisiún na soláthróirí agus na custaiméirí atá gníomhach ar mhargadh ábhartha a shainaithint. Is féidir leis ansin méid iomlán an mhargaidh agus an sciar iomlán den mhargadh de chuid gach soláthróra a ríomh, rud atá bunaithe de ghnáth ar dhíolacháin (agus, i gcás custaiméirí, ar cheannacháin) na dtáirgí ábhartha sa limistéar geografach ábhartha.

106.

Le sciartha den mhargadh léirítear suíomh coibhneasta na soláthróirí ar an margadh agus, dá réir sin, is féidir leo a bheith an-úsáideach chun measúnú a dhéanamh ar chumhacht mhargaidh. Mar sin féin, ní hiad sciartha den mhargadh an t-aon táscaire amháin ar chumas gnóthais sa mhargadh (144). Féadfaidh tosca eile, amhail bacainní ar iontráil nó ar mhéadú, lena n-áirítear na bacainní a eascraíonn as éifeachtaí scála nó gréasáin, rochtain ar shócmhainní agus ar ionchuir shonracha, chomh maith le difreáil táirgí agus an méid inionadaitheachta, a bheith ábhartha freisin, de réir fhíorais shonracha an cháis. Le treoirlínte an Choimisiúin maidir le measúnuithe substainteacha i gcásanna iomaíochta mínítear an méid sin a thuilleadh (145).

107.

Is iondúil go mbraitheann an Coimisiún ar sciartha den mhargadh bunaithe ar dhíolacháin na gceannaithe (146). Os a choinne sin, i margaí ceannaigh, is iondúil go mbraitheann an Coimisiún ar sciartha den mhargadh bunaithe ar cheannacháin (ceannaithe). I gcoitinne, soláthraítear faisnéis úsáideach le luach na ndíolachán nó na gceannachán mar aon le méid na ndíolachán nó na gceannachán.

108.

Chomh maith le díolacháin nó ceannacháin ceannaithe, de réir na dtáirgí sonracha nó an tionscail shonraigh atá i gceist, is féidir faisnéis chomhlántach nó faisnéis níos úsáidí a sholáthar le méadracht eile chun sciartha den mhargadh a chinneadh. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh leis sin: acmhainneacht nó táirgeacht (147) (go háirithe i gcás margaí a bhfuil tábhacht straitéiseach na hacmhainneachta mar shaintréithe acu) (148); an líon soláthróirí (go háirithe i margaí lena mbaineann glaonna foirmiúla ar thairiscintí nó i gcásanna ina bhfuil táirgí nuálacha ag an gcéim forbartha); an líon conarthaí a dámhadh (149); méadracht úsáide amhail an líon úsáideoirí (gníomhacha) (150), an líon cuairteanna (151) nó na sruthanna ar an suíomh gréasáin, an t-am a caitheadh nó líon an phobail (152), an líon íoslódálacha (153) agus nuashonruithe, an líon idirghníomhaíochtaí (154) nó méid nó luach na n-idirbheart a tugadh i gcrích thar ardán (go háirithe i gcás ina soláthrófar rochtain ar tháirgí saor in aisce go príomha ar phraghas airgeadaíochta nialais, rud is féidir a bheith amhlaidh mar shampla i margaí digiteacha, nó ar bhealach níos ginearálta i gcás ardáin iltaobhacha); aonaid flíteanna, toilleadh suíochán, an líon turas nó ceart rochtana amhail sealanna ag aerfoirt shonracha (mar shampla i margaí iompair) (155); nó cúlchistí coinnithe (mar shampla san earnáil mianadóireachta) (156). I margaí ina ndéantar infheistíochtaí suntasacha in T&F go minic, féadfar an leibhéal caiteachais ar T&F nó an líon paitinní nó tagairtí paitinní a úsáid mar mhéadracht ábhartha chun staid iomaíoch choibhneasta na ngnóthas a mheasúnú (157). Tá tábhacht ar leith ag baint leis an méadracht a úsáideann rannpháirtithe sa mhargadh go hinmheánach sa ghnáthchúrsa gnó.

109.

Nuair a shainítear margaí ar fud na suíomhanna na gcustaiméirí, cuirtear gach díolachán le custaiméirí sa mhargadh geografach ábhartha san áireamh agus sciartha den mhargadh á ríomh. Dá réir sin, áirítear díolacháin a dhéanann soláthraithe ó limistéir eile le custaiméirí sa mhargadh geografach ábhartha (is é sin le rá allmhairí isteach sa mhargadh ábhartha) agus sciartha den mhargadh á ríomh, agus eisiatar díolacháin a dhéanann soláthróirí atá lonnaithe sa mhargadh ábhartha le custaiméirí atá lonnaithe i limistéir eile (is é sin le rá onnmhairí ón margadh ábhartha) (158). Os a choinne sin, nuair a shainítear margaí timpeall ar shuíomhanna na soláthróirí, cuirtear na díolacháin go léir a dhéanann na soláthróirí atá lonnaithe sa mhargadh ábhartha san áireamh agus sciartha den mhargadh á ríomh, gan beann ar shuíomh an chustaiméara (159). Tá díolacháin arna ndéanamh ag soláthróirí atá lonnaithe lasmuigh den mhargadh geografach ábhartha eisiata ó ríomh na sciartha den mhargadh sa chás sin.

110.

Nuair a dhéantar táirgí a dhifreáil go suntasach (mar a mhínítear in 4.1), d’fhéadfadh sciartha den mhargadh táscaire nach bhfuil chomh hiontaofa céanna a sholáthar maidir le cumhacht an mhargaidh, agus, mar chuid dá mheasúnú ar an iomaíocht, déanann an Coimisiún anailís freisin féachaint an bhfuil an gnóthas nó na gnóthais lena mbaineann agus soláthróirí eile in iomaíocht go dlúth le chéile. Dá bhrí sin, cé go leanann sainiú margaidh de bheith ina chéim thábhachtach, maidir le hanailís a dhéanamh ar a dhlúithe a théann soláthróirí in iomaíocht le chéile, féadfaidh sé sin a bheith níos ábhartha ná measúnú a dhéanamh ar sciartha den mhargadh sa mheasúnú ar an iomaíocht ar mhargaí difreáilte (160). Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, brath ar sciartha le haghaidh deighleoga den mhargadh ábhartha agus iad sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar a dhlúithe a théann na gnóthais lena mbaineann in iomaíocht le chéile agus lena n-iomaitheoirí (161).

111.

Thairis sin, nuair a dhéantar táirgí a dhifreáil go suntasach, is féidir difríocht shuntasach a bheith ann idir sciartha den mhargadh a thomhaistear de réir luach na ndíolachán agus méid na ndíolachán. De ghnáth, measann an Coimisiún gur túsphointe iad luachanna na ndíolachán (162). Mar sin féin, is féidir le méideanna díolacháin luach na ndíolachán a chomhlánú agus d’fhéadfadh sé a bheith níos oiriúnaí i gcásanna áirithe chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an iompair nó an chomhchruinnithe atá faoi imscrúdú. Mar shampla, i gcás comhchruinniú lena mbaineann dhá ghnóthas a thairgeann táirge ar phraghas i bhfad níos ísle ná gnóthais eile, ach a ghabhann sciar suntasach de chustaiméirí, le luach díolachán amháin féadfar tábhacht iomaíoch agus idirghníomhaíochtaí na ngnóthas a ghannmheas (163).

112.

Féadfar faisnéis maidir leis an sciar den mhargadh a sholáthar i bhfoirm meastachán ón ngnóthas nó ó na gnóthais lena mbaineann, mura mbíonn sciartha beachta den mhargadh ar fáil dóibh. Sa bhreis air sin nó mar mhalairt air sin, úsáideann an Coimisiún foinsí eile faisnéise maidir le méid an mhargaidh agus sciartha den mhargadh nuair is gá sin chun críocha a mheasúnaithe. Féadfar a áireamh orthu sin staidéir nó tuarascálacha ó údaráis phoiblí, sainchomhairleoirí tionscail nó comhlachais trádála, doiciméid inmheánacha an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann nó meastacháin arna soláthar ag rannpháirtithe sa mhargadh. Go háirithe i gcás nach mbeidh aon mheastachán iontaofa ar fáil ón ngnóthas nó ó na gnóthais lena mbaineann ná faisnéis ó fhoinsí eile, féadfaidh an Coimisiún atógáil iomlán nó pháirteach a dhéanamh ar an margadh, trí iarrataí ar fhaisnéis dírithe ar rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh, agus é á iarraidh ar sholáthróirí nó ar chustaiméirí sa mhargadh ábhartha sonraí a sholáthar maidir lena méideanna díolachán nó lena méideanna nó luachanna ceannaigh féin nó méadracht ábhartha eile. De réir thaithí an Choimisiúin, tá atógáil margaidh den sórt sin níos oiriúnaí, de ghnáth, i gcás margaí a bhfuil líon teoranta soláthróirí i gceist leo.

113.

Go hiondúil, braitheann an Coimisiún ar sciartha den mhargadh arna ríomh thar thréimhsí tagartha aon bhliana amháin. Is iondúil go mbailíonn an Coimisiún sonraí den sórt sin ar feadh 3 bliana ar a laghad, nó, i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na rialacha in aghaidh trustaí, go hiondúil ar feadh tréimhsí a chomhfhreagraíonn d’fhad an iompair a imscrúdaíodh. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh difríocht idir tréimhse thagartha a ríomhtar sciartha den mhargadh lena linn agus an tréimhse chaighdeánach a mhaireann aon bhliain amháin ach sin ag brath ar shaintréithe an mhargaidh ábhartha. Go háirithe, i margaí a bhfuil éileamh cnapánach nó neamhrialta, nó séasúracht soláthair agus/nó éilimh mar shaintréithe acu, nó i margaí a bhfuil athrú struchtúrach ag teacht orthu, is féidir gurb iomchuí sciartha den mhargadh a ríomh thar thréimhsí tagartha níos faide nó níos giorra (164). I margaí atá i mbun aistrithe struchtúracha, amhail athruithe rialála nó teicneolaíocha, nó i gcás ina bhféadfadh measúnú réamhbhreathnaitheach a bheith iomchuí chun dinimic an mhargaidh a ghabháil, féadfar meastachán a dhéanamh ar sciartha den mhargadh sa todhchaí chun na hathruithe sin a bhfuil coinne leo a léiriú (165).

6.   CONCLÚIDÍ

114.

Déanfaidh an Coimisiún tuilleadh forbartha ar an léirmhíniú atá aige ar choincheap an mhargaidh táirgí agus gheografaigh ábhartha ina chás-chleachtas, agus forbairtí sna margaí agus i ndinimicí iomaíochta, agus athruithe i ndea-chleachtais maidir le sainiú margaidh á gcur san áireamh agus déanfaidh sé sin i gcomhréir le cásdlí Chúirteanna an Aontais.

115.

Tá léirmhíniú an Choimisiúin ar an gcoincheap maidir le ‘margadh ábhartha’ san Fhógra seo gan dochar don léirmhíniú a thugann Cúirteanna an Aontais don choincheap i gcásanna aonair.

116.

Gabhann an Fógra seo ionad Fhógra 1997 ón gCoimisiún maidir le sainiú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail (166).

(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais, IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(3)  Tríd an bhFógra seo, tuigfear tagairtí d’Airteagail 101 agus 102 CFAE agus don Rialachán um Chumaisc, go háirithe Airteagal 2 de, mar thagairtí do na forálacha coibhéiseacha faoi seach i gComhaontú LEE, féach Airteagail 53 agus 54 agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Comhaontú LEE.

(4)  I gcoitinne, tá ról níos lú ag sainiú margaidh i gcleachtas forfheidhmiúcháin an Choimisiúin faoi Airteagail 106 agus 107 CFAE. Sna cásanna sin, díríonn an measúnú ar an tionscal/earnáil lena mbaineann seachas ar shainaithint na srianta iomaíochta atá ar na gnóthais. Mar sin féin, nuair a bhreithnítear an chumhacht mhargaidh agus, dá réir sin, an margadh ábhartha i gcásanna áirithe a shaothraítear faoi Airteagail 106 nó 107 CFAE, d’fhéadfadh an cur chuige a leagtar amach san Fhógra seo a bheith ábhartha don mheasúnú. I bhfianaise chur i bhfeidhm níos teoranta an tsainithe margaidh, sa dá chineál measúnuithe sin, ní phléifear a ngnéithe sonracha a thuilleadh san Fhógra seo.

(5)  I ndlí iomaíochta an Aontais, is éard atá i ngnóthas ná aon eintiteas atá ag ag tabhairt faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch, eadhon aon ghníomhaíocht lena ndéantar earraí nó seirbhísí a thairiscint ar mhargadh ar leith, gan beann ar a stádas dlíthiúil ná an dóigh a ndéantar é a mhaoiniú . Féach breithiúnas an 23 Aibreán 1991, Höfner agus Elser v Macrotron, C-41/90, EU:C:1991:161, mír 21, agus breithiúnas an 12 Nollaig 2006, SELEX Sistemi Integrati v an Coimisiún, T-155/04, EU:T:2006:387, mír 50.

(6)  Féach ‘A competition policy fit for new challenges’, [Beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua], Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM (2021) 713, an 18 Samhain 2021, lch. 6.

(7)  Ibid, leathanach 16.

