Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1572 |
5.3.2024 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Na príomhdhúshláin atá le sárú ag oileáin an Aontais, ag limistéir shléibhtiúla, agus ag limistéir inar tearc an daonra
(tuairim féintionscnaimh)
(C/2024/1572)
Rapóirtéir: |
Ioannis VARDAKASTANIS |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
An rannóg atá freagrach |
An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
15.11.2023 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
14.12.2023 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
583 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
185/0/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Bunaithe ar fhorálacha reatha reachtaíocht phríomha an Aontais (Airteagal 174 agus Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)) agus ar a léirmhíniú, is deimhin le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur ann do bhunús dlí láidir lena gceanglaítear ar an Aontas beart a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt dá chuid oileán, réigiún sléibhtiúil, agus limistéar inar tearc an daonra, faoi chuimsiú bheartas comhtháthaithe an Aontais. Ba cheart na gnéithe mionsonracha a chinneadh agus a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, ós rud é go dtagann an ghníomhaíocht chomhtháthaithe faoi réim chóras inniúlachtaí comhroinnte an Aontais (Airteagal 4, mír 2 CFAE). |
1.2. |
Dá réir sin, iarrann CESE ar institiúidí, comhlachtaí, agus Ballstáit an Aontais tosaíochtaí comhchoiteanna agus bearta arna mbunú ar mhalartaithe comhordaithe taithí agus saineolais, lena gcumhdaítear gach cineál réigiúin a luaitear in Airteagal 174 CFAE, a ionchorprú sna doiciméid ábhartha i dtaca le beartas comhtháthaithe an Aontais (e.g. páipéir bheartais náisiúnta agus réigiúnacha, doiciméid straitéiseacha, cláir, tionscadail, agus mar sin de), agus, ar an gcaoi sin, beart a dhéanamh de réir briathair. |
1.3. |
Éilíonn CESE na forálacha thuasluaite a chur i bhfeidhm ina n-iomláine le rún daingean, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar shrianta struchtúracha agus geografacha agus ar riachtanais shonracha a chuireann bac ar fhorbairt na réigiún sin. Tá gá le cur chuige saincheaptha a chuirfeadh leis an dlúthpháirtíocht chríochach ionas nach bhfágfar aon réigiún ar lár. Ón taobh sin de, is údar díomá dó nach ann do bheartas cheana féin lena dtugtar aghaidh go cuimsitheach ar chás na gcríoch atá faoi mhíbhuntáiste buan geografach, agus gur tugadh neamhaird ar shaintréithe geografacha na réigiún sin i dtuarascálacha faoin gcomhtháthú, ceann i ndiaidh a chéile. |
1.4. |
Tá CESE i bhfabhar deiseanna, réitigh, agus bearta beartais saincheaptha áitbhunaithe a fhorbairt agus cistí comhfhreagracha a chur i leataobh do na hoileáin, na réigiúin shléibhtiúla, agus na limistéir inar tearc an daonra san Aontas. Cuirfidh tionscnaimh dá leithéid sin ar chumas na réigiúin sin buntáistí a dhéanamh dá gcuid míbhuntáistí agus a gcuid acmhainní a chur chun lántairbhe trí aird a tharraingt ar an tírdhreach, an oidhreacht chultúrtha, agus na pobail sheanbhunaithe speisialta atá ann. |
1.5. |
Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfar ar na gníomhaithe uile, ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta araon, a ghabhadh orthu féin bearta a dhéanamh chun cuidiú leis na hoileáin, na réigiúin shléibhtiúla, agus na limistéir inar tearc an daonra san Aontas dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu. Chuige sin, d’fhéadfaí comhshocruithe a dhéanamh (e.g. Comhshocrú um na hOileáin, Comhshocrú um na Limistéir Shléibhtiúla, Comhshocrú um na Limistéir inar Tearc an Daonra, agus mar sin de), ar nós an Chomhshocraithe um an Tuath nó an Chomhshocraithe Uirbigh, a bhféadfaí straitéis Eorpach a cheapadh mar chuid dóibh le haghaidh gach ceann de na cineálacha réigiúin seo, agus saintréithe gach cineáil á gcur san áireamh iontu. |
1.6. |
Is é an tuairim atá ag CESE gur cheart a chur i gcroílár straitéis an Aontais i dtaca leis na trí chineál limistéir go bhfuil siad scoite ón mórthír agus ó ionaid na ngníomhaíochta eacnamaíche ina dtíortha faoi seach. Ba cheart an scoiteacht sin a aithint mar fhoinse na ndálaí buana a bhaineann leis na háiteanna atá i gceist agus is gá a chur san áireamh. |
1.7. |
Tá gá le cur chuige spriocdhírithe i gcás gach ceann de na cineálacha réigiúin seo. Molann CESE modh comhordaithe idirghníomhach a ghlacadh i dtaca le straitéisí ábhartha a dhréachtú agus a chur chun feidhme, straitéisí a dtugtar páirt iontu do gheallsealbhóirí ó earnálacha beartais éagsúla agus ó leibhéil rialachais éagsúla. D’fhágfadh a leithéid sin de chur chuige go mbeifí in ann taithí ábhartha a mhalartú agus an dea-chleachtas, an fios gnó, agus an fhianaise atá ann a roinnt agus a chur chun tairbhe, taighde agus obair anailíseach san áireamh. Leis an bpróiseas sin, ba cheart dúshláin chomhchoiteanna a thabhairt chun solais, cuspóirí a shainiú, agus bearta a mholadh mar aon leis na téarmaí dá réir a measfaí torthaí na straitéisí féin. |
1.8. |
