European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1576

5.3.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Creat beartais an Aontais um aistriú cóir a chur chun cinn: cad iad na bearta atá riachtanach?

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Beilge)

(C/2024/1576)

Rapóirtéir:

Rudy DE LEEUW

Comhrapóirtéir:

Arnold PUECH d’ALISSAC

Comhairliúchán

Litir ó Uachtaránacht na Beilge ar an gComhairle feasta, 10.7.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

22.11.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.12.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

583

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

188/8/6

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Arna iarraidh d’Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, leagfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa amach sa tústuairim seo na sé phríomhghné de Chreat Beartais um Aistriú Cóir (JTPF), creat lena ngabhann bearta nithiúla gearrthéarmacha agus fadtéarmacha.

1.2.

Cuireann CESE i bhfios gur cheart tús áite a thabhairt don aistriú cóir ar chlár oibre polaitiúil an chéad reachtais AE eile, agus gur cheart é a chumhdach in institiúidí uile an Aontais trí chur chuige trasearnála a bheidh iomlánaíoch comhleanúnach. Molann sé gníomhaíochtaí nithiúla a cheapadh sa chéad tréimhse reachtais eile, ‘Clár Oibre 2050 AE’ a ullmhú agus a ghlacadh, mar shampla, sin agus Coimisinéir um Aistriú Cóir a cheapadh, chomh maith le Faireachlann um Aistriú Cóir a chur ar bun.

1.3.

Creideann CESE gur ar phrionsabail na hinbhuanaitheachta comhshaoil ba cheart do JTPF a bheith bunaithe, ar an gceart chun saol cuibhiúil a chaitheamh agus ar luachanna sóisialta a chosaint, agus gur cheart é a bheith d’aidhm aige geilleagar inbhuanaithe a chur chun cinn lena bhforáiltear do leas gach duine ar chlár na cruinne, lena n-áirítear trí straitéis forbartha inbhuanaithe chuimsitheach 2050 de chuid an Aontais agus trí athchóirithe riachtanacha ar an Seimeastar Eorpach.

1.4.

Creideann CESE gur cheart do JTPF samhail shóisialta na hEorpa a chaomhnú agus a fhorbairt a thuilleadh, mar shampla trí Threoir Eorpach maidir leis an Aistriú Cóir a chruthú, agus na Ballstáit a spreagadh chun a gcóras leasa shóisialta a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go ndéanfar tairbhí an aistrithe ghlais a roinnt go cothrom agus chun seirbhísí leasa ghinearálta a ráthú, seirbhísí inacmhainne inrochtana ar ardcháilíocht.

1.5.

Tá CESE deimhin de gur cheart JTPF a fhorbairt agus a chur chun feidhme trí idirphlé sóisialta fóinteach, trí chómhargáil, trí idirphlé sibhialta agus trí rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach agus áitiúil. Molann CESE pleananna um aistriú cóir a fhorbairt ar gach leibhéal, mar aon leis na hoibrithe a chosaint agus a oiliúint.

1.6.

Cuireann CESE i bhfios gur cheart beartais de chuid an Aontais a bheith ag gabháil le JTPF, bearta a chuirfidh ar chumas gnólachtaí agus fiontar a bheith oilte chun iomaíochta ar bhealach atá cóir agus cothrom, iad a bheith inbhuanaithe, iad a bheith níos láidre agus níos athléimní, sin agus a gcion féin a dhéanamh chun aistriú cóir a áirithiú a bheidh dírithe ar na daoine, aistriú a chosnóidh an dúlra agus an comhshaol freisin, aistriú a bheidh de réir na ndálaí áitiúla, aistriú a dhéanfaidh deiseanna a thapú.

1.7.

Tá CESE deimhin de go bhfuil an infheistíocht leordhóthanach san aistriú cóir ríthábhachtach chun JTPF a bhaint amach agus molann sé féachaint an bhféadfaí riail óir agus coinníollachtaí sóisialta agus comhshaoil a bheith ann le haghaidh infheistíochta, chomh maith leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis Eorpach a athchóiriú chun faireachán, comhordú agus éascú a dhéanamh ar an gcaiteachas agus ar na hathchóirithe is gá chun an sprioc maidir le haistriú cóir a bhaint amach.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Creideann CESE gur cheart tús áite a thabhairt d’aistriú cóir ar chlár oibre polaitiúil na chéad tréimhse reachtaí AE eile. Dá bhrí sin, molann sé Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh as tús áite a thabhairt d’aistriú cóir. Feictear dó freisin go bhfuil deis ann na smaointe agus na tograí a leagtar amach i dtuairimí ábhartha CESE a thabhairt chun cinn, ‘An t-aistriú i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe don Eoraip — straitéis do 2050’, mar shampla, sin agus ‘Gan aon duine a fhágáil chun deiridh agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe á chur chun feidhme’.

2.2.

Is díol sásaimh do CESE an iarraidh ó Uachtaránacht na Beilge tústuairim ó CESE maidir le Creat Beartais um Aistriú Cóir (JTPF) a bhunú a fhéadfaidh sochaí agus geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a chothú faoi 2050 (1), é inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, é neamhthocsaineach agus lánchiorclach, gan na deiseanna socheacnamaíocha atá ag réigiúin agus daoine leochaileacha a chur i mbaol a thuilleadh. Leagtar amach sa téacs seo na sé phríomhghné de chreat den sórt sin agus moltar bearta nithiúla i gcás gach birt díobh, rud a bheidh le ceapadh agus le cur chun feidhme ar na leibhéil iomchuí agus le lánurraim do roinnt na n-inniúlachtaí agus do phrionsabal na coimhdeachta.

2.3.

Measann CESE nach bhfuil i dtionscnaimh reatha an Aontais maidir le haistriú cóir ach aguisíní fáin le bearta aeráide agus comhshaoil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (CGE) agus cuireann sé i bhfios go láidir nach féidir ‘Comhaontú Glas’ a bheith ann gan ‘Comhaontú Sóisialta’ comhtháite (2). Cé go moltar do na Ballstáit, mar shampla, leis an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht na haeráide (3) a áirithiú, bearta comhleanúnacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme mar chuid de phacáistí beartais le haghaidh aistriú cóir, ní leor na gníomhaíochtaí a rinneadh go dtí seo chun creat beartais cuimsitheach comhordaithe a chur ar fáil don Aontas a d’fhéadfadh freagairt don dúshlán ollmhór.

2.4.

Tá CESE deimhin de gur cheart gurbh é misean JTPF trí ní a áirithiú do gach duine san Aontas in aimsir na ngéarchéimeanna a thagann in aon ráig amháin: a leas féin, dea-cháilíocht saoil agus todhchaí inbhuanaithe. Ba cheart dó rannchuidiú go comhuaineach leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus le cosaint agus athbhunú an chomhshaoil a chur chun cinn, le ceartas sóisialta agus urraim do chearta bunúsacha an duine a fheabhsú, agus leis an mbochtaineacht, neamhionannais shóisialta agus eacnamaíocha, gach cineál idirdhealaithe a chomhrac mar aon le cumasc de na cineálacha idirdhealaithe sin. Ba cheart an t-aistriú a bheith cóir don tsochaí uile, lena n-áirítear na hoibrithe, lucht fiontair agus na tomhaltóirí.

2.5.

