|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1183 |
23.2.2024 |
P9_TA(2023)0345
An caidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2023 ar an gcaidreamh idir AE agus an Eilvéis (2023/2042(INI))
(C/2024/1183)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena mbunaítear prionsabail, cuspóirí agus inniúlachtaí AE, agus lena n-aithnítear an ceart atá ag stáit Eorpacha iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht san Aontas, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) (1), lena n-aithnítear an ceart atá ag aon Bhallstát den Aontas Eorpach nó ag aon bhall de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht in LEE, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (2), a síníodh an 22 Iúil 1972, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hárachas díreach seachas árachas saoil (3), |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim (4), |
|
— |
ag féachaint do thoradh diúltach reifreann na hEilvéise lenar diúltaíodh ballraíocht in LEE in 1992, |
|
— |
ag féachaint do thabhairt i gcrích roinnt comhaontuithe earnála idir AE agus an Eilvéis, a síníodh in 1999, ar a dtugtar ‘Comhaontuithe Déthaobhacha I’ (5), |
|
— |
ag féachaint do naoi gcomhaontú earnála breise idir AE agus an Eilvéis, a síníodh in 2004, ar a dtugtar ‘Comhaontuithe Déthaobhacha II’, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta (6), |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (7), |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le gnéithe áirithe den soláthar rialtais (8), |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (9), |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir Cónaidhm na hEilvéise agus an Oifig Eorpach Póilíní, a síníodh in 2004, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i Limistéar Schengen an 26 Deireadh Fómhair 2004 (10), lena gceadaítear saorghluaiseacht daoine idir an Eilvéis agus Ballstáit AE, agus lena n-éascaítear comhar i gcúrsaí slándála agus sa chomhrac i gcoinne na coireachta trasteorann, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir Eurojust agus an Eilvéis, a síníodh an 27 Samhain 2008, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i dtaca le cur i bhfeidhm a ndlíthe iomaíochta (11) a siníodh in 17 Bealtaine 2013, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le Cláir Eorpacha um Loingseoireacht Satailíte (12), |
|
— |
ag féachaint don Socrú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le módúlachtaí a rannpháirtíochta san Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (13) a síníodh an 10 Meitheamh 2014, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir AE agus an Eilvéis maidir le malartú uathoibríoch faisnéise faoi chuntais airgeadais, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2017, |
|
— |
ag féachaint don phacáiste rialála a thíolaic an Coimisiún an 14 Iúil 2021, arb é is aidhm dó glanastaíochtaí gás ceaptha teasa AE a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 (COM(2021)0550), |
|
— |
ag féachaint do na cinntí ó Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise an 24 Lúnasa 2022 agus an 21 Nollaig 2022 spriocanna coigilte gáis agus leictreachais an Aontais a ghlacadh, ar cuid é d’ailíniú rialála níos leithne ar bheartas fuinnimh agus ar rialachán na hEilvéise maidir le fuinneamh, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh, a síníodh an 23 Samhain 2017 (14), |
|
— |
ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 19 Feabhra 2019 maidir le caidreamh an Aontais le Cónaidhm na hEilvéise, |
|
— |
ag féachaint don chinneadh ó Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise an 26 Bealtaine 2021 deireadh a chur leis an gcaibidlíocht maidir le Creat Institiúideach idir AE agus An Eilvéis, |
|
— |
ag féachaint do ghlacadh na sraithe treoirlínte ag Comhairle Chónaidhme na hEilvéise dá pacáiste caibidlíochta leis an Aontas an 23 Feabhra 2022, |
|
— |
ag féachaint do thoradh dearfach reifreann na hEilvéise an 15 Bealtaine 2022 chun ranníocaíocht airgeadais na hEilvéise leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) a mhéadú, |
|
— |
ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ó Chathaoirligh Thoscaireacht Thionól Cónaidhme na hEilvéise don chaidreamh le Parlaimint na hEorpa agus Toscaireacht Pharlaimint na hEorpa don chaidreamh leis an Eilvéis (Toscaireacht DEEA), a glacadh ag an 41ú cruinniú idirpharlaiminteach idir an Eilvéis agus AE an 7 Deireadh Fómhair 2022 in Rapperswil-Jona, an Eilvéis, |
|