Beidh sonraí ag teastáil ar féidir muinín a chur iontu má tá na torthaí a bhfuiltear ag súil leo le baint amach ar bhonn cruinn tráthúil éifeachtúil leis an modh atá beartaithe. Tarraingíonn CESE aird ar a laghad sonraí staidrimh agus measúnuithe tionchair ar bheartais earnálacha an Aontais atá ann i dtaca leis na trí chineál réigiúin atá i gceist (oileáin, limistéir shléibhtiúla, agus limistéir inar tearc an daonra). Tá amhras ann, dá dheasca sin, an féidir anailísí spriocdhírithe éifeachtacha a dhéanamh agus an féidir na príomheasnaimh sna réimsí sin agus na forálacha agus na bearta a theastaíonn leis na heasnaimh chéanna a leigheas a shainaithint. |
1.9. |
D’fhonn an togra a chur chun cinn a thuilleadh fós, molann CESE, i gcás gach cineáil réigiúin, trí réamhthacar saincheisteanna a chur san áireamh sna straitéisí ábhartha, is é sin saincheisteanna eacnamaíocha, saincheisteanna sóisialta, agus saincheisteanna comhshaoil a bhfuil tionchar láidir críochach acu ar gach cineál réigiúin faoi seach. |
1.10. |
Na hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna eacnamaíocha, ba cheart iad a dhíriú ar iomaíochas agus tarraingteacht na gcríoch lena mbaineann a áirithiú, agus aird á tabhairt ar aon chostas oibriúcháin breise a eascraíonn as míbhuntáistí na réigiún (an t-oileánachas, tír-raon sléibhtiúil, líon teoranta daoine), mar a fheictear iad, agus ar an ngá atá le solúbthacht níos mó i dtaca le húsáid na státchabhrach sna limistéir sin. Ba cheart an aidhm a bheith ann freisin modhanna iompair breise atá níos inbhuanaithe a thabhairt isteach d’fhonn feabhas a chur ar nascacht fhoriomlán na réigiún. I dtaca le héagsúlú gheilleagair na réigiún sin, ní hamháin idir na cineálacha difriúla réigiún ach idir réigiúin den chineál céanna freisin, ní hamhail is gur míbhuntáiste atá ann ar cheart tabhairt faoi ach amhail is gur seans atá ann borradh a chur faoi na gnólachtaí agus infheistíocht a mhealladh le haghaidh taighde, nuálaíochta, agus digiteála. |
1.11. |
Ó thaobh na saincheisteanna sóisialta de, ba cheart an dea-rialachas a neartú agus an comhtháthú sóisialta agus an fholláine shóisialta a chur chun cinn sna réigiúin sin. Chuige sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna lena n-áirítear na dúshláin dhéimeagrafacha, na riachtanais bhonneagair, seirbhísí, agus tithíochta lena mbaineann, agus a laghad deiseanna atá ann ó thaobh fostaíochta agus forbairt scileanna de, rudaí a fhágann gur deacair daoine cumasacha a mhealladh agus a choinneáil. Ba cheart meon fiontraíochta na bpobal áitiúil a spreagadh freisin, gan nósanna traidisiúnta, oidhreacht chultúrtha, ná oidhreacht teanga na réigiún a chur i mbaol, áfach. |
1.12. |
Ó thaobh na saincheisteanna comhshaoil de, ba cheart díriú ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh, rud a laghdódh a leochailí atá na réigiúin sin, agus tacaíocht a thabhairt san am céanna le gur féidir leo cuspóirí an aistrithe ghlais a chomhlíonadh agus na spriocanna i dtaca leis an dícharbónú a bhaint amach. Ba cheart tús áite a thabhairt do chaomhnú agus athshlánú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras leochaileach sna réigiúin sin, agus don tacaíocht i dtaca le haistriú cóir a dhéanamh chuig an aeráidneodracht. Sa chomhthéacs sin, tá sé riachtanach bainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar na hacmhainní nádúrtha (talamh, uisce, amhábhair, agus mar sin de) agus réitigh an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn sna réigiúin sin. |
1.13. |
Creideann CESE gur saincheist leathan an fothú acmhainneachta inbhuanaithe, i ngach ceann de na trí chineál réigiúin agus i ngach ceann de na tacair saincheisteanna thuasluaite. An sprioc chomhchoiteann na dúshláin a shainaithint ar gá d’oileáin, limistéir shléibhtiúla, agus limistéir inar tearc an daonra san Aontas aghaidh a thabhairt orthu, d’fhéadfaí an sprioc sin a bhaint amach trí bhíthin an fhothaithe acmhainneachta inbhuanaithe, rud a d’éascódh cur chuige atá i bhfeiliúint don áit agus réitigh shaincheaptha i dtaca le gnéithe difriúla, ach ar gnéithe iad atá nasctha le chéile, de na dúshláin sin. |
1.14. |
Is éard atá in CESE fóram institiúideach trínar féidir leis na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta a gcuid tuairimí a chur in iúl. Ina fhianaise sin, tá CESE go mór den tuairim gur cheart idirphlé díreach macánta a bheith mar chuid den obair seo, idirphlé a mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha páirteach ann (Ballstáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, na comhpháirtithe sóisialta, agus an pobal), de réir mar is iomchuí agus de réir a gcuid inniúlachtaí agus réimsí gníomhaíochta faoi seach, rud a mbeadh comhúinéireacht ní b’fhearr agus rannpháirtíocht ghníomhach ina dtoradh air. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Tugann CESE dá aire gur ann do bhunús dlí láidir i reachtaíocht phríomha an Aontais le haghaidh bearta Eorpacha arb é is aidhm leo comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta, agus críochach a bhaint amach idir réigiúin éagsúla den Aontas. In Airteagal 174 CFAE, sainítear mar aidhmeanna an Aontais laghdú a dhéanamh ar a) an éagothromaíocht i leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus ar b) ‘cúlmhaireacht’ na réigiún is mídheisiúla. Déantar foráil ann freisin maidir leis na ‘réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu’, mar atá na réigiúin is faide ó thuaidh inar tearc an daonra, na hoileáin, na réigiúin trasteorann, agus na réigiúin shléibhtiúla. |
2.2. |