Creideann CESE gur cheart é a bheith de chuspóir ag JTPF cur chun feidhme iomlán Chomhaontú Pháras (4), Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (5) agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (6), Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Straitéis Iomaíochais Fhadtéarmaigh a chur i bhfeidhm ina n-iomláine (7). Faoi Threoirlínte tríchodacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), rud a aithnítear go hidirnáisiúnta i réimse an aistrithe chóir (8), ba cheart roghanna sonracha a chur ar fáil chun JTPF a fhoirmliú, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh air. Molann CESE fós aird ar leith a thabhairt ar chearta na nglún atá le teacht, mar a shonraítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (9).

3.   Tá cur chuige iomlánaíoch, comhordaithe agus comhtháite beartais i gcroílár JTPF

3.1.

Creideann CESE gur cheart do JTPF réamhbhreathnaitheach aistriú cóir a chumhdach in institiúidí uile an Aontais agus comhleanúnachas beartais a fheabhsú i réimsí éagsúla beartais, cuspóirí soiléire intomhaiste a leagan síos, agus a áirithiú go bhfuil beartais uile an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir trasearnálach maidir leis an aistriú cóir. Ba cheart dó cur chuige comhtháite a ghlacadh ar fud na ngnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta, agus ó phunann go chéile agus ó earnáil go chéile. Ba cheart do JTPF aistrithe agus treochtaí eile atá ann a chur san áireamh freisin, an t-aistriú digiteach, mar shampla, sin agus athruithe déimeagrafacha agus forbairtí geopholaitiúla. Ba cheart dó oiriúnú do chomhthéacsanna agus do dhúshláin shonracha a cheadú seachas cur chuige ‘an ceap a dhéanfaidh na seacht mbróg déag’ a ghlacadh.

Tograí:

Gné shóisialta a thabhairt isteach d’obair na bhFaireachlann Aeráide agus Faireachlann AE um Aistriú Cóir a bhunú a bheidh freagrach as taighde, bailiú sonraí, faireachán ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus Scórchlár um Aistriú Cóir a fhorbairt ina leagfar amach modheolaíochtaí, spriocanna agus próisis faireacháin bunaithe ar shraith prionsabal a comhaontaíodh. Ba cheart don Fhaireachlann measúnú a dhéanamh ar thionchair inmheánacha agus sheachtracha agus iad a réamh-mheas agus faireachán a dhéanamh ar phróisis agus ar straitéisí um aistriú cóir trí úsáid a bhaint as sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla. Ba cheart dó taighde agus faireachán a dhéanamh ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i ngach céim den aistriú agus faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir le huimhreacha iomarcaíochta agus aistrithe, athoiliúint agus uimhreacha printíseachta, cistiú poiblí, agus faireachán, forfheidhmiú agus torthaí teagmhas.

Cur chuige uile-rialtais a ghlacadh sna hinstitiúidí, lena n-áirítear cuspóirí agus prionsabail JTPF a chomhtháthú i gclár oibre na n-aireachtaí ábhartha, na nArd-Stiúrthóireachtaí agus foirmíochtaí na Comhairle, agus comhordú níos fearr eatarthu a chur chun cinn, lena n-áirítear faireachán agus meastóireacht chomhpháirteach ar bheartais agus ar ghníomhaíochtaí trí mheithleacha, cruinnithe comhpháirteacha na Comhairle, etc., faoi threoir na bhfíricí agus na bhfigiúirí arna soláthar ag an bhFaireachlann um Aistriú Cóir.

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh agus an Coimisinéir um an gComhaontú Glas don Eoraip mar Choimisinéir um Aistriú Cóir a cheapadh, agus sainordú aige nó aici aistriú cóir a chur chun feidhme i gcomhordú agus i ndlúthchomhar le hArd-Stiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin Eorpaigh, agus le foirmíochtaí de chuid na Comhairle, an Seimeastar Eorpach ina measc. I bParlaimint na hEorpa, rapóirtéir buan a cheapadh i dtaobh leis an aistriú cóir le hoibleagáidí tuairiscithe agus aistriú cóir a chomhtháthú i ngach coiste agus comhad.

Athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide (10), sin agus dlí aeráide na hEorpa, chun cur chuige córasach i leith idirphlé rialachais il-leibhéil a chumasú agus chun comhtháthú breithnithe a bhaineann le haistriú cóir a éascú i bpleanáil agus i bpróisis bheartais aeráide agus fuinnimh, mar aon le gach réimse beartais eile, lena n-áirítear an Comhbheartas Talmhaíochta.

Comhtháthú beartas a áirithiú ó thaobh chaidreamh idirnáisiúnta an Aontais de chun na tairbhí a bhaineann le JTPF a fheabhsú agus chun teorainn a chur leis na hualaí a ghabhann le JTPF do thríú tíortha, trí chomhpháirtíochtaí agus trí chomhaontuithe idirnáisiúnta a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh a mbeidh cur chuige bunaithe ar chearta an duine mar bhonn taca leo (11).

4.   Cumasaíonn JTPF geilleagar inbhuanaithe a chuireann folláine ar fáil do chách laistigh de theorainneacha an phláinéid

4.1.

D’iarr CESE straitéis chuimsitheach maidir le forbairt inbhuanaithe i roinnt tuairimí eile roimhe seo. Áirítear orthu sin na tuairimí maidir le Straitéis do 2050 (12) agus gan aon duine a fhágáil chun deiridh (13). Ba cheart JTPF a bheith bunaithe ar na prionsabail chéanna a bhfuil Straitéis an Aontais i gcomhair 2050 bunaithe orthu eadhon prionsabail inbhuanaitheacht an chomhshaoil, ar an gceart ar shaol chuibhiúil agus ar chosaint na luachanna sóisialta (14). Is catalaíoch é an geilleagar i dtaca leis sin.

4.2.

Cuireann CESE in iúl gur cheart don Aontas príomhstraitéis a cheapadh agus a chur chun feidhme le go bhféadfar deireadh a chur go tapa leis an ngeilleagar iontaise bunaithe ar eastóscadh síorleanúnach na n-acmhainní ábhartha finideacha, comhtháthú níos fearr a chur chun cinn idir Ballstáit agus réigiúin an Aontais, athléimneacht eacnamaíoch a neartú agus an infheistíocht ollmhór phoiblí agus phríobháideach is gá a éascú chun aistriú cóir a bhaint amach. Ní mór do JTPF rannchuidiú leis na cuspóirí sin, inter alia, trí ghníomhaíochtaí an gheilleagair chiorclaigh agus dhícharbónaithe a chur chun cinn e.g. athúsáid, deisiú agus athchúrsáil i gcomhréir le hordlathas dramhaíola an Aontais (15), agus ba cheart go mbeadh gach earnáil den gheilleagar faoin raon feidhme atá aige, na cinn is déine ó thaobh carbóin de ar dtús.

Tograí:

An Comhaontú Glas don Eoraip a neartú chun feabhas a chur ar aistriú cóir (16) agus chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach air le straitéis chuimsitheach AE maidir le forbairt inbhuanaithe a chuimseoidh an Comhaontú Glas agus Sóisialta leis an aistriú glas riachtanach a thuar, a phleanáil agus a chur chun feidhme ar bhealach cóir cothrom, leis an leas is fearr is féidir a bhaint as tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta an aistrithe agus lena n-áiritheofar go roinnfear na ranníocaíochtaí is gá ar fud na sochaí go cothrom san am céanna.