(8)  Chun críocha an Fhógra seo, is éard atá i gceist le ‘gnóthas lena mbaineann’ an gnóthas a bhfuil measúnú á dhéanamh ar a chumas iomaíochta. Is iondúil gurb iad sin na páirtithe sa chomhaontú in imscrúduithe faoi Airteagal 101 CFAE; an gnóthas nó na gnóthais ar a bhfuil imscrúdú á dhéanamh i gcásanna Airteagal 102 CFAE; agus na páirtithe sa chomhchruinniú in imscrúduithe faoin Rialachán um Chumaisc. Is féidir gurb é atá i gceist leis sin freisin an gearánach i gcás iomaíochta, gnóthas i margadh réamhtheachtach nó iartheachtach nó aon ghnóthas eile atá ábhartha maidir leis an gcás iomaíochta, de réir fhíorais an cháis atá i gceist.

(9)  Chun críocha an Fhógra seo, úsáidtear an téarma ‘táirge’ mar thagairt ghearr chun seirbhísí nó teicneolaíochtaí a chuimsiú freisin, i gcás inarb iomchuí. Leis an téarma ‘táirgeadh’ cumhdaítear freisin, dá réir sin, na seirbhísí sin a chur ar fáil nó a sholáthar nó teicneolaíochtaí a cheadúnú nó a fhorbairt.

(10)  Féach, mar shampla, na cásanna M.10201 Ahold Delhaize/Deen Assets, míreanna 20 go 25; M.9847 Aldi/FPLPH Assets, míreanna 19 go 22 agus M.9409 Aurubis/Metallo, roinn 7.1. Ní dhéanann seasamh an Choimisiúin maidir le sainiú margaidh in aon cheann de na cásanna a luaitear san Fhógra seo, réamhbhreith ar thoradh a mheasúnuithe ar shainiú margaidh i gcásanna amach anseo, mar a mhínítear i mír 14.

(11)  Cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an Coimisiún anailís ar chumas iomaíochta coibhneasta an ghnóthais nó na ngnóthas a cheannaíonn táirgí áirithe i limistéar ar leith, braitheann sé ar an gcás agus ar na teoiricí díobhála a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá tuilleadh sonraí faoi theoiricí díobhála den sórt sin le fáil sna treoirlínte ón gCoimisiún maidir le measúnuithe substainteacha i gcásanna iomaíochta – féach, mar shampla, na treoirlínte ón gCoimisiún maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe cothrománacha comhair (IO C 259, 21.7.2023, lch. 1; ‘Treoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe cothrománacha comhair’), míreanna 273 go 309 agus treoirlínte ón gCoimisiún maidir leis an measúnú ar chumaisc chothrománacha faoin Rialachán ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO C 31, 5.2.2004, lch. 5; ‘Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha’), míreanna 61-63. Féach, mar shampla, an cás M.9409 Aurubis/Metallo, míreanna 376 agus 397 go398.

(12)  Mar shampla, i margaí ceannaigh, dírítear sa mheasúnú ionadaíochta ar roghanna malartacha atá ar fáil do sholáthróirí, seachas ar roghanna malartacha atá ar fáil do chustaiméirí.

(13)  Chun críocha an Fhógra seo, ciallaíonn an téarma ‘measúnú iomaíochta’ na codanna sin de mheasúnú substainteach an Choimisiúin ar shaincheist maidir le dlí iomaíochta an Aontais nach mbaineann le sainiú margaidh. Áirítear leis sin go háirithe an measúnú ar cheannasacht a bheith ann, i gcás inarb infheidhme, agus an measúnú ar na héifeachtaí dóchúla atá ar an iomaíocht ag iompar an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann nó ag iompar chomhchruinnithe.

(14)  De réir na dTreoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe cothrománacha comhair, fonóta 40, ‘ Is é cumhacht an mhargaidh an cumas praghsanna a choimeád go brabúsach os cionn leibhéil iomaíochta ar feadh tréimhse ama nó aschur a choimeád go brabúsach i dtéarmaí cainníochtaí táirgí, cáilíocht na dtáirgí agus éagsúlacht nó nuálaíocht atá faoi bhun leibhéil iomaíochta ar feadh tréimhse ama.’

(15)  Chun tuilleadh mínithe a fháil sna treoirlínte ón gCoimisiúin maidir le measúnuithe substainteacha i gcásanna iomaíochta, féach, mar shampla, na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, ranna III agus IV. Féach freisin na Treoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe cothrománacha comhair, e.g. mír 236.

(16)  Breithiúnas an 21 Feabhra 1973, Europemballage agus Continental Can v an Coimisiún, C-6/72, EU:C:1973:22, mír 32.

(17)  Breithiúnas an 21 Feabhra 1973, Europemballage agus Continental Can v an Coimisiún, C-6/72, EU:C:1973:22, mír 32; breithiúnas an 31 Márta 1998, An Fhrainc agus páirtithe eile v An Coimisiún (‘Kali & Salz’), na cásanna uamtha C-68/94 agus C-30/95, EU:C:1998:148, mír 143; breithiúnas an 6 Meitheamh 2002, Airtours v an Coimisiún, T-342/99, EU:T:2002:146, mír 19; breithiúnas an 7 Bealtaine 2009, NVV agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-151/05, EU:T:2009:144, mír 51. I gcás inarb iomchuí, agus measúnú á dhéanamh ar éifeachtaí comhchruinnithe ar an iomaíocht, is féidir measúnú ar éifeachtúlachtaí bhreise a áireamh, amhail na héifeachtúlachtaí sin a dhíorthaítear ó choigilteas costas mar gheall ar scála méadaithe, agus go háirithe cé acu a rachadh nó nach rachadh na héifeachtúlachtaí chun tairbhe do thomhaltóirí sna margaí ábhartha sin i gcás inar dócha, murach sin, go dtiocfadh ábhair imní maidir lehiomaíocht chun cinn, Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, mír 79; dá dtagraítear i míreanna 53 agus 115 de na Treoirlínte maidir le Cumaisc Neamhchothrománacha.

(18)  Chinn Cúirteanna an Aontais sa chomhthéacs sin go bhfuil oibleagáid ar an gCoimisiún an margadh a shainiú i gcinneadh lena gcuirtear Airteagal 101 CFAE i bhfeidhm i gcás ina mbeidh sé dodhéanta, gan sainiú den sórt sin, a chinneadh an bhfuil sé de chuspóir nó d’éifeacht ag an iompr atá i gceist an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh laistigh den mhargadh inmheánach, breithiúnas an 6 Iúil 2000, Volkswagen AG v an Coimisiún, T-62/98, EU:T:2000:180, mír 230; breithiúnas an 8 Iúil 2004, Mannesmannröhren-Werke v an Coimisiún, T-44/00, EU:T:2004:218, mír 132. Féach freisin mír 10 le haghaidh tuilleadh samplaí ina mbeadh sainiú margaidh faoi Airteagal 101 CFAE ábhartha.

(19)  Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, áirítear le tagairtí san Fhógra seo do chomhaontuithe i gcomhthéacs Airteagal 101 CFAE cleachtais chomhbheartaithe agus cinntí ó chomhlachais gnóthas.

(20)  Breithiúnas an 8 Iúil 2004, Mannesmannröhren-Werke v an Coimisiún, T-44/00, EU:T:2004:218, mír 132; breithiúnas an 28 Meitheamh 2016, Telefónica v an Coimisiún, T-216/13, EU:T:2016:369, mír 214.

(21)  Le tairseacha sciar den mhargadh teorannaítear infheidhmeacht maidir le foráil an chuain shábháilte a chuirtear ar fáil leis an mblocdhíolúine i leith comhaontuithe idir gnóthais ag a bhfuil sciar sa mhargadh nó sna margaí ábhartha nach mó ná na tairseacha a leagtar amach sna rialacháin. Féach, mar shampla, Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/720 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 maidir le Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe, C/2022/3015 (IO L 134, 11.5.2022, lch. 4), Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2023/1066 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha (IO L 143, 2.6.2023, lch. 9), Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/1067 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta (IO L 143, 2.6.2023, lch. 20).

(22)  Fógra ón gCoimisiún: Guidelines on the effect on trade concept contained in Articles 81 and 82 of the Treaty [Treoirlínte maidir leis an éifeacht ar choincheap na trádála atá in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh] (‘Treoirlínte maidir leis an éifeacht ar thrádáil’), IO C 101, 27.4.2004, lch. 81), roinn 2.4. Féadfaidh an Coimisiún sciartha den mhargadh a úsáid chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an mbeadh éifeacht ar thrádáil, ach ní gá go gceanglaítear leis an measúnú sin go ndéanfar margaí ábhartha a shainiú ná sciartha den mhargadh a ríomh (féach mír 48 de na Treoirlínte maidir leis an éifeacht ar thrádáil), agus níl oibleagáid ar an gCoimisiún a leithéid a dhéanamh.

(23)  Féach i ndáil leis sin sainiú ‘na margaí dá ndéantar difear ’ agus sainiú na margaí ‘ina bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an gcomhchruinniú ar tugadh fógra ina leith’ i mír 25(g) agus i Roinn 6.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/914 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme an Rialachán um Chumaisc (‘an Rialachán Cur Chun Feidhme um Chumaisc’) (IO L 119, 5.5.2023, lch. 22), agus an Fógra ón gCoimisiún chun comhchruinnithe áirithe a láimhseáil ar bhealach simplithe faoi Rialachán um Chumaisc (IO C 160, 5.5.2023, lch. 1), míreanna 5 agus 8.

(24)  Breithiúnas an 14 Feabhra 1978, United Brands v an Coimisiún, C-27/76, EU:C:1978:22, míreanna 10 agus 11.

(25)  Féach breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C-307/18, EU:C:2020:52, mír 129; agus breithiúnas an 13 Feabhra 1979, Hoffmann-La Roche v an Coimisiún, C-85/76, EU:C:1979:36, mír 51. Féach freisin mír 25(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme um Chumaisc.

(26)  Breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2003, Cableuropa agus Páirtithe Eile v an Coimisiún, T-346/02 agus T-347/02, EU:T:2003:256, mír 115; breithiúnas an 7 Bealtaine 2009, NVV agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-151/05, EU:T:2009:144, mír 52; agus breithiúnas an 14 Feabhra 1978, United Brands v an Coimisiún, C-27/76, EU:C:1978:22, mír 11. Féach freisin Airteagal 9(7) den Rialachán um Chumaisc agus mír 25(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme um Chumaisc.

(27)  Bhí breithnithe ama ábhartha le haghaidh sainiú margaidh mar shampla sa chás M.5467 RWE/Essent, mír 32, ina ndearna an Coimisiún idirdhealú idir uaireanta buaice agus seachbhuaice le haghaidh giniúint agus soláthar mórdhíola leictreachais, agus sa chás M.8869 Ryanair/Laudamotion, míreanna 96 agus 97, ina ndearna sé idirdhealú idir séasúr an tsamhraidh agus séásúr an gheimhridh in iompar aerphaisinéirí.

(28)  Breithiúnas ó Chúirt CSTE an 5 Bealtaine 2022 Telenor agus Telenor Norge v Údarás Faireacháin CSTE, E-12/20, mír 173: ‘ ní mór sainiú margaidh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás ’.

(29)  Shoiléirigh an Chúirt Ghinearálta é sin ina breithiúnas an 7 Bealtaine 2009, NVV agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-151/05, EU:T:2009:144, mír 136: ‘ Go háirithe, ní féidir go raibh coinne dhlisteanach den sórt sin ag na hiarratasóirí ar an bhforas gur shainigh an Coimisiún margaí ar bhealach ar leith i gcinneadh roimhe sin, ós rud é nach bhfuil an Coimisiún – ná, a fortiori, an Chúirt – faoi cheangal ag na torthaí a fuarthas i gcinneadh den sórt sin ’; féach freisin breithiúnas an 14 Nollaig 2005, General Electric Company v an Coimisiún, T-210/01, EU:T:2005:456, mír 120; breithiúnas an 18 Bealtaine 2022, Wieland-Werke v an Coimisiún, T-251/19, EU:T:2022:296, mír 79; breithiúnas an 13 Bealtaine 2015, Niki Luftfahrt v an Coimisiún, T-162/10, EU:T:2015:283, mír 144; breithiúnas an 25 Márta 2015, Slovenská pošta v aAn Coimisiún, T-556/08, EU:T:2015:189, mír 197; breithiúnas an 23 Bealtaine 2019, KPN v an Coimisiún, T-370/17, EU:T:2019:354, mír 79. Féach freisin Breithiúnas ó Chúirt CSTE an 5 Bealtaine 2022, Telenor agus Telenor Norge vs Údarás Faireacháin CSTE, E-12/20, mír 97.

(30)  Féach fonóta 13.

(31)  Mar shampla, in earnáil an aeriompair, sainíodh an margadh táirgí ábhartha le haghaidh seirbhísí iompair aerphaisinéirí ar bhonn an chur chuige péire maidir le pointe tionscnaimh/pointe cinn scríbe. Úsáideadh an cur chuige sin ar fud cásanna le himeacht ama. Féach, mar shampla, na cásanna cumaisc M.3280 Air France/KLM, míreanna 9 agus 16; M.3770 Lufthansa/Swiss, míreanna 12 et seq.; M.6447 IAG/bmi, mír 31; M.7333 Alitalia/Etihad, mír 63; M.7541 IAG/Aer Lingus, mír 14; na cásanna in aghaidh trustaí AT.36201 PO/Lufthansa+SAS+United (Airt. 85); AT.39596 British Airways/American Airlines/Iberia; agus breithiúnas an 11 Aibreán 1989, Ahmed Saeed Flugreisen agus Eile v Zentrale zur Bekämpfung unlauteren Wettbewerbs, C-66/86, EU:C:1989:140, mír 40; breithiúnas an 19 Bealtaine 1994, Air France v an Coimisiún, T-2/93, EU:T:1994:55, mír 84; breithiúnas an 4 Iúil 2006, easyJet v an Coimisiún, T-177/04, EU:T:2006:187, mír 56. Samplaí eile is ea seirbhísí fógraíochta ar líne, ina mbeidh an margadh táirgí ábhartha sainithe ar fud cásanna mar mhargadh chun spás fógraíochta ar líne a sholáthar, a bheidh ar leithligh ó spás fógraíochta as líne, agus ina mbeidh an margadh geografach ábhartha sainithe ar fud cásanna mar mhargadh náisiúnta nó mar mhargadh atá ag comhfhreagairt do theorainneacha teanga laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) – féach mar shampla, M.4731 Google/DoubleClick, míreanna 56 agus 83 go 84; M.5727 Microsoft/Yahoo! Search Business, míreanna 61 agus 91 go 93; M.7217 Facebook/Whatsapp, míreanna 79 agus 81 go 83.