— |
ag féachaint dá moladh an 26 Márta 2019 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gCreat-Chomhaontú Institiúideach idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise (15), |
|
— |
ag féachaint do mholadh uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis na caibidlíochtaí le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (16), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (17), |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0248/2023), |
|
A. |
de bhrí gur comhghuaillithe dlúth ó thaobh na polaitíochta de, agus ó thaobh an chultúir de, agus atá ar aon intinn, iad AE agus an Eilvéis le luachanna comhroinnte amhail an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, cosaint mionlach, comhionannas sóisialta agus inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil; de bhrí gur príomh-chomhpháirtithe eacnamaíocha iad AE agus an Eilvéis a bhfuil leas acu i rathúnas eacnamaíoch comhchoiteann; |
|
B. |
de bhrí go bhfuil caidreamh seanbhunaithe ag AE agus an Eilvéis atá bunaithe ar luachanna agus spriocanna comhroinnte na síochána, ar an tiomantas chun an t-iltaobhachas agus an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chaomhnú, agus ar iarrachtaí domhanda a threorú go gníomhach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an t-athrú aeráide, an comhshaol, cailliúint na bithéagsúlachta, ídiú acmhainní, forbairt inbhuanaithe, dlús a chur leis an digitiú, leis an imirce agus leis an tslándáil idirnáisiúnta, leis an gceartas coiriúil idirnáisiúnta agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
C. |
de bhrí gur léirigh cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine gur gá do AE agus don Eilvéis a gcomhar a dhoimhniú i réimsí an bheartais eachtraigh, na slándála agus na freagartha ar ghéarchéimeanna; de bhrí go gcomhoibríonn an Eilvéis ar chodanna áirithe de chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) AE agus go raibh sí rannpháirteach i misin an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC); de bhrí go bhfuil an Eilvéis tar éis ailíniú le AE maidir le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus vótáil sí i bhfabhar rúin uile na Náisiún Aontaithe maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; |
|
D. |
de bhrí go bhfuil cineálacha nua comhair á lorg ag an Eilvéis i réimsí amhail slándáil, taighde, nuálaíocht agus sláinte; de bhrí go bhfuil an Eilvéis sásta a comhar maidir leis an tslándáil a leathnú, ag díriú ar réimsí amhail an chibearshlándáil, bagairtí hibrideacha, athléimneacht agus bréagaisnéis; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an Eilvéis idir-inoibritheacht a neartú faoi chuimsiú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint; de bhrí gur leagadh amach i dtuarascáil 2021 maidir le beartas slándála na hEilvéise agus i bhforlíonadh 2022 na hEilvéise roghanna don Eilvéis a comhar le AE a mhéadú; |
|
E. |
de bhrí go bhfuil an Eilvéis agus an tAontas ina príomhchomhpháirtithe eacnamaíocha – is é an tAontas príomh-chomhpháirtí trádála na hEilvéise agus is í an Eilvéis an ceathrú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas i ndiaidh na Síne, na Stát Aontaithe agus na Ríochta Aontaithe; de bhrí go bhfuil an tAontas ar cheann de na háiteanna is mó infheistíocht choigríche ag an Eilvéis agus go bhfuil an Eilvéis ar cheann de na háiteanna is mó infheistíocht choigríche ag an Aontas agus gur comhpháirtithe tábhachtacha iad i dtrádáil i seirbhísí; |
|
F. |
de bhrí gur fhormheas Comhairle Chónaidhme na hEilvéise na príomhpharaiméadair le haghaidh sainordú caibidlíochta le AE an 21 Meitheamh 2023; |
|
G. |
de bhrí go ndéantar caidreamh eacnamaíoch agus trádála na hEilvéise leis an Aontas a rialú go príomha trí chomhaontú saorthrádála (CST) agus trí shraith comhaontuithe déthaobhacha, lena n-áirítear an comhaontú maidir le saorghluaiseacht daoine, ar dá réir a chomhaontaigh an Eilvéis glacadh le gnéithe áirithe de reachtaíocht an Aontais mar chúiteamh ar rochtain a fháil ar chuid de mhargadh aonair an Aontais; |
|
H. |
de bhrí go bhfuil an Eilvéis comhtháite go domhain i margadh aonair AE; de bhrí, go dtí seo, go bhfuil os cionn 120 comhaontú déthaobhach tugtha i gcrích ag AE agus an Eilvéis; de bhrí gur gá go leor acu a thabhairt cothrom le dáta go práinneach chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choinneáil, i ndáil leis sin, idir AE agus an Eilvéis agus chun tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn a léiriú; |
|
