European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1191

23.2.2024

P9_TA(2023)0331

Ceapachán Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra maidir le Cathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh (N9-0053/2023 – C9-0342/2023 – 2023/0901(NLE))

(Formheas)

(C/2024/1191)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Meán Fómhair 2023 (C9-0342/2023),

ag féachaint d’Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013, lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (1),

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 6 Samhain 2013 idir Parlaimint na hEorpa agus an Banc Ceannais Eorpach maidir leis na módúlachtaí praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na cuntasachta daonlathaí agus le formhaoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí a thugtar do BCE faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair (2),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE (3),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa tar éis fostaíocht phoiblí a chosc (4),

ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0272/2023),

A.

de bhrí go ndéantar foráil in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle go gcuirfidh an Banc Ceannais Eorpach a thogra maidir le Cathaoirleach ar an mBord Maoirseachta a cheapadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus go roghnófar an Cathaoirleach ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte, faoina gcoinneofar an Pharlaimint agus an Chomhairle ar an eolas go cuí, as measc daoine aonair a bhfuil seasamh agus taithí aitheanta acu i gcúrsaí baincéireachta agus airgeadais nach comhaltaí iad den Chomhairle Rialaithe;

B.

de bhrí go ndéantar foráil in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle go ndéanfaidh na ceapacháin don Bhord Maoirseachta i gcomhréir leis an Rialachán sin prionsabail na cothromaíochta inscne, na taithí agus na gcáilíochtaí a urramú; de bhrí go bhfuil an Pharlaimint tiomanta do chothromaíocht inscne a áirithiú sna príomhphoist i réimse na baincéireachta agus na seirbhísí airgeadais; de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile an Aontais agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;

C.

de bhrí, i gcomhréir leis an dara agus an tríú fleasc de Chaibidil II ‘Nósanna Imeachta Roghnúcháin’ de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 6 Samhain 2013, gur ghlac an Banc Ceannais Eorpach gearrliosta an 5 Iúil 2023 do phost mar Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta agus gur chuir sé an gearrliosta, a raibh tuarascáil mheastóireachta ag gabháil leis, ar fáil don Pharlaimint;

D.

de bhrí, an 13 Meán Fómhair 2023, gur ghlac an Banc Ceannais Eorpach togra maidir le Claudia Buch a cheapadh mar Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta agus gur tharchuir sé an togra sin chuig an bParlaimint;

E.

de bhrí gur lean an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de chuid na Parlaiminte ar aghaidh ansin chun dintiúir an iarrthóra atá molta a mheas, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle;

F.

de bhrí gur reáchtáil an coiste éisteacht leis an iarrthóir molta an 20 Meán Fómhair 2023, ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ansin ó chomhaltaí an choiste;

1.   

ag formheas cheapachán Claudia Buch mar Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh go ceann tréimhse 5 bliana;

2.   

á threorú dá hUachtarán an cinneadh sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig rialtais na mBallstát.


(1)   IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.

(2)   IO L 320, 30.11.2013, lch. 1.

(3)   IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.

(4)   IO C 270, 7.7.2021, lch. 113.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1191/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)