European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1212

31.1.2024

Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)

(C/2024/1212)

An liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.

Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.

LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE ARNA nEISIÚINT AG NA BALLSTÁIT

AN FHRAINC

Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C 393, 13.10.2022, lch. 10.

1.   Ceadanna cónaithe a eisítear i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach

Ceadanna cónaithe ón bhFrainc:

Carte de séjour temporaire comportant une mention particulière qui varie selon le motif du séjour autorisé

(Cead cónaithe sealadach a bhfuil foclaíocht shonrach air, foclaíocht a athraíonn de réir na gcúiseanna atá leis an bhfanacht údaraithe)

Ceadanna cónaithe sealadacha a bhfuil réimse ‘Nótaí’ orthu ina bhfuil an tsiombail ‘#’ roimh an gcúis atá leis an gcead cónaithe, nó ina bhfuil na focail ‘Séjour limité à Mayotte’ (Cead fanachta in Mayotte amháin), ní cheadaítear leis na ceadanna cónaithe sin dul isteach i limistéar Schengen ach amháin do bhaill teaghlaigh (céile, páirtnéir sibhialta, leanbh, leanbh an chéile, gaol sa líne shinsearach dhíreach, gaol an chéile sa líne shinsearach dhíreach):

ag saoránach den Fhrainc a bheidh in éineacht leis an náisiúnach i dtrácht agus a bheidh ag taisteal in éineacht leis chuig Ballstát eile seachas an Fhrainc;

ag náisiúnach den Fhrainc ar aithníodh roimhe seo a cheart fanachta i mBallstát eile den Aontas leis an náisiúnach i dtrácht

Carte de séjour pluriannuelle, d'une durée de validité maximale de 4 ans

(Cead cónaithe ilbhliantúil atá bailí ar feadh ceithre bliana ar a mhéad)

Carte de séjour portant la mention ‘retraité’ et ‘conjoint de retraité’

(Cead cónaithe ar a bhfuil na focail ‘duine ar scor’ nó ‘céile duine ar scor’)

Carte de résident

(Cárta cónaitheora)

Carte de résident permanent

(Cárta buanchónaitheora)

Carte de résident portant la mention ‘résident de longue durée-CE’

(Cárta cónaitheora ar a bhfuil na focail ‘cónaitheoir fadtéarma-AE’) (N.B.: tugadh ‘Cárta cónaitheora fhadtéarmaigh CE’ ar an gcárta sin freisin go dtí an 16 Meitheamh 2011, ansin ‘Cárta cónaitheora fhadtéarmaigh – an Comhphobal Eorpach’)

Carte de résident délivrée aux ressortissants andorrans

(Cárta cónaitheora a eisítear chuig náisiúnaigh Andóra)

Certificat de résidence d’Algérien

(Deimhniú cónaithe do náisiúnaigh na hAilgéire)

Carte de séjour de membre de famille d'un citoyen de l'Union/EEE/Suisse

(Cead cónaithe a eisítear chuig baill teaghlaigh le saoránaigh AE/LEE/den Eilvéis)

Carte de séjour portant la mention Article 50 TUE délivrée aux Britanniques et membres de leurs familles bénéficiaires de l’accord de retrait du Royaume-Uni de l’Union européenne

(Cead cónaithe ar a bhfuil na focail ‘Airteagal 50 CAE’ a eisítear chuig náisiúnaigh Bhriotanacha agus chuig baill dá dteaghlaigh a chumhdaítear leis an gcomhaontú maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach)

Ceadanna Monacacha (lena n-áirítear de bhun chinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 23 Meitheamh 1998 maidir le ceadanna Monacacha [SCH/Com-ex(98) 19]:

Carte de séjour de résident temporaire de Monaco

(Cead cónaithe sealadach – Monacó)

Carte de séjour de résident ordinaire de Monaco

(Gnáthchead cónaithe – Monacó);

Carte de séjour de résident privilégié de Monaco

(Cead cónaithe pribhléideach – Monacó);

Carte de séjour de conjoint de ressortissant monégasque

(Cead cónaithe do chéile duine a bhfuil náisiúntacht Mhonacach aige).

