European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1511

26.2.2024

Breithiúnas na Cúirte (An Séú Dlísheomra) an 11 Eanáir 2024 – Amer Foz v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Case C-524/22 P) (1)

(Achomharc - An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna ndéanamh i gcoinne na Siria - Bearta i gcoinne daoine a bhfuil baint acu le daoine agus eintitis faoi réir bearta sriantacha - Liosta na ndaoine atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Cruthúnas i dtaca le hainm an achomharcóra a bheith ar na liostaí sin)

(C/2024/1511)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Amer Foz (ionadaí: L. Cloquet, avocat)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bishop agus T. Haas, Gníomhairí))

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Amer Foz chomh maith lena chostais féin, costais Chomhairle an Aontais Eorpaigh a íoc.


(1)   IO C 398, 17.10.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1511/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)