|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1599 |
15.2.2024 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(C/2024/1599)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’
Uimh. AE: TGFC-CY-02762 — 5.3.2021
ATFC () TGFC (X)
1. Ainm nó ainmneacha [ATFC nó TGFC]
‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’
2. Ballstát nó Tríú Tír
An Chipir
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia
3.1. An cineál táirge
Aicme 2.5. Pasta
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is cineál pasta iad ‘Τερτζιελούθκια/Tertziellouthkia’ a dhéantar trí sheimilín cruithneachta dúraim a mheascadh le huisce agus/nó le cineál eile plúir amhail plúr tíre agus/nó plúr caiscín, le seimilín, uisce agus salann. Is iad seo a leanas na méideanna a úsáidtear chun 1 chileagram (+/-10 %) de ‘Τερτζιελούθκια/Tertziellouthkia’ a dhéanamh ina bhfoirm dheiridh (i.e. triomaithe):
|
— |
thart ar 1 chileagram de phlúr cruithneachta dúraim agus/nó cineál eile plúir amhail plúr tíre agus/nó plúr caiscín le seimilín, uisce agus salann; |
|
— |
thart ar ½ lítear d’uisce; |
|
— |
1 ghráinne (thart ar ¼ spúnóg tae) salainn. |
Saintréithe fisiceacha
Cruth: de ghnáth cruinn nó ubhchruthach, agus poll sa lár
Trastomhas: 1 cm go 2 cm ag an bpointe is leithne (cruinn nó ubhchruthach)
Tiús: 0,3 cm go 0,7 cm (ag an bpointe is tibhe)
Dath: neasbhán
Uigeacht: beagáinín garbh agus crua
Saintréithe ceimiceacha (táirge triomaithe)
Cion taise: níos lú ná 12 %
Carbaihiodráití: 60-80 %
Salann: suas le 1 %.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
---
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
|
— |
Meascadh na n-amhábhar agus ullmhú an taois |
|
— |
Gearradh an taois agus múnlú gach píosa de |
|
— |
Triomú (más infheidhme) |
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Cibé acu triomaithe nó úr, pacáiltear ‘Τερτούθκια/Tertziellouthkia’ i bpacáistíocht thrédhearcach. Ligeann an pacáistiú don tomhaltóir na gnéithe a fheiceáil a léiríonn go bhfuil an táirge lámhdhéanta, go háirithe a chruth agus a uigeacht.
Ní mór an táirge a phacáistiú agus a lipéadú laistigh den limistéar geografach sainithe, ar mhaithe le dea-inrianaitheacht agus chun nach ndéantar damáiste dó. Dá n-iomprófaí an táirge lasmuigh den limistéar táirgthe lena phacáistiú, mhéadófaí an dóchúlacht go ndéanfaí damáiste, agus go mbeadh drochthionchar aige sin ar an gcáilíocht, toisc go mbeadh baol ann go mbrúfaí nó go mbrisfí an táirge.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór na focail ‘χειροποίητα υμαρικά’ [cheiropoíita zymariká] a bheith ar an bpacáistiú, rud a chiallaíonn ‘pasta lámhdhéanta’.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is é Poblacht iomlán na Cipire an limistéar geografach sainithe.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Is iad saintréithe sonracha an táirge, amhail a chruth, a mhéid agus a uigeacht, atá mar thoradh ar shaineolas agus ar oilteacht na dtáirgeoirí, agus ar an gcáil atá bainte amach aige thar na blianta, na forais le hiarratas a dhéanamh chun an t-ainm ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ a chlárú. Go háirithe, tagann ainm an táirge óna chruth, atá cosúil le fáinne beag, nó ‘ tertziélli ’. Ní hiad saintréithe ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ amháin, ar saintréithe is cruthúnas ar scil a dtáirgeoirí iad, is cúis leis an gcáil atá orthu, ach simplíocht a gcomhábhar freisin agus an bealach a chuirtear ar bord iad, nithe lenar bunaíodh iad mar mhias a bhaineann leis an troscadh. Is céim thábhachtach sa phróiseas táirgthe é ligean don taos suí ar feadh tamaill, rud a chuireann le sainiúlacht an táirge freisin. Braitheann leaisteachas an taois ar an méid ama a ligtear don taos suí, rud a bhfuil ról lárnach aige sa phróiseas táirgthe agus rud a fhágann gur féidir cruth na ‘ερτζιελλούθκια/Tertziellouthkia’ a mhúnlú agus a mbíonn a n-uigeacht beagán garbh mar thoradh air.
Oibrítear píosaí beaga taois de láimh chun cruth sorcóireach a fháil cosúil le corda beag. Oibrítear foircinn gach corda go healaíonta lena chéile chun na ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ a chruthú. D’fhéadfadh an cruth a bheith éagsúil ag brath ar an limistéar ina ndéantar an táirge. Déantar na ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ a mhúnlú ina bhfáinní chun an triomú a éascú agus a dhéanamh níos tapúla. A bhuí le taithí agus scil na dtáirgeoirí, tá na píosaí ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ beagnach ar aon mhéid, in ainneoin go ndéantar iad ina n-aonar de láimh, agus in ainneoin go bhfuil uigeacht shainiúil beagán garbh ar an dromchla acu. Tá an pointe ag a bhfuil dhá cheann an taois ceangailte lena chéile sainiúil ina thaobh freisin agus tá sé sin le sonrú go soiléir freisin, agus léirítear leis sin go bhfuil na ‘Tερτζιελλούθκια/Tertziellouthkia’ déanta de láimh. Ní mór dhá cheann an taois a cheangal ar an mbealach ceart ionas nach dtiocfaidh siad as a chéile nuair a bhíonn an táirge bruite agus á chur ar bord.