Cur chun feidhme ghnéithe comhshaoil agus sóisialta an tSeimeastair Eorpaigh a neartú trí choinníollachtaí sóisialta agus comhshaoil a fhiosrú, trína áirithiú go dtabharfar an aird chuí ar na trí ghné sna moltaí tírshonracha, agus trí fheabhas a chur ar an Scórchlár Sóisialta chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

·

Athchóiriú ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis chun faireachán, comhordú agus éascú a dhéanamh ar an gcaiteachas agus ar na hathchóirithe is gá chun cuspóir an aistrithe chóir a bhaint amach, lena n-áirítear féidearthacht eile mar atá ‘riail óir le haghaidh infheistíochta’ (17) a thabhairt isteach chun go mbeidh na Ballstáit in ann acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun tacú le haistriú cóir agus chun spriocanna an Aontais a bhaint amach (18).

Ag cur leis an tógáil a rinne Comhairle an Aontais Eorpaigh, féachaint an bhféadfaí ‘Creat um Chóineasú Sóisialta’ a thabhairt isteach sa Seimeastar Eorpach, creat a bheadh dírithe ar chóineasú sóisialta aníos a chur chun cinn agus tosaíochtaí sóisialta a shaothrú, atá scríofa i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, faoi mar a d’athdhearbhaigh Cinn Stáit agus Rialtais an Aontais i nDearbhú Porto 2021 (19).

·

Straitéis uaillmhianach AE a ghlacadh chun acmhainní a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus chun an t-éileamh ar fhuinneamh agus ar acmhainní ábhartha eile a laghdú trí éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta leordhóthanachta a chur chun cinn, rud lena n-áiritheofar nach mbeidh tionchar díréireach aige sin ar dhaoine atá ar ioncam íseal agus ar meánioncam.

Na Ballstáit a spreagadh chun cleachtais maidir le buiséadú glas a ghlacadh, lena n-áirítear treochláir chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha do bhreoslaí iontaise, rud a chruthóidh spás fioscach breá chun tacú le daoine a bhfuil bochtanas fuinnimh orthu agus le daoine atá ar ioncam íseal go háirithe.

·

Forbairt straitéisí láidre náisiúnta a spreagadh lena ndírítear ar thimpeallacht chumasúcháin a chruthú don gheilleagar sóisialta sna Ballstáit, riachtanais airgeadais ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta nach bhfuiltear ag freastal orthu a scaoileadh agus tacú leis an aistriú i dtreo tomhaltas atá níos freagraí ó thaobh an chomhshaoil de, agus níos freagraí ar bhonn sóisialta, dámhachtain na gconarthaí poiblí san áireamh.

5.   Samhail Shóisialta Eorpach agus córais leasa na mBallstát, sin iad is cnámh droma do JTPF

5.1.

Tá CESE deimhin de gur ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta an aistrithe ghlais ionas gur maith a éireoidh leis agus ionas go mbeidh sé i gcomhréir le luachanna agus cuspóirí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart do JTPF an tsamhail shóisialta Eorpach a chaomhnú agus a fhorbairt a thuilleadh, samhail a chuirfidh an ceartas sóisialta, an comhionannas, an cuimsiú agus an neamh-idirdhealú chun cinn san Aontas.

Tograí:

Na Ballstáit a spreagadh chun an moladh ón gComhairle a chur chun feidhme ina iomláine maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (20).

·

Taighde neamhspleách a dhéanamh chun feabhas a chur ar an eolas faoi na deiseanna agus na dúshláin atá ag gabháil leis an aistriú glas, agus sonraí inchomparáide ar fud an Aontais a bhailiú agus rannchuidiú lena bhforbairt i dtaca le riachtanais daoine leochaileacha i limistéir lena mbaineann beartais maidir leis an aistriú glas — iompar, tithíocht, soláthar fuinnimh, tomhaltas teaghlaigh, bainistiú dramhaíola, an margadh saothair, oideachas, rochtain ar an idirlíon, forbairt uirbeach agus tuaithe, etc.

·

Tabhairt faoi mheasúnuithe tionchair chun na tionchair shóisialta, dáileacháin, sláinte agus fostaíochta is dócha a bheidh ag an ngníomhú ar son na haeráide agus ag neamhghníomhaíocht araon a thomhas go críochnúil.

·

Cur chuige trasnach agus íogair ar inscne a ghlacadh maidir le ceapadh beartais agus anailís, agus aird ar na cineálacha trasnacha idirdhealaithe a bhíonn le sárú ag daoine ar bhonn eitneach agus cine; stádas imirceach nó dídeanaí; cúlra socheacnamaíoch; claonadh gnéis; reiligiún; aois; cumas; inscne, etc., rudaí a fhágann gur leochaileach dóibh i bhfianaise ghéarchéim na haeráide agus an aistrithe ghlais.

Rannpháirtíocht fhiúntach na ndaoine atá i lúba na bochtaineachta leis an eisiamh sóisialta a áirithiú, lena n-áirítear grúpaí mionlaigh, i gceapadh, i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht na mbeartas agus na straitéisí um aistriú cóir.

5.2.

Cuireann CESE i bhfios gur cheart do JTPF cuidiú le hathruithe a bhaineann leis an aistriú glas agus le saol na hoibre a réamh-mheas agus a bhainistiú, agus poist chuibhiúla, fhónta, inbhuanaithe, chuimsitheacha, shábháilte agus ar ardcháilíocht a chumasú a mbeidh rochtain ag cách orthu go geografach agus go praiticiúil. Thairis sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun na córais leasa a thabhairt cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha an lae inniu agus chun a áirithiú go ndéanfar costais agus tairbhí an aistrithe ghlais a roinnt go cothrom.

Tograí:

Treoir Eorpach a bhunú maidir le haistriú cóir shaol na hoibre trí athrú a réamh-mheas agus a bhainistiú, agus an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a bheith mar phrionsabail phríomha.

·

Mapáil chuimsitheach fostaíochta a dhéanamh ar leibhéal NUTS 3 lena dtacaítear le straitéisí um aistriú cóir agus lena mapáiltear fostaíocht reatha, próifílí post agus scileanna, caillteanais post a d’fhéadfadh a bheith ann agus cruthú fostaíochta lena n-áirítear próifílí nua post agus scileanna;

Tacú le beartais ghníomhacha a chur ar bun maidir leis an margadh saothair, lena n-áirítear bainc fostaíochta, cúnamh sóisialta agus cláir Ráthaíochta maidir le Poist, chun fostaíocht ardcháilíochta, dálaí oibre agus deiseanna athoiliúna a chur chun cinn.

·

Na Ballstáit a spreagadh chun aistriú oibrithe a d’fhéadfadh a bheith an-leochaileach don aistriú a éascú agus a áirithiú go bhfaighidh na hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht mar thoradh ar an aistriú sochair dífhostaíochta tacaíocht leordhóthanach le cuardach poist agus le hathcháiliú.

An ról a aithint a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí cúraim, cuir i gcás, go háirithe obair tí, an geilleagar neamhfhoirmiúil, an geilleagar sóisialta, obair ardáin, obair gan doiciméid agus obair sna príosúin mar chuid d’aistriú cóir.

·

Faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chórais cosanta sóisialta d’fhonn a gcuid leordhóthanachta a áirithiú, go háirithe i gcás oibrithe leochaileacha atá i mbaol na bochtaineachta nó atá ag maireachtáil i lúba na bochtaineachta.