2.   Gach doiciméad eile a eisítear chuig náisiúnaigh tríú tíre lena n-údaraítear fanacht sa chríoch nó athiontráil

Autorisation provisoire de séjour

(Údarú sealadach le fanacht)

Récépissés de renouvellement de demande de titre de séjour, accompagnés du titre de séjour périmé ou d’un visa D de long séjour d’une durée de validité comprise entre 4 et 12 mois, périmé (à l’exclusion du visa D comportant la mention ‘Dispense temporaire de carte de séjour’)

(Admhálacha ar iarratas athnuaite ar chead cónaithe, mar aon leis an gcead cónaithe atá imithe in éag nó víosa fadfhanachta de chineál-D atá imithe in éag, atá bailí ar feadh tréimhse idir 4 mhí agus 12 mhí (cé is moite de víosaí cineál-D a bhfuil ‘Dispense temporaire de carte de séjourour’ marcáilte orthu (‘Díolmhaithe go sealadach ó chead cónaithe’))

Attestation de prolongation d’instruction d’une demande de titre de séjour, accompagnée du titre de séjour périmé ou d'un visa D de long séjour périmé d'une durée de validité comprise entre 4 et 12 mois, (à l'exclusion du visa D comportant la mention «Dispense temporaire de carte de séjour»)

(Deimhniú lena gcuirtear síneadh leis an scrúdú a dhéantar ar iarratas ar chead cónaithe, mar aon leis an gcead cónaithe atá imithe in éag nó víosa fhadfhanachta de chineál-D atá imithe in éag, atá bailí ar feadh tréimhse idir 4 mhí agus 12 mhí (cé is moite de víosaí cineál-D a bhfuil ‘Dispense temporaire de carte de séjour’ marcáilte orthu (‘Díolmhaithe go sealadach ó chead cónaithe’)).

Attestation de décision favorable sur une demande de titre de séjour

(Deimhniú lena dtugtar cruthúnas ar chinneadh fabhrach maidir le hiarratas ar chead cónaithe).

Attestation d’enregistrement de demande de titre de séjour en ligne délivrée aux ressortissants britanniques dans le cadre de l’application de l’accord de retrait du Royaume-Uni de l’Union européenne

(Deimhniú maidir le hiarratas ar líne ar chead cónaithe a eisítear chuig náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe faoi chuimsiú chur i bhfeidhm Chomhaontú um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach).

Attestation de decision favorable sur une demande de renouvellement de titre de sejour (Certificate proving a favourable decision with regards to an application for a renewal of a residence permit)

Attestation de decision favorable sur une demande de duplicata de titre de sejour (Deimhniú lena gcruthaítear cinneadh fabhrach maidir le hiarratas ar chead cónaithe i ndúblach)

Doiciméid a eisítear chuig mionaoisigh eachtrannacha

Document de circulation pour étrangers mineurs (DCEM)

(Doiciméad taistil le haghaidh mionaoisigh eachtrannacha)

Titre d'identité républicain pour étrangers mineurs (TIREM)

(Doiciméad aitheantais Phoblacht na Fraince le haghaidh mionaoisigh eachtrannacha)

N.B.:

Scoireadh de dhoiciméad aitheantais Phoblacht na Fraince a eisiúint ón 1 Márta 2019. Tá doiciméid a eisíodh níos luaithe, atá bailí go dtí an 1 Márta 2024, fós in úsáid.

Titres de voyage délivrés aux bénéficiaires de la protection internationale

(Doiciméid taistil a eisítear chuig tairbhithe cosanta idirnáisiúnta)

Titre de voyage pour réfugié

(Doiciméad taistil le haghaidh dídeanaithe)

Titre d’identité et de voyage

(Doiciméad aitheantais agus taistil)

Carte de frontalier délivrée aux Britanniques et membres de leurs familles bénéficiaires de l’accord de retrait du Royaume-Uni de l’Union européenne

(Cead tráchta teorann a eisítear chuig náisiúnaigh Bhriotanacha agus do bhaill dá dteaghlaigh a chumhdaítear leis an gcomhaontú maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach)

Titres de séjour spéciaux

(Ceadanna cónaithe speisialta) (Tá gach cead cónaithe speisialta marcáilte de réir stádas an tsealbhóra)

‘CMD/A’: délivré au Chef d'une Mission diplomatique ('CMD/A': arna n-eisiúint chuig cinn misin taidhleoireachta)

‘CMD/M’: délivré au Chef de mission d'une Organisation internationale (‘CMD/M’: arna n-eisiúint chuig cinn misin ó eagraíochtaí idirnáisiúnta)

‘CMD/D’: délivré au chef d'une Délégation permanente auprès d'une Organisation internationale (‘CMD/D’: arna n-eisiúint chuig cinn toscaireachtaí buana chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta)

