European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1454

8.2.2024

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Eanáir 2024

maidir leis an gcomhalta den Choiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach a dhéanann ionadaíocht don Chomhairle a cheapadh

(C/2024/1454)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 234/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Coiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 91/116/CEE ón gComhairle (1),

Ag féachaint don mholadh ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta an 12 Nollaig 2023,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuaigh téarma ionadaí reatha na Comhairle ar an gCoiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach, Maurizio VICHI, in éag an 31 Márta 2023.

(2)

Is gá, dá bhrí sin, comhalta nua a cheapadh, a dhéanfaidh ionadaíocht don Chomhairle ar an gCoiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Ylva HEDÉN WESTERDAHL mar chomhalta a dhéanann ionadaíocht don Chomhairle ar an gCoiste Comhairleach Staitistiúil Eorpach ar feadh téarma 5 bliana.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm 3 lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 73, 15.3.2008, lch. 13.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1454/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)