Córais cosanta sóisialta a neartú trí bhíthin taighde ar chláir nuálacha mar aon le bearta náisiúnta, an chómhargáil, mar shampla, sin agus pá íosta leordhóthanach, an rochtain ar chosaint shóisialta do chách, cláir shóisialta do dhaoine dífhostaithe, agus tuilleadh seifteanna nach iad.

Féachaint an bhféadfaí tionscnaimh a fhorbairt atá cosúil leis an Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) le haghaidh na n-earnálacha is mó a ndéantar difear dóibh.

An margadh saothair a chur in oiriúint do riachtanais shonracha oibrithe faoi mhíbhuntáiste trí thacú le Fiontair Shóisialta maidir le Lánpháirtiú na hOibre agus trí thionscnaimh mar na Criosanna Dífhostaíochta Nialasacha a mhéadú, lena n-áirithítear gur ar bhonn deonach a bheidh an rannpháirtíocht i gcláir dá leithéid sin gan aon iarmhairtí diúltacha.

A áirithiú go n-oibreoidh údaráis náisiúnta le soláthraithe neamhbhrabúis agus le soláthraithe seirbhíse sóisialta eile chun teaghlaigh leochaileacha agus daoine aonair leochaileacha a shainaithint agus chun tacú leo agus chun rochtain a fháil ar bhearta sealadacha mar éiceadhearbháin, tacaíocht ioncaim dhíreach, etc.

5.3.

Tá CESE ag iarraidh an athuair go mbeadh rochtain chomhionann ag cách ar oiliúint, oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán le haghaidh obair nua, le haghaidh obair atá ann cheana agus a bheidh ann arís, agus le haghaidh rannpháirtíocht dhaonlathach agus saoránacht ghníomhach. Á aithint dó go bhfuil gá ní hamháin le lucht saothair oilte ach le saoránacht ghníomhach chun an inbhuanaitheacht a thabhairt ar an saol, tá CESE ag iarraidh go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ann i leith tosaíochtaí foghlama ar feadh an tsaoil (21), lena gcuimseofar an dea-bhail, an inbhuanaitheacht agus oideachas saoránachta in éineacht leis an bhfostaíocht, agus lena n-aithnítear gur príomhuirlisí iad an t-oideachas saoránachta domhanda agus an t-oideachas don inbhuanaitheacht chun aistriú cóir a chur chun cinn.

Tograí:

Aghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna in earnálacha criticiúla agus a áirithiú go mbeidh scéimeanna foghlama, uas-scilithe agus athscilithe inrochtana do gach aoisghrúpa, cúlra agus stádas fostaíochta, agus go gcuirfear riachtanais mhargadh an tsaothair san áireamh sna próisis sin, go gcomhléireoidh na foghlaimeoirí iad, go ndéanfar iad a chomhordú leis na comhpháirtithe sóisialta agus, i gcás inarb iomchuí, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí nach iad.

Comhpháirtíochtaí scileanna ar scála mór a spreagadh ar na leibhéil iomchuí idir údaráis phoiblí, soláthraithe oideachais, lucht tionscail agus comhpháirtithe sóisialta, Comhshocrú an Aontais do Scileanna (22), cuir i gcás, chun scileanna a mhapáil agus faisnéis scileanna a fhorbairt chun tacú le straitéisí um aistriú cóir.

Na cláir oibre scileanna agus oideachais a chomhtháthú agus an Clár Oibre Scileanna don Eoraip a leathnú leis na príomhinniúlachtaí a thabhairt faoina scáth.

Na Ballstáit a spreagadh chun córas cúitimh atá bunaithe ar scileanna a thabhairt isteach le haghaidh cuideachtaí a bhfuil rochtain acu ar chistí poiblí d’oibrithe uas-scilithe, i gcomhaontú leis na comhpháirtithe sóisialta, agus a áirithiú go gcuideoidh na samhlacha maoinithe atá ann faoi láthair le hoiliúint don aistriú glas, na Cuntais Foghlama Aonair, cuir i gcás, sin agus scéimeanna saoire oiliúna íoctha.

Curaclaim oideachais (23) agus gairmoideachas agus gairmoiliúint a thabhairt cothrom le dáta maille leis na nithe seo a leanas a dhéanamh níos tarraingtí: scileanna don aistriú glas (24), an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic a dhéanamh níos tarraingtí, saothar láimhe agus printíseachtaí ar bhealach atá freagrúil ó thaobh inscne de, agus athléimneacht na gcóras oideachais agus oiliúna á háirithiú san am céanna.

Aitheantas a thabhairt do scileanna agus do cháilíocht na ndídeanaithe agus na n-imirceach.

Infheistiú san fhoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil agus treoirlínte agus na creataí straitéiseacha atá ann a chur chun cinn chun inniúlachtaí idirdhisciplíneacha a aithint agus a bhailíochtú, agus tacaíocht á tabhairt san am céanna d’oideoirí agus do sholáthraithe foghlama le cistiú leordhóthanach agus deiseanna forbartha gairmiúla.

Na creataí inniúlachta atá ann ar leibhéal an Aontais – e.g. na creataí LifeComp (25) agus GreenComp (26), agus na Príomhinniúlachtaí don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil – a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach, le tacaíocht ó chistiú leormhaith; thairis sin, faireachán a dhéanamh ar na próisis sin trí ionstraimí mar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus aon obair leantach eile.

5.4.

Ós gá athruithe tapa a dhéanamh ar ár gcórais fuinnimh, soghluaisteachta, cumarsáide agus eile chun aistriú cóir a bhaint amach, leagann CESE béim ar an ngá atá ann do na rialtais infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar inbhuanaithe slán, agus rochtain a chur ar fáil ar sheirbhísí leasa ghinearálta atá ar ardchaighdeán, inacmhainne, inrochtana atá eagraithe agus cistithe go maith.

Tograí:

·

Dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear trí chreataí reachtacha an Aontais maidir le húinéireacht phoiblí agus geallsealbhóirí agus pobail fuinnimh a thrasuí ar bhealach níos fearr.

·

Dlús a chur leis an tuile athchóirithe maille le haird ar leith ar theaghlaigh agus ar thionóntaí atá ar ioncam íseal, e.g. trí dheontais gan aisíoc, sin agus rátaí úis iomaíocha chun tacú le hathchóiriú an stoic tithíochta. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhealach leordhóthanach ar an riosca don tionónta atá in athchóiriú an árais agus ar an méadú atá ar luach an chíosa.

·

Córais iompair phoiblí atá éifeachtúil, ilmhódach agus inacmhainne a neartú le hinfheistíocht mhéadaithe i mbonneagar lán-chomhtháite, i rothstoc agus pearsanra, agus sin a dhéanamh trí chomhordú fonáisiúnta, náisiúnta agus idirnáisiúnta ar bhealach níos fearr (27).

6.   Is iad an t-idirphlé sóisialta, an t-idirphlé sibhialta agus rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach an bhunchloch chun JTPF a bhaint amach.

6.1.

Creideann CESE go daingean nach n-éireoidh leis an aistriú glas ach amháin má bhíonn tacaíocht ann dó i measc na n-oibrithe agus na bhfostóirí go forleathan, sin agus i measc daoine aonair agus sa tsochaí shibhialta i gcoitinne, agus creideann sé nach mór na daoine féin a bheith mar chuid de dhearadh agus d’fhíorú an aistrithe chóir. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht ionadaithe na n-oibrithe agus na gceardchumann in oirchill agus i mbainistiú inbhuanaithe sóisialta an dúnta thionsclaíoch agus an chlaochlaithe thionsclaíoch i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, agus cuireann sé i bhfios go láidir ról agus freagracht na bhfostóirí, na bhfiontraithe agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí maidir le haistriú cóir a chur chun cinn agus leas a bhaint as (28), mar shampla trí athsciliú agus uas-sciliú oibrithe agus trí thacaíocht d’éagsúlú FBManna.

