Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1415 |
19.2.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2023 – SB v SEGS
(Cás T-621/22) (1)
(Seirbhís shibhialta - Foireann SEGS - Earcaíocht - Fógra folúntais - Beart uainíochta - Iarratas a dhiúltú - Airteagal 98(1) de na Rialacháin Foirne - Airteagal 2(e) de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile - Earráid fhollasach measúnaithe - Ionchas dlisteanach - Cóir chomhionann - Mí-úsáid chumhachta - Dliteanas - Damáistí ábhartha agus neamhábhartha)
(C/2024/1415)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: SB (ionadaithe: L. Burguin, T. Bontinck agus A. Guillerme, Dlíodóírí)
Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: S. Falek, A. Ireland agus R. Coesme, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh as na damáistí ábhartha agus neamhábhartha ar bhain dó mar gheall, ar an gcéad dul síos, ar chinntí an 10 Samhain 2021 ó údarás na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (‘ÚCCFTC’), ar cinntí iad lenar diúltaíodh dá iarratas ar na poist mar [faoi rún], rud ar daingníodh agus a forlíonadh le litir ó ÚCCFTC an 1 Feabhra 2022 agus, ar an dara dul síos, ar mhí-iompar líomhainte SEGS i ndáil leis na cinntí sin.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do SB na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1415/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)