Tá foclaíocht na bhforálacha sin léirmhínithe ag Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (1) agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (2) mar théarmaí ginearálta lena dtugtar cead forleathan don Aontas i dtaca leis na bearta is féidir leis a dhéanamh sna réimsí beartais ábhartha, i bhfianaise an liosta réigiún a tugadh nach liosta uileghabhálach é ach liosta táscach. Meastar, áfach, go bhfuil ciall shonrach leis na téarmaí ‘réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu’ i dtaca le hoileánachas, nádúr trasteorann, talamh, scoiteacht, nó dlús daonra íseal/an-íseal na réigiún sin, in áit gnéithe eile amhail tréithe eitnigh, cultúir, reiligiúin, nó teanga na réigiún, ós rud é, d’ainneoin gur féidir na gnéithe sin a bheith ina gcúis le costas ard beartaíochta nó le fadhbanna fostaíochta, gur buntáistí comparáideacha iad ó thaobh an ilteangachais de nó i dtaca lena tharraingtí atá na háiteanna lena mbaineann mar cheann scríbe turasóireachta. |
2.3. |
Síleann CESE gur foinse breá fuinnimh institiúidigh na saincheisteanna dlí sin i dtaca le beartais a bheidh éifeachtúil agus éifeachtach a ullmhú, a dhréachtú, a ghlacadh, agus a chur chun feidhme ar an leibhéal Eorpach, le haghaidh gach ceann de na trí chineál réigiúin atá luaite sa tuairim seo. |
2.4. |
I leaba an dáiríre, tá CESE den bharúil go bhfuil feidhm níos mó ná ábhar dearbhaithe i gceist le forálacha Airteagal 174 CFAE, is é sin le rá go mbaineann cumhacht rialála shuntasach leo, rud a chuireann de cheangal ar an Aontas beart a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt do na réigiúin lena mbaineann. |
2.5. |
Feictear do CESE (3), faraor, nach ndéanann na scéimeanna a glacadh agus a cuireadh chun feidhme i gcomhthéacs bheartas comhtháthaithe an Aontais réitigh chuimsitheacha a sholáthar ar na dúshláin atá roimh na réigiúin sin. |
2.6. |
Ós rud é go bhfuil beartas comhtháthaithe an Aontais ar cheann de na hinniúlachtaí comhroinnte (Airteagal 4, mír 2 CFAE) a fheidhmítear faoi phrionsabal na coimhdeachta (Airteagal 5, mír 3 CFAE), agus nár éirigh, go dtí seo, le bearta na mBallstát, molann CESE sásra tiomnaithe nua a fhorbairt i bhfoirm comhshocrú le haghaidh gach réigiúin faoi seach, cuir i gcás creat uileghabhálach le haghaidh obair ábhartha institiúidí an Aontais. Mar chuid de na comhshocruithe sin, ba cheart beartais, uirlisí, rialacháin, agus cistí a bheith ann chun tacú leis na réigiúin sin aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin chasta shonracha atá rompu faoi seach. |
2.7. |
Céim shuntasach chun tosaigh chun na críche sin is ea na príomhdhúshláin a shainaithint ar gá do na réigiúin sin dul i ngleic leo. Cé go meastar gurb ionann na míbhuntáistí struchtúracha a bhaineann leo go léir, bíodh sé sin laistigh den Bhallstát céanna nó ó Bhallstát go Ballstát, rud a éilíonn cur chuige comhtháite i leith na n-idirghabhálacha ábhartha uile, tá sé ríthábhachtach na dúshláin a imríonn tionchar ar leith ar gach cineál réigiúin faoi seach a shainaithint, d’fhonn pointí tagartha suntasacha a chur ar fáil ar féidir beartais do na réigiúin sin a bhunú orthu agus a fhorbairt. Léiriú ar an ngá atá le cur chuige difreáilte is ea na treochtaí déimeagrafacha difriúla atá ann ó limistéar go limistéar. |
2.8. |
Mar shampla, cé go bhfuil mórchuid na réigiún sléibhtiúil san Aontas (mar a bhfuil cónaí ar 13 % de dhaonra an Aontais) thíos leis an mbánú (nó beidh go luath), tá éagsúlachtaí móra le brath ó thaobh treochtaí daonra agus dlús daonra de i gcuid de na réigiúin, cuir i gcás laghdú ar an daonra in Oirdheisceart na hEorpa ach méadú ar an daonra in Iardheisceart agus Lár na hEorpa. |
2.9. |
Ó thaobh oileáin an Aontais de, áit nach bhfuil ach 4,6 % de dhaonra iomlán an Aontais ann, fuarthas amach gur tháinig méadú beag 2 % ar an daonra sa tréimhse 2016-2020. Caithfear a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil ganntanas sonraí staidrimh ábhartha ann (4). |
2.10. |
Is ionann na limistéir san Aontas inar tearc an daonra agus limistéir a bhfuil daonra íseal á gcoinneáil siar, mar is é an sainmhíniú a thugtar ar limistéar den chineál sin réigiún a bhfuil níos lú ná ochtar áitritheoirí in aghaidh an chiliméadair chearnaithe ann ar leibhéal NUTS 2 agus réigiún a bhfuil níos lú ná 12,5 áitritheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaithe ann ar leibhéal NUTS 3 (5). Ar an iomlán, is sna réigiúin is faide ó thuaidh sa tSualainn agus san Fhionlainn atá na réigiúin sin (Northern Sparsely Populated Areas a thugtar orthu, is é sin ‘na limistéir thuaisceartacha inar tearc an daonra’), ach tá roinnt cásanna tugtha faoi deara le blianta beaga anuas i réigiún na Meánmhara a bhfuil meath tagtha ar an dlús daonra iontu (6). |
2.11. |
I bhfianaise na dtreochtaí éagsúla déimeagrafacha atá ann, tá gá le cur chuige níos solúbtha do gach cineál réigiúin faoi seach, ach is gá freisin leanúint den chur chuige comhtháite a leagtar amach in Airteagal 174 CFAE. |
3. Oileáin an Aontais
3.1. |
Is é an sainmhíniú a thugann Eurostat ar an rud is oileán ann críoch a bhfuil achar dromchla 1 km2 ar a laghad inti, atá suite 1 km ar a laghad ón mórthír, a bhfuil daonra cónaitheach is mó ná 50 áitritheoir aici, nach bhfuil nasc fisiciúil buan leis an mórthír aici. Lena chois sin, áirítear na hoileáin mar réigiúin ar leibhéal NUTS 3, is cuma cé acu grúpa oileán nó críoch oileánach amháin atá ann (7). |