(32)  Féach, mar shampla, na cásanna M.6497 Hutchison 3G Austria/Orange Austria agus M.8808 T-Mobile Austria/UPC Austria. Sa chéad chás, thosaigh an Coimisiún ag déanamh anailíse ar mhargadh is iarrthóir arb é atá ann seirbhísí sonraí móibíleacha agus chinn sé gurbh ann d’inionadaitheacht theoranta seirbhísí sonraí móibíleacha ó sheirbhísí rochtana idirlín seasta, mír 57. Sa chás deireanach sin, rinne an Coimisiún measúnú lena fháil amach an bhféadfaí nó nach bhféadfaí seirbhísí rochtana idirlín móibíleacha a úsáid chun an t-idirlíon a rochtain sa bhaile ar an mbealach céanna a n-úsáidtear naisc fhosaithe agus ba é a chonclúid gurb é a bhí san áireamh leis an margadh táirgí ábhartha teicneolaíochtaí fosaithe agus móibíleacha araon a mhéid a bhain le custaiméirí cónaithe, mír 39. Féach freisin breithiúnas an 30 Eanáir 2007, France Télécom v an Coimisiún, T-340/03, EU:T:2007:22, míreanna 88-89; breithiúnas an 1 Iúil 2010, AstraZeneca v an Coimisiún, T-321/05, AE:T:2010:266, mír 97, agus breithiúnas ó Chúirt CSTE an 5 Bealtaine 2022, Telenor agus Telenor Norge v Údarás Faireacháin CSTE, E-12/20, mír 117.

(33)  Féach, mar shampla, an cás M.2033 Metso/Svedala 2001, mír 114, inar shainigh an Coimisiún an margadh geografach le haghaidh brúiteoirí, píosa de threalamh mianadóireachta, ina mhargadh uile-LEE. Sa chás ina dhiaidh sin M.9585 Outotec/Metso (Minerals Business) 2020, míreanna 258 go261, ba é conclúid an Choimisiúin gurbh amhlaidh a bhí an margadh geografach ábhartha le haghaidh soláthar trealaimh mianadóireachta, is é sin, trealamh meilte, snámhachta, scagacháin, millíniúcháin amhiarainn, ina mhargadh domhanda ó thaobh a raoin feidhme de. Thairis sin, sa chás M.580 ABB/Daimler-Benz 1995, míreanna 22 go41, ba é conclúid an Choimisiúin gurbh ann do shonraíochtaí náisiúnta nó réigiúnacha sa mhargadh le haghaidh teicneolaíocht iarnróid, a bhí mar bhacainní ar onnmhairí teacht isteach lasmuigh den réigiún baile agus gurbh fhearr le custaiméirí soláthróirí a bhí bunaithe sa réigiún céanna nó sa Bhallstát céanna. Mar sin féin, ina dhiaidh sin, sa chás M.5754 Alstom Holdings/Areva T&D 2010, mír 35, ba é conclúid an Choimisiúin go raibh an margadh ábhartha uile-LEE ar a laghad.

(34)  Sa chás M.7932 Dow/DuPont, shainigh an Coimisiún, ar dtús, margaí náisiúnta le haghaidh táirgí cosanta foirmlithe barr chun measúnú a dhéanamh ar an iomaíocht táirgí agus praghsanna, míreanna 319 agus 332. Sa mheasúnú sin, bhraith an Coimisiún ar sciartha den mhargadh a ríomhadh ar leibhéal na dteaglamaí barr/lotnaidí ar an leibhéal náisiúnta, ach d’úsáid sé freisin sciartha den mhargadh le haghaidh grúpálacha de theaglamaí barr/lotnaidí ar leibhéal LEE mar sciartha chun faisnéis a chur ar fáil maidir le cumas ghníomhaithe an mhargaidh ar leibhéal phunann na gcomhábhar gníomhach, chomh maith le sciartha domhanda den mhargadh ag soláthróirí T&F mar sciartha chun faisnéis a chur ar fáil maidir le cumas coibhneasta na soláthróirí a thugann comhábhair ghníomhacha nua chuig an margadh, mír 362. Ar an dara dul síos, rinne an Coimisiún anailís ar an iomaíocht nuálaíochta sa tionscal iomlán agus i spásanna nuálaíochta arb é atá iontu grúpálacha teaglamaí barr/lotnaidí ar an leibhéal domhanda nó ar a laghad ar leibhéal uile-LEE chun measúnú a dhéanamh ar conas a théann cuideachtaí agraiceimiceacha in iomaíocht le chéile chun comhábhair ghníomhacha nua a fhionnadh agus a fhorbairt, míreanna 352 agus 361.

(35)  Féach fonóta 55, ina mínítear go mion an bhunréasúnaíocht i gcomhthéacs ‘an fallás ceallafáin’.

(36)  Féach go háirithe Moladh (AE) 2020/2245 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 maidir le margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí laistigh den earnáil cumarsáide leictreonaí a fhéadfar a chur faoi réir rialáil ex ante i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (ar ina leith a tugadh fógra faoi dhoiciméad C/2020/8750) (IO L 439, 29.12.2020, lch. 23).

(37)  I gcomhthéacs margaí táirgí difreáilte, leis an sainiú ar mhargadh ábhartha foriomlán ní eisiatar an fhéidearthacht a bhaineann le dinimic iomaíoch éagsúil a shainaithint i ndeighleoga áirithe den mhargadh agus an treoirmharcáil deighleoige bheacht á coimeád ar oscailt an tráth céanna. Go háirithe, is féidir gurb é a thagann as an anailís iomaíochta ar an gcomhchruinniú toradh nach gcuireann an comhchruinniú bac ar an iomaíocht ar bhonn comhionann ar na codanna uile den mhargadh ábhartha, gan difear a dhéanamh leis don sainiú féin ar an margadh sin ná amhras a chaitheamh air – féach breithiúnas an 18 Bealtaine 2022, Wieland-Werke v an Coimisiún, T-251/19, EU:T:2022:296, míreanna 40-41, 64 et seq.

(38)  Féach, mar shampla, an cás M.10078 Cargotec/Konecranes, míreanna 126 agus 376, inar fhág an Coimisiún ar oscailt, maidir le hiompróirí gabhalscartha agus tointeála, an sainiú ar an margadh táirgí ábhartha (a d’fhéadfaí é a shainiú go foriomlán nó é a dheighilt idir iompróirí gabhalscartha agus tointeála) agus an margadh geografach ábhartha (uile-LEE nó ar fud an domhain maidir lena raon feidhme), ós rud é gur ábhar imní é an t-idirbheart faoi na sainithe margaidh sin uile is inchreidte.

Ina theannta sin, i measúnuithe faoin Rialachán um Chumaisc, féadfaidh an Coimisiún an sainiú margaidh a fhágáil ar oscailt i gcásanna inarb amhlaidh, i ndiaidh imscrúdú tosaigh, nach dtiocfaidh ábhair amhrais thromchúiseacha chun cinn ach i margadh ábhartha inchreidte amháin as measc margaí ábhartha inchreidte éagsúla ach go dtabharfaidh na gnóthais lena mbaineann gealltanais atá oiriúnach chun go mbeidh an comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Féach, mar shampla, an cás M.8785 The Walt Disney Company/Twenty-First Century Fox, mír 85.

I gcinntí maidir le gealltanais de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 féadfaidh an Coimisiún an sainiú margaidh a fhágáil ar oscailt freisin i gcás inarb amhlaidh, i ndiaidh imscrúdú tosaigh, go dtabharfaidh na gnóthais lena mbaineann gealltanais ar gealltanais leordhóthanacha iad chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní thosaigh. Féach, mar shampla, an cás AT.37966 Distrigaz, mír 11, agus an cás AT.40153 NBFanna Ríomhleabhair agus ábhair ghaolmhara (Amazon), mír 48.

(39)  Féach, mar shampla, breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2017, KPN v an Coimisiún, T-394/15, EU:T:2017:756, mír 60; agus breithiúnas an 8 Iúil 2003, Verband der freien Rohrwerke agus Eile v an Coimisiún, T-374/00, EU:T:2003:188, míreanna 107 agus 110. Féach freisin, mar shampla, an cás M.9695 LVMH/Tiffany, míreanna 25, 31, 46, 52, 57, 58 agus 72, inar fhág an Coimisiún ar oscailt an sainiú beacht ar an margadh táirge agus geografach i ndáil le haicmí éagsúla só-earraí, ós rud é nach raibh aon ábhar imní ann maidir lehiomaíocht gan beann ar raon feidhme beacht an mhargaidh ábhartha táirge agus gheografaigh.

(40)  Mar shampla, féadfaidh an Coimisiún a mheasúnú iomaíochta a dhíriú ar chomhchruinnithe lena n-áirítear forluití cothrománacha ar na margaí ábhartha sin ina bhfuil na forluití idir na gnóthais lena mbaineann ar an leibhéal is substaintiúla agus ina bhfuil níos lú srianta iomaíocha éifeachtacha láithreacha ann ó laistigh den mhargadh. Féadfaidh an Coimisiún teacht ar an gconclúid ansin gurb amhlaidh, más rud é nach n-ardaítear leis na forluití ábhair imní i ndáil lehiomaíocht ar na margaí ábhartha sin, nach n-ardaítear leis na forluití ábhair imní ndáil leis an iomaíocht ar na margaí ábhartha malartacha ach oiread. Féach, mar shampla, an cás M.10339 KKR/Landal, míreanna 23ff, ina raibh an measúnú ón gCoimisiún dírithe ar an margadh táirgí malartach is cúinge, a sainíodh mar pháirceanna saoire, áit a raibh na forluití idir gníomhaíochtaí na bPáirtithe ar an leibhéal ba shubstaintiúla.

(41)  Féach mír 23.

(42)  Mar shampla, i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte, féadfar an margadh táirgí ábhartha a leathnú chun táirgí píblíne a áireamh, ar táirgí iad ar a bhfuil trialacha cliniciúla á ndéanamh faoi láthair, mar a mhínítear a thuilleadh i mír 91; nó féadfar é a chúngú chuig móilín sonrach amháin i bhfianaise iontráil leagain chineálaigh de tháirge paitinne atá le tarlú, féach breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus Eile, C-307/18, EU:C:2020:52, mír 131.

(43)  Féach, mar shampla, an cás M.2478 IBM/Italia/Business Solutions/JV, mír 25, inar mheabhraigh an Coimisiún gur mheas sé san am a chuaigh thart gur soláthraíodh seirbhísí TF ar an leibhéal náisiúnta, amhail sa chás M.2195 Cap Gemini/Vodafone. Mar sin féin, thug sé dá aire gur léirigh seirbhísí TF treocht i dtreo idirnáisiúnú an éilimh agus an tsoláthair, arb é úsáid na hoibríochta cumasúcháin idirlín ar bhonn cianda ba chúis leis sin. Deimhníodh an treocht sin i dtreo idirnáisiúnú sa chás níos déanaí M.6237 Computer Sciences Corporation/iSOFT Group, míreanna 17 agus 18, inar thug an Coimisiún dá aire gur oibrigh soláthraithe móra seirbhísí TF ar bhonn domhanda agus gur eisigh custaiméirí glaonna ar thairiscintí domhanda/uile-LEE go minic. Sna cásanna sin, fágadh sainiú ar an margadh geografach ar oscailt.

(44)  Féach breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C-307/18, EU:C:2020:52, míreanna 134 go135, inar chinn an Chúirt nach bhféadfar an margadh a chúngú ach chuig móilín sonrach i bhfianaise iontráil leagain chineálaigh de tháirge paitinne atá le tarlú de bharr gurb amhlaidh ‘ [a] bhí na monaróirí cógas cineálach in ann teacht isteach láithreach sa mhargadh nó laistigh de thréimhse ghearr, go háirithe i gcás inar bhunaigh na páirtithe sin straitéis éifeachtach roimhe sin le haghaidh iontráil sa mhargadh, ina ndearna siad na bearta ba ghá chun é sin a bhaint amach, amhail, mar shampla, iarratas [ar údarú margaíochta] a thaisceadh nó [údarú margaíochta] den sórt sin a fháil, nó inar thug siad conarthaí soláthair i gcrích le dáileoirí tríú páirtí ’ agus i gcás ina raibh ‘ fianaise ann gur bhraith monaróir na dtáirgí paitinne gur gearr go mbeadh teacht isteach na monaróirí cógas cineálach sa mhargadh ina bhagairt dóibh ’.

(45)  Féach Roinn 3.4 chun tuilleadh mionsonraí a fháil ar an mbealach a mbailíonn an Coimisiún fianaise chun críocha an tsainithe margaidh agus ar an mbealach a ndéanann sé meastóireacht uirthi

(46)  Breithiúnas an 4 Iúil 2006, easyJet v an Coimisiún, T-177/04, EU:T:2006:187, mír 99.