‘CD/A’: délivré aux agents du Corps diplomatique ('CD/A': arna n-eisiúint chuig oifigigh taidhleoireachta)

‘CD/M’: délivré aux hauts fonctionnaires d'une Organisation internationale ('CD/M': arna n-eisiúint chuig oifigigh shinsearacha de chuid eagraíochta idirnáisiúnta)

‘CD/D’: délivré aux assimilés membres d'une Délégation permanente auprès d'une Organisation internationale ('CD/D': arna n-eisiúint chuig oifigigh atá inchomparáide le hoifigigh ar comhaltaí iad de thoscaireacht bhuan chuig eagraíocht idirnáisiúnta)

‘CC/C’: délivré aux fonctionnaires consulaires (‘CC/C’: arna n-eisiúint chuig oifigigh chonsalacha)

‘AT/A’: délivré au personnel administratif ou technique d'une ambassade (‘AT/A’: arna n-eisiúint chuig foireann riaracháin nó theicniúil ambasáide)

‘AT/C’: délivré au personnel administratif ou technique d'un consulat ('AT/C': arna n-eisiúint chuig foireann riaracháin nó theicniúil consalachta)

‘AT/M’: délivré au personnel administratif ou technique d'une Organisation internationale ('AT/M': arna n-eisiúint chuig foireann riaracháin nó theicniúil eagraíochta idirnáisiúnta)

‘AT/D’: délivré au personnel administratif ou technique d'une Délégation permanente auprès d'une Organisation internationale (‘AT/D’: arna n-eisiúint chuig foireann riaracháin nó theicniúil de thoscaireacht bhuan chuig eagraíocht idirnáisiúnta)

‘SE/A’: délivré au personnel de service d'une ambassade (‘SE/A’: arna n-eisiúint chuig foireann seirbhíse ambasáide)

‘SE/C’: délivré au personnel de service d'un consulat (‘SE/C’: arna n-eisiúint chuig foireann seirbhíse consalachta)

‘SE/M’: délivré au personnel de service d'une Organisation internationale (‘SE/M’: arna n-eisiúint chuig foireann seirbhíse eagraíochtaí idirnáisiúnta)

‘SE/D’: délivré au personnel de service d'une Délégation permanente auprès d'une Organisation internationale (‘SE/D’: arna n-eisiúint chuig foireann seirbhíse de thoscaireacht bhuan chuig eagraíocht idirnáisiúnta)

‘PP/A’: délivré au personnel privé d'un diplomate (‘PP/A’: arna n-eisiúint chuig foireann phríobháideach taidhleora)

‘PP/C’: délivré au personnel privé d'un fonctionnaire consulaire (‘PP/C’: arna n-eisiúint chuig foireann phríobháideach oifigigh chonsalaigh)

‘PP/M’: délivré au personnel privé d’un membre d’une Organisation internationale (‘PP/M’: arna n-eisiúint chuig foireann phríobháideach comhalta d'eagraíocht idirnáisiúnta)

‘PP/D’: délivré au personnel privé d’un membre d’une Délégation permanente auprès d’une Organisation internationale (PP/D: arna n-eisiúint chuig foireann phríobháideach comhalta de thoscaireacht bhuan chuig eagraíocht idirnáisiúnta)

‘EM/A’: délivré aux envoyés en mission temporaire, enseignants ou militaires à statut spécial attachés auprès d'une ambassade (‘EM/A’: arna n-eisiúint chuig toscairí ar mhisean sealadach, múinteoirí nó foireann mhíleata a bhfuil stádas speisialta acu a ghabhann le hambasáid)

‘EM/C’: délivré aux envoyés en mission temporaire, enseignants ou militaires à statut spécial attachés auprès d'un consulat (‘EM/C’: arna n-eisiúint chuig toscairí ar mhisean sealadach, múinteoirí nó foireann mhíleata a bhfuil stádas speisialta acu a ghabhann le consalacht)

‘EM/M’: délivré aux envoyés en mission temporaire auprès d'une Organisation internationale (‘EM/M’: arna n-eisiúint chuig toscairí ar mhisean sealadach chuig eagraíocht idirnáisiúnta)

‘EM/D’: délivré aux envoyés en mission temporaire dans une Délégation permanente auprès d'une Organisation internationale (‘EM/D’: arna n-eisiúint chuig toscairí ar mhisean sealadach chuig toscaireacht bhuan chuig eagraíocht idirnáisiúnta)

‘FI/M’: délivré aux fonctionnaires internationaux des Organisations internationales (‘FI/M’: arna n-eisiúint chuig oifigigh idirnáisiúnta de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta)

Liosta na ndaoine atá ag glacadh páirt i dturas scoile laistigh den Aontas Eorpach

AN GHEARMÁIN

Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C 491, 7.12.2021, lch. 5.

