European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1507

26.2.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 11 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Autoridade Tributária e Aduaneira v HPA – Construções SA

(Cás C-433/22, HPA – Construções) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Iarscríbhinn IV - Mír 2 - Forálacha sealadacha le haghaidh seirbhísí áirithe dlúthshaothair - Ráta laghdaithe CBL is infheidhme maidir le seirbhísí athchóirithe agus deisithe teaghaisí príobháideacha - An coincheap ‘teaghaisí príobháideacha’)

(C/2024/1507)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

Cosantóir: HPA – Construções SA

An chuid oibríochtúil

Maidir le mír 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle, an 28 Samhain 2006, maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach bhféadfar an ráta laghdaithe cánach breisluacha a chur i bhfeidhm ar sheirbhísí athchóirithe agus deisithe teaghaisí príobháideacha ar an gcoinníoll go n-úsáidtear na teaghaisí lena mbaineann mar áit chónaithe tráth a dhéantar na hoibreacha sin.


(1)   IO C 380, 3.10.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1507/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)