(47)  I margaí áirithe, is féidir nach mbeidh an t-éileamh á spreagadh ag tomhaltóir deiridh táirge – ná á spreagadh ag an tomhaltóir deiridh sin amháin, ach is féidir go mbeidh sé múnlaithe ag páirtithe leasmhara eile, páirtithe leasmhara nach gá go bhfuil a leasanna ailínithe le leasanna an tomhaltóra deiridh. Mar shampla, i margaí cógaisíochta, is iad na hothair tomhaltóirí deiridh na gcógas; roghnaíonn na dochtúirí an cógas ar oideas nó féadfaidh siad comhairle a chur ar othair maidir leis an gcineál cógais thar an gcuntar is ceart a úsáid agus is iondúil go gcumhdaítear le scéimeanna árachais an costas uile nó cuid den chostas le haghaidh an chógais arna thabhairt. Cuireann an Coimisiún na saintréithe sin san áireamh agus an margadh ábhartha á shainiú.

(48)  Mhínigh an Chúirt Ghinearálta an méid seo a leanas: ‘ Cé go bhfuil an iomaíocht ionchasach agus an t-ionadú ar thaobh an tsoláthair ina saincheisteanna atá éagsúil go coincheapúil, […], forluíonn na saincheisteanna sin go páirteach, ós rud é go mbaineann an t-idirdhealú go príomha le cé acu atá nó nach bhfuil an srian ar an iomaíocht láithreach.’, breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2003, Atlantic Container Line AB agus páirtithe eile v an Coimisiún, na cásanna uamtha T-191/98, T-212/98 go T-214/98, EU:T:2003:245, mír 834.

(49)  Féach, mar shampla, an cás M.7555 Staples/Office Depot, míreanna 372 go 374, inar mheas an Coimisiún an raibh Amazon ina iontrálaí ionchasach i gcainéal conartha B2B le haghaidh soláthairtí oifige agus ar chuir sé na díolacháin a rinne Amazon i margaí táirgí eile, an cainéal miondíola do sholáthairtí oifige, cuir i gcás, sna ríomhanna ar an sciar den mhargadh.

(50)  Féach, mar shampla, an cás M.8677 Siemens/Alstom, míreanna 485 go 533, ina ndearna an Coimisiún measúnú ar an srian ar theacht isteach ionchasach in LEE soláthróirí Áiseacha traenacha ardluais agus fíor-ardluais mar chuid den mheasúnú ar an iomaíocht agus níor chuir sé san áireamh díolacháin traenacha ardluais agus fíor-ardluais soláthróirí Áiseacha lasmuigh den mhargadh geografach ábhartha sna ríomhanna ar an sciar den mhargadh.

(51)  Féach 4.2 chun tuilleadh mionsonraí a fháil ar an gcur chuige a ghlacann an Coimisiún maidir le sainiú margaidh i dtaca leis an idirdhealú idir custaiméirí nó grúpaí custaiméirí.

(52)  I gcásanna a bhaineann le margaí ceannaigh, is é an soláthróir an túsphointe chun anailís a dhéanamh ar fhreagairtí malartaithe agus ina bhfónann an tástáil chun sainaithint a dhéanamh ar na bealaí dáileacháin nó na hasraonta dáileacháin malartacha le haghaidh tháirgí an tsoláthróra.

(53)  Maidir le SSNIP a mheastar, is iondúil gurb é atá ann ardú praghsanna sa raon idir 5 % agus 10 % a chuirtear chun feidhme ar tháirge amháin nó níos mó sa mhargadh is iarrthóir lena n-áirítear táirge amháin ar a laghad de chuid an ghnóthais nó na ngnóthas lena mbaineann. Mar sin féin, féadfaidh méid an ardaithe praghsanna agus an bealach a gcuirtear i bhfeidhm é a bheith ag brath ar an gcás ar leith atá i gceist. Mar shampla, nuair a sholáthraíonn na gnóthais lena mbaineann breisluach sách beag don slabhra soláthair (de dheasca gur céatadán ard den phraghas iomlán atá sna hamhábhair nó sna comhpháirteanna ceannaithe), an cheist maidir le cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh monaplaí hipitéiseach cumhacht mhargaidh a fheidhmiú, is féidir go bhféadfar measúnú níos fearr a dhéanamh uirthi i gcoibhneas lena éifeacht ar an mbreisluach sin. Dá bhrí sin, i gcásanna den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún SSNIP a chur i bhfeidhm maidir leis an mbreisluach seachas maidir leis an bpraghas díola. Chuir an Coimisiún an coincheap sin i bhfeidhm agus dhírigh sé ar an mbreisluach (nó na ‘préimheanna réigiúnacha’) sa chás M.6541 Glencore/Xstrata, míreanna 135 go140 agus 144, agus measúnú á dhéanamh aige ar an bhfianaise ar allmhairí, agus ar threocht phraghsanna agus chorrlaigh na since ar fud réigiún.

(54)  Sa chás AT.40099 Google Android, míreanna 284 go305, rinne an Coimisiún measúnú ar malartódh nó nach malartódh monaróirí, úsáideoirí agus forbróirí feidhmchlár ó aipmhargaí Android chuig aipmhargaí le haghaidh córais oibriúcháin mhóibíleacha chliste incheadúnaithe eile i gcás laghdú buan atá beag ach suntasach ar cháilíocht (‘SSNDQ’) an chéad ceann. I gcoitinne, cuirtear SSNDQ i bhfeidhm mar chreat coincheapúil le haghaidh measúnú cáilíochtúil ar an ionadú éilimh. De ghnáth, ní dhéanann an Coimisiún measúnú lena fháil amach an mbeadh an SSNDQ sin brabúsach mar gheall ar mhonaplaí hipitéiseach. Thairis sin, tá cur i bhfeidhm cainníochtúil ar thástáil SSNDQ faoi réir deacrachtaí éagsúla, lena n-áirítear i ndáil le cainníochtú cáilíochta. Ina bhreithiúnas an 14 Meán Fómhair 2022, Google agus Alphabet v an Coimisiún, T-604/18, EU:T:2022:541, míreanna 177 agus 180, dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta ‘go raibh tástáil SSNDQ [...] ina fianaise ábhartha chun an margadh ábhartha a shainiú ’ agus an tráth céanna ag lua ‘ nach féidir le sainiú caighdeáin chainníochtúil dhíghrádaithe ar cháilíocht an sprioc-tháirge a bheith ina réamhriachtanas chun tástáil SSNDQ a chur i bhfeidhm. [...] Is é an t-aon rud atá tábhachtach ná go mbíonn an díghrádú cáilíochta fós beag, cé gur díghrádú suntasach agus neamh-aistritheach fós é.’

(55)  I gcoitinne, nuair is éard atá sa mhargadh is iarrthóir (go bunúsach) táirge nó táirgí gnóthais aonair, le tástáil SSNIP a chuirtear i bhfeidhm ar an margadhphraghas atá i réim, tabharfar le fios i gcónaí nach mór don mhargadh ábhartha a bheith níos leithne ná an margadh is iarrthóir, de bharr nach measfaidh gnóthas a uasmhéadaíonn brabúis, faoi mar a thuigfí é, gur brabúsach an ní é praghas a ardú os cionn a phraghais (uasmhéadaithe brabúis) atá i réim.

Is féidir gurb é a thagann as sin ‘an fallás ceallafáin’ mar a ghairtear dó, a ainmníodh as sainiú margaidh Chúirt Uachtarach Stáit Aontaithe Mheiriceá lena mbaineann ceallafán agus táirgí cumhdaigh eile (na Stáit Aontaithe v. E. I. du Pont de Nemours & Co., 351 U.S. 377 (1956)). Ba é a bhí ann gur thángthas ar an gconclúid mhícheart, ar bhonn tástáil SSNIP a cuireadh i bhfeidhm ar an bpraghas i réim, nach mór don mhargadh ábhartha a bheith níos leithne ná táirge nó táirgí gnóthais cheannasaigh (féach na míniúcháin ar an gcoincheap sin sa chás AT.39523 Slovak Telekom, míreanna 158 go 171). Is féidir go dtiocfaidh ‘an fallás ceallafáin’ chun cinn freisin nuair a shocraítear praghsanna ar leibhéil fhor-iomaíocha mar gheall ar uasmhéadú brabúis chomhpháirtigh ag grúpa gnóthas.

Dá bhrí sin, nuair a dhéantar sainiú margaidh i gcomhthéacs cás lena gceanglaítear measúnú ar mhéid na cumhachta margaidh atá ann cheana, amhail i gcomhthéacs measúnú ar cheannasacht i gcás Airteagal 102 CFAE, ó tharla gur féidir go mbeidh an praghas atá i réim ar leibhéal for-iomaíoch cheana féin, ní mór an méid sin a chur san áireamh. Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún tástáil SSNIP a chur i bhfeidhm ag tosú ó phraghas frithfhíorasach a bheadh i réim faoi iomaíocht éifeachtach (nó níos éifeachtaí); nó féadfaidh sé brath ar fhianaise eile chun an margadh ábhartha a shainiú.

Os a choinne sin, i gcomhthéacs cásanna ina mbeidh an bhéim ar mheasúnú a dhéanamh ar athrú ar chumhacht mhargaidh, go háirithe an t-athrú ar chumhacht mhargaidh a thagann as díothú iomaíochta idir na páirtithe i gcomhchruinniú lena mbaineann forluití cothrománacha, leis an margadh is iarrthóir áirítear ar a laghad táirgí ábhartha nó cineálacha táirgí ábhartha na bpáirtithe a bheidh ag cumasc le chéile agus is iondúil gur féidir tástáil SSNIP a chur i bhfeidhm ar an bpraghas atá i réim. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na torthaí céanna i gcónaí mar thoradh ar shainiú margaidh i gcásanna a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar athrú ar chumhacht mhargaidh agus a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar chumhacht mhargaidh atá ann cheana.

(56)  Ina breithiúnas an 11 Eanáir 2017, Topps Europe v an Coimisiún, T-699/14, EU:T:2017:2, mír 82, shonraigh an Chúirt Ghinearálta an méid a leanas: ‘ Ní dhearna an Coimisiún […] earráid fhollasach ó thaobh measúnaithe de nuair a bhunaigh sé a chonclúidí maidir leis an margadh ábhartha ar a mheasúnú ar an bhfianaise a bailíodh gan dul i muinín thástáil SSNIP ’. Mar an gcéanna, maidir le sainiú ar an margadh geografach, ina breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 2020, HeidelbergCement agus Schwenk Zement v an Coimisiún, T-380/17, EU:T:2020:471, mír 331, thug an Chúirt Ghinearálta an méid seo a leanas dá haire: ‘ Mar a thug an Coimisiún dá aire le ceart i mír 143 den chosaint, ní hé “tástáil SSNIP” an t-aon mhodh amháin atá ar fáil dó agus na margaí geografacha ábhartha á sainiú.’ Féach freisin an breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 22 Meitheamh 2022, thyssenkrupp v an Coimisiún, T-584/19, EU:T:2022:386, míreanna 76 agus 155, chomh maith leis an mbreithiúnas ó Chúirt CSTE an 5 Bealtaine 2022, Telenor agus Telenor Norge v Údarás Faireacháin CSTE, E-12/20, mír 95.

(57)  An breithiúnas ó Chúirt CSTE an 5 Bealtaine 2022 Telenor agus Telenor Norge vs Údarás Faireacháin CSTE, E-12/20, mír 160.

(58)  Is é sin nach mór don táirgeoir a bheith in ann an táirge a mhargú don chustaiméir i dtráthchlár nach bhfuil i bhfad níos faide ná an tráthchlár a bhfuil gá ag an gcustaiméir leis chun malartú chuig an táirge nó na táirgí inionadaithe eile sa mhargadh is iarrthóir. Baineann an measúnú sin go sonrach leis na táirgí a mheasúnaítear.

(59)  Féach an cás M.6471 Outokumpu/INOXUM, míreanna 120 agus 121.

(60)  Breithiúnas an 28 Aibreán 2010, Amann & Söhne agus Cousin Filterie v an Coimisiún, T-446/05, EU:T:2010:165, mír 79; agus an breithiúnas ó Chúirt CSTE an 5 Bealtaine 2022, Telenor agus Telenor Norge v Údarás Faireacháin CSTE, E-12/20, mír 160. Féach freisin , mar shampla, an cás M.5046 Friesland Foods/Campina, mír 159.

(61)  Féach an cás M.8713 Tata Steel/ThyssenKrupp/JV, míreanna 276 go278 agus 1287 go 1293 le haghaidh an mheasúnaithe ar chruach stánphláta.

(62)  Féach, mar shampla, sa chás M.9413 Lactalis/Nuova Castelli, míreanna 47 agus 48, i gcás inar léiríodh leis an imscrúdú margaidh nach bhféadfadh soláthróirí a tháirgeann mozzarella tosú ar ricotta a tháirgeadh gan costais shuntasacha a thabhú ná déanamh amhlaidh laistigh de thréimhse ghearr agus mar an gcéanna, nach bhféadfadh táirgeoirí ricotta tosú ar mascarpone a tháirgeadh ná a dhíol gan costais agus moilleanna suntasacha.

(63)  Le cásdlí Chúirteanna an Aontais tagraíodh go comhsheasmhach do dhálaí iomaíochta atá ‘aonchineálach go leor’ – seachas do dhálaí iomaíochta atá comhionann – mar an critéar chun margadh geografach ábhartha a shainiú. Féach breithiúnas an 14 Feabhra 1978, United Brands v an Coimisiún, C-27/76, EU:C:1978:22, míreanna 11 agus 44; breithiúnas an 8 Iúil 2003, Verband der freien Rohrwerke agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-374/00, EU:T:2003:188, mír 141; breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2003, Cableuropa agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-346/02 agus T-347/02 (na cásanna uamtha), EU:T:2003:256, mír 115; breithiúnas an 7 Bealtaine 2009, NVV agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-151/05, EU:T:2009:144, mír 52; breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 2020, HeidelbergCement agus Schwenk Zement v an Coimisiún, T-380/17, EU:T:2020:471, mír 294.