3.2. |
Tá a shaintréithe féin ag gach réigiún, i dtaca leis an bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta, an daonra, méid na háite, cúrsaí riaracháin, an timpeallacht nádúrtha, agus mar sin de. Ní hamháin gur ann don éagsúlacht sin ó ghrúpa oileán amháin go grúpa eile, ach freisin idir oileáin ar cuid den ghrúpa céanna iad, rud fhágann go bhfuil gá le cur chuige difreáilte, cé gur gá a chur san áireamh freisin go bhfuil cuid de na dúshláin chéanna ag baint leis an oileánachas i gcás na n-oileán go léir (8). |
3.3. |
De ghnáth, ó thaobh pleanáil beartais de, is mar ghné gheografach bhuan dho-athraithe a chaitear leis an oileánachas, ceann lena mbaineann costais bhreise (iompar, fuinneamh, bainistiú dramhaíola, seirbhísí poiblí, earraí agus seirbhísí riachtanacha) a chuireann bac ar fhorbairt agus iomaíochas na n-oileán, agus ceann a fhágann iad neamhchosanta go háirithe ar chailliúint na bithéagsúlachta agus ar an athrú aeráide (9). |
3.4. |
I dtaca leis an oileánachas a shainiú, tá trí ghné sainaitheanta ag CESE roimhe seo, mar atá, a laghad, a iargúlta, agus a leochailí atá an áit. A bhuí le hanailís SWOT a rinneadh ar na gnéithe sin, is é sin anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí, tugadh an cur síos a leanas ar an gcomhthéacs mar atá faoi láthair i gcás oileáin an Aontais. Fuarthas amach an méid seo a leanas: Láidreachtaí – cáilíocht saoil, dlús ard sócmhainní dúlra agus cultúir, agus féiniúlacht láidir chultúrtha a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinsí nua rachmais agus fostaíochta ar na hoileáin; Laigí – inrochtaineacht theoranta, líon teoranta seirbhísí leasa pobail, líon teoranta seirbhísí agus líonraí príobháideacha, ní ann do bharainneachtaí scála agus níl eagar ar na margaí; Deiseanna – an t-éileamh atá ar cháilíocht saoil mhaith, ar tháirgí bia ardcháilíochta slána, ar thurasóireacht a bhaineann le réimsí sainspéise, agus ar sheirbhísí cónaithe; Bagairtí – an t-athrú aeráide, an domhandú, géarchéimeanna eacnamaíocha, praghsanna fuinnimh atá ag dul in airde, an ganntanas uisce, díghrádú na hithreach, agus díothú na n-iasc (10). |
3.5. |
Sa chomhthéacs sin, tá cuid de na dúshláin atá roimh oileáin an Aontais sainaitheanta agus roinnte ina gcatagóirí éagsúla (féach thíos). Cé go bhfuil na catagóirí sin difriúil le chéile, is féidir go bhfuil ceangal ag gnéithe ar leith de na dúshláin sin le chéile, mar sin féin. |
3.6. |
I measc na ndúshlán eacnamaíoch, tá an gá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir an úsáid eacnamaíoch a bhaintear as acmhainní talún agus a theoranta atá líon na n-acmhainní céanna; na costais arda a bhaineann leis an infheistíocht agus an táirgeadh san earnáil tionsclaíochta de dheasca an oileánachais; éagmais na ndeiseanna tairbhe a bhaint as iarmhairt an airgeadais uirbigh; a dheacra atá sé samhail gheilleagrach na n-oileán a éagsúlú, rud a laghdaíonn iomaíochas na bhfiontar atá ann (go háirithe na FBManna); a theoranta atá an leas a bhaintear go dtí seo as an teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide agus a theoranta atá an saineolas ina taobh atá ann; an bhéim iomarcach a leagtar ar aon earnáil amháin (go hiondúil an turasóireacht, an talmhaíocht, nó an t-iascach), rud a chothaíonn an spleáchas iomarcach agus an fhostaíocht shéasúrach is cúis le hacmhainní airgeadais a bheith teoranta ó thaobh an mheáin bhliantúil de agus le forbairt na n-earnálacha is inbhuanaithe a bheith teoranta, agus acmhainneacht mhór ann láthair thástála nuálaíochta a dhéanamh de na hoileáin (mar shampla, an fuinneamh muirí in-athnuaite, an dobharshaothrú, agus mar sin de.) (11). |
3.7. |
Dúshláin na nascachta agus na hinrochtaineachta, baineann siad sin leis an ngá atá le nasc cuí dhá threo idir na hoileáin agus an mhórthír trí bhíthin córas iompair inbhuanaithe rialta ar chostas íseal; lena scoite amach atá na hoileáin ó mhargaí móra (Eorpacha agus náisiúnta) agus ó lárionaid uirbeacha (rud a mbíonn tionchar aige ar an bhfáil atá ar earraí agus seirbhísí agus ar na deiseanna atá ann an gnó a fhorbairt agus a mhéadú); le tionchar an oileánachais dhúbailte nó an oileánachais thriaraigh; agus lena laghad a chuirtear leis an táirgeadh áitiúil, rud a fhágann gur gá earraí a thabhairt isteach ón taobh amuigh (cuir i gcás bia, fuinneamh, breosla, agus tairgí cúraim sláinte, i measc nithe eile nach iad) agus a chuireann isteach ar dhálaí maireachtála, neamhspleáchas, agus slándáil na n-oileán (12). |
3.8. |
Na dúshláin ghorma, ghlasa, agus chomhshaoil, baineann siad sin le híogaireacht agus leochaileacht éiceachórais na n-oileán (rud atá ag dul in olcas de dheasca dhrochthorthaí na hathraithe aeráide, leithéidí an triomaigh, an dobharchreimthe, an tuile, shalandacht na hithreach, agus mar sin de), leis an drochthionchar a imríonn gníomhaíochtaí amhail an turasóireacht ar an timpeallacht chultúrtha agus nádúrtha (cuir i gcás an truailliú, ídiú an uisce, agus mar sin de), leis an ngá atá le dul i ngleic leis an nganntanas uisce trí sholáthairtí iomchuí uisce a chinntiú ó thaobh méid agus cáilíochta de (an t-uisce óil go háirithe), le hacmhainneacht theoranta na n-oileán (ó thaobh an spáis agus na próiseála de) líon níos mó dramhaíola a láimhseáil, agus le foinsí agus gréasáin fuinnimh laga aonaracha na n-oileán ar cúis iad leis an allmhairiú fuinnimh agus le húsáid na mbreoslaí iontaise in áit roghanna atá níos glaise agus níos inbhuanaithe (13). |
