European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1355

9.2.2024

Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme i dtaca le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne

(C/2024/1355)

Tar éis fhoilsiú an Fhógra maidir le dul in éag (1) atá le tarlú i dtaca leis na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne (‘an tír lena mbaineann’), fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (‘an bun-Rialachán’).

1.   Iarraidh ar athbhreithniú

Is é an Bord Bithdhíosail Eorpach (‘an t-iarratasóir’), ar comhlachas táirgeoirí Eorpacha é, a chuir an iarraidh isteach an 10 Samhain 2023 thar ceann thionscal bithdhíosail an Aontais, de réir bhrí Airteagal 10(6) den bhun-Rialachán.

Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an iarraidh ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   An táirge faoi athbhreithniú

Is é an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo eistir mona-ailcile aigéid shailligh agus gás-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontais, i bhfoirm íon nó atá i gcumasc (‘an táirge faoi athbhreithniú’), agus tá sé aicmithe faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cóid TARIC 1516209821, 1516209822, 1516209823, 1516209829, 1516209831, 1516209832 agus 1516209839), ex 1518 00 91 (cóid TARIC 1518009121, 1518009122, 1518009123, 1518009129, 1518009131, 1518009132 agus 1518009139), ex 1518 00 95 (cóid TARIC 1518009510, 1518009511 agus 1518009519), ex 1518 00 99 (cóid TARIC 1518009921, 1518009922, 1518009923, 1518009929, 1518009931, 1518009932 agus 1518009939), ex 2710 19 43 (cóid TARIC 2710194321, 2710194322, 2710194323, 2710194329, 2710194331, 2710194332 agus 2710194339), ex 2710 19 46 (cóid TARIC 2710194621, 2710194622, 2710194623, 2710194629, 2710194631, 2710194632 agus 2710194639), ex 2710 19 47 (cóid TARIC 2710194721, 2710194722, 2710194723, 2710194729, 2710194731, 2710194732 agus 2710194739), 2710 20 11, 2710 20 16, ex 3824 99 92 (cóid TARIC 3824999210, 3824999211, 3824999213, 3824999214, 3824999215, 3824999216 agus 3824999219), 3826 00 10 agus ex 3826 00 90 (cóid TARIC 3826009011, 3826009012, 3826009013, 3826009019, 3826009031, 3826009032 agus 3826009039). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú de réir taraife ina dhiaidh sin.

3.   Na bearta atá ann cheana

Dleachtanna frith-fhóirdheontais cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/244 ón gCoimisiún atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair (3).

4.   Foras an athbhreithnithe

Tá an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfaí den fhóirdheonú agus den díobháil do thionscal an Aontais de thoradh dhul in éag na mbeart.

4.1.    An líomhain gur dócha go leanfar den fhóirdheonú

Is leor an fhianaise a thug an t-iarratasóir lena léiriú go bhfuil formhór na scéimeanna fóirdheontais a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh fós i bhfeidhm agus gur bhain táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann tairbhe, agus gur dócha go leanfaidh siad de thairbhe a bhaint, as roinnt fóirdheontas arna ndeonú an Airgintín ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na gcúigí.

Ar bhonn na fianaise san iarraidh, is cosúil gur substaintiúil fós an leibhéal fóirdheonúcháin atá ann.

Is éard atá i gceist, inter alia, leis na cleachtais fóirdheonúcháin líomhnaithe, (i) aistriú díreach cistí; (ii) ioncam rialtais a tarscaoileadh nó nár bailíodh; agus (iii) soláthar earraí nó seirbhísí ag an rialtas ar luach saothair nach bhfuil leordhóthanach. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, soláthar pónairí soighe ar phraghas nach bhfuil leordhóthanach, díolúintí cánach cúigeacha agus náisiúnta, chomh maith le hiasachtaí fabhracha.

Líomhnaíonn an t-iarratasóir gur fóirdheontais iad na bearta a dtugtar tuairisc orthu toisc go bhfuil ranníocaíocht ó Rialtas na tíre lena mbaineann i gceist leo agus go dtugann siad sochar do tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú. Líomhnaítear go mbaineann na fóirdheontais sin go sonrach le fiontar nó le tionscal a spreagtar a ghníomhaíocht agus, dá bhrí sin, is fóirdheontais in-fhrithchúitithe iad.

I bhfianaise Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán, d’ullmhaigh an Coimisiún meabhrán i ndáil le fianaise leormhaith ina bhfuil measúnú an Choimisiúin ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil dó agus ar ar a bonn a thionscnaíonn an Coimisiún an t-imscrúdú seo. Is féidir le páirtithe leasmhara an meabhrán sin a fháil sa chomhad lena iniúchadh.

Forchoimeádann an Coimisiún an ceart chun imscrúdú a dhéanamh ar chleachtais fóirdheonaithe ábhartha eile a d’fhéadfaí a nochtadh le linn an imscrúdaithe.