6.2.

Dá bhrí sin, is éard a mheasann CESE gur cheart do JTPF forbairt agus cur chun feidhme pleananna um aistriú cóir a chothú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, earnála agus cuideachta agus a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta (ionadaithe na bainistíochta agus na n-aontas saothair) rannpháirteach go luath agus go héifeachtach sa phlé maidir leis an aistriú glas (29). Ní mór é sin a dhéanamh trí idirphlé sóisialta neartaithe (30)agus trí chórais chómhargála (31) agus próisis daonlathais san ionad oibre san Aontas agus sna Ballstáit, agus ar an leibhéal domhanda, trí struchtúir agus scéimeanna atá ann a chur chun feidhme agus a neartú le haghaidh na caibidlíochta nó b’fhéidir trí struchtúir agus scéimeanna nua a chruthú i gcás nach ann dóibh fós, agus ar choinníoll go n-iarrfaidh na páirtithe sóisialta d’aon fhonn iad; agus é sin ar fad a bheith i gcomhréir le rialacha agus cleachtais náisiúnta agus leis an urraim chuí do shaintréithe na gcóras náisiúnta um chaidreamh tionsclaíoch agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

Tograí:

·

Neartú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gceart bunúsach atá ag an lucht oibre chun ceardchumainn a chur ar bun agus a bheith gníomhach iontu gan díoltas a tharraingt orthu féin, sin agus an ceart chun cómhargála, lena n-áirítear sna hearnálacha glasa atá ag teacht chun cinn.

Gníomhaithe gnó agus cuideachtaí príobháideacha a spreagadh agus tacú leo chun pleananna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha le haghaidh aistriú cóir ar leibhéal na cuideachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, tríd an idirphlé sóisialta. Ba cheart é sin a dhéanamh sa bhreis ar phleananna dícharbónaithe iarbhír a fhorbairt, agus é mar aidhm an t-athrú a thuar agus a bhainistiú ar an leibhéal sin agus bonn eolais a chur faoi phleananna earnála agus náisiúnta, trí fhaisnéis chuí, trí chomhairliúchán cuí agus trí rannpháirtíocht chuí oibrithe, i gcomhréir leis na rialacha agus na cleachtais is infheidhme, agus trí oiliúint, ath-sciliú agus uas-sciliú oibrithe. Ba cheart riachtanais fhadtéarmacha fostaíochta agus scileanna a chur san áireamh agus, i gcás inar gá, ba cheart socrúcháin inmheánacha, socrúcháin sheachtracha nó bearta tacaíochta eile a thabhairt i gceist.

·

Forbairt comhaontuithe fadtéarmacha um aistriú cóir a spreagadh ar an leibhéal críochach chun limistéir lena mbaineann athbheochan na gcomhaontuithe sin faoi thionchar geallsealbhóirí éagsúla lena n-áirítear riaracháin phoiblí, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, agus é mar aidhm éiceachórais thionsclaíocha nua a chur chun cinn ar bhealach cothrom, agus stair áitiúil, cultúr, mianta agus deiseanna á gcur san áireamh.

·

Na Ballstáit a spreagadh chun Coimisiúin um Aistriú Cóir (32) a chruthú ionas go mbeidh na húdaráis réigiúnacha, na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta in ann páirt a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, i bhforbairt, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán pleananna náisiúnta agus réigiúnacha um aistriú cóir.

·

Caibidlíocht maidir le bearta cosanta sóisialta a éascú san idirphlé sóisialta, chun tacú le hoibrithe atá iomarcach mar thoradh ar an aistriú.

Idirphlé sóisialta a spreagadh maidir le saincheisteanna mar oiliúint, agus socruithe a bhaineann le ham agus acmhainní airgeadais, a théann chun tairbhe do na hoibrithe.

6.3.

Chomh maith le rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta, cuireann CESE in iúl gur cheart JTPF a cheapadh agus a chur chun feidhme trí shamhail chuimsitheach dhaonlathach den rialachas il-leibhéil, lena n-áiritheofar idirphlé sibhialta leormhaith agus eolach agus riachtanais na ngrúpaí imeallaithe san áireamh. Aithníonn CESE freisin a thábhachtaí atá rannpháirtíocht ghníomhach fheasach na riarachán poiblí réigiúnach agus áitiúil, ar an leibhéal rialtais is gaire do na pobail agus do na hearnálacha fostaíochta, agus a thábhachtaí atá a chuid rannpháirtíochta leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta, le daoine aonair agus le pobail áitiúla a leathnú.

Tograí:

Tacú le cur chun feidhme an idirphlé shibhialta le haghaidh ceapadh beartais, ag díriú ar an bhfothú acmhainneachta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe a phríomhshruthú ag gach céim den timthriall beartais, agus cuimsiú agus for-rochtain grúpaí imeallaithe agus gann-ionadaithe a chur san áireamh, agus ar shásraí leantacha agus cuntasachta a chur chun feidhme.

Próisis rannpháirtíochta poiblí a bhunú trína mbíonn geallsealbhóirí áitiúla mar an tsochaí shibhialta agus pobail áitiúla, a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh, dá éagsúla iad lena chéile, rannpháirteach sa chinnteoireacht, agus an comhar idir an tsochaí shibhialta agus an earnáil phoiblí a chothú a thuilleadh.

Rannpháirtíocht shibhialta ón mbun aníos a spreagadh, buiséadú na rannpháirtíochta, mar shampla, sin agus tionóil saoránach, comhairlí fuinnimh don óige, etc., rudaí is ionadaíocht ar gach uile mhíle chineál duine agus aird a thabhairt ar chur chuige inscní agus frithchiníoch.

Creat rialachais an tSásra um Aistriú Cóir a neartú chun rannpháirtíocht chuimsitheach na ngeallsealbhóirí uile sa Chiste um Aistriú Cóir a áirithiú, agus chun an Comhshocrú Aeráide Eorpach a fhorbairt a thuilleadh chun daonlathas rannpháirteach fóinteach a chruthú sa ghníomhú ar son na haeráide.

Machnamh a dhéanamh ar shimpliú ar an bpróiseas chun tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a thíolacadh lena dhéanamh níos éifeachtaí.

Cistiú don tsochaí shibhialta a dhéanamh inbhuanaithe, fadtéarmach agus solúbtha i dtéarmaí rialacha agus nósanna imeachta ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus oscailteacht an spáis shibhialta a ráthú chun obair na sochaí sibhialta a éascú agus a spreagadh.

Oibriú le bardais ar thionscadail áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh trí thairiscintí um aistriú cóir chun gníomhaíochtaí a fhorbairt mar thurasóireacht inbhuanaithe, athshlánú agus athrú cuspóra a dhéanamh ar limistéir mhianadóireachta agus thionsclaíocha agus ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite.

Dea-chleachtais a chur ar fáil d’údaráis bhardasacha agus réigiúnacha maidir le conas páirt a ghlacadh i bpróisis aistrithe chóir agus acmhainní forbartha acmhainní agus airgeadais a thabhairt dóibh chun sin a chur i gcrích.