(64)  Dhéanfaí an margadh geografach ábhartha a shainiú ansin mar an limistéar ina bhfuil na soláthróirí sin lonnaithe, ar soláthróirí iad a sholáthraíonn táirgí atá inionadaithe le haghaidh na gcustaiméirí. Féach, mar shampla, an cás M.1628 TotalFina/Elf, míreanna 222ff, inar shainigh an Coimisiún an margadh ábhartha mar an margadh le haghaidh soláthar breosla aerárthaigh in aerfoirt shonracha, agus mír 228 go háirithe, ina dtagraítear do bhacainní ar aistriú chuig soláthróirí malartacha ag aerfort eile. Féach freisin, mar shampla, an cás M.9014 PKN Orlen/Grupa Lotos, míreanna 1045 go 1052. Ar an gcaoi chéanna, i gcásanna a bhaineann le dáileachán miondíola earraí tomhaltais laethúla, shainigh an Coimisiún an margadh geografach ábhartha mar limistéar áitiúil a shainítear le huas-am tiomána do chustaiméirí bunaithe ar chúinsí a bhaineann le hionadú éilimh, féach, mar shampla, an cás M.8468 Norgesgruppen/Axfood/Eurocash, míreanna 24ff, agus áirítear sa mhargadh ábhartha sin gach asraon miondíola atá lonnaithe sa limistéar sin.

(65)  Féach, mar shampla, na cásanna M.8633 Lufthansa/Certain Air Berlin Assets, míreanna 59ff; M.8672 Easyjet/Certain Air Berlin Assets, míreanna 53ff; agus M.8869 Ryanair/Laudamotion, míreanna 223ff. Leis an sainiú margaidh measadh r cheart aerfort amháin nó níos mó a áireamh sa mhargadh ábhartha. Dá bhrí sin, sainíodh an margadh ábhartha timpeall ar shuíomh na soláthróirí seachas timpeall ar shuíomh na gcustaiméirí.

(66)  Is minic a bhíonn feidhm ag an gcur chuige sin maidir le cásanna a bhaineann le táirgí tionsclaíocha. Féach, mar shampla, an cur chuige i gcásanna éagsúla a bhaineann le táirgí cruach, amhail cás M.6471 Outokumpu/Inoxum, míreanna 244-260, M.8444 ArcelorMittal/Ilva, nó M.8713 Tata Steel/ThyssenKrupp/JV.

(67)  Féach, mar shampla, an cás M.7278 General Electric/Alstom (Cumhacht Theirmeach – Gnólacht Cumhachta Inathnuaite & Eangaí), míreanna 162 go 191, inar shainigh an Coimisiún an margadh le haghaidh gástuirbíní tromshaothair 50 Hz mar mhargadh domhanda gan an tSín ná an Iaráin a áireamh de dheasca go raibh bacainní roimh sholáthróirí domhanda áirithe soláthar a dhéanamh do chustaiméirí sa dá limistéar sin. Féach freisin an cás AT.40099 Google Android, míreanna 406 go 410, inar shainigh an Coimisiún an margadh chun córais oibriúcháin mhóibíleacha chliste agus aipmhargaí Android a cheadúnú mar mhargadh domhanda gan an tSín a áireamh de dheasca go raibh gníomhaíochtaí an ghnóthais sa tSín teoranta le rialáil.

(68)  Féach, mar shampla, an cás M.9592 Freudenberg/L&B, míreanna 50 go 53, inar tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh na margaí le haghaidh fabraicí neamhfhite agus fabraicí eile ar a laghad uile-LEE agus d’imréitigh sé an comhchruinniú de bharr go leanfadh iomaitheoirí Áiseacha de shrian iomaíochta leordhóthanach a chur ar na gnóthais lena mbaineann, féach míreanna 98 go137 le haghaidh tacaí cairpéad príomha neamhfhite le haghaidh feidhmeanna tógála agus míreanna 152 go180 le haghaidh tacaí cairpéad príomha neamhfhite le haghaidh feidhmeanna mótarfheithiclí.

(69)  Féach an cás M.8444 ArcelorMittal/Ilva, roinn 7.2.4, míreanna 320 go326, le haghaidh an tsainithe ar an margadh geografach agus ranna 9.4.5.2 go 9.4.5.9, míreanna 637 go 750, le haghaidh an mheasúnaithe iomaíochta maidir leis na srianta arna bhforchur le hallmhairí. Sa mheasúnú iomaíochta, rinne an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar na srianta iomaíochta arna bhforchur le hallmhairí, agus chinn sé, i measc nithe eile, nach raibh méideanna suntasacha allmhairí ina dtáscaire maidir le brú leordhóthanach ar phraghsanna, go raibh allmhairí ina bhfoinse soláthair do chustaiméirí LEE nach raibh chomh hiontaofa céanna i gcomparáid le táirgí intíre agus gur léir ón bhfianaise eimpíreach gur dócha nach leor na freagairtí allmhairiúcháin i leith méaduithe ar phraghsanna chun méaduithe ar phraghsanna a shárú.

(70)  A mhéid a bhaineann le fianaise maidir le treocht phraghsanna le himeacht ama, is féidir go gcruthófar comhghluaiseachtaí praghsanna le go leor tosca éagsúla nach mbaineann leis an ionadú éilimh. Ar an taobh eile, nuair nach ann do chomhghluaiseacht phraghsanna nó más ann do phraghsanna éagsúla, is iondúil go léirítear leis sin nach dócha go mbeidh táirgí ina dtáirgí ionaid éilimh. Dá bhrí sin, tá anailísí ar chomhghluaiseachtaí praghsanna, lena n-áirítear teicnící cainníochtúla amhail anailísí ar chomhghaol praghsanna nó ar staid chónaitheach, i bprionsabal, níos faisnéisí nuair a léirítear leo nach sa mhargadh céanna atá dhá tháirge.

(71)  Mar shampla, shainigh an Coimisiún roimhe seo margaí ar leithligh le haghaidh earraí bia áirithe d’ainneoin go bhfuil an úsáid chéanna acu atá beartaithe do chothú an duine. Féach, mar shampla, an cás M.7220 Chiquita Brands International/Fyffes, míreanna 29 go34, inar shainigh an Coimisiún bananaí mar mhargadh táirgí ar leith ó thorthaí úra eile.

(72)  Féach, mar shampla, an cás AT.38477 British Airways/SN Brussels, míreanna 18 go 21 agus 23, d’ainneoin na ndifríochtaí idir seirbhísí iompair iarnróid agus aeir le haghaidh an bhealaigh idir an Bhruiséil agus Londain i dtéarmaí saintréithe táirgí, léiríodh leis an bhfianaise a bhí ar fáil gurbh ann d’iomaíocht idirmhódúil eatarthu, rud a d’fhág gurbh í conclúid an Choimisiúin go raibh an margadh ábhartha níos leithne ná aersheirbhísí díreacha agus go n-áirítear iompar iarnróid leis.

(73)  Féach, mar shampla, an cás M.10702 KPS Capital Partners/Real Alloy Europe, míreanna 59 go61, ina ndearna an Coimisiún measúnú ar an margadh le haghaidh athchúrsáil slaig salainn trí bhreithniú a dhéanamh ar an teicneolaíocht a úsáidtear le haghaidh táirgthe, is é sin teicneolaíocht athchúrsála dramhaíola nialais agus neamhnialais. Féach freisin an cás M.10658 Norsk Hydro/Alumetal, míreanna 132 go137, ina ndearna an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil cóimhiotail teilgcheárta alúmanaim ardfhorbartha ísealcharbóin ina margadh táirgí atá éagsúil leis an gcuid eile de na cóimhiotail teilgcheárta alúmanaim ardfhorbartha, agus ar deireadh d’fhág sé sainiú margaidh an táirge ar oscailt ina leith sin.

(74)  Chun a shuí cé acu a bhaineann nó nach mbaineann bealaí díolachán ar líne agus as líne leis an margadh táirgí céanna, féadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh an measann custaiméirí go bhfuil saintréithe éagsúla ag na bealaí sin amhail i dtéarmaí leibhéal praghsanna, cháilíocht na seirbhíse le haghaidh custaiméirí, agaí seachadta agus costas lóistíochta, amanna oscailte, an ghá chun taithí a fháil ar an táirge sula gceannaítear é agus difríochtaí sna raonta táirgí a thairgtear idir an dá bhealach. Féach, mar shampla, an cás M.8394 Essilor/Luxottica, míreanna 83 go 89 agus 139, inar mheas an Coimisiún ar cheart an margadh miondíola optúil a dheighilt idir bealaí ar líne agus as líne.

(75)  Mar shampla, féadfar a cheangal le rialachán go ndéanfaidh cógaiseoirí, agus cógais á ndáileadh acu, leagan cineálach atá níos saoire a chur in ionad leagan tionscnóra an chógais go huathoibríoch, faoi dhálaí áirithe.

(76)  Is éard atá i gceist le hathrú nó suaitheadh eisiginiúil ar dhálaí soláthair, athrú nó suaitheadh a tharlaíonn de bharr teagmhais gan choinne nach bhfuil aon éifeacht dhíreach acu ar éileamh.

(77)  Féach, mar shampla, an cás M.5335 Lufthansa/SN Airholding, míreanna 96, 100 agus 101, ina ndearna an Coimisiún measúnú i dtaobh an raibh aerfort Antuairp ina ionadú ar aerfort na Bruiséile. Sa chomhthéacs sin, mheas an Coimisiún go raibh iontráil VLM Airlines ar an mbealach idir Antuairp agus Manchain in iomaíocht le heitiltí SN ar an mbealach idir an Bhruiséil agus Manchain.

(78)  Féach, mar shampla, an cás M.6576 Munksjö/Ahlstrom, mír 189, inar chuir an Coimisiún san áireamh, agus an margadh táirgí ábhartha á mheasúnú le haghaidh páipéar réamhthuilte, gur stop iomaitheoir ag táirgeadh páipéar réamhthuilte agus ina ndearna sé measúnú ar chéannacht na n-iomaitheoirí a ghnóthaigh a chustaiméirí.

(79)  Féach, mar shampla, an cás M.6576 Munksjö/Ahlstrom, mír 248, inar chinn an Coimisiún go raibh aistriú breathnaithe ó ghnáthpháipéar décor chuig páipéar réamhthuilte i dtionscal an troscáin á stiúradh den chuid is mó ag cinntí infheistíochta straitéiseacha a rinne custaiméir mór níos faide síos an slabhra luacha agus dá bhrí sin nár cinneadh ná nár treisíodh é le hathruithe gearrthéarmacha ar phraghsanna coibhneasta le haghaidh páipéar réamhthuilte.

(80)  Is éard is praghasleaisteachas dílis éilimh ar tháirge A ann tomhas ar fhreagrúlacht an éilimh ar A (is é sin le rá, an t-athrú céatadáin lena bhfuil coinne sa chainníocht a éilítear) ar athrú aon faoin gcéad ar phraghas táirge A. Is éard is tras-phraghasleaisteachas idir táirgí A agus B ann freagrúlacht an éilimh ar tháirge A ar athrú aon faoin gcéad ar phraghas táirge B.

(81)  Féach, mar shampla, an cás M.5658 Unilever/Sara Lee, inar úsáid an Coimisiún meastacháin eacnaiméadracha ar leaisteachais éilimh a dhíorthaítear ó shonraí ó scanóirí ar mhaithe le tástáil SSNIP a dhéanamh chun a chinneadh an bhfuil díbholaígh fhireanna nó neamhfhireanna sa mhargadh ábhartha céanna.

Féadfaidh an Coimisiún fianaise a úsáid ar ionadú roimhe sin ní hamháin chun margaí a shainiú ach freisin chun a mheasúnú ar an iomaíocht a dhéanamh, go háirithe chun a chinneadh an dtéann an gnóthas nó na gnóthais lena mbaineann in iomaíocht go dlúth le chéile nó le haghaidh an mheasúnaithe chainníochtúil ar éifeachtaí dóchúla. Féach, mar shampla, an cás M.8792 T-Mobile NL/Tele2 NL, míreanna 704 go 720 agus 798 go 823.

(82)  Fianaise maidir le cóimheasa atreoraithe nó leaisteachais (tras-phraghais) éilimh, is féidir go mbeidh sí ábhartha chun sainaithint a dhéanamh ar na táirgí ionaid eile atá le meas lena n-áireamh sa mhargadh is iarrthóir agus chun tástáil SSNIP a chur i bhfeidhm.

(83)  Is ann d’éifeachtaí líonra i gcás ina luaineoidh luach táirge A (go díreach nó go hinbhéartach) leis an athrú ar líon custaiméirí an táirge sin.

(84)  B’amhlaidh an cás, mar shampla, i gcás nach bhfeidhmeoidh fothacar táirgí i gcomhar le táirge eile, de chineál a fhágann go mbaineann costas breise do chustaiméirí le malartú.

(85)  Chuir an Coimisiún tástáil SSNIP i bhfeidhm, mar shampla, sa chás M.5658 Unilever/Sara Lee, míreanna 92-94 agus roinn 5.3 den Iarscríbhinn Theicniúil.

(86)  Féach, mar shampla, an cás M.9076 Novelis/Aleris, Iarscríbhinn I, Roinn 2.1.2. Chuir an Coimisiún anailís ar chaillteanas criticiúil i bhfeidhm freisin sa chás M.4734 Ineos/Kerling, míreanna 95 go105, ach chinn sé ar deireadh go raibh na torthaí neamhchinntitheach.