I. |
de bhrí gur chinn Comhairle Chónaidhme na hEilvéise deireadh a chur leis an gcaibidlíocht maidir le creat-chomhaontú institiúideach AE-na hEilvéise i mí na Bealtaine 2021; de bhrí go bhfuil gá le réiteach ar chaidreamh idir AE agus an Eilvéis amach anseo chun caidreamh déthaobhach a chomhdhlúthú agus chun comhpháirtíocht AE-na hEilvéise a fhorbairt chun a hacmhainneacht iomlán a bhaint amach maidir le príomh-shaincheisteanna leasa fhrithpháirtigh; de bhrí gur reáchtáladh sraith cainteanna tosaigh le déanaí idir an Coimisiún agus Comhairle Chónaidhme na hEilvéise; |
|
J. |
de bhrí gur spreag cuairt Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Maroš Šefčovič ar an Eilvéis i mí an Mhárta 2023 spreagadh nua don phlé a bhí dírithe ar fhadhbanna institiúideacha a réiteach; de bhrí go bhfuil toil léirithe ar an dá thaobh na bearnaí atá fós ann a laghdú trí na cainteanna tosaigh ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal polaitiúil araon; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an dá pháirtí móiminteam a choinneáil, go leanfaidh siad de bheith ag bogadh sa treo ceart agus go bhféadfaidís dlús a chur lena n-iarrachtaí chun a chinneadh an bhfuil bunús láidir ann le haghaidh caibidlíochtaí iomlána leis an ionchas go dtabharfar chun críche iad go pras agus go rathúil; |
|
K. |
de bhrí gur gá cothrom na féinne a chaomhnú sa mhargadh aonair chun iomaíocht chóir a áirithiú sa mhargadh aonair; de bhrí go bhfuil margadh aonair éifeachtach a fheidhmíonn go maith bunaithe ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar; |
|
L. |
de bhrí go bhfuil na cearta céanna ag saoránaigh na hEilvéise agus atá ag saoránaigh AE gluaiseacht, dul isteach agus cónaí faoi shaoirse laistigh de AE, i gcomhréir le dlí AE; de bhrí go raibh thart ar 351 000 comaitéir trasteorann ar an meán ag obair san Eilvéis in 2021, agus amhail ón 31 Nollaig 2021, go raibh thart ar 442 000 saoránach de chuid na hEilvéise ina gcónaí in AE agus go raibh thart ar 1,4 milliún saoránach AE ina gcónaí san Eilvéis; |
|
M. |
de bhrí go bhfuil stádas tríú tír neamhchomhlachaithe ag an Eilvéis faoi láthair faoi chlár réime AE um thaighde agus um nuálaíocht ‘Fís Eorpach’ agus faoi chláir agus tionscnaimh ghaolmhara eile, lena n-áirítear clár Erasmus+ AE; de bhrí go rachadh comhar AE-na hEilvéise maidir le taighde agus forbairt chun tairbhe don dá thaobh; |
|
N. |
de bhrí go gcumasaíonn Creat Comhair na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint-an Eilvéis, a síníodh an 16 Márta 2012, malartú faisnéise agus go ndéantar foráil ann maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha i dtionscadail agus cláir taighde agus teicneolaíochta agus armála; |
|
O. |
de bhrí go reáchtálfaidh an Eilvéis olltoghcháin an 22 Deireadh Fómhair 2023; de bhrí go reáchtálfaidh an Pharlaimint toghcháin i mí an Mheithimh 2024; |
An beartas eachtrach agus slándála
|
1. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil spéis mhór ag AE oibriú i gcomhar leis an Eilvéis mar chomhpháirtí atá ar aon intinn leis maidir le cúrsaí síochána, slándála, cearta an duine agus cosanta idirnáisiúnta, go háirithe mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi ailíniú na hEilvéise le smachtbhannaí AE arna nglacadh sa chomhthéacs sin agus glacadh pacáistí smachtbhannaí uile AE go dtí seo; ag aithint thiomantas na hEilvéise an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chaomhnú, lena n-áirítear trí chomhghníomhaíocht leis an Aontas in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus i bhfóraim iltaobhacha; |
|
2. |
ag aithint bheartas eachtrach seanbhunaithe na hEilvéise maidir le síocháin, idirghabháil agus réiteach síochánta coinbhleachta a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi ról tiomanta agus láidir na hEilvéise mar chomhalta de Chomhairle na hEorpa, den Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, de na Náisiúin Aontaithe agus den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta maidir le teacht ar réitigh ar ghéarchéimeanna, lena n-áirítear trí shocruithe bunreachtúla a chur chun feidhme i dtimpeallachtaí ardteannais, cothú na síochána, éascú idirphlé, forbairt beart cothaithe muiníne agus athmhuintearais; |
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi téarma 2023-2024 na hEilvéise mar chomhalta neamhbhuan de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe mar dheis chun an comhar idirnáisiúnta a neartú agus chun tosaíochtaí coiteanna a chur chun cinn ar an leibhéal iltaobhach; |