Úinéireacht phoiblí ar na Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir a chothú.

7.   Is réamhriachtanas iad gnólachtaí inbhuanaithe láidre athléimneacha i gcomhair fheidhmiú JTPF

7.1.

Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag tionscail agus fiontair, idir chuideachtaí móra agus MFBManna, chomharchumainn agus ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta, san aistriú cóir, ós rud é go bhfuil an t-aistriú á dhéanamh acu ina gcuid oibríochtaí féin, agus iad ag rannchuidiú san am céanna le haistriú gníomhaithe eile, trí phoist ardcháilíochta a chruthú, réitigh aeráide agus chomhshaoil a chur ar fáil agus cuidiú le réigiúin agus le pobail áitiúla forbairt agus rath a dhéanamh. Is mian le CESE a chur i bhfáth gur cheart creat beartais de chuid Aontais a bheith ag gabháil le JTPF, creat a chuirfidh ar chumas gnólachtaí agus fiontar a bheith níos láidre agus níos athléimní, sin agus a gcion féin a dhéanamh chun aistriú cóir a áirithiú a bheidh dírithe ar na daoine, aistriú a bheidh de réir na ndálaí áitiúla, aistriú a dhéanfaidh deiseanna a thapú.

Tograí:

Feabhas a chur ar rochtain fhiontair an Aontais ar fhuinneamh slán agus in-athnuaite agus ar úsáid chiorclach an tsoláthair amhábhar, agus dáileadh cothrom acmhainní, aistrithe córa domhanda agus riachtanais na nglún atá le teacht á n-áirithiú san am céanna. Ina theannta sin, dícharbónú, ciorclaíocht agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní na ngnólachtaí i ngach earnáil a chur chun cinn, ní hamháin na hearnálacha nó na teicneolaíochtaí sin a bhfuil lipéad ‘glas’ nó ‘glan’ orthu.

Beartas an Aontais maidir le sceitheadh carbóin amhail SCCT a fhiosrú agus a fhorbairt d’fhonn na hearnálacha ábhartha uile atá ríthábhachtach do neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais agus d’fheidhmeanna riachtanacha na sochaí a chumhdach, agus a áirithiú san am céanna nach ionann sin agus an chaomhnaitheacht, go háirithe i gcás na dtíortha atá i mbéal forbartha.

Laistigh den Aontas, an margadh aonair agus a fheidhmiú cuí a neartú ó thaobh trádáil táirgí, teicneolaíochtaí agus seirbhísí de, táirgí, teicneolaíochtaí agus seirbhísí a chuireann a gcomaoin féin ar an aistriú glas agus a chuireann dlús leis dá réir; lasmuigh den Aontas, deiseanna easpórtála a chur chun cinn i gcomhair fhiontair an Aontais chun táirgí agus réitigh inbhuanaithe a chur ar fáil do mhargaí domhanda agus an rannchuidiú a dhéanann siad le cláir chomhpháirtíochta an Aontais le tíortha i mbéal forbartha a éascú.

A áirithiú go mbeidh sé ar chumas na ngnólachtaí a bheith láidir athléimneach ach creat beartais agus rialála atá cobhsaí, intuartha agus fadtéarmach a bheith ann. Ba cheart gurbh é toradh a bheadh ar chreat dá leithéid cothrom na Féinne a thabhairt d’fhiontair an Aontais laistigh den mhargadh aonair agus i ndáil lena n-iomaitheoirí idirnáisiúnta, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar shlándáil eacnamaíoch, athléimneacht agus ceannasacht an Aontais.

Treochláir a fhorbairt le haghaidh earnálacha agus gnólachtaí chun dícharbónú a dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht ‘Oiriúnach do 55’ agus leis an sprioc aeráide a bheidh ann amach anseo do 2040, agus na huirlisí beartais tionsclaíochta iomchuí a leagan amach chun tionscal agus gnólachtaí a chosaint ar sceitheadh carbóin agus infheistíochta, rud a bheidh faoi réir pleananna dícharbónaithe agus pleananna um aistriú cóir cuideachtaí.

Tacaíocht phoiblí a chur ar fáil chun fiontair agus eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta a mhéadú go suntasach, agus tionscnaimh faoi stiúir an phobail a dhíríonn ar spriocanna sóisialta agus ar chosaint an chomhshaoil ar bhealach atá cóir.

Feabhas a chur ar infhaighteacht na seirbhísí comhairleacha iomchuí agus ardán comhair do MFBManna, lena n-áirítear comharchumainn agus fiontair an gheilleagair shóisialta, chun cabhrú leo freagairt do dhúshláin an dá aistriú, ó thaobh oibríochtaí laethúla, nuálaíochta agus forbairt scileanna de (33).

8.   Tá infheistíocht leordhóthanach san aistriú cóir ríthábhachtach chun JTPF a bhaint amach

8.1.

Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart acmhainní airgeadais leordhóthanacha a bheith mar thaca ag JTPF, lena gcuirfí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon ar fáil agus lena ndéanfaí costais agus tairbhí an aistrithe a athdháileadh go cothrom. Is uirlis luachmhar é an Sásra um Aistriú Cóir (34) chun aistriú cóir a fheabhsú agus a bhainistiú ar an leibhéal réigiúnach agus ar na leibhéil earnála. Mar sin féin, tá sé teoranta ó thaobh méide agus raon feidhme de agus ní thugtar aghaidh ann ach ar chuid bheag den phróiseas aistrithe. Tá an Ciste Aeráide Sóisialta (35) ag féachaint le cosc a chur ar éifeachtaí dáileacháin cúlchéimnitheacha an Chórais Trádála Astaíochtaí 2 (ETS 2) ar fhoirgnimh agus ar iompar de bhóthar, ach is amhlaidh nach bhfuil na méideanna i gcomhréir leis na riachtanais ar chor ar bith.

Tograí:

Straitéis chistiúcháin an Aontais a bhunú le haghaidh aistriú cóir a chuireann leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó chistí an Aontais atá ann faoi láthair, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), agus lena réiteofar an bealach chun an t-aistriú glas a chistiú go cuí ar bhealach atá cóir go sóisialta, ar aon dul le NextGenerationEU atá ceannródaíoch. Leis an straitéis cistiúcháin AE sin, ní mór a áirithiú go mbeidh cistí AE atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriú cóir ar fáil tar éis dheireadh an chistithe téarnaimh in 2026 agus gur leor an cistiú chun sprioc nua 2040 maidir le hastaíochtaí de chuid an Aontais a bhaint amach.

Tacú le hathbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, rud a mhol an Coimisiún Eorpach cheana, chun níos mó solúbthachta a chur i mbuiséad an Aontais ós amhlaidh a bheidh sé faoi bhrú de bharr na ngéarchéimeanna iomadúla.

Cistiú an tSásra agus an Chiste um Aistriú Cóir a mhéadú, agus é a leathnú chuig réigiúin agus earnálacha eile, agus tús áite á thabhairt do na cinn is truaillithe a sainaithníodh ar bhonn measúnú tionchair críochnúil ar sprioc aeráide 2040 an Aontais, agus ar bhonn treochláir earnála um aistriú agus dícharbónú.

Maoiniú faoin gCiste Aeráide Sóisialta a mhéadú agus sciar níos substaintiúla den ioncam ó phraghsanna carbóin a thabhairt do theaghlaigh.