(87)  Nuair atá na corrlaigh bhrabúis bhreathnaithe ard, is é a thagann as méid a chailleadh caillteanas brabúis sách ard ar na méideanna a cailleadh. Tugtar ‘caillteanas criticiúil’ íseal i méid le fios leis sin, rud a fhágann go mbeidh ardú praghsanna ón monaplaí hipitéiseach neamhbhrabúsach. Ar an taobh eile, le corrlaigh bhrabúis breathnaithe ard is féidir a thabhairt le fios go bhfuil an caillteanas iarbhír dóchúil sách íseal freisin, mar murach sin ní bheadh a bpraghsanna ardaithe ag gnóthais chuig an leibhéal breathnaithe agus go measfaidís go mbeadh sé brabúsach praghsanna a ísliú.

(88)  Chun críoch coincréiteach, mar thoimhde fheidhmiúil, is iondúil go ndéanann an Coimisiún measúnú ar mhargaí ar leibhéal uile-LEE ina bhfuil táscairí láidre ann go bhfuil margaí níos leithne ná margaí náisiúnta agus níos cúinge ná margaí domhanda.

(89)  Féach míreanna 40-41.

(90)  Ar an gcaoi chéanna, ní gnách go mbíonn teicnící cainníochtúla chun measúnú a dhéanamh ar chomhghluaiseachtaí praghsanna, amhail comhghaol praghsanna nó anailísí cónaitheacha, cinntitheach iontu féin, le haghaidh sainiú ar an margadh geografach. Mar a leagtar amach i bhfonóta 70, is féidir le go leor tosca éagsúla seachas arbatráiste feidhmiúil a bheith ina gcúis le comhghluaiseachtaí praghais. D’fhéadfaí a thabhairt le fios go mícheart, dá bhrí sin, leis na comhghluaiseachtaí praghais sin go mbaineann dhá limistéar leis an margadh geografach céanna, cé nach bhfuil dálaí iomaíochta sna limistéir sách aonfhoirmeach. Ar an taobh eile, is iondúil go léiríonn an easpa comhghluaiseachta praghais nach bhfuil dálaí iomaíochta aonchineálach go leor. Dá bhrí sin, tá anailís ar chomhghluaiseacht praghais níos faisnéisí i bprionsabal má léirítear leis sin nach bhfuil limistéir éagsúla sa mhargadh céanna.

(91)  Féach, mar shampla, an cás AT.39740 Google Search (Shopping), míreanna 253 go 254, inar shainigh an Coimisiún an margadh le haghaidh cuardach ginearálta mar mhargadh náisiúnta de bharr roghanna tosaíochta teanga d’ainneoin go bhfuil na seirbhísí sin inrochtana ag úsáideoirí aon áit ar domhan. Feach freisin, mar shampla, an cás M.7220 Chiquita/Fyffes, míreanna 119-131, inar shainigh an Coimisiún, cé gur aithin sé go raibh soláthar bananaí ag teacht ó lasmuigh de LEE den chuid is mó, an margadh ar an leibhéal náisiúnta bunaithe ar roghanna tosaíochta náisiúnta. Léirítear leis sin freisin go bhféadfaidh láithreacht soláthróra aonair nó na soláthróirí céanna in LEE nó ar fud an domhain a bheith comhsheasmhach le margaí geografacha a shainítear ar an leibhéal náisiúnta.

(92)  Is ann do shamplaí i ndáil le margaí le haghaidh táirgeadh agus soláthar buntáirgí miotail, amhail alúmanam nó cruach. Féach, mar shampla, an cás M.9076 Novelis/Aleris, inar deimhníodh le himscrúdú an Choimisiúin go raibh tosaíocht choiteann á tabhairt ag na custaiméirí do leatháin cabhlach mótarfheithiclí alúmanaim a fhoinsiú ó sholáthróirí LEE-bhunaithe agus rinneadh an margadh geografach ábhartha a shainiú mar mhargadh uile-LEE. Ar chúiseanna comhchosúla, sna margaí le haghaidh táirgí cruach dosmálta cothroma, rinne an margadh geografach ábhartha le haghaidh cruach dhosmálta fhuar-rollta agus cruach dhosmálta banda bán te a shainiú mar mhargadh nach bhfuil níos leithne ná EEA sa chás M.6471 Outokumpu/Inoxum, míreanna 241 go 243 agus 244 go 260. Sainíodh an margadh freisin mar mhargadh uile-LEE le haghaidh táirgí teasfhulangacha, de bharr, i measc tosca eile, tosaíocht choiteann láidir custaiméirí d’fhoinsiú ó sholáthróirí LEE-bhunaithe – féach M.8286 RHI/Magnesita Refratarios, míreanna 55, 56, 57 agus 61.

(93)  Mar shampla, i margaí le haghaidh táirgí aeraspáis shibhialta, soláthraíonn custaiméirí buntrealamh aerárthaigh agus córais agus comhpháirteanna aeraspáis ó na soláthróirí céanna ar fud an domhain, agus chinn an Coimisiún gur margadh domhanda a bheidh sa mhargadh geografach ábhartha le haghaidh na dtáirgí sin. Féach, mar shampla, na cásanna M.8658UTC/Rockwell Collins, míreanna 204, 205 agus 207; M.8425 Safran/Zodiac Aerospace, mír 298; M.8948 Spirit/Asco, míreanna 37 agus 38.

(94)  Dá réir sin, féadfaidh an Coimisiún margadh domhanda a shainiú gan ach réimsí sonracha a bhfuil dálaí éagsúla iomaíochta ag gabháil leo a eisiamh, mar shampla i gcás M.7278 General Electric/Alstom (Cumhacht Theirmeach — Fuinneamh In-athnuaite & Gnó Eangaí), míreanna 162-191 — féach fonóta 67 den Fhógra seo. Ar an gcaoi chéanna, mar shampla, i gcás M.8677 Siemens/Alstom, mír 133, chinn an Coimisiún go bhféadfadh an margadh geografach ábhartha le haghaidh traenacha ardluais agus traenacha fíor-ardluais araon a bheith domhanda cé is moite den tSín, den Chóiré Theas agus den tSeapáin, toisc go raibh bacainní iontrála dosháraithe ann do sholáthraithe eachtracha sna trí thír sin. Féach freisin, mar shampla, cás M.6541 Glencore/Xstrata, míreanna 43, 44 agus 45, inar mheas an Coimisiún margaí geografacha féideartha a shainítear mar mhargaí domhanda gan an tSín a áireamh, toisc go raibh onnmhairí ón tSín teoranta, toisc gur thuairiscigh anailísithe tionscail figiúirí maidir leis an tSín agus don chuid eile den domhan go leithleach, agus toisc gur thacaigh roinnt rannpháirtithe sa mhargadh le deighilt gheografach den sórt sin.

(95)  Féach mír 109 thíos.

(96)  Féach, mar shampla, an cás M.10047 Schwarz Group/Suez Waste management companies, míreanna 56-58, inar mheas an Coimisiún go bhfuil costais chomhshaoil ar cheann de na tosca ábhartha agus an margadh geografach le haghaidh sórtáil pacáistíochta éadroime á shainiú.

(97)  Féach freisin Roinn 4.1 maidir le sainiú margaidh i dtaca le difreáil shuntasach.

(98)  Féach, mar shampla, an cás M.7408 Cargill/ADM Chocolate Business, míreanna 99 go102 agus 113 go 114, maidir le margadh na seacláide tionsclaíche ina ndearna an Coimisiún anailís ar sciartha comhiomlánaithe den mhargadh i ndobharcheantair a tarraingíodh timpeall ar chustaiméirí aonair. Féach freisin, mar shampla, an cás M.7567 Ball/Rexam, míreanna 642 go 644 agus 663 go 670, i ndáil leis an margadh le haghaidh cannaí dí ina ndearna an Coimisiún measúnú ar an acmhainneacht agus ar mhéid na sciartha díolachán le haghaidh gach ceann de na dobharcheantair atá dírithe ar chustaiméirí.

(99)  Má bhraitear ar dhobharcheantair a léiríonn patrúin ceannaigh na gcustaiméirí uile is minic a bheadh mar thoradh air sin dobharcheantair dochreidte mór mar gheall ar bhreathnóirí asluiteacha.

(100)  Féach, mar shampla, na cásanna M.7408 Cargill/ADM Chocolate Business, míreanna 63 go 78, i ndáil le margadh na seacláide tionsclaíche agus an cás M.7567 Ball/Rexam, mír 248, i ndáil leis an margadh le haghaidh cannaí dí.

(101)  Féach, mar shampla, an cás M.7878 HeidelbergCement/Schwenk/Cemex Hungary/Cemex Croatia, míreanna 182, 189 agus 190, inar chinn an Coimisiún go raibh dobharcheantair chiorclacha, lenar bhain 90 % de sheachadtaí timpeall ghléasraí na bpáirtithe, níos iomchuí ná na dobharcheantair lenar bhain 70 % de sheachadtaí ach mheas sé freisin dobharcheantair mhodhnaithe bunaithe ar achair bhóithre agus patrúin seachadta. In aon chás, féadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar íogaireacht sciartha den mhargadh i leith scoithphointe an dobharcheantair a úsáidtear mar chuid dá mheasúnú ar an iomaíocht.

(102)  Féach, mar shampla, an cás M.6541 Glencore/Xstrata, míreanna 141 go 148, ina ndearna an Coimisiún measúnú ar fhreagrúlacht allmhairí d’athruithe coibhneasta praghais le haghaidh miotal since in LEE.

(103)  Ina breithiúnas an 6 Iúil 2010, Ryanair Holdings plc v an Coimisiún, T-342/07, EU:T:2010:280, mír 136, shonraigh an Chúirt Ghinearálta an méid a leanas: ‘ Tá sé de chúram ar an gCoimisiún measúnú foriomlán a dhéanamh ar an méid a léirítear leis an tacar tosca táscacha a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an staid iomaíoch. Is féidir, maidir leis sin, go dtabharfar tosaíocht de shamplaí áirithe fianaise agus go gcuirfear fianaise eile as an áireamh ’. Tá feidhm ag an réasúnú céanna mutatis mutandis maidir le sainiú margaidh.

(104)  Ina breithiúnas an 11 Eanáir 2017, Topps Europe v an Coimisiún, T-699/14, EU:T:2017:2, mír 82, shonraigh an Chúirt Ghinearálta an méid a leanas: ‘ leis an sainiú ar an margadh ábhartha ní cheanglaítear ar an gCoimisiún ordlathas docht d’fhoinsí éagsúla faisnéise ná cineálacha fianaise a leanúint ’. Deimhníodh an méid sin sa bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 22 Meitheamh 2022, thyssenkrupp v An Coimisiún, T-584/19, EU:T:2022:386, míreanna 78 agus 156.

(105)  A mhéid a bhaineann le luach cruthúnais na samplaí éagsúla fianaise, an critéar aonair chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhfianaise a thugtar is ea iontaofacht na fianaise sin (féach, mar shampla, breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2013, Total Raffinage Marketing v an Coimisiún, T-566/08, EU:T:2013:423, mír 43). Tá ról maidir leis sin ag cineál an nós imeachta i gceist. Go háirithe maidir le rialú cumaisc, suitear le cásdlí chúirteanna an Aontais gurb amhlaidh, i bhfianaise an ghá atá le luas agus na sprioc-amanna an-docht a mbíonn an Coimisiún faoina réir, nach féidir a cheangal air an fhaisnéis uile a fhaigheann sé a fhíorú, in éagmais fianaise lena léirítear go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear dó míchruinn. Féach breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2021, Polskie Linie Lotnicze ‘LOT’ v an Coimisiún, T-240/18, EU:T:2021:723, míreanna 87 agus 88 agus an cásdlí luaite.

(106)  Féach, mar shampla, an cás M.7902 Marriott International/Starwood Hotels & Resorts Worldwide, mír 28, ina raibh an Coimisiún ag brath ar an bhfíoras go ndearna na páirtithe a bhí ag cumasc le chéile iad féin a thagarmharcáil in aghaidh óstáin sraithe agus neamhspleácha araon chun a chinneadh go raibh na soláthróirí sin sa mhargadh céanna. Féach, mar shampla, an cás M.6663 Ryanair/Aer Lingus III, míreanna 98 go 103, ina ndearna an Coimisiún measúnú ar fhaireachán Ryanair agus Aer Lingus ar phraghsanna ar bhealaí aerphaisinéara mar fhianaise chun a chinneadh an raibh aerfoirt éagsúla sna cathracha céanna ina n-ionadaithe.

(107)  Féach, mar shampla, an cás M.4439 Ryanair/Aer Lingus, míreanna 36, 94, 99 (9) agus Iarscríbhinn I, ina raibh an Coimisiún ag brath ar shuirbhé custaiméara ag aerfort Bhaile Átha Cliath a choimisiúnaigh sé ó chomhairleoir neamhspleách. D’úsáid an Coimisiún torthaí an tsuirbhé sin mar fhianaise indíreach chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil aerfoirt áirithe inionadaithe do chustaiméirí.

(108)  Mar shampla, is fearr i bprionsabal fiafraí faoi chinntí a rinneadh le déanaí seachas faoi chinntí hipitéiseacha; ba cheart na ceisteanna a bheith soiléir agus níor cheart dóibh freagraí a spreagadh i dtreo ar leith, agus ba cheart go mbeadh raon na roghanna freagartha a chuirtear ar fáil cuimsitheach go leor.

(109)  Tá an fhoinse agus an comhthéacs ar laistigh díobh a ullmhaítear na staidéir sin ábhartha freisin. Go háirithe, beidh staidéir a ullmhaíodh i gcomhthéacs cás sonrach faoi réir grinnscrúdú ar leith, ós rud é go bhfuil ualach cruthúnais níos ísle leis an bhfianaise sin má bhí tionchar ag imscrúdú an Choimisiúin uirthi.