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi seasamh dlúth na hEilvéise le CBES AE, lena n-áirítear maidir le cabhair dhaonnúil, cosaint shibhialta, saincheisteanna frithsceimhlitheoireachta agus athraithe aeráide, agus a rannpháirtíocht i roinnt misean CBSC, go háirithe in EULEX Kosovo, EUFOR Althea agus EUCAP Sahel; á thabhairt dá haire go bhfuil an rannchuidiú is minice déanta ag an Eilvéis le misin CBSC i ndearbhthéarmaí; á iarraidh go mbeadh tuilleadh rannpháirtíochta ann laistigh de shainchúram CBES agus CBSC; |
|
5. |
á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an fógra ón Eilvéis i mí na Samhna 2021 maidir le páirt a ghlacadh i dtionscadail áirithe den Bhuanchomhar Struchtúrtha agus go bhfuil rannpháirtíocht fhéideartha á fiosrú faoi láthair in dhá thionscadal; á thabhairt dá haire gur léirigh an Eilvéis suim i dtionscadail a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus leis an tsoghluaisteacht mhíleata, agus gur comhfhogasú nua é sin i dtreo AE ina bhfuil an Eilvéis ag smaoineamh ar chomhar cosanta le tíortha eile den chéad uair riamh; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil rún ag an Eilvéis páirt a ghlacadh sa tionscnamh aerchosanta Eorpach um chosaint aerspáis; |
|
6. |
ag spreagadh tuilleadh comhair idir an Eilvéis agus AE maidir le saincheisteanna sóisialta agus daonnúla, i gcomhréir le cur chuige comhtháite AE, agus maidir le cearta an duine agus an daonlathas, lena n-áirítear trí Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas agus tríd an gcóras domhanda smachtbhannaí i ndáil le cearta an duine; á chur in iúl gur geal léi ballraíocht na hEilvéise sa chóras bainistithe géarchéime Eorpach; |
|
7. |
á chur in iúl gur geal léi luas treisithe na gcomhairliúchán maidir le cúrsaí beartais eachtraigh agus go bhfuil an Eilvéis ag lorg comhar níos dlúithe le AE agus le ECAT; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, rannpháirtíocht na hEilvéise sa chlár 'Comhpháirtíocht na Síochána'; á mholadh go ndéanfadh an Eilvéis a comhar le AE maidir le slándáil agus cosaint a dhoimhniú agus leas iomlán a bhaint as an gcomhaontú riaracháin leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar idir Ballstáit AE agus an Eilvéis maidir le slándáil na tíre mar gheall ar a suíomh geografach; |
|
8. |
á thabhairt dá haire go bhfuil ailíniú deonach na hEilvéise le smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise ar bhonn cás ar chás; á mholadh go leanfadh an Eilvéis dá tiomantas don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus gach beart sriantach de chuid an Aontais a glacadh a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go dlúth agus go comhsheasmhach mar atá déanta aici go dtí seo agus cosc a chur ar dhul timpeall orthu, mar a fhoráiltear ag an gCoimisiún do Bhallstáit AE; ag spreagadh na hEilvéise chun a reachtaíocht a leasú chun gur féidir sócmhainní na Rúise a choigistiú; á iarraidh go mbeadh an Eilvéis páirteach i dTascfhórsa um Scothaicmí, Seachghníomhaithe agus Olagarcaí na Rúise; ag spreagadh na hEilvéise, thairis sin, comhoibriú le Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ AE chun bealaí dlíthiúla a chomhordú agus a fhiosrú chun sócmhainní a choigistiú, lena n-áirítear cúlchistí bhanc ceannais na Rúise atá á sealbhú san Eilvéis, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus páirt ghníomhach a ghlacadh i bpléití i bhfóraim idirnáisiúnta maidir le húsáid sócmhainní calctha chun an Úcráin a atógáil; |
|
9. |
á aithint go bhfuil iarrachtaí suntasacha daonnúla déanta ag an Eilvéis san Úcráin, gur thairg sí stádas cosanta do dhídeanaithe ón Úcráin agus gur chuir sí tacaíocht shuntasach airgeadais ar fáil chun an Úcráin a atógáil, trí Chomhdháil Téarnaimh 2022 na hÚcráine in Lugano freisin; ag spreagadh tuilleadh comhair idir AE agus an Eilvéis chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim leanúnach; |
|
10. |
á thabhairt dá haire gurb oth léi go bhfuil toirmeasc á chur ag an Eilvéis faoi láthair ar athonnmhairiú armlón agus ábhar cogaidh a tháirgtear san Eilvéis ó Bhallstáit AE go dtí an Úcráin; á chur in iúl gur geal léi an rún ar an leibhéal náisiúnta agus seoladh díospóireacht pholaitiúil ar an ábhar sin i gComhairle na Stát; á iarraidh go ndéanfadh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise athsholáthar arm don Úcráin a fhormheas; |
|
11. |
ag spreagadh na hEilvéise chun athbhreithniú a dhéanamh ar a cleachtais maidir le smachtbhannaí, chun í