Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1520 |
26.2.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 22 Samhain 2023 – Mgr. L. H. v Ministerstvo zdravotnictví
(Cás C-710/23, Ministerstvo zdravotnictví II)
(C/2024/1520)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší správní soud
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Mgr. L. H.
Cosantóir: Ministerstvo zdravotnictví
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An ionann nochtadh céadainm, sloinne, síniú agus sonraí teagmhála duine nádúrtha mar ghníomhaire nó mar ionadaí atá freagrach as duine dlítheanach, a dhéantar go heisiach chun (duine atá údaraithe le hionadaíocht a dhéanamh ar) duine dlítheanach a shainaithint fós agus próiseáil sonraí pearsanta an duine nádúrtha lena mbaineann de bhun Airteagal 4(1) RGCS (1) agus, dá bhrí sin, an dtagann a leithéid laistigh dá raon feidhme RGCS? |
2. |
An féidir le dlí náisiúnta, lena n-áirítear cásdlí socair, cur i bhfeidhm rialacháin de chuid an Aontais Eorpaigh atá infheidhme go díreach ag údarás riaracháin, eadhon Airteagal 6(1)(c) nó (e) RGCS, a dhéanamh coinníollach ar choinníollacha eile a chomhlíonadh, nach n-eascraíonn as téacs an rialacháin féin, ach, mar sin féin, a leathnaíonn an leibhéal cosanta d’ábhar sonraí pearsanta, eadhon an oibleagáid ar údarás poiblí an duine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas roimh ré faoi iarratas arna chur isteach le haghaidh soláthar sonraí pearsanta do thríú páirtí? |
(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO 2016 L 119, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1520/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)