(110)  Féach, mar shampla, breithiúnas an 18 Bealtaine 2022, Wieland-Werke v an Coimisiún, T-251/19, EU:T:2022:296, sa mhargadh le haghaidh táirgí rollta déanta de chopar agus de chóimhiotail chopair, inar thug an Chúirt Ghinearálta dá haire an méid a leanas i mír 39: ‘[...] ní dhíospóideann an t-iarratasóir nach táirgí aonfhoirmeacha iad táirgí rollta ach gur táirgí iad atá difreáilte de réir líon mór critéar (comhdhéanamh, an leibhéal bailchríche, feidhmeanna deiridh, etc.). Le gach ceann de na critéir sin ceadaítear an margadh foriomlán le haghaidh táirgí rollta a dheighilt, gan aon cheann díobh a bheith, a priori, fíorthábhachtach ná gan a cheadú margaí táirgí ar leithligh a shainaithint leo.’

(111)  Mar shampla, sa tionscal teileachumarsáide, inar féidir nósanna tomhaltais éagsúla a bheith ag cineálacha éagsúla custaiméirí, rud a bhfuil tionchar aige ar a rogha soláthróra. Féach, mar shampla, an cás M.8792 T-Mobile NL/Tele2 NL, inar tháinig an Coimisiún ar shainiú margaidh leathan le difreáil táirge ar fud grúpaí custaiméirí, mar gheall ar dhifríochtaí san airgead a chaitear in aghaidh na míosa, foirmiú agus fad conartha, comhlíonadh conartha agus difríochtaí i riachtanais custaiméirí. Sa chás sin ar leith, cé gurbh é conclúid an Choimisiúin maidir le margadh miondíola foriomlán chun seirbhísí móibíleacha teileachumarsáide a sholáthar do na custaiméirí deiridh uile, chinn an Coimisiún fós go raibh dhá ghrúpa custaiméirí ar leithligh in-sainaitheanta maidir le soláthar seirbhísí móibíleacha teileachumarsáide miondíola: custaiméirí príobháideacha agus custaiméirí gnó.

(112)  Féach, mar shampla, an cás M.7155 SSAB/Rautaruukki, mír 102, inar mheas an Coimisiún gur tugadh údar le measúnú a dhéanamh ar thionchar an chomhchruinnithe dírithe sna tíortha Nordacha leis an difreáil gheografach láidir ar tháirgí cruach cothroma, i bhfianaise na hanailíse ar phraghsanna éagsúla idir na tíortha Nordacha, mór-roinn na hEorpa agus an Ríocht Aontaithe. Féach freisin, mar shampla, an cás M.7878 Heidelberg Cement/Schwenk/Cemex Hungary/Cemex Croatia, míreanna 174 go 176 agus 229 go 239, inar mhínigh an Coimisiún fiú laistigh de mhargadh geografach ábhartha a shainítear mar limistéar ina bhfuil na dálaí iomaíochta aonchineálach go leor, go bhféadfadh dálaí iomaíochta athrú de réir a chéile ó shuíomh amháin go suíomh eile, agus go bhféadfadh sé gur gá éagsúlachtaí den sórt sin a chur san áireamh sa mheasúnú ar an iomaíocht. Deimhníodh an cur chuige sin sa bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Deireadh Fómhair 2020, HeidelbergCement agus Schwenk Zement v an Coimisiún, T-380/17, EU:T:2020:471, mír 325. Féach freisin, mar shampla, na cásanna M.8444 ArcelorMittal/Ilva agus M.8713 Tata Steel/ThyssenKrupp/JV, inar measadh go raibh an margadh geografach ábhartha uile-LEE a bhí sa mhargadh le haghaidh táirgí cruach carbóin cothroma críochnaithe, agus difreáil gheografach ann laistigh de LEE (arna dheimhniú sa chás deireanach sin le breithiúnas an 22 Meitheamh 2022 thyssenkrupp v an Coimisiún, T-584/19, EU:T:2022:386, míreanna 145-258).

(113)  Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún an dinimic iomaíoch i ndeighleoga sonracha den mhargadh a chur san áireamh ina mheasúnú. Féach an breithiúnas an 18 Bealtaine 2022, Wieland-Werke v an Coimisiún, T-251/19, EU:T:2022:296, maidir leis an margadh le haghaidh táirgí rollta déanta de chopar agus de chóimhiotail chopair, inar mhínigh an Chúirt Ghinearálta an méid a leanas i mír 40: ‘Thairis sin, ní mór a chur san áireamh, i gcomhthéacs margaí táirgí difreáilte, nach ndéantar difear le láithreacht margaidh fhoriomláin don fhéidearthacht a bhaineann le dinimic iomaíoch éagsúil a shainaithint i ndeighleoga áirithe den mhargadh’.

(114)  Mar shampla, cé go bhféadfadh sé nach measfadh custaiméirí tháirge A gur táirge malartach é táirge C, d’fhéadfadh slabhra ionadaíochta a bheith ann ina measann custaiméirí tháirge A gur táirge ionaid é táirge B agus ina measann custaiméirí tháirge B gur táirge ionaid é táirge C. D’fhéadfadh táirge A a bheith faoi bhac indíreach ansin de bharr iomaíochta ó tháirge C trí shlabhra ionadaíochta den sórt sin.

(115)  Féach, mar shampla, an cás M.9413 Lactalis/Nuova Castelli, mír 89, inar chinn an Coimisiún go raibh fianaise ann gurbh ann do shlabhra ionadaíochta le haghaidh cáiseanna brandáilte agus lipéid phríobháidigh agus go ndeachaigh siad in iomaíocht le chéile, cé nach bhféadfadh sé a chur as an áireamh go bhféadfaidh táirgí brandáilte dul in iomaíocht le chéile go príomha i margadh éagsúil agus d’fhág sé an sainiú margaidh ar oscailt.

(116)  Féach, mar shampla, an cás M.5335 Lufthansa/SN Airholding, mír 33, inar dhiúltaigh an Coimisiún do shlabhra ionadaíochta a bheith ann idir cineálacha éagsúla ticéad ós rud é nach raibh fianaise ag dul leis sin mar chomhthacú. Leis an anailís ar phraghsanna a rinne an Coimisiún léiríodh go raibh leibhéil an-éagsúil ag na praghsanna ag foircinn an tslabhra ionadaíochta líomhnaithe agus nach raibh siad idirspleách. Féach, mar shampla, an cás M.6905 Ineos/Solvay/JV, míreanna 260, 261, 262 agus 338, inar dhiúltaigh an Coimisiún gurbh ann d’fhorluití idir limistéir lastais phríomhsholáthróirí S-PVC a fhoirmíonn slabhra ionadaíochta ar fud LEE, bunaithe ar anailís chainníochtúil lena léirítear easpa arbatráiste agus treochtaí praghsála éagsúla idir na dobharcheantair fhorluiteacha éagsúla.

(117)  Baineann an chuid seo le cásanna inar féidir le gnólachtaí idirdhealú a dhéanamh idir custaiméirí nó grúpaí custaiméirí ar bhonn critéir inbhraite custaiméirí (amhail céannacht an chustaiméara, suíomh, aois, gnéas, etc.). Nuair a thairgeann gnólachtaí an roghchlár céanna roghanna do gach custaiméir agus nuair a chuireann na custaiméirí uile iad féin i ngrúpaí éagsúla bunaithe ar na bunroghanna atá acu, féadfaidh an Coimisiún margaí táirgí ábhartha ar leithligh (nó deighleoga margaidh éagsúla) a shainiú le haghaidh táirgí éagsúla sa roghchlár (mar shampla ticéid aerlíne sa ghrád barainne nó sa ghrád gnó, nó táillí fón póca réamhíoctha agus iar-íoctha).

(118)  Is féidir feidhm a bheith aige sin freisin i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha sin ach sa todhchaí amháin, mar shampla de bharr athruithe ar na dálaí iomaíochta a rinneadh leis an gcomhchruinniú atá faoi athbhreithniú.

(119)  I gcás ina bhfuil dálaí iomaíochta agus éifeachtaí dóchúla cosúil le chéile ar fud na gcustaiméirí nó na ngrúpaí custaiméirí sin, mar shampla mar gheall ar ionadú soláthair, féadfaidh an Coimisiún, mar sin féin, na custaiméirí nó na grúpaí custaiméirí sin a áireamh sa mhargadh ábhartha céanna, mar a mhínítear i Roinn 2.1.2.

(120)  Samplaí de shainithe ar an margadh táirgí agus geografach lena ndéantar difear le hidirdhealú praghsanna, is féidir teacht orthu i gcásanna amhail M.5830 – Olympic/ Aegean Airlines, mír 58, agus M.7155 SSAB/Rautaruukki, míreanna 101 agus 102.

(121)  Go háirithe i dteannta táirgí ag a bhfuil an úsáid nó na húsáidí beartaithe céanna. Is féidir teacht ar shamplaí ábhartha de na measúnuithe sin sa tionscal cógaisíochta. Féach, mar shampla, an cás M.7275 Gnólacht Oinceolaíochta Novartis/GlaxoSmithKline, míreanna 23 go 31, ina ndearna an Coimisiún measúnú ar na coscairí B-Raf agus na coscairí MEK a bhí á bhforbairt ag na páirtithe mar chuid den mhargadh le haghaidh teiripí spriocdhírithe chun cóireáil a dhéanamh ar dhianmheileanóma, ina raibh na táirgí a bhí ann margaithe cheana. Baineann samplaí eile le táirgí ardteicneolaíochta, amhail gástuirbíní tromshaothair a ndearnadh measúnú orthu i gcás M.7278 General Electric/Alstom (Cumhacht Theirmeach – Gnólacht Cumhachta Inathnuaite agus Eangaí), míreanna 985 go 991, ina ndearna an Coimisiún measúnú ar phíblíne ghástuirbíní tromshaothair Alstom mar chuid den mhargadh táirgí atá ann cheana le haghaidh gástuirbíní tromshaothair.

(122)  Go háirithe i gcásanna ina bhforbraíonn gnóthais éagsúla na táirgí píblíne céanna nó inchomparáide nó ina bhfuil coinne leis go n-athrófar dinimic tionscail go suntasach leis na táirgí sin de bharr a saintréithe. Féach, mar shampla, an cás M.9461 AbbVie/Allergan, míreanna 48 go 54 agus 56 go 60, inar shainaithin an Coimisiún margadh inchreidte ábhartha atá teoranta do choscairí IL-23 chun cóireáil a dhéanamh ar dhrólainníteas othrasaithe agus ar ghalar Crohn, cé nach raibh aon choscaire IL-23 á mhargú ag aon soláthróir an tráth sin, agus na táirgí á bhforbairt an tráth sin, go háirithe de bharr chineál na dtáirgí sin agus gealladh fúthu chun na galair sin a chóireáil.

(123)  Go háirithe sa tionscal cógaisíochta, mheas an Coimisiún i gcásanna roimhe seo go raibh raon feidhme geografach an mhargaidh domhanda nó uile- LEE ar a laghad, a mhéid atá T&F le haghaidh na dtáirgí píblíne ábhartha uile-LEE ar a laghad. Féach, mar shampla, na cásanna M.7275 Novartis/GSK Oncology Business, mír 32 agus M.7480 Actavis/Allergan, mír 17.

(124)  Mar a luaitear i bhfonóta 9, leis an téarma ‘táirge’ cumhdaítear teicneolaíochtaí freisin. Tá an roinn seo ábhartha freisin go háirithe maidir le margaí a shainiú i dtaca leis na teicneolaíochtaí sin. Féadfar teicneolaíochtaí a cheadúnú nó a dhíol go neamhspleách ó earra nó ó sheirbhís inláimhsithe mar chearta maoine intleachtúla agus féadfar dá réir sin a mheas gur táirge chun críocha an Fhógra seo iad.

(125)  Tá sampla de chás den sórt sin le fáil sa chás M.7932 Dow/DuPont, inar chuir an Coimisiún coincheap na spásanna nuálaíochta i bhfeidhm chun na teorainneacha sin a shainiú, féach go háirithe roinn 4.4 den chinneadh sa chás sin. Bhain M.7932 Dow/DuPont le cumasc idir dhá chuideachta atá gníomhach i gcosaint barr agus a raibh na sócmhainní agus na cumais acu, ar leibhéal an tionscail, chun táirgí nua a aimsiú agus a fhorbairt ar féidir, mar thoradh ar an iarracht T&F, iad a thabhairt chuig an margadh. Dá réir sin, bhí baint ag na cuideachtaí sin le hiomaíocht nuálaíochta.

(126)  Féach an cás M.7932 Dow/DuPont, míreanna 353ff. Is gnách gur de chineál domhanda iad iarrachtaí nuálaíochta agus, in éagmais sainiúlachtaí náisiúnta nó geografacha eile, is minic go mbíonn na margaí geografacha ábhartha ina margaí domhanda ó thaobh raon feidhme de, nó in aon chás ní bhíonn siad níos cúinge ná uile-LEE.

(127)  Ar na samplaí tipiciúla d’ardáin iltaobhacha áirítear córais cártaí íocaíochta (féach an cás AT.34579 Mastercard) agus ardáin fógraíocht-urraithe (féach an cás M.8124 Microsoft/LinkedIn).

(128)  Mar shampla, le hardú praghsanna ar thaobh A den ardán laghdaítear éileamh ó úsáideoirí ar an taobh sin. D’fhéadfadh an laghdú ar éileamh ar thaobh A difear a dhéanamh ansin d’éileamh ó úsáideoirí ar thaobh B, rud a fhéadfadh difear a dhéanamh ar a sheal d’éileamh ó úsáideoirí ar thaobh A (nó ar an tríú taobh C). Féach samplaí sa chás AT.39740 Google Search (Shopping), mír 159, agus an cás AT.40099 Google Android, míreanna 464, 469 agus 638.

