European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1437

7.2.2024

Glaonna Tiomnaithe ar thograí in 2024 faoi Chlár Oibre 2024 an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (2021-2027)

(C/2024/1437)

Tugtar fógra leis seo gur seoladh dhá ghlao thiomnaithe ar thograí (i.e. glao Mórthicéid amháin i ngual agus glao Mórthicéid amháin i gcruach) agus gníomhaíochtaí gaolmhara in 2024 faoi Chlár Oibre 2024 an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (2021-2027).

Ghlac an Coimisiún Clár Oibre 2024 an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach le Cinneadh C(2024)386 an 25 Eanáir 2024.

Iarrtar tograí le haghaidh na nglaonna sin. Tá Clár Oibre 2024 an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, lena n-áirítear cuspóirí, sprioc-amanna agus buiséid, le fáil ar shuíomh gréasáin na ndeiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana mar aon le faisnéis maidir le módúlachtaí na nglaonna agus na ngníomhaíochtaí gaolmhara agus faisnéis le haghaidh iarratasóirí maidir le conas tograí a chur isteach:

https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/home


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1437/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)