1.   Ceadanna cónaithe a eisítear de réir na formáide aonfhoirmí

Aufenthaltserlaubnis

(cead cónaithe)

Blaue Karte EU

(Cárta Gorm AE – arna eisiúint ón 1 Lúnasa 2012)

ICT-Karte

(Cárta aistrí ionchorparáidigh (ICT))

Mobiler-ICT-Karte

(Cárta ICT móibíleach)

Niederlassungserlaubnis

(cead buanchónaithe)

Erlaubnis zum Daueraufenthalt-EG (auch “Daueraufenhalt-EU”)

(cead cónaithe fhadtéarmaigh CE)

Aufenthaltsberechtigung

(cead cónaithe gan srian)

NB:

Eisíodh an ‘Aufenthaltsberechtigung (cead cónaithe gan srian)’ san fhormáid aonfhoirmeach roimh an 1 Eanáir 2005 agus níl teorainn lena bhailíocht.

Aufenthaltskarte für Familienangehörige eines Unionsbürgers oder eines Staatsangehörigen eines EWR-Staates

(Cárta cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránach den Aontas Eorpach nó náisiúnach de Bhallstát LEE)

NB:

Táthar á eisiúint ó bhí an 28 Lúnasa 2007 ann; arna chur in ionad an cheada cónaithe fhadtéarmaigh AE

Daueraufenthaltskarte für Familienangehörige eines Unionsbürgers oder eines Staatsangehörigen eines EWR-Staates

(Cárta buanchónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas Eorpach nó náisiúnaigh de Bhallstát LEE)

Aufenthaltserlaubnis-CH

Die Aufenthaltserlaubnis für Staatsangehörige der Schweizerischen Eidgenossenschaft und ihre Familienangehörigen, die nicht Staatsangehörige der Schweizerischen Eidgenossenschaft sind

(Cead cónaithe-CH)

(Cead cónaithe le haghaidh náisiúnaigh den Eilvéis agus a mbaill teaghlaigh nach náisiúnaigh den Eilvéis iad)

Aufenthaltsdokument-GB für Inhaber des Aufenthaltsrechts im Sinne des Artikels 18 Absatz 4 des Austrittsabkommens des Vereinigten Königreichs Großbritannien und Nordirland aus der Europäischen Union und der Europäischen Atomgemeinschaft

(Doiciméad cónaithe na Ríochta Aontaithe (‘Aufenthaltsdokument-GB’) le haghaidh shealbhóirí an chearta cónaithe faoi Airteagal 18(4) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.)

Aufenthaltsdokument für Grenzgänger-GB nach Artikel 26 des Austrittsabkommens des Vereinigten Königreichs Großbritannien und Nordirland aus der Europäischen Union und der Europäischen Atomgemeinschaft für Inhaber eines Rechts als Grenzgänger nach Artikel 24 Absatz 2, auch in Verbindung mit Artikel 25 Absatz 2, des Abkommens.

(Doiciméad cónaithe na Ríochta Aontaithe le haghaidh oibrithe teorann (‘Aufenthaltsdokument-GB Grenzgänger’) faoi Airteagal 26 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh sealbhóirí an chirt oibrithe teorann faoi Airteagal 24(2), agus i gcomhar le hAirteagal 25(2) den Chomhaontú freisin.)

2.   Gach doiciméad eile a eisítear chuig náisiúnaigh tríú tír atá comhionann le cead cónaithe

Aufenthaltserlaubnis mit der Anmerkung „24“ (auch mit den Zusätzen „ABS. 1“ und „AUFENTHG“), die am 1. Februar 2024 gültig ist

Cead cónaithe ar a bhfuil an lua ‘24’ (ar a bhfuil ‘ABS. 1’ agus ‘AUFENTHG’ freisin) a bheidh bailí an 1 Feabhra 2024

NB:

Maidir le gach cead cónaithe de bhun Roinn 24(1) den Acht Cónaithe (Cur Chun Feidhme Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001) a bheidh bailí an 1 Feabhra 2024, lena n-áirítear na coinníollacha agus na forálacha coimhdeacha a ghabhann leo, cuireadh síneadh leo go ginearálta trí bhíthin Reachta agus beidh feidhm acu go dtí an 4 Márta 2025 gan cárta nua a eisiúint le haghaidh an cheada cónaithe.