4.2.    An líomhain gur dócha go ndéanfaí an díobháil an athuair

Líomhnaíonn an t-iarratasóir gur dócha go ndéanfaidh an tír lena mbaineann díobháil an athuair. I ndáil leis sin, tá a dóthain fianaise curtha ar fáil ag an iarratasóir, dá ligfí do bhearta dul in éag, gur dócha go dtiocfaidh méadú ar leibhéal allmhairiúcháin reatha an táirge atá faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an tAontas toisc go bhfuil acmhainneachtaí mór neamhúsáidte ann sa tír lena mbaineann, toisc nach féidir díol le margaí tríú tíortha de dheasca bearta trádála éagsúla, agus de bharr a tharraingtí atá margadh an Aontais i dtaca lena leibhéal praghsanna.

Ina theannta sin, léiríonn an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil go bhfuil allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas fós suntasach i ndearbhthéarmaí agus ó thaobh sciartha den mhargadh de.

Ar deireadh, léiríonn an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil, dá mbeadh aon mhéadú mór eile ar allmhairí ar phraghsanna fóirdheonaithe ón tír lena mbaineann, gur dócha go ndéanfaí an díobháil do thionscal an Aontais an athuair, dá ligfí do na bearta dul in éag.

5.   Nós imeachta

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 25(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise go bhfuil dóchúlacht fóirdheonaithe agus díobhála ann chun údar maith a thabhairt le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

Is éard a chinnfear leis an athbhreithniú éaga an dócha go leanfaí den fhóirdheonú nó go ndéanfaí é an athuair de thoradh dhul in éag na mbeart maidir leis an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é, agus an dócha go leanfaí den díobháil do thionscal an Aontais nó go ndéanfaí í an athuair.

Tugadh cuireadh chuig comhairliúcháin do Rialtas na tíre lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán.

5.1.    Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den fhóirdheonú nó an ndéanfaí é an athuair, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfaí den díobháil nó go ndéanfaí í an athuair, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

5.2.    Barúlacha ar an iarraidh agus faoi thionscnamh an imscrúdaithe

Ní mór do na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt maidir leis an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann leis an díobháil leanúint ar aghaidh nó tarlú arís nó le cúisíocht) nó aon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta don iarraidh) é sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  (4).

Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.3.    Nós imeachta chun a chinneadh an dócha go leanfaí den fhóirdheonú nó go ndéanfaí é an athuair

In imscrúdú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar allmhairí a cuireadh chuig an Aontas i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus, gan beann ar allmhairiú chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann, gur dócha go leanfar den allmhairiú ar phraghsanna fóirdheonaithe nó go ndéanfaí é sin an athuair théann na bearta in éag.

Dá bhrí sin, táirgeoirí uile (5) an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

5.3.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí sa tír lena mbaineann

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí sa tír lena mbaineann a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne agus faisnéis faoina gcuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R812_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER

I ranna 5.6 agus 5.9 thíos tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar Tron.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh sé teagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann freisin agus is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí sa tíre lena mbaineann.

Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó allmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Gach táirgeoir aitheanta, údaráis na tíre lena mbaineann, agus comhlachais táirgeoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na tíre lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

Beidh cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2714

Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 28 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.

5.3.2.   Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe (6) (7)

Allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe a allmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach allmhaireoir neamh-chomhlachaithe, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe reatha seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a thabhairt don Choimisiún.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na n-allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh an Coimisiún teagmháil a dhéanamh le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí freisin.

Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann san Aontas, ar méid é ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na hallmhaireoirí neamh-chomhlachaithe aitheanta uile agus do na comhlachais aitheanta uile d’allmhaireoirí faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

Chun an fhaisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún ceistneoirí chuig na hallmhaireoirí neamh-chomhlachaithe sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2714

5.4.    Nós imeachta chun a chinneadh an dócha go leanfaí den díobháil nó go ndéanfaí í an athuair agus imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí de chuid an Aontais

Chun a chinneadh an dócha go leanfaí den díobháil do thionscal an Aontais nó go ndéanfaí í an athuair, iarrtar ar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú san Aontas a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.

Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara.

Leis seo, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Ina theannta sin, táirgeoirí eile den Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, a mheasann gur ann do chúiseanna iad a áireamh sa sampla, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó lá foilsithe an Fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus/nó do chomhlachais de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2714

5.5.    Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

Má dheimhnítear gur dócha go leanfaí den fhóirdheonú agus den díobháil nó go ndéanfaí an fóirdheonú agus an díobháil an athuair, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 31 den bhun-Rialachán, maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí na bearta frithchúitimh i bhfeidhm.

Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.

Aon fhaisnéis maidir le measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor, sin nó trí cheistneoir a d’ullmhaigh an Coimisiún a líonadh isteach.

Cóip den cheistneoir, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, tá sé ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2714. In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 31 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í.

5.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.2 agus 5.4, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 28 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (8).

5.7.    Aighneachtaí eile i scríbhinn

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar, leis seo, a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.8.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna a leag na páirtithe leasmhara amach i scríbhinn roimh ré.