3.9. |
Na dúshláin shóisialta atá ann, baineann siad sin leis an gcothromas sóisialta a bhaint amach, is é sin tithíocht inacmhainne, seirbhísí poiblí riachtanacha (cuir i gcás an t-oideachas, an tsláinte, an cúram sóisialta, agus an chumarsáid) a sholáthar do mhuintir na n-oileán ar aon bhonn lena soláthraítear iad dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu ar an mórthír, líon na ndeiseanna fostaíochta a mhéadú do phobal na n-oileán (go háirithe don aos óg ionas nach gá dóibh na hoileáin a fhágáil), deiseanna uas-scilithe a chur ar fáil ar na hoileáin trí bhíthin an ardoideachais, luathfhágáil na scoile a chomhrac, na deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a mhéadú (as a n-eascraíonn an t-éagsúlú gairme), agus freastal a dhéanamh – ó thaobh tithíochta agus lánpháirtiú sóisialta de – ar an líon mór imirceach atá tagtha chun na n-oileán (14). |
3.10. |
Na dúshláin rialachais, baineann siad sin leis an ngá atá le hidirghníomhú éifeachtach idir na leibhéil éagsúla rialachais ar na hoileáin; leis an ngá atá le hathscrúdú ar aicmiú na n-oileán agus ar an úsáid a bhaintear as an olltáirgeacht intíre mar an t-aon chritéar chun leibhéal na forbartha a dhéanamh amach (i measc na gcritéar eile a d’fhéadfaí a chur san áireamh tá caighdeán na cumhachta ceannaigh, an tInnéacs um an Dul Chun Cinn Sóisialta, agus a bhfuil déanta ó thaobh na spriocanna forbartha inbhuanaithe de); leis an ngá atá le cláir oibríochtúla thiomnaithe ar na hoileáin; agus lena laghad sonraí staidrimh scagtha atá ann i dtaca leis na hoileáin, rud a fhágann gur deacair cinntí eolacha a dhéanamh ina dtaobh. |
4. Limistéir shléibhtiúla an Aontais
4.1. |
Tá sé léirithe arís agus arís eile go bhfuil an-éagsúlacht ag baint le limistéir shléibhtiúla na hEorpa. Ina fhianaise sin, tá sé thar a bheith deacair, nó dodhéanta, b’fhéidir, an rud is limistéar sléibhtiúil ann a shainiú. Lena chois sin, fiú i gcás na masaífí móra, bíonn difríochtaí suntasacha idir na saintréithe atá i gceist. Mar a léiríodh san aicmiú a rinneadh ar na limistéir shléibhtiúla ar leibhéal NUTS 2, is fíorbheag réigiún san Eoraip atá ina réigiún iomlán sléibhtiúil. Tá idir limistéir ísealchríche agus limistéir shléibhtiúla iontu go léir, beagnach, agus is iondúil go mbíonn an ceantar sléibhtiúil suite ar theorainn an réigiúin agus go mbíonn sé roinnte le réigiún nó dhó eile atá ina aice leis (15). |
4.2. |
Tá saibhreas as cuimse ó thaobh an dúlra agus an chultúir de ag baint le limistéir shléibhtiúla an Aontais, rud is léir agus cuid mhór acu áirithe ar Liosta Unesco de na Láithreáin Oidhreachta Domhanda agus an chuid is mó acu ina limistéir faoi chosaint. Tá an bhithéagsúlacht go flúirseach ann freisin agus tá siad ag cur thar maoil le hacmhainní nádúrtha. Mar gheall ar na tosca sin, mar aon lena tharraingtí atá na limistéir sin ó thaobh na hoidhreachta de, meastar go bhfuil an-acmhainn forbartha sna sléibhte, go háirithe ó thaobh earnáil na turasóireachta de (16). |
4.3. |
Mar sin féin, tá réigiúin shléibhtiúla an Aontais gan chosaint ar an-chuid bagairtí agus dúshláin nádúrtha, rudaí a bhaineann den chuid is mó leis an athrú aeráide agus an baol atá ann don chomhshaol dá dheasca, cuir i gcás an t-oighearchúlú, an triomach, an dobharchreimeadh, an tuile, salandacht na hithreach, an tír-raon géar, agus mar sin de (17). Tá athrú tagtha ar aeráid na réigiún sin, rud is léir ón ardú atá tagtha ar an meánteocht agus ó líne an tsneachta atá imithe in airde, fiú amháin le linn an gheimhridh. Táthar den tuairim gur dócha go dtiocfaidh athrú ar fhrasaíocht an gheimhridh in an-chuid ceantair shléibhtiúla (mar shampla, i gCríoch Lochlann agus sna hAlpa) agus go mbeidh báisteach ann in áit an tsneachta. Meastar go ngéarófar ar luas na gaoithe sa samhradh freisin, rud a chuirfidh le dóchúlacht na sciorrthaí talún agus na maidhmeanna carraige (18). |
4.4. |
Is suntasach an tionchar a bhíonn ag na hathruithe sin. Baineann dúshláin mhóra le hiontaofacht agus sábháilteacht an iompair laistigh de na ceantair sin, go dtí na ceantair sin, agus ó na ceantair sin, ní hamháin do mhuintir na háite ach freisin don chuairteoir, don turasóir, agus le haghaidh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéantar iontu (turasóireacht, fóillíocht, iompar an lasta tráchtála, agus mar sin de). Má thugtar cosaint iomchuí do na bóithre, na hiarnróid, agus na lonnaíochtaí ar gach cineál guaise (tuilte, tinte, agus mar sin de), beifear in ann deiseanna forbartha a dhéanamh de na bagairtí sin ach struchtúir agus fóntais a sholáthar (foirgnimh, uisce, fuinneamh, agus mar sin de), rudaí a chabhróidh leis an bhfás inbhuanaithe (19). |
4.5. |
Réimse amháin arb údar spéise ar leith é i dtaca le limistéir shléibhtiúla an Aontais is ea an fhoraoiseacht. An fhoraois a gcoinnítear dea-bhail uirthi, tugann sí cosaint ar ghuaiseacha agus bagairtí nádúrtha, amhail lotnaidí agus galair, agus baineann buntáistí eile léi freisin, amhail an breosla bithmhaise agus ábhair le haghaidh na tógála. Cuireann an fhoraois sléibhe gnáthóg ar leith ar fáil do phlandaí agus ainmhithe neamhchoitianta, rudaí a mheallann turasóirí agus ar foinsí ábhar iad as ar féidir táirgí a dhéanamh agus geilleagar an réigiúin a chothú dá thoradh. An chuid is mó de na limistéir ábhartha, tá stádas cosanta acu a thacaíonn leis an timpeallacht agus an tírdhreach atá ann agus a cheadaíonn gníomhaíochtaí eile a bhfuil breisluach ag gabháil leo (fóillíocht, turasóireacht, oideachas, taighde ar shaincheisteanna ábhartha, fostaíocht, agus mar sin de) (20). |