Aufenthaltserlaubnis-EU

(cead cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach nó de Bhallstát LEE nach náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas nó de Bhallstát LEE iad)

NB:

Eisíodh iad go dtí an 28.8.2007 agus iad bailí suas le 5 bliana (nó gan teorainn), da bhí sin tá siad i gcúrsaíocht go fóill

Aufenthaltskarte für Familienangehörige eines Unionsbürgers oder eines Staatsangehörigen eines EWR-Staates

(cárta cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránach den Aontas Eorpach nó náisiúnach de Bhallstát LEE (doiciméad páipéir))

NB:

Eisíodh é seo mar dhoiciméad páipéir ón 28 Lúnasa 2007, arna chur in ionad an cheada cónaithe fhadtéarmaigh AE (‘Aufenthaltserlaubnis-EU’). Ní eiseofar é a thuilleadh tar éis dheireadh 2020. Beidh doiciméid a eisíodh roimh dheireadh 2020 bailí go dtí an dáta éaga a léirítear ar an doiciméad.

Daueraufenthaltskarte für Familienangehörige eines Unionsbürgers oder eines Staatsangehörigen eines EWR-Staates (Papierdokument)

(Cárta buanchónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránach den Aontas Eorpach nó náisiúnach de Bhallstát LEE (doiciméad páipéir))

NB:

Eisíodh é seo mar dhoiciméad páipéir. Ní eiseofar é a thuilleadh tar éis dheireadh 2020. Beidh doiciméid a eisíodh roimh dheireadh 2020 bailí go dtí an dáta éaga a léirítear ar an doiciméad.

Aufenthaltserlaubnis für Staatsangehörige der Schweizerischen Eidgenossenschaft und ihre Familienangehörigen, die nicht Staatsangehörige der Schweizerischen Eidgenossenschaft sind

(cead cónaithe le haghaidh náisiúnaigh de Chónaidhm na hEilvéise agus a mbaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Chónaidhm na hEilvéise iad)

NB:

Cead cónaithe le haghaidh náisiúnaigh den Eilvéis agus a mbaill teaghlaigh nach náisiúnaigh den Eilvéis iad. Beidh doiciméid a eisíodh roimh dheireadh 2020 bailí go dtí an dáta éaga a léirítear ar an doiciméad.

Aufenthaltserlaubnis für Angehörige eines Mitgliedstaates der EWG (doiciméad páipéir)

(cead cónaithe le haghaidh náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas)

NB:

De réir roinn 15 den Acht um shaoirse gluaiseachta ghinearálta saoránach den Aontas Eorpach ‘Aufenthaltserlaubnis-EU für Familienangehörige von Staatsangehörigen eines Mitgliedstaates der Europäischen Union oder eines EWR Staates, die nicht Staatsangehörige eines Mitgliedstaates der EU oder des EWR sind’

NB:

Cead cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh le saoránaigh den Aontas Eorpach nó náisiúnaigh de Bhallstát LEE nach saoránaigh den Aontas ná náisiúnaigh de Bhallstát LEE iad féin a eisíodh roimh 28.8.2007, tá sé bailí mar chárta cónaithe go fóill.

NB:

Tugann an cead thuasluaite cead don sealbhóir dul isteach gan víosa má eisítear é i bpas nó ar leithligh i gcomhar le pas, agus sna cásanna sin amháin, ach ní thugann má eisítear é mar ghreamán greamaithe le doiciméad aitheantais ionaid (‘Ausweisersatz’) agus é bailí sa Ghearmáin amháin.

NB:

Tá na ceadanna seo bailí in ionad víosa, le haghaidh dul isteach gan víosa, má eisítear iad i bpas nó ar leithligh i gcomhar le pas, agus sna cásanna sin amháin; níl siad bailí in ionad víosa má eisítear iad mar dhoiciméad inmheánach in ionad cárta aitheantais.

Níl ‘Aussetzung der Abschiebung (Duldung)’ (cur siar na díbeartha (cead eisceachtúil chun fanacht) ná ‘Aufenthaltsgestattung für Asylbewerber’ (cead cónaithe sealadach le haghaidh iarrthóirí tearmainn) bailí le haghaidh iontráil gan víosa.