Tá an próiseas triomaithe ag brath freisin ar ealaín agus ar scil na dtáirgeoirí. Ní mór na ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ úra a chur ar mhogalra triomaithe nó i gciseáin sa chaoi is nach ndéanann siad tadhall lena chéile. Ligeann sé sin do thriomú is fearr is féidir agus go haonfhoirmeach. Beidh a fhios ag gach táirgeoir ó thaithí nuair a bheidh an táirge réidh. Chun a chinneadh an bhfuil an táirge tirim go leor, seiceálann an táirgeoir (a) nach bhfuil aon ghreamaitheacht le brath ar an dromchla agus (b) an fhuaim a dhéanann na píosaí nuair a chroitear iad agus nuair a bhuaileann siad in aghaidh a chéile.
Go traidisiúnta, cuireadh ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ ar bord le haghaidh troscaí agus féastaí, chomh maith le himeachtaí sóisialta ar nós póstaí. Cuirtear ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ ar bord ar bhealach ar leith. Sula gcuirtear ar bord iad, bruitear iad in uisce agus síoróip charúib, síoróip fíonchaor nó mil agus, de réir roinnt foinsí, tá gach seans ann gur tháinig siad anuas chugainn ó mhias ársa na Gréige ar a dtugtar plytos artos, nó ‘arán bruite’.
Chomh maith lena dtraidisiún seanbhunaithe agus a gcáil mar tháirge agus mar mhias áitiúil de chuid na Cipire a bhaineann leis an troscadh, de réir a chéile tá ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ ag éirí níos coitianta san aiste bia nua-aimseartha, agus bíonn siad i gcónaí le feiceáil ar mhargaí áitiúla a dhíolann táirgí na Cipire. Mar sin féin, tá a gcáil ag scaipeadh níos faide ná an Chipir freisin, mar thoradh ar iad a bheith á gcur i láthair ar chláir chócaireachta teilifíse thar lear, ar nós an chláir aitheanta ar theilifís na Gréigis POP Mageiriki [Cócaireacht ATFC], a chuireann táirgí ATFC agus TGFC chun cinn. Rinne Comhlachas Chócairí/Ghastranamaithe na Cipire cur síos ar ullmhú ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ san iris Gastronomika Nea [Nuacht Ghastranamaíochta] in 2017, sa cholún speisialta faoi ‘Traidisiún’. Bíonn an táirge le feiceáil freisin ar shuíomhanna gréasáin cócaireachta agus ar aipeanna ar nós cookpad, mar a mínítear ní hamháin conas a ullmhaítear é, ach cuirtear bealaí éagsúla chun é a chur ar bord ar fáil freisin. I measc na bhféilte áitiúla ina gcuirtear gastranamaíocht agus traidisiún os comhair an phobail (an Fhéile ‘ Michani tou Gronou III ’ [Meaisín Ama III] – Bardas Aglantzia agus Ionad Óige Aglantzia), tá taispeántais ar an gcaoi a n-ullmhaítear ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ agus tairgtear samplaí do dhaoine saor in aisce. Thuairiscigh foilseacháin maidir le Féile Gastranamaíochta Oirthear Chalkidiki 2019 go raibh an-tóir ar tháirgí traidisiúnta na Cipire, lena n-áirítear tertziellouthkia a gcuirtear síoróip charúib leo. Bronnadh an lipéad ‘Taste Cyprus/Delightful Journeys’ [Blas na Cipire/Aistear Aoibhinn] ar ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ le haghaidh bia na Cipire agus tá siad ar cheann de na táirgí atá ar taispeáint ag Féile an Traidisiúin agus an Chultúir, a bunaíodh in 2004 agus a reáchtáiltear i bpobal éagsúil faoin tuath sa Chipir gach bliain. Rinneadh cur síos ar ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ mar ‘phasta traidisiúnta sainiúil lámhdhéanta’ le linn imeachtaí speisialta a eagraítear chun pasta na Cipire a cheiliúradh amhail ‘ Kyriakes stin Ypaithro ’ [An Domhnach faoin tuath], a chuirtear chun cinn ar na meáin leictreonacha ar nós Skala Times. Tá ‘Τερτζιελλούθκια / Tertziellouthkia’ le feiceáil go feiceálach freisin sna meáin chlóite agus leictreonacha ina ndéantar taifeadadh ar ghastranamaíocht thraidisiúnta na Cipire agus ina ndéantar í a chur chun cinn. Ina measc sin tá Gastronomikos Chartis tis Kyprou [Léarscáil Cócaireachta na Cipire], Gastronomia en Kypro [Gastranamaíocht sa Chipir], Paradosiaka zimomata tis Kyprou [Táirgí traidisiúnta taois na Cipire] (2003), agus Músaem Fíorúil Ghastranamaíocht agus Bia na Cipire.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
http://www.moa.gov.cy/moa/da/da.nsf/All/82B33F7D83ABF5A8C225879C00346BA5?OpenDocument
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1599/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)