4.6. |
Léirítear an-éagsúlacht ó thaobh na leibhéal forbartha de i bpróifíl eacnamaíoch na réigiún sléibhtiúil. Ó thaobh dháileadh na fostaíochta de, san earnáil phríomhúil, thánaisteach, agus threasach, léirítear lorg mór na talmhaíochta i gcuid de na réigiúin ach go bhfuil an tionsclaíocht agus na seirbhísí go mór chun tosaigh sa chuid eile acu. Léiriú atá san idirdhealú sin ar chlaonadh i dtreo na turasóireachta agus na seirbhísí poiblí nó ar a laghad roghanna eile atá ann seachas na gníomhaíochtaí talmhaíochta traidisiúnta (21). |
4.7. |
I gcás ar bith, tá na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéantar i limistéir shléibhtiúla an Aontais thíos leis an athrú aeráide agus leis an méid teoranta talún atá ar fáil. An turasóireacht go háirithe, ós gníomhaíocht shéasúrach í den chuid is mó, ní áirithítear sreabhadh leanúnach ioncaim léi. Lena chois sin, féadann gníomhaíochtaí turasóireachta a bhíonn ar bun ó cheann ceann na bliana (amhail an tuarasóireacht tuaithe, an agrathurasóireacht, an éiceathurasóireacht, an turasóireacht phobalbhunaithe, an turasóireacht chultúrtha, an turasóireacht spóirt, an turasóireacht fóillíochta, agus mar sin de) an bonn a bhaint ó inbhuanaitheacht comhshaoil na réigiún (22). |
4.8. |
Sócmhainn áitsonrach is ea topagrafaíocht an réigiúin shléibhtiúil san Aontas, rud a gcuireann na sócmhainní dúlrabhunaithe agus na saintréithe aeráide leis agus ar ar féidir an turasóireacht a thógáil. Mar sin féin, ós rud é go ndíríonn an turasóireacht ar spás ar leith i gcuid de na limistéir shléibhtiúla, baintear dianúsáid as na hacmhainní nádúrtha atá ann dá dheasca, rud a imríonn drochthionchar ar an bhforbairt inbhuanaithe is féidir a dhéanamh ar na hacmhainní sin. San am céanna, cuirtear bac ar na hiarrachtaí ar son na turasóireachta sléibhe a gcuirtear gnéithe éiceolaíocha, sóisialta, agus cultúrtha san áireamh inti mar gheall ar a laghad fógraíochta a dhéantar, a laghad daoine atá ar an eolas, agus a laghad a bhíonn na geallsealbhóirí páirteach san obair sin (23). |
4.9. |
I dtaca le forbairt iomlán na réigiún sléibhtiúil, má táthar chun dul i ngleic leis na míbhuntáistí atá ann ó bhonn agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh na limistéir sin, rud mór a d’fhéadfaí a thabhairt isteach is ea an bonneagar crua iompair agus teileachumarsáide. |
4.10. |
Má chuirtear feabhas ar bhonneagar an iompair, is féidir feabhas a chur, dá thoradh, ar an nascacht agus an t-onnmhairiú a éascú, agus is féidir iomaíocht níos mó a thabhairt isteach sna margaí áitiúila leis sin. Is rud ríthábhachtach í an rochtain ar leathanbhanda i dtaca le feabhas a chur ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí in an-chuid réimsí, lena n-áirítear an turasóireacht, an t-oideachas, an soláthar a dhéantar ar sheirbhísí leasa pobail, an ríomhrialachas, agus mar sin de. Dúshlán coiteann sna limistéir shléibhtiúla, ar na hoileáin, agus sna limistéir inar tearc an daonra is ea an t-údar dreasachta a mhéadú (is é sin, an brabús is féidir a dhéanamh) chun infheisteoirí príobháideacha a mhealladh chun scéimeanna dá leithéid sin, mar aon leis na costais a laghdú (is é sin, barainneachtaí scála a bhaint amach) le haghaidh sholáthar poiblí na scéimeanna (24). |
5. Limistéir san Aontas inar tearc an daonra
5.1. |
De ghnáth, is iad na tréithe is mó a bhaineann leis an gcatagóir seo de réigiún san Eoraip dlús daonra íseal agus iargúltacht gheografach shuntasach nó deacrachtaí i dtaca leis an lánpháirtiú críochach le réigiúin eile, agus is iondúil an geilleagar a bheith bunaithe ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht agus gur lú an meánleibhéal ioncaim atá ann ná an meánleibhéal náisiúnta nó Eorpach. Tá tacaíocht eacnamaíoch, ‘athbheochan’, nó athruithe struchtúracha ag teastáil ó na limistéir sin chun cuidiú leo na deacrachtaí atá acu a shárú (25). |
5.2. |
Léirítear i bpatrúin dhéimeagrafacha na réigiún sin titim leanúnach sa daonra. Bíodh sin mar atá, is léire an claonadh sin sna limistéir intíre ná sna limistéir chósta, mar a gcabhraíonn gníomhaíochtaí turasóireachta le cobhsú na bhfigiúirí daonra (26). |
5.3. |
Mar sin féin, is minic gur fearr le haos óg na limistéar sin imirce a dhéanamh go réigiúin agus cathracha a bhfuil geilleagar níos bríomhaire iontu, ionas go mbeidh deiseanna fostaíochta níos fearr acu. An pobal scothaosta atá fágtha sa limistéar, bíonn riachtanais bhreise acu dá dheasca sin, ó thaobh seirbhísí sláinte agus sóisialta de, rud a mbaineann costais bhreise arís leis (27). |
5.4. |