Fiktionsbescheinigung

(Doiciméad cónaithe shealadaigh)

Má tá tic sa tríú bosca ar leathanach 3 agus sa chás sin amháin – tá an cead cónaithe bailí fós. Ní cheadaítear iontráil ach i dtaca le cead cónaithe atá imithe in éag, víosa, pas bailí de bhun Airteagal 10 de Threoir 2004/38/CE, nó cárta buanchónaithe Gearmánach de bhun Airteagal 20 de Threoir 2004/38/CE.

Má tá tic sa chéad nó sa dara bosca, ní bhaineann an ceart dul isteach gan víosa leis an ‘Fiktionsbescheinigung’.

Foráil maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

Mar a fhoráiltear sna forálacha a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach, le héifeacht ó dheireadh na hidirthréimhse faoin gComhaontú sin, i gcás náisiúnaigh Bhriotanacha agus a mbaill teaghlaigh a bhfuil cearta acu sa Ghearmáin faoi Chuid a Dó, Teideal II, Caibidil 1 nó faoi Airteagal 24(2), agus i gcomhar le hAirteagal 25(2) den Chomhaontú freisin, tá cead acu dul isteach fiú mura bhfuil cead cónaithe atá imithe in éag nó víosa acu chomh maith lena bpas agus ‘Fiktionsbescheinigung’ (doiciméad cónaithe shealadaigh) ina bhfuil tic sa cheathrú bosca ar leathanach a trí, lena léirítear (sa Ghearmáinis) go bhfuil ‘iarratas déanta ag an sealbhóir ar dhoiciméadacht le haghaidh ceart cónaithe faoin Acht um Shaoirse Gluaiseachta/AE nó faoin gComhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis, a dhéantar a dheimhniú go sealadach leis seo’, fiú mura bhfuil cead cónaithe atá imithe in éag agus víosa acu chomh maith lena bpas. Is sa Ghearmáinis atá an léiriú sin sa doiciméad agus seo a leanas é: ‘Der Inhaber / die Inhaberin hat die Dokumentation eines Aufenthaltsrechts nach dem FreizügG/EU oder dem Abkommen EU-Schweiz beantragt, das hiermit vorläufig bescheinigt wird.’

Bíonn tic sa bhosca céanna má tá iarratas déanta ag an sealbhóir cheana féin ar dhoiciméadacht le haghaidh ceart cónaithe faoin Acht um Shaoirse Gluaiseachta/AE nó faoin gComhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis, ach nach bhfuil aon doiciméad atá i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach arna sainiú le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle réidh le heisiúint. Sa chás sin, deimhnítear an ceart cónaithe leis an doiciméad cónaithe shealadaigh. Sna cásanna sin, tá cead ag sealbhóirí Fiktionsbescheinigung dul isteach má tá tic sa cheathrú bosca ar leathanach a trí den doiciméad, lena léirítear go bhfuil ‘iarratas déanta ag an sealbhóir ar dhoiciméadacht le haghaidh ceart cónaithe faoin Acht um Shaoirse Gluaiseachta/AE nó faoin gComhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis, a dhéantar a dheimhniú go sealadach leis seo’, fiú mura bhfuil cead cónaithe atá imithe in éag nó víosa acu chomh maith lena bpas.

Pasanna le haghaidh baill de mhisin taidhleoireachta:

NB:

Ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann, tá cineál nua pas á eisiúint le haghaidh baill de mhisin taidhleoireachta agus le haghaidh baill de phoist chonsalachta de chineál gairme. Na cineálacha sin pasanna a bunaíodh roimh an 1 Lúnasa 2003, níl siad bailí a thuilleadh.

Taispeántar na pribhléidí ábhartha ar chúl gach pas.