A áirithiú gur rud é cistiú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) mar aon le hionstraimí eile a thugann tacaíocht do chuspóirí aistrithe atá cothrom agus cóir.

A áirithiú go ndéanfar measúnú leordhóthanach sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide nuashonraithe ar an mbearna chaiteachais le haghaidh aistriú cóir, sin agus go dtabharfar aghaidh iontu ar bhealaí maithe chun é a dhúnadh, mapáil a dhéanamh ar gach fóirdheontas breosla iontaise (sainráite agus intuigthe) agus plean faoi cheangal ama a áireamh chun iad a chéimniú amach ar bhealach atá cóir go sóisialta, chun acmhainní poiblí a shaoradh le haghaidh aistriú cóir.

Comhleanúnachas agus sineirgí a áirithiú idir sásraí cistiúcháin éagsúla, mar shampla NextGenerationEU/RRF, CSE+ agus cistí comhtháthaithe, agus cistí AE an bheartais infheistíochta glas agus sóisialta is gá le haghaidh aistriú cóir a éascú, faireachán agus comhordú a dhéanamh air, agus cóineasú idir na Ballstáit á chur chun cinn ag an am céanna.

A áirithiú go mbeidh an chéad ghlúin eile de chistí an bheartais comhtháthaithe á dtreorú ag prionsabail an aistrithe chóir agus bunaithe ar anailís mhionsonraithe ar leochaileachtaí réimsí éagsúla na hEorpa i leith an aistrithe ghlais.

Faireachán a dhéanamh agus tosaíocht a thabhairt chun a áirithiú go dtéann úsáid chistí an Aontais agus cistí náisiúnta chun tairbhe dóibh siúd is mó atá i ngátar, trí bhearta spriocdhírithe do dhaoine leochaileacha.

Cur chun feidhme cuí an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a áirithiú i mbeartais aeráide agus chomhshaoil.

Cur chun feidhme rialacha maidir le Státchabhair agus soláthar poiblí a ailíniú le cuspóirí an aistrithe chóir agus a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le rochtain ar chistiú poiblí sna Ballstáit agus gur cheart cuideachtaí nach gcomhlíonann oibleagáidí cánach, reachtaíocht chomhshaoil agus saothair a eisiamh ó rochtain ar chistiú poiblí (36).

A áirithiú go laghdófar an neamhionannas leis an gcánachas agus go dtreorófar agus go spreagfar gnólachtaí agus daoine aonair chun bearta a dhéanamh a chuirfidh leis an aistriú glas.

De bhrí a thábhachtaí atá nuálaíocht theicneolaíoch agus shóisialta i gcomhair an aistrithe chóir, rud lena n-áirithítear dianinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa taighde agus sa nuálaíocht, bonneagair éifeachtacha Taighde, Forbartha agus Nualaíochta (TFN) agus éiceachórais nuálaíochta san áireamh a bhfuil baint ag tionscnaimh ó na saoránaigh ar an leibhéal áitiúil, gnólachtaí, ceardchumainn, ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde leo, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile.

An Bhruiséil, 14 Nollaig 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  https://www.europarl.europa.eu/news/en/headlines/society/20210128STO96607/how-the-eu-wants-to-achieve-a-circular-economy-by-2050

(2)  Tuairim ó CESE Ní bheidh aon Chomhaontú Glas ann gan Comhaontú Sóisialta, (IO C 341, 24.8.2021, lch. 23).

(3)   IO C 243, 27.6.2022, lch. 35.

(4)  https://unfccc.int/sites/default/files/resource/parisagreement_publication.pdf

(5)  https://sdgs.un.org/2030agenda

(6)  https://international-partnerships.ec.europa.eu/policies/sustainable-development-goals_en

(7)  https://commission.europa.eu/document/af444130-5a3e-44f2-bea6-5b9ddcb46012_en

(8)  https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/@ed_emp/@emp_ent/documents/publication/wcms_432859.pdf

(9)   IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

(10)  https://eur-lex.europa.eu/EN/legal-content/summary/governance-of-the-energy-union.html

(11)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le creat nua le haghaidh comhaontuithe saorthrádála, comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche agus comhaontuithe infheistíochta lena ráthaítear fíor-rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus lena n-áirithítear feasacht an phobail (tuairim féintionscnaimh) (IO C 290, 29.7.2022, lch. 11).

(12)   IO C 81, 2.3.2018, lch. 44.

(13)   IO C 47, 11.2.2020, lch. 30;

(14)  Tuairim ó CESE The sustainable economy we need [An Geilleagar Inbhuanaithe atá de Dhíth orainn] (IO C 106, 31.3.2020, lch. 1).

(15)  https://environment.ec.europa.eu/topics/waste-and-recycling/waste-framework-directive_en

(16)  Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Beart a dhéanamh as lámh a chéile in aghaidh bagairt eiseach — na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta ar son cur chun feidhme gníomhaíochta uaillmhianaí i gcomhair na haeráide (IO C 75, 28.02.2023, lch. 1).

(17)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — reshaping the EU fiscal framework for a sustainable recovery and a just transition [Athstruchtúrú chreat fioscach an Aontais le haghaidh téarnamh inbhuanaithe agus aistriú cóir] (IO C 105, 4.3.2022, lch. 11).

(18)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle — Treoirlínte do Bheartais Fostaíochta na mBallstát (IO C, C/2023/870, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/870/oj).

(19)  https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2021/05/08/the-porto-declaration/

(20)   IO C 243, 27.6.2022, lch. 35.

(21)   IO C 286, 16.7.2021, lch. 27.

(22)  https://pact-for-skills.ec.europa.eu/index_en

(23)   IO C 228, 5.7.2019, lch. 16.

(24)   IO C 486, 21.12.2022, lch. 161.

(25)  https://joint-research-centre.ec.europa.eu/lifecomp_en

(26)  https://joint-research-centre.ec.europa.eu/greencomp-european-sustainability-competence-framework_en

(27)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le tábhacht an iompair phoiblí do théarnamh glas na hEorpa (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.2.2023, lch. 115).

(28)   IO C 56, 16.2.2021, lch. 10.

(29)  https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/---ed_norm/---relconf/documents/meetingdocument/wcms_886647.pdf

(30)  https://www.europarl.europa.eu/factsheets/en/sheet/58/social-dialogue

(31)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An chómhargáil ghlas: dea-chleachtais agus an bealach chun cinn (tústuairim) (IO C 293, 18.8.2023, lch. 27).

(32)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: ‘Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality [An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach] [COM(2021) 550 final] (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 275, 18.7.2022, lch. 101).

(33)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), fiontair an gheilleagair shóisialta, lucht ceardaíochta agus na gairmeacha liobrálacha – an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (IO C 486, 21.12.2022, lch. 1).

(34)   IO C 311, 18.9.2020, lch. 55.

(35)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 158.

(36)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle — Treoirlínte do Bheartais Fostaíochta na mBallstát (IO C, C/2023/870), 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/870/oj).