Is measa fós cúinsí déimeagrafacha na limistéar san Aontas inar tearc an daonra de dheasca a iargúlta atá siad, rud a imríonn drochthionchar ar na seirbhísí iompair agus ar inrochtaineacht na limistéar sin. Na limistéir thuaisceartacha inar tearc an daonra go háirithe, is iad na limistéir is deacra gabháil chomh fada leo san Eoraip iad, mar nach bhfuil ach bonneagar an-teoranta bóithre ann agus go mbíonn siad ag brath den chuid is mó ar an muiriompar agus ar an aeriompar, arb iad na roghanna iompair is costasaí iad (28). Is fiú a thabhairt faoi deara, ní hamháin nach ann do naisc éifeachtacha idir na limistéir san Aontas inar tearc an daonra agus lárionaid uirbeacha na hEorpa ach nach ann dóibh ach oiread idir na ceantair fhorimeallacha féin, rud a chuireann a thuilleadh leis an drochthionchar díréireach a bhaineann lena dheacra atá sé gabháil chomh fada leis na háiteanna sin (29). |
5.5. |
Is i bhfad ó chroílár chómhargadh agus ghnóthais na hEorpa atá na limistéir thuaisceartacha inar tearc an daonra, agus bíonn deacrachtaí acu ó thaobh iomaíochais de dá dheasca sin, ós rud é gur deacair teacht ar na limistéir sin agus gurb airde na costais a bhaineann le hamhábhair agus táirgí deiridh a iompar go dtí iad. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar an inrochtaineacht fhisiciúil agus dhigiteach sna limistéir sin, leis an iargúltacht a laghdú agus iomaíochas a gcuid fiontar sa mhargadh a mhéadú (30). |
5.6. |
Tá sé riachtanach go ndéanfar comhar ar mhaithe le hidir-inoibritheacht na gcóras iompair éagsúil a áirithiú, go háirithe i gcás gníomhaíocht de chuid an Aontais arb é is aidhm léi leanúnachas críochach réigiúin thuaisceartach na hEorpa a dhaingniú. Is féidir an comhar sin a bhaint amach freisin ach an teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide a chur chun cinn. Cabhraíonn an teicneolaíocht dhigiteach leis an bhfad fisiciúil, eacnamaíoch, agus sóisialta a ghiorrú (31). |
5.7. |
Sna limistéir inar tearc an daonra san Aontas, is iad na gníomhaíochtaí gnó is coitianta na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an earnáil phríomhúil (an talmhaíocht, an fhoraoiseacht, an iascaireacht, agus an mhianadóireacht), le táirgeadh an fhuinnimh, leis an tionscal déantúsaíochta, agus le cóiríocht na dturasóirí (óstáin agus bialanna) (32). Tá dul chun cinn eacnamaíoch déanta i gcodanna de thuaisceart na hEorpa le déanaí de thoradh an dlúis a cuireadh le hinfheistíochtaí ollmhóra sa tionsclaíocht, rud a tharla mar gheall ar an teacht atá ann ar hidrileictreachas, mar gheall ar an méid suntasach talún atá ar fáil ann, agus mar gheall ar na traidisiúin tionsclaíochta sheanbhunaithe atá ann. Cor cinniúnach atá sa mhéid sin do na réigiúin a bhfuil na gléasraí táirgthe nua iontu mar táthar ag súil go mbeidh poist nua ann dá dtoradh. Bíodh sin mar atá, dúshlán ollmhór a bheidh i gceist leis na poist sin a líonadh agus bearta a dhéanamh chun daoine cumasacha a mhealladh ó réigiúin agus tíortha eile agus chun oiliúint a chur ar mhuintir na háite (33). |
5.8. |
Cé go ngintear ioncam ard le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar leith (amhail an mhianadóireacht agus an phróiseáil thionsclaíoch), fágann nádúr aonchineálach na hoibre sin nach mbeidh cosaint ann ar thosca seachtracha amhail an luaineacht praghsanna nó géarchéimeanna airgeadais, rud a fhágann gur leochaileach an riocht ina bhfuil geilleagar na réigiún sin. Dá bhrí sin, rogha eile atá ann na gníomhaíochtaí gnó a éagsúlú agus samhlacha gnó nua a chruthú, nó na cinn atá ann cheana a nuachóiriú (34). |
5.9. |
Cuid ríthábhachtach den iarracht borradh a chur faoi éagsúlú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha i limistéir san Aontas inar tearc an daonra is ea an nuálaíocht agus an t-eolas. Tá sé riachtanach an comhar agus naisc idir fiontair agus ollscoileanna a chur chun cinn i réimsí eolaíochta trína mbíthin a bhféadfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíochta a éagsúlú. Lena chois sin, na dálaí geografacha agus an aeráid pholltach, sna limistéir thuaisceartacha inar tearc an daonra go háirithe, feileann siad do ghníomhaíochtaí tástála, rud a chuireann bonn ar fáil ar ar féidir triail a bhaint as an-chuid smaointe gnó a bhaineann leis na hacmhainní nádúrtha, leis an aeráid fhuar, agus leis na dálaí Artacha. Ar an gcaoi chéanna, tá tábhacht ag baint le hacmhainní nádúrtha na gcríoch sin freisin i dtaca leis an leas a bhaintear as an bhfuinneamh in-athnuaite a mhéadú (35). |
5.10. |
Má chuirtear leis an bhfás eacnamaíoch, tiocfaidh feabhas ar an bhfostaíocht i limistéir an Aontais inar tearc an daonra. Tá sé cruthaithe ag na réigiúin sin, i dtuaisceart na hEorpa go háirithe, go bhfuil cumas iontach iontu ó thaobh oiriúnú a dhéanamh, rud is léir ón laghdú atá tagtha le blianta beaga anuas ar an ráta dífhostaíochta ann i ndiaidh an ardaithe thobainn a tháinig air de dheasca ghéarchéim eacnamaíoch 2008-2009. Mar sin féin, tá ganntanas suntasach oibrithe oilte ann. Má táthar chun aghaidh a thabhairt air sin, beidh cur chuige iomlánaíoch ag teastáil a mbeidh gníomhaithe ó earnálacha éagsúla agus leibhéil gheografacha dhifriúla páirteach ann (cuir i gcás, údaráis phoiblí, cuideachtaí príobháideacha, ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta), ceann a chuirfidh an infheistíocht réigiúnach chun cinn, a chuirfidh beartais margaidh saothair chun feidhme, agus a thabharfaidh isteach scéimeanna saincheaptha oideachais agus oiliúna (36). |
An Bhruiséil, an 14 Nollaig 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Bealtaine 2016, Izsák & Dabis v An Coimisiún Eorpach, T-529/13, ECLI:EU:T:2016:282, míreanna 86-87.