Pasanna a eisítear do thaidhleoirí agus dá mbaill teaghlaigh:

‘D’ marcáilte ar an gcúl:

Pasanna taidhleoireachta le haghaidh taidhleoirí eachtracha:

Protokollausweis für Diplomaten

(Pas prótacail le haghaidh taidhleoirí, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna taidhleoireachta le haghaidh baill teaghlaigh atá ag gabháil d’fhostaíocht phríobháideach shocrach:

Protokollausweis für Diplomaten "A"

(Pas prótacail ‘A’ le haghaidh taidhleoirí, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna prótacail le haghaidh taidhleoirí ar náisiúnaigh den Ghearmáin iad nó a bhfuil buanchónaí orthu sa Ghearmáin

Protokollausweis für Diplomaten Art. 38 I WÜD

(Pas prótacail le haghaidh taidhleoirí faoi Airteagal 38(1) de Coinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne riaracháin nó teicniúla agus dá mbaill teaghlaigh:

‘VB’ marcáilte ar an gcúl:

Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin nó teicniúla eachtracha:

Protokollausweis für Verwaltungspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pas prótacail le haghaidh baill teaghlaigh le baill foirne riaracháin nó teicniúla má tá na baill teaghlaigh sin ag gabháil d’fhostaíocht phríobháideach shocrach:

Protokollausweis für Verwaltungspersonal "A"

(Pas prótacail ‘A’ le haghaidh baill foirne riaracháin, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin nó teicniúla ar náisiúnaigh den Ghearmáin iad nó a bhfuil buanchónaí orthu sa Ghearmáin:

Protokollausweis für Mitglieder VB Art. 38 2 WÜD

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin faoi Airteagal 38(2) de Coinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne seirbhíse agus dá mbaill teaghlaigh:

‘DP’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für dienstliches Hauspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne seirbhíse, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne áitiúla agus dá mbaill teaghlaigh:

‘OK’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für Ortskräfte

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne áitiúla, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne príobháidí tí:

‘PP’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für privates Hauspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne príobháidí tí, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna le haghaidh baill de phoist chonsalachta:

Taispeántar na pribhléidí ábhartha ar chúl gach pas.

Pasanna a eisítear d’oifigigh chonsalacha:

‘K’ marcáilte ar an gcúl:

Pasanna le haghaidh oifigigh chonsalacha eachtracha:

Protokollausweis für Konsularbeamte

(Pas prótacail le haghaidh oifigigh chonsalacha, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna le haghaidh oifigigh chonsalacha ar náisiúnaigh den Ghearmáin iad nó a bhfuil buanchónaí orthu sa Ghearmáin:

Protokollausweis für Konsularbeamte "Art. 71 I WÜK"

(Pas prótacail le haghaidh oifigigh chonsalacha faoi Airteagal 71(1) de Coinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta) (ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne riaracháin nó teicniúla consalachta de chineál gairme:

‘VK’ marcáilte ar an gcúl:

Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin nó teicniúla eachtracha:

Protokollausweis für Verwaltungspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin nó teicniúla ar náisiúnaigh den Ghearmáin iad nó a bhfuil buanchónaí orthu sa Ghearmáin:

Protokollausweis für Mitglieder VK Art. 71 II WÜK

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne riaracháin faoi Airteagal 71(2) de Coinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne seirbhíse consalachta de chineál gairme:

‘DH’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für dienstliches Hauspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne seirbhíse, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill teaghlaigh le hoifigigh chonsalacha nó le baill foirne riaracháin, teicniúla nó seirbhíse:

‘KF’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis f. Familienangehörige (Konsulat)

(Pas prótacail le haghaidh baill teaghlaigh (consalacha), ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne áitiúla consalachta de chineál gairme:

‘OK’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für Ortskräfte

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne áitiúla) (ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna a eisítear do bhaill foirne príobháidí tí consalachta de chineál gairme:

‘PP’ marcáilte ar an gcúl:

Protokollausweis für privates Hauspersonal

(Pas prótacail le haghaidh baill foirne príobháidí tí, ó bhí an 1 Lúnasa 2003 ann)

Pasanna speisialta:

Pasanna a eisítear do bhaill eagraíochtaí idirnáisiúnta agus dá mbaill teaghlaigh:

‘IO’ marcáilte ar an gcúl:

Sonderausweis "IO"

(Pas speisialta ‘IO’, ó bhí 1999 ann)

Sonderausweis für Mitglieder internationaler Organisationen

(Pas speisialta le haghaidh baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta)

Sonderausweis für Familienangehörige von Mitgliedern internationaler Organisationen

(Pas speisialta le haghaidh baill teaghlaigh le baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta)

NB:

eisítear pas ar a bhfuil ‘D’ do cheannairí eagraíochtaí idirnáisiúnta agus dá mbaill teaghlaigh; eisítear pas ar a bhfuil ‘PP’ do bhaill foirne príobháideacha tí atá fostaithe ag baill foirne eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Pasanna a eisítear do bhaill de líon tí faoi roinn 27(1)(5) den Reacht lena Rialaítear Cónaí (Aufenthaltsverordnung):

