|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1459 |
14.2.2024 |
CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Eanáir 2024
lena mbunaítear an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga
(C/2024/1459)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is grúpa teicneolaíochtaí í an intleacht shaorga (IS) atá ag athrú go tapa agus lenar féidir cur le réimse leathan tairbhí eacnamaíocha agus sochaíocha sa raon iomlán earnálacha agus gníomhaíochtaí sóisialta trí chéile. An tráth céanna, ag brath ar na himthosca maidir le húsáid agus le cur i bhfeidhm IS, d'fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint léi agus d'fhéadfadh sí díobháil a dhéanamh do leasanna agus bunchearta an phobail atá faoi chosaint dhlí an Aontais. |
|
(2) |
Mhol an Coimisiún Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (An Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais (1), chun forbairt, úsáid agus glacadh na hintleachta saorga a chothú sa mhargadh inmheánach agus, an tráth céanna, ardleibhéal cosanta maidir le leasanna poiblí a bhaint amach, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht agus cosaint na gceart bunúsach, mar a aithnítear agus a chosnaítear faoi dhlí an Aontais. Tá an Rialachán atá beartaithe ar cheann de na bearta a rinne an Coimisiún arb é is aidhm dóibh an dá chuspóir a bhaint amach, is iad sin glacadh na hintleachta saorga a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le húsáidí áirithe na teicneolaíochta sin. Cuirtear san áireamh i mbearta breise an ‘Plean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga’ ina athbhreithniú ar 2021 (2), tionscnaimh de bheartais earnála lena gcothaítear glacadh na hintleachta saorga, nó cláir chistiúcháin an Aontais, amhail iad siúd a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/694 (3) agus Rialachán (AE) 2021/695 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(3) |
Maidir le castacht agus glacadh níos leithne na hintleachta saorga, go háirithe nuair atá sí bunaithe ar na samhlacha is forbartha, agus maidir leis an ngá atá le dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach i gclár beartais na Deacáide Digití a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), léirítear leo go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise chun tuiscint ar chumais, treochtaí, agus rioscaí féideartha a chothú agus chun tacú le forbairt agus úsáid shábháilte teicneolaíochtaí intleachta saorga san Aontas. |
|
(4) |
Is gá saineolas agus cumais a fhorbairt ar leibhéal an Aontais d'fhonn an tuiscint sin a chothú, rannchuidiú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin atá le teacht lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga, agus rannchuidiú le cur chun feidhme rialacha agus prionsabail idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga, amhail Cód Iompair G7 agus Treoirphrionsabail d’fhorbróirí ardchóras intleachta saorga. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart an dúshraith le haghaidh córas rialachais aonair don intleacht shaorga san Aontas a leagan síos trí struchtúr a bhunú, ar struchtúr é lena ndéanfaí formhaoirseacht ar an dul chun cinn i samhlacha intleachta saorga, lena n-áirítear an idirghníomhaíocht leis an bpobal eolaíoch, maidir le samhlacha intleachta saorga ilfheidhmeacha, agus ba cheart ról lárnach a bheith ag an dul chun cinn sin in imscrúduithe, tástáil, agus forfheidhmiú, mar aon le gairm dhomhanda a bheith aige. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Oifig Eorpach um an Intleacht Shaorga a bhunú laistigh den Choimisiún mar chuid de struchtúr riaracháin Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta, agus faoi réir phlean bainistíochta bliantúil na hArd-Stiúrthóireachta sin. |
|
(7) |
Ba cheart don Oifig Eorpach um an Intleacht Shaorga oibriú i gcomhréir le próisis inmheánacha an Choimisiúin (6), agus níor cheart go mbeadh tionchar ag bunú na hOifige sin ar chumhachtaí nó inniúlachtaí na n-údarás inniúil náisiúnta, agus níor cheart tionchar a bheith aici ar chumhachtaí ná inniúlachtaí chomhlachtaí, oifigí, agus ghníomhaireachtaí an Aontais ach oiread agus maoirseacht á déanamh ar chórais intleachta saorga, dá bhforáiltear sa Rialachán atá le teacht lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus reachtaíocht earnála eile de chuid an Aontais. Tá sé gan dochar d’fheidhmeanna ranna eile an Choimisiúin ina réimsí freagrachta féin, agus d’fheidhmeanna na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála. Ba cheart don Oifig Eorpach um an Intleacht Shaorga a cúraimí a chomhlíonadh, go háirithe treoirlínte a eisiúint, ar bhealach nach ndéantar dúbláil ar ghníomhaíochtaí chomhlachtaí, oifigí, agus ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais faoi reachtaíocht earnáilsonrach. |
|
(8) |
Maidir le cur chun feidhme an Rialachán atá le teacht lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga, chun ullmhú dó sin a luaithe agus is féidir, ba cheart don Chinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar bhonn práinne, sula nglacfar an Rialachán sin, tar éis chomhaontú polaitiúil na gcomhreachtóirí a baineadh amach an 8 Nollaig 2023. Nuair a ghlacfar an Rialachán sin, féadfar an cinneadh seo a athbhreithniú. |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Bunú
Bunaítear ‘an Oifig Eorpach um an Intleacht Shaorga’ (an ‘Oifig’).