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

Arna chur síos ag

DANISMAN Mira-Maria

MINCHEVA Mariya

PUECH d’ALISSAC Arnold

PUXEU ROCAMORA Josep

SCHWENG Christa

SVENTEK David

Pointe 5.2

Le leasú mar a leanas:

An tuairim ón rannóg

Leasú

Cuireann CESE i bhfios gur cheart do JTPF cuidiú le hathruithe a bhaineann leis an aistriú glas agus le saol na hoibre a réamh-mheas agus a bhainistiú, agus poist chuibhiúla, fhónta, inbhuanaithe, chuimsitheacha, shábháilte agus ar ardcháilíocht a chumasú a mbeidh rochtain ag cách orthu go geografach agus go praiticiúil. Thairis sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun na córais leasa a thabhairt cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha an lae inniu agus chun a áirithiú go ndéanfar costais agus tairbhí an aistrithe ghlais a roinnt go cothrom. Tograí:

Treoir Eorpach a bhunú maidir le haistriú cóir shaol na hoibre trí athrú a réamh-mheas agus a bhainistiú, agus an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a bheith mar phrionsabail phríomha.

[…]

Cuireann CESE i bhfios gur cheart do JTPF cuidiú le hathruithe a bhaineann leis an aistriú glas agus le saol na hoibre a réamh-mheas agus a bhainistiú, agus poist chuibhiúla, fhónta, inbhuanaithe, chuimsitheacha, shábháilte agus ar ardcháilíocht a chumasú a mbeidh rochtain ag cách orthu go geografach agus go praiticiúil. Thairis sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun na córais leasa a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá sin d’fhonn a gcuid inbhuanaitheachta a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha an lae inniu agus chun a áirithiú go ndéanfar costais agus tairbhí an aistrithe ghlais a roinnt go cothrom. Tograí:

Táthar ann sa CESE atá ag iarraidh go mbunófaí Treoir Eorpach maidir le haistriú cóir shaol na hoibre trí athrú a réamh-mheas agus a bhainistiú, agus an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a bheith mar phrionsabail phríomha , ach táthar ann freisin nach bhfuil ar son Treoir den chineál sin a bhunú .

[…]

LEASÚ 2

Arna chur síos ag

DANISMAN Mira-Maria

MINCHEVA Mariya

PUECH d’ALISSAC Arnold

PUXEU ROCAMORA Josep

SCHWENG Christa

SVENTEK David

Pointe 1.4

Le leasú mar a leanas:

An tuairim ón rannóg

Leasú

Creideann CESE gur cheart do JTPF samhail shóisialta na hEorpa a chaomhnú agus a fhorbairt a thuilleadh, mar shampla trí Threoir Eorpach maidir leis an Aistriú Cóir a chruthú, agus na Ballstáit a spreagadh chun a gcóras leasa shóisialta a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go ndéanfar tairbhí an aistrithe ghlais a roinnt go cothrom agus chun seirbhísí leasa ghinearálta a ráthú, seirbhísí inacmhainne inrochtana ar ardcháilíocht.

Táthar ann sa CESE a chreideann gur cheart do JTPF samhail shóisialta na hEorpa a chaomhnú agus a fhorbairt a thuilleadh, mar shampla trí Threoir Eorpach maidir leis an Aistriú Cóir a chruthú , agus táthar ann freisin atá go mór in amhras faoin mbreisluach a bheadh ag a leithéid de Threoir arae tá éagsúlacht mhór uirlisí ann mar atá arb é an t-aistriú cóir is fócas dóibh agus is iomaí dúshlán agus comhthéacs ar leith atá ann ar an leibhéal náisiúnta . Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a gcóras leasa shóisialta a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá d’fhonn na córais sin a chur i riocht a n-inbhuanaithe agus chun a áirithiú go ndéanfar tairbhí an aistrithe ghlais a roinnt go cothrom agus chun seirbhísí leasa ghinearálta a ráthú, seirbhísí inacmhainne inrochtana ar ardcháilíocht.

An chúis leis an dá leasú

Soiléirítear sa téacs a cuireadh isteach nach é an smaoineamh céanna atá ag grúpa na bhfostóirí fad a bhaineann le treoir a chruthú maidir le haistriú cóir ar na cúiseanna seo a leanas:

Is ann cheana d’ionstraimí fadréimseacha atá dírithe ar an aistriú cóir.

I mí an Mheithimh 2022, ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le haistriú cothrom a áirithiú i dtreo na haeráidneodrachta. I gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, is é is aidhm don Mholadh sin a áirithiú gur aistriú cóir é aistriú an Aontais i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi 2050 agus nach bhfágfar aon duine ar lár leis an aistriú sin. Sa Mholadh céanna, iarrtar ar na Ballstáit, chun na críche sin, pacáistí beartas cuimsitheacha agus comhleanúnacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta de réir mar is ábhartha, agus ar an mbealach sin aghaidh a thabhairt ar ghnéithe fostaíochta agus sóisialta chun aistriú cóir a chur chun cinn sna beartais uile, go háirithe beartais aeráide, fuinnimh agus chomhshaoil, agus an úsáid is fearr a bhaint as cistiú poiblí agus príobháideach freisin. Dírítear sa Mholadh, mar shampla, ar shaincheisteanna amhail an fhostaíocht agus scileanna ar ardcháilíocht agus leagtar béim ar an ról tábhachtach atá ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le rannchuidiú le haghaidh a thabhairt, trí bhíthin an idirphlé, ar na hiarmhairtí fostaíochta agus sóisialta a bhaineann le dúshláin an aistrithe ghlais. Is éard atá beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme an Mholta i gcomhthéacs an fhaireachais iltaobhaigh sa Seimeastar Eorpach, ag tógáil ar na scórchláir agus na creataí faireacháin atá ann cheana. Cuirtear leis sin le táscairí breise i ndlúthchomhar leis na Ballstáit i gcás inar gá.

Chomh maith leis sin, tá an tsaincheist á plé ag comhlachtaí ábhartha an Aontais. Mar shampla, d’fhormhuinigh Comhairle EPSCO an 27 Samhain 2023 príomhtheachtaireachtaí an Choiste Fostaíochta agus an Choiste um Chosaint Shóisialta a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an mholta maidir leis an aistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, teachtaireachtaí inar léir go bhfuil na Ballstáit ag tabhairt faoi bhearta éagsúla atá ailínithe lena gcomhthéacs náisiúnta féin. D’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ag an treoir, go háirithe i bhfianaise an ama is gá chun í a ghlacadh agus chun í a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta.

Ina theannta sin, mar a luaitear i gClár Oibre na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais le haghaidh 2022-2024, i bhfianaise luas agus scála an chlaochlaithe i margadh an tsaothair, ní mór na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach sa phróiseas go luath agus go héifeachtach chun feasacht a mhúscailt agus réitigh a shainaithint ar féidir iad a chur in oiriúint do shainiúlachtaí earnálacha agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart ról gníomhach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta lena áirithiú go gcruthófar poist ardcháilíochta leis an aistriú cóir, a mbeidh cistiú poiblí agus infheistíochtaí poiblí iomchuí mar bhonn taca leis, agus go dtacófar le fiontair agus le hoibrithe atá ag cur iad féin in oiriúint don athrú, lena n-áirítear riachtanais nua scileanna, uas-sciliú, aistrithe ó phost go phost a eagrú agus feabhsuithe ar eagrú na hoibre. De réir an chláir oibre, déanfaidh na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais idirbheartaíocht ar chreat gníomhaíochta maidir leis an aistriú glas.

Ar deireadh, leagtar amach in acquis an Aontais sraith leathan rialacha maidir le faisnéis a thabhairt d’oibrithe agus maidir le dul i gcomhairle leo.

Toradh na vótála ar an leasú:

Ar son:

71

In aghaidh:

112

Staonadh:

17


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1576/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)