‘S’ marcáilte ar an gcúl:

Sonderausweis "S"

(Pas speisialta ‘S’, ó bhí an 1 Eanáir 2005 ann)

Liosta na bpaisinéirí le haghaidh turais scoile laistigh den Aontas Eorpach

Liosta na ndaoine a ghlacann páirt i dturas scoile a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(b) i gcomhar leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh ón gComhairle dar dáta an 30 Samhain 1994 maidir leis na bearta coiteanna arna nglacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal K.3 (2)(b) den Conradh ar an Aontas Eorpach chun taisteal a éascú do dhaltaí ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát.

Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo

IO C 247, 13.10.2006, lch. 1.

IO C 77, 5.4.2007, lch. 11.

IO C 153, 6.7.2007, lch. 1.

IO C 164, 18.7.2007, lch. 45.

IO C 192, 18.8.2007, lch. 11.

IO C 271, 14.11.2007, lch. 14.

IO C 57, 1.3.2008, lch. 31.

IO C 134, 31.5.2008, lch. 14.

IO C 207, 14.8.2008, lch. 12.

IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.

IO C 3, 8.1.2009, lch. 5.

IO C 64, 19.3.2009, lch. 15.

IO C 198, 22.8.2009, lch. 9.

IO C 239, 6.10.2009, lch. 2.

IO C 298, 8.12.2009, lch. 15.

IO C 308, 18.12.2009, lch. 20.

IO C 35, 12.2.2010, lch. 5.

IO C 82, 30.3.2010, lch. 26.

IO C 103, 22.4.2010, lch. 8.

IO C 108, 7.4.2011, lch. 7.

IO C 157, 27.5.2011, lch. 5.

IO C 201, 8.7.2011, lch. 1.

IO C 216, 22.7.2011, lch. 26.

IO C 283, 27.9.2011, lch. 7.

IO C 199, 7.7.2012, lch. 5.

IO C 214, 20.7.2012, lch. 7.

IO C 298, 4.10.2012, lch. 4.

IO C 51. 22.2.2013, lch. 6.

IO C 75. 14.3.2013, lch. 8.

IO C 77, 15.3.2014, lch. 4.

IO C 118, 17.4.2014, lch. 9.

IO C 200, 28.6.2014, lch. 59.

IO C 304, 9.9.2014, lch. 3.

IO C 390, 5.11.2014, lch. 12.

IO C 210, 26.6.2015, lch. 5.

IO C 286, 29.8.2015, lch. 3.

IO C 151, 28.4.2016, lch. 4.

IO C 16, 18.1.2017, lch. 5.

IO C 69, 4.3.2017, lch. 6.

IO C 94, 25.3.2017, lch. 3.

IO C 297, 8.9.2017, lch. 3.

IO C 343, 13.10.2017, lch. 12.

IO C 100, 16.3.2018, lch. 25.

IO C 144, 25.4.2018, lch. 8.

IO C 173, 22.5.2018, lch. 6.

IO C 222, 26.6.2018, lch. 12.

IO C 248, 16.7.2018, lch. 4.

IO C 269, 31.7.2018, lch. 27.

IO C 345, 27.9.2018, lch. 5.

IO C 27, 22.1.2019, lch. 8.

IO C 31, 25.1. 2019. lch. 5

IO C 34, 28.1.2019, lch. 4.

IO C 46, 5.2.2019, lch. 5.

IO C 330, 6.10.2020, lch. 5.

IO C 126, 12.4.2021, lch. 1.

IO C 140, 21.4.2021, lch. 2.

IO C 150, 28.4.2021, lch. 5.

IO C 365, 10.9.2021, lch. 3.

IO C 491, 7.12.2021, lch. 5.

IO C 509, 17.12.2021, lch. 10.

IO C 63, 7.2.2022, lch. 6.

IO C 272, 15.7.2022, lch. 4

IO C 304, 9.8.2022, lch. 5.

IO C 393, 13.10.2022, lch. 10.

IO C 72, 28.2.2023, lch. 44.

IO C 274, 3.8.2023, lch. 6.

IO C, C/2023/260, 19.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/260/oj.

IO C, C/2023/1408, 5.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1408/oj.

IO C, C/2023/1609, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1609/oj.


(1)  Féach liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.

(2)   IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1212/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)