(129)  Sa chás M.8124 Microsoft/LinkedIn, roinn 3.7, shainigh an Coimisiún margaí aonair le haghaidh seirbhísí earcaíochta ar líne, lena gcuimsítear cuardaitheoirí poist agus earcaitheoirí araon.

(130)  Sa chás AT.34579 Mastercard, ranna 6.2.3 agus 6.2.4, maidir le córais cártaí íocaíochta, shainigh an Coimisiún an taobhanna eisiúna agus fála den mhargadh mar mhargaí táirgí ábhartha sainiúla.

(131)  Comhfhreagraíonn an méid sin don chinneadh ó úsáideoirí ardán amháin a úsáid le haghaidh táirge ar leith (aonfhrithing) nó ilardáin a úsáid i gcomhthráth le haghaidh an táirge chéanna (ilfhrithing). I gcásanna áirithe, cinntí frithinge a dhéanann úsáideoirí ar thaobh amháin den ardán, déanann siad difear do na roghanna malartacha atá ar fáil d’úsáideoirí ar thaobh eile an ardáin idirghníomhú leis na húsáideoirí sin, agus ar an gcaoi sin do na féidearthachtaí ionadaíochta ar an taobh sin den ardán.

(132)  Féach mar shampla an sainiú margaidh ar sheirbhísí cumarsáide tomhaltóirí agus seirbhísí líonraithe shóisialta sa chás M.7217 Facebook/Whatsapp, míreanna 24 go33 agus 51 go 61.

(133)  Féach mar shampla an sainiú margaidh ar sheirbhísí cuardaigh ginearálta sa chás AT.39740 – Google Search (Shopping), míreanna 163 go183.

(134)  Féach mar shampla sainiú margaidh ar sheirbhísí líonraithe shóisialta gairmiúla sa chás M.8124 Microsoft/LinkedIn, míreanna 108 go 110.

(135)  Féach mar shampla an cás AT.40099 – Google Android agus go háirithe an sainiú margaidh ar aipmhargaí Android, míreanna 284 go 305, agus ar chórais oibriúcháin mhóibíleacha chliste incheadúnaithe, mír 239.

(136)  Féach an fonóta 54 chun sampla a fháil de mheasúnú den sórt sin ar SSNDQ.

(137)  Sa chás M.7278 General Electric/Alstom (Cumhacht Theirmeach - Gnólacht Cumhachta Inathnuaite & Eangaí), roinn 7.2.3.3., shainigh an Coimisiún margadh le haghaidh gástuirbíní a dhíol agus, dá éis sin, seirbhísiú orthu.

(138)  Sa chás AT.39097 Deisiú Uaireadóirí, míreanna 86 go 91, shainigh an Coimisiún ilmhargaí ar leithligh le haghaidh páirteanna spártha, agus gach ceann díobh bainteach le branda uaireadóra ar leith.

(139)  Sa chás M.9408 Assa Abloy/Agta Record, mír 127, shainigh an Coimisiún margadh le haghaidh seirbhísí iardhíola gan an soláthraí seirbhíse a idirdhealú.

(140)  Féach breithiúnas an 15 Nollaig 2010, CEAHR v an Coimisiún, T-427/08, EU:T:2010:517, míreanna 78 go 109, agus go háirithe míreanna 79, 95 agus 108 chomh maith leis an gcás M.7278 General Electric/Alstom (Cumhacht Theirmeach – Gnólacht Cumhachta Inathnuaite & Eangaí), mír 95.

(141)  Féach, mar shampla, an cás M.5462 Thomas Cook Group/Gold Metal International, míreanna 9 go 16, ina ndearna an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht, agus inar fhág sé an fhéidearthacht sin ar oscailt, saoirí láneagraithe a bheith i margadh ar leithligh ó shaoirí ina gceannaíonn an tomhaltóir na heilimintí éagsúla go haonarach. Ar an gcaoi chéanna, sa chás M.7555 Staples/Office Depot, mír 91, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha margadh táirgí ar leithligh a bheith ann do sholáthar ionaid ilfhreastail faoi chonarthaí na gcatagóirí traidisiúnta soláthair oifige: páipéarachas, páipéar, agus dúch agus tonóir.

(142)  Ina breithiúnas an 14 Meán Fómhair 2022, Google agus Alphabet v An Coimisiún, T-604/18, EU:T:2022:541, shonraigh an Chúirt Ghinearálta an méid a leanas i mír 116: ‘ in “éiceachóras” digiteach [...] na táirgí nó na seirbhísí ar cuid de na margaí ábhartha iad lena gcomhdhéantar an t-éiceachóras sin, d’fhéadfadh forluí a bheith eatarthu nó d’fhéadfaidís a bheith nasctha le chéile ar bhonn a gcomhlántachta cothrománaí nó ingearaí. Tógtha le chéile, d’fhéadfadh gné dhomhanda a bheith ag na margaí ábhartha freisin i bhfianaise an chórais lena dtugtar a chomhpháirteanna le chéile agus aon srian iomaíochta laistigh den chóras sin nó ó chórais eile.’ Sampla d’éiceachóras digiteach ba ea éiceachóras táirgí atá tógtha timpeall ar chóras oibriúcháin móibíleach, lena n-áirítear crua-earraí, aipmhargadh agus feidhmchláir bogearraí.

(143)  Féach an cás AT.40099 – Google Android, mír 299, maidir leis an sainiú ar an margadh le haghaidh aipmhargaí inar tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh ann do na coinníollacha chun margadh córais a shainiú lena gcuimsítear aipmhargaí agus córais oibriúcháin mhóibíleacha chliste.

(144)  Féach, mar shampla, breithiúnas an 9 Iúil 2007, Sun Chemical Group agus Eile v an Coimisiún, T-282/06, EU:T:2007:203, mír 140 agus breithiúnas an 6 Iúil 2010, Ryanair v an Coimisiún, T-342/07, AE:T:2010:280, mír 42.

(145)  Féach, mar shampla, na Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha, ranna III agus IV. Féach freisin na Treoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe cothrománacha comhair, e.g. mír 236.

(146)  Tagraíonn díolacháin na gceannaithe do dhíolacháin le tríú páirtithe seachas díolacháin inghrúpa.

(147)  De ghnáth, ríomhtar sciartha acmhainneachta nó táirgeachta thar na soláthróirí atá lonnaithe sa limistéar a chumhdaítear leis an margadh geografach.

(148)  Féach, mar shampla, an cás M.8674 BASF/Gnólacht Polaimíde Solvay, mír 455(b), a bhaineann leis an slabhra luacha polaiméire níolóin, an cás M.7744 HeidelbergCement/Italcementi, mír 61, i gcomhchruinniú lena mbaineann an margadh le haghaidh stroighin liath agus an cás M.4000 Inco/Falconbridge, míreanna 315ff, i gcomhchruinniú lena mbaineann an margadh le haghaidh nicile. Féach freisin, mar shampla, an cás M.8713 Tata Steel/ThyssenKrupp/JV, míreanna 474 go 481, agus an breithiúnas an 22 Meitheamh 2022 Thyssenkrupp v An Coimisiún, T-584/19, EU:T:2022:386, mír 591.

(149)  Féach, mar shampla, an cás M.8134 Siemens/Gamesa, míreanna 75-80, ina mínítear go raibh an líon conarthaí a dámhadh le haghaidh tuirbíní gaoithe ina mhéadracht níos ábhartha sa chás sin ná bonn suiteáilte na dtuirbíní gaoithe, de bharr aga moille idir dámhachtain agus suiteáil.

(150)  Féach, mar shampla, an cás M.7217 Facebook/WhatsApp, míreanna 95-98.

(151)  Féach, mar shampla, an cás AT.39740 – Google Search (Shopping), míreanna 273-284.

(152)  Féach, mar shampla, an cás M.9064 Telia Company/Bonnier Broadcasting Holding i ndáil leis an margadh le haghaidh soláthar mórdhíola na gcainéal teilifíse Saorchraolta agus bunphá, fonótaí 315, 316, 324, 327, 333 agus 339.

(153)  Féach, mar shampla, an cás AT.40099 Google Android, míreanna 591 go 593.

(154)  Féach, mar shampla, M.10262 Facebook/Kustomer, míreanna 176 go 179, i ndáil leis an margadh le haghaidh seirbhísí cumarsáide B2C.

(155)  Féach, mar shampla, an cás M.4439 Ryanair/Aer Lingus, míreanna 340 go 347); an cás M.8869 Ryanair/LaudaMotion, míreanna 303 go 306 agus an cás M.9287 Connect Airways/Flybe, míreanna 447 go 453.

(156)  Féach, mar shampla, an cás M.4000 Inco/Falconbridge, míreanna 490 go 494 agus an cás M.8713 Tata Steel/ThyssenKrupp/JV, míreanna 472 go 481.

(157)  Féach, mar shampla, an cás M.7932 Dow/DuPont, Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gcinneadh, agus an cás M.8084 Bayer/Monsanto, míreanna 1153ff.

(158)  Féach freisin mír 43.

(159)  Mar shampla, i gcásanna a bhaineann le dáileadh miondíola earraí tomhaltais laethúla, áirítear gach díolachán a dhéanann na hasraonta miondíola ábhartha atá lonnaithe sna margaí ábhartha agus sciartha den mhargadh á ríomh. Féach, mar shampla, an cás M.8468 Norgesgruppen/Axfood/Eurocash, míreanna 32ff.

(160)  Mar shampla, is féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar dhéine na hiomaíochta idir gnóthais tríd an anailís aige a dhíriú ar sciartha deighleoige na ngnóthas, ar chosúlacht na bpraghsanna agus ar thosca eile atá ábhartha don iomaíocht nó ar bhearta inionadaitheachta idir táirgí éagsúla, amhail malartú breathnaithe agus bearta gaolmhara amhail cóimheasa atreoraithe nó leaisteachais éilimh mheasta. Féach, mar shampla, an cás M.5658 Unilever/Sara Lee, inar chinn an Coimisiún go raibh difreáil shuntasach sa mhargadh le haghaidh díbholaíoch agus ina ndearna sé measúnú cainníochtúil ar éifeachtaí praghais dóchúla bunaithe ar leaisteachais éilimh mheasta mar chuid dá mheasúnú iomaíoch.

(161)  Féach, mar shampla, an cás M.9409 Aurubis/Metallo Group Holding, míreanna 227 agus 468, inar chinn an Coimisiún go raibh an margadh ábhartha le haghaidh fuíoll copair lena bhruithniú agus lena scagadh iontach difreáilte, go háirithe ó thaobh comhdhéanamh agus tionscnamh ábhair, agus go raibh deighleoga iomadúla sa mhargadh sin. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar sciartha den mhargadh le haghaidh na ndeighleog sonrach sin chun measúnú a dhéanamh ar a dhlúithe a chuaigh na páirtithe a bhí ag cumasc le chéile in iomaíocht le chéile agus lena n-iomaitheoirí.

(162)  Féach, mar shampla, M.7278 General Electric/Alstom (Cumhacht Theirmeach – Gnólacht Cumhachta Inathnuaite & Eangaí), mír 426.

(163)  Mar shampla, iomaíocht idir soláthraithe táirgí lipéid phríobháidigh, nach ndifreáiltear, féadfar í a ghabháil ar bhealach níos fearr faoi threoir sciartha méid. Féach, mar shampla, an cás M.9413 Lactalis/Nuova Castelli, mír 137.

(164)  Samplaí de thréimhsí tagartha níos faide de bharr éileamh cnapánach, is féidir teacht orthu i margaí tairisceana. Féach, mar shampla, an cás M.7278 General Electric/Alstom (Cumhacht Theirmeach – Gnólacht Cumhachta Inathnuaite & Eangaí), míreanna 420-422, inar ríomhadh sciartha den mhargadh ar feadh tréimhse 5 bliana agus 10 mbliana. Sa chás M.8677 Siemens/Alstom, mír 141, baineadh úsáid as tréimhse thagartha 10 mbliana, agus sna cásanna M.9343 Hyundai Heavy Industries Holdings/Daewoo Shipbuilding & Marine Engineering, míreanna 362ff, agus M.10078 Cargotec/Konecranes, mír 533, baineadh úsáid as tréimhse thagartha aon bhliain déag a bhí roinnte ina fothréimhsí éagsúla. Úsáideadh roinnt blianta de shonraí le haghaidh tréimhsí tagartha níos giorra (is é sin séasúir) mar shampla i gcásanna a bhain le haerlínte; féach, mar shampla, an cás M.8869 Ryanair/Laudamotion, mír 304.

(165)  Féach, mar shampla, an cás M.9674 Vodafone Italia/TIM/INWIT JV, míreanna 81 agus 147, inar ríomhadh agus inar measadh sciartha den mhargadh le haghaidh an mhargaidh chun seirbhísí fáilteachais a sholáthar d’oibreoirí líonraí soghluaiste le haghaidh na mblianta 2017-2027, is é sin le rá, roinnt blianta amach anseo san áireamh. Féach freisin, mar shampla, an cás M.10534 Traton/Aktiebolaget Volvo/Daimler Truck/JV, míreanna 106 go 109 agus 118 go 120, ina ndearna an Coimisiún measúnú ar chruthú comhfhiontair sa mhargadh nua atá ag teacht chun cinn le haghaidh réitigh luchtaithe phoiblí i gcás trucailí agus cóistí tromshaothair ceallra-leictreacha agus ina ndearna sé measúnú ar sciartha den mhargadh atá tuartha sna blianta amach romhainn.

(166)   IO C 372, 9.12.1997, lch. 5.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1645/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)