I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar a iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua ábhartha a chur ar fáil tar éis na héisteachta.

5.9.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críocha na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, is mar ‘ Íogair ’  (9) a dhéanfar iad a lipéadú. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 29(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘ Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara ’. Ní mór do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de bhileoga deimhniúcháin. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil agus go seiceáiltear é ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi

Seoltaí ríomhphoist:

Fóirdheonú: TRADE-R812-BIODIESEL-SUBSIDY@ec.europa.eu

Díobháil agus Leas an Aontais: TRADE-R812-BIODIESEL-INJURY@ec.europa.eu

6.   Sceideal an imscrúdaithe

De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, de bhun Airteagal 22(1) den bhun-Rialachán.

7.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear i roinn 5 den Fhógra seo.

Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.

8.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chur páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, na barúlacha ar fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara isteach mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad sin a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúil a thabhairt ar an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.

An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo

Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, aon síneadh a chuirfear leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, beidh sé teoranta do 3 lá, agus de ghnáth ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh an síneadh ama thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.

10.   Neamh-chomhoibriú

I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac mór ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán dá bhrí sin, féadfaidh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh sé i ndiaidh comhoibriú.

Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagairt a thabhairt ar an mbealach ar iarradh é. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

11.   Oifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí tráchta a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Ní mór aon iarraidh a thíolacadh in am trátha agus go pras ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en

12.   An deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 19 den bhun-Rialachán

Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 22(3) den bhun-Rialachán.

Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d'fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán.

Aon pháirtí ar mian leis athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, ar athbhreithniú é a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú éaga a luaitear san Fhógra seo, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCoimisiún ag an seoladh a shonraítear thuas.

13.   Sonraí pearsanta a phróiseáil

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W


(1)   IO C 183, 25.5.2023, lch. 2.

(2)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/244 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hAirgintíne, IO L 40, 12.2.2019, lch. 1.

(4)  Le tagairtí d’fhoilsiú an fhógra seo, is é foilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheidh i gceist mura sonraítear a mhalairt.

(5)  Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta (sa chás seo, sa tír lena mbaineann) a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá cuideachtaí comhlachaithe a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin náisiúnta nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.

(6)  Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil gaol acu leis na táirgeoirí sa tír lena mbaineann a shampláil. Ní mór d’allmhaireoirí atá comhlachaithe le táirgeoirí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith comhlachaithe: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má rialaíonn duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(7)  Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le leas an Aontais a chinneadh.

(8)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 22979797.

(9)  Is doiciméad ‘ Íogair ’ doiciméad a mheastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 29 den bhun-Rialachán agus Airteagal 12 de Chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leagan íogair

Leagan le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara

(cuir tic sa bhosca iomchuí)

ATHBHREITHNIÚ ÉAGA AR NA BEARTA FRITH-FHÓIRDHEONTAIS IS INFHEIDHME I DTACA LE HALLMHAIRÍ BITHDHÍOSAIL DE THIONSCNAMH NA HAIRGINTÍNE

FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN SAMPLA D’ALLMHAIREOIRÍ NEAMH-CHOMHLACHAITHE A ROGHNÚ

Tá an fhoirm seo ceaptha le cuidiú le hallmhaireoirí neamh-chomhlachaithe agus an iarraidh ar fhaisnéis samplála a rinneadh i bpointe 5.3.2 den Fhógra tionscnamh á freagairt acu.

Ba cheart an leagan Íogair agus an leagan Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara a chur ar ais chuig an gCoimisiún: TRADE-R812-BIODIESEL-INJURY@ec.europa.eu.

1.   CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA

Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

Ainm na cuideachta

 

Seoladh

 

Uimhir CBL

 

Teagmhálaí

 

Seoladh ríomhphoist

 

Uimhir theileafóin

 

2.   LÁIMHDEACHAS AGUS AN MÉID DÍOLACHÁN

Léirigh in euro (EUR) láimhdeachas iomlán na cuideachta, an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí le haghaidh allmhairí an táirge faoi imscrúdú de réir mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh, agus le haghaidh athdhíolacháin an táirge sin ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón Airgintín, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

 

Tonaí

Luach in euro (EUR)

Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR)

 

 

Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na hAirgintíne

 

 

Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú (de gach tionscnamh)

 

 

Athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón Airgintín

 

 

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA AGUS NA GCUIDEACHTAÍ COMHLACHAITHE (1)

Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta comhlachaithe (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúchán agus/nó intíre) an táirge faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi athbhreithniú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.

Ainm na cuideachta, uimhir CBL agus suíomh

Gníomhaíochtaí

Gaol

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   FAISNÉIS EILE

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.

5.   DEIMHNIÚCHÁN

Tríd an bhfaisnéis thuasluaite a chur ar fáil, aontaíonn an chuideachta go bhféadfaí í a áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, is é a bheidh i gceist leis sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh leis go dtabharfar cuairt ar a háitreabh chun a freagra a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.

Síniú an oifigigh údaraithe:

Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

Dáta:


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith comhlachaithe: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1355/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)