Beidh an Oifig mar chuid de struchtúr riaracháin Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (an ‘Ard-Stiúrthóireacht’).
Airteagal 2
Misean agus cúraimí
1. Comhlíonadh an Oifig na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3 chun an Rialachán atá le teacht a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, ar Rialachán é lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú (‘an Rialachán atá le teacht’).
2. Beidh na cúraimí breise seo a leanas ag an Oifig:
|
(a) |
rannchuidiú le cur chuige straitéiseach, comhleanúnach, agus éifeachtach an Aontais i leith tionscnaimh idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga de bhun Airteagal 7 i gcomhar leis na Ballstáit agus i gcomhréir le seasaimh agus beartais an Aontais; |
|
(b) |
rannchuidiú le gníomhaíochtaí agus beartais a chothú sa Choimisiún, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann tairbhe sochaíocha agus eacnamaíocha as teicneolaíochtaí intleachta saorga de bhun Airteagal 5; |
|
(c) |
tacú le forbairt, seoladh, agus úsáid luathaithe córas agus feidhmchlár intleachta saorga iontaofa a bhfuil tairbhe sochaíocha agus eacnamaíocha ag baint leo agus a chuireann le hiomaíochas agus fás eacnamaíoch an Aontais. Go sonrach, cuirfidh an Oifig éiceachórais nuálaíochta chun cinn trí oibriú le gníomhaithe ábhartha poiblí agus príobháideacha agus leis an bpobal gnólachtaí nuathionscanta; |
|
(d) |
faireachán a dhéanamh ar éabhlóid margaí agus teicneolaíochtaí intleachta saorga. |
3. I gcomhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Oifig an méid seo a leanas:
|
(a) |
oibriú i gcomhar le páirtithe leasmhara, go háirithe saineolaithe ón bpobal eolaíoch agus forbróirí intleachta saorga de bhun Airteagal 4; |
|
(b) |
comhoibriú le hArd-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin de bhun Airteagal 5; |
|
(c) |
comhoibriú le comhlachtaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (Comhghnóthas EuroHPC), de bhun Airteagal 6; |
|
(d) |
comhoibriú le húdaráis agus comhlachtaí na mBallstát thar ceann an Choimisiúin. |
Airteagal 3
Cur chun feidhme an Rialachán atá le teacht
1. Agus iad ag eascairt as an Rialachán atá le teacht, déanfaidh an Oifig na cúraimí seo a leanas:
|
(a) |
uirlisí, modheolaíochtaí, agus tagarmharcanna a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar chumais samhlacha intleachta saorga ilfheidhmeacha, go háirithe maidir le samhlacha intleachta saorga ilfheidhmeacha lena ngabhann rioscaí sistéamacha; |
|
(b) |
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le samhlacha agus córais intleachta saorga ilfheidhmeacha, go háirithe i gcás inarb é an soláthraí céanna a d'fhorbair an tsamhail agus an córas; |
|
(c) |
faireachán a dhéanamh ar theacht chun cinn rioscaí gan choinne, ar rioscaí iad a eascraíonn as samhlacha intleachta saorga ilfheidhmeacha, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh trí fhreagairt ar fholáirimh ón bpainéal eolaíoch; |
|
(d) |
imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar rialacha maidir le samhlacha agus córais intleachta saorga ilfheidhmeacha, lena n-áirítear imscrúdú a dhéanamh trí ghearáin agus foláirimh a bhailiú, cuidiú le cinntí ón gCoimisiún a ullmhú, agus meastóireachtaí a dhéanamh de bhun an Rialachán atá le teacht; |
|
(e) |
comhordú iomlán mhaoirseacht agus fhorfheidhmiú na reachtaíochta le maoirseacht agus forfheidhmiú an Rialacháin atá le teacht a éascú nuair a theipeann ar chóras intleachta saorga laistigh de raon feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais a bhfuil cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmithe ag an gCoimisiún ina leith, amhail faoi Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) nó faoi Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8); |
|
(f) |
tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme rialacha maidir le cleachtais intleachta saorga atá toirmiscthe agus córais intleachta saorga ardriosca i gcomhar le comhlachtaí ábhartha atá freagrach as sin faoin reachtaíocht earnálach, lena n-áirítear malartú faisnéise agus comhar idir údaráis náisiúnta a éascú, fógraí a bhailiú, agus ardáin faisnéise agus bunachair sonraí a bhunú, go háirithe nuair a dhéantar samhail nó córas intleachta saorga ilfheidhmeacha a chomhtháthú i gcóras intleachta saorga ardriosca. |
2. Thairis sin, d’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme éifeachtach an Rialachán atá le teacht, beidh an Oifig freagrach as an méid seo a leanas:
|
(a) |
cúnamh a thabhairt don Choimisiún sna cinntí ábhartha ón gCoimisiún a ullmhú, mar aon le gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ullmhú; |
|
(b) |
éascaíocht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin atá le teacht; |
|
(c) |
cúnamh a thabhairt don Choimisiún treoirlínte agus treoracha a ullmhú chun tacú le cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin atá le teacht, mar aon le huirlisí tacaíochta a fhorbairt, amhail prótacail chaighdeánaithe agus dea-chleachtais, i gcomhairle le seirbhísí ábhartha de chuid an Choimisiúin, mar aon le comhlachtaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí an Aontais; |
|
(d) |
cúnamh a thabhairt don Choimisiún iarrataí ar chaighdeánú a ullmhú, meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin atá ann cheana, agus sonraíochtaí coiteanna a ullmhú chun an Rialachán atá le teacht a chur chun feidhme; |
|
(e) |
rannchuidiú le tacaíocht, comhairle, agus uirlisí teicniúla a sholáthar chun trialacha rialála intleachta saorga a bhunú agus a oibriú, mar aon le comhordú, de réir mar is iomchuí, le húdaráis inniúla náisiúnta lena mbunaítear trialacha den sórt sin; |
|
(f) |
meastóireachtaí, athbhreithnithe, agus ullmhúchán a dhéanamh ar thuarascálacha a bhaineann leis an Rialachán atá le teacht; |
|
(g) |
comhordú a dhéanamh ar bhunú córais rialachais éifeachtaigh, lena n-áirítear trí bhunú comhlachtaí comhairleacha a ullmhú ar leibhéal an Aontais, mar aon le faireachán a dhéanamh ar bhunú údarás náisiúnta ábhartha agus comhlachtaí eile ar an leibhéal náisiúnta; |
|
(h) |
foireann rúnaíochta a chur ar fáil don Bhord um an Intleacht Shaorga agus dá fhoghrúpaí, mar aon le tacaíocht riaracháin a chur ar fáil don fhóram comhairleach agus don phainéal eolaíoch, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear tríd an gcóras riaracháin a chur ar fáil, cruinnithe a eagrú, agus doiciméid ábhartha a ullmhú; agus |
|
(i) |
éascaíocht a dhéanamh ar an gcód cleachtas agus cód iompair a tharraingt suas, mar aon leis sin a spreagadh, agus cuir chuige idirnáisiúnta á gcur san áireamh, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus meastóireacht na gcód cleachtas. |
Airteagal 4
Comhar le páirtithe leasmhara
1. Agus a cúraimí á gcomhlíonadh aici de bhun Airteagal 3, comhoibreoidh an Oifig le páirtithe leasmhara, i gcomhréir leis na rialacha iomaíochta is infheidhme, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
fóraim a bhunú le haghaidh comhair idir an Oifig agus soláthraithe samhlacha agus córas intleachta saorga chun dea-chleachtais a chur chun cinn agus rannchuidiú le cóid iompair agus cóid chleachtais a fhorbairt; |
|
(b) |
comhairliúchán rialta a dhéanamh le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear saineolaithe ón bpobal eolaíoch agus ón earnáil oideachais, mar aon le saoránaigh, an tsochaí shibhialta, agus comhpháirtithe sóisialta, i gcás inarb ábhartha, chun ionchur a bhailiú maidir lena cúraimí a chomhlíonadh faoi Airteagal 3(2); |
|
(c) |
fóram a bhunú le haghaidh comhair idir an Oifig agus an pobal foinse oscailte d’fhonn dea-chleachtais a shainaithint agus a fhorbairt chun samhlacha agus córais intleachta saorga foinse oscailte a fhorbairt agus a úsáid ar bhealach sábháilte. |
Airteagal 5
Comhar trasearnála laistigh den Choimisiún
1. Rannchuideoidh sí le cothú gníomhaíochtaí agus beartas lena mbainfear tairbhe shochaíoch agus thionsclaíoch as teicneolaíochta intleachta saorga.