(2) Breithiúnas ón gCúirt an 7 Márta 2019, Izsák & Dabis v An Coimisiún Eorpach, C-420/16 P, ECLI:EU:C:2019:177, míreanna 65-71.
(3) Tústuairim ó CESE Todhchaí an bheartais comhtháthaithe sa tréimhse tar éis 2020 (IO C 228, 5.7.2019, lch. 50).
(4) Haase, D. agus Maier, A., ‘Research for REGI Committee – Islands of the European Union: State of play and future challenges, European Parliament’, An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Parlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2021.
(5) Margaras,V., ‘EPRS-Briefing: Sparsely populated and under–populated areas’ (PE 586.632), Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2016.
(6) Carbone, G., ‘Expert Analysis on Geographical Specificities: Mountains, Islands and Sparsely Populated Areas – Cohesion policy 2014-2020’ (Tuarascáil Deiridh), Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, An Coimisiún Eorpach, An Bhruiséil, 2018.
(7) Haase, D. & Maier, A., ‘Research for REGI Committee – Islands of the European Union: State of play and future challenges, European Parliament’, An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Parlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2021.
(8) Carbone, G., ‘Expert Analysis on Geographical Specificities: Mountains, Islands and Sparsely Populated Areas – Cohesion policy 2014-2020’ (Tuarascáil Deiridh), Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, An Coimisiún Eorpach, An Bhruiséil, 2018.
(9) Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún Tacaíocht an bheartais comhtháthaithe a fheabhsú do réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste geografach agus déimeagrafach (Airteagal 174 CFAE) (IO C 79, 2.3.2023, lch. 36).
(10) Tústuairim ó CESE Oileáin an Aontais: ón míbhuntáiste struchtúrach go críoch chuimsitheach (IO C 209, 30.6.2017, lch. 9).
(11) Haase, D. agus Maier, A., ‘Research for REGI Committee – Islands of the European Union: State of play and future challenges, European Parliament’, An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Parlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2021.
(12) Haase, D. agus Maier, A., ‘Research for REGI Committee – Islands of the European Union: State of play and future challenges, European Parliament’, An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Parlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2021.
(13) Carbone, G., ‘Expert Analysis on Geographical Specificities: Mountains, Islands and Sparsely Populated Areas – Cohesion policy 2014-2020’ (Tuarascáil Deiridh), Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, An Coimisiún Eorpach, An Bhruiséil, 2018.
(14) Haase, D. agus Maier, A., ‘Research for REGI Committee – Islands of the European Union: State of play and future challenges, European Parliament’, An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Parlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2021.
(15) ‘Cohesion in Mountainous Regions of the EU’.
(16) Carbone, G., ‘Expert Analysis on Geographical Specificities: Mountains, Islands and Sparsely Populated Areas- Cohesion policy 2014-2020’ (Tuarascáil Deiridh), Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, An Coimisiún Eorpach, An Bhruiséil, 2018.
(17) Carbone G., ‘Expert Analysis on Geographical Specificities: Mountains, Islands and Sparsely Populated Areas- Cohesion policy 2014-2020’ (Tuarascáil Deiridh), Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, An Coimisiún Eorpach, An Bhruiséil, 2018.
(18) ‘Cohesion in Mountainous Regions of the EU’.
(19) ‘Cohesion in Mountainous Regions of the EU’.
(20) ‘Cohesion in Mountainous Regions of the EU’.
(21) ‘Cohesion in Mountainous Regions of the EU’.
(22) Carbone, G., ‘Expert Analysis on Geographical Specificities: Mountains, Islands and Sparsely Populated Areas – Cohesion policy 2014-2020’ (Tuarascáil Deiridh), Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, An Coimisiún Eorpach, An Bhruiséil, 2018.
(23) ‘Cohesion in Mountainous Regions of the EU’.
(24) ‘Cohesion in Mountainous Regions of the EU’.
(25) Margaras,V., ‘EPRS-Briefing: Sparsely populated and under–populated areas’ (PE 586.632), Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2016.
(26) Gløersen, E., ‘Research for REGI Committee – Cohesion Policy in Northernmost Regions of the EU’, An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Parlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2022.
(27) Margaras,V., ‘EPRS-Briefing: Sparsely populated and under–populated areas’ (PE 586.632), Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2016.
(28) Carbone, G., ‘Expert Analysis on Geographical Specificities: Mountains, Islands and Sparsely Populated Areas – Cohesion policy 2014-2020’ (Tuarascáil Deiridh), Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, An Coimisiún Eorpach, An Bhruiséil, 2018.
(29) Margaras,V., ‘EPRS-Briefing: Sparsely populated and under–populated areas’ (PE 586.632), Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2016.
(30) Carbone, G., ‘Expert Analysis on Geographical Specificities: Mountains, Islands and Sparsely Populated Areas – Cohesion policy 2014-2020’ (Tuarascáil Deiridh), Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, An Coimisiún Eorpach, An Bhruiséil, 2018.
(31) Carbone, G., ‘Expert Analysis on Geographical Specificities: Mountains, Islands and Sparsely Populated Areas- Cohesion policy 2014-2020’ (Tuarascáil Deiridh), Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, An Coimisiún Eorpach, An Bhruiséil, 2018.
(32) Margaras,V., ‘EPRS-Briefing: Sparsely populated and under–populated areas’ (PE 586.632), Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2016.
(33) Gløersen, E., ‘Research for REGI Committee – Cohesion Policy in Northernmost Regions of the EU’, An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Parlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2022.
(34) Margaras,V., ‘EPRS-Briefing: Sparsely populated and under–populated areas’ (PE 586.632), Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2016.
(35) Carbone, G., ‘Expert Analysis on Geographical Specificities: Mountains, Islands and Sparsely Populated Areas- Cohesion policy 2014-2020’ (Tuarascáil Deiridh), Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, An Coimisiún Eorpach, An Bhruiséil, 2018.
(36) Gløersen, E., ‘Research for REGI Committee – Cohesion Policy in Northernmost Regions of the EU’, An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Parlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, 2022.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1572/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)