2. Go sonrach, déanfaidh an Oifig an méid seo a leanas:
|
(a) |
oibriú le hArd-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí ábhartha eile de chuid an Choimisiúin i gcomhlíonadh a chúraimí de bhun Airteagal 2, go háirithe leis an Lárionad Eorpach um Thrédhearcacht Algartamach a mhéid a bhaineann le samhlacha agus córais intleachta saorga ilfheidhmeacha a mheas agus a thástáil; |
|
(b) |
tacú le hArd-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí ábhartha eile de chuid an Choimisiúin d'fhonn éascaíocht a dhéanamh ar shamhlacha agus córais intleachta saorga a úsáid mar uirlisí claochlaitheacha i réimsí ábhartha beartas de chuid an Aontais, mar aon le feasacht a mhúscailt faoi rioscaí atá ag teacht chun cinn. |
Airteagal 6
Comhar idirinstitiúideach
I gcomhlíonadh a cúraimí de bhun Airteagal 3, bunóidh an Oifig gach comhar is iomchuí le comhlachtaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí an Aontais.
Airteagal 7
Comhar idirnáisiúnta
1. Rannchuideoidh an Oifig le comhar idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga, lena n-áirítear beartas bunaithe ar an nuálaíocht agus an barr feabhais, a dhéanfaidh an Coimisiún le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
tacú le maoirseacht fhreagrach na hintleachta saorga, mar aon le cur chuige an Aontais maidir le hintleacht shaorga iontaofa a chur chun cinn; |
|
(b) |
rannchuidiú le comhar idirnáisiúnta a bhaineann le rialáil agus rialachas na hintleachta saorga; |
|
(c) |
rannchuidiú le cur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta i dtaca le rialacha maidir leis an intleacht shaorga, lena n-áirítear rannchuidiú trí thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit. |
Airteagal 8
Maoiniú
1. Maidir le hoifigigh a oibríonn san Oifig, beidh na cúraimí acmhainní daonna is gá á gcomhlíonadh ag foireann ón Ard-Stiúrthóireacht, ar foireann í a bhfuil an cúram uirthi cheana cúrsaí a bhainistiú, nó ar foireann í ar athshannadh a cúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, i bhfianaise na srianta buiséadacha, gan dochar don nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil.
2. Maidir leis an bhfoireann reachtúil sheachtrach a oibríonn san Oifig, cumhdófar na costais acmhainní daonna trí athdháileadh leithreasuithe buiséid ó chaiteachas tacaíochta riaracháin an Chláir don Eoraip Dhigiteach.
3. Maidir le caiteachas oibríochtúil na hOifige, cumhdófar é leis na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear ar Chuspóir Sonrach 2, an ‘Intleacht Shaorga’, den Chlár don Eoraip Dhigiteach.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Feabhra 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Eanáir 2024
Thar ceann an Choimisiúin
Thierry BRETON
Comhalta den Choimisiún
(1) COM(2021) 206 final.
(2) COM(2021) 205 final.
(3) Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/694/oj).
(4) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).
(5) Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2481/oj).
(6) Ní Oifig Eorpach í de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018, Airteagal 2(26).
(7) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair Do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).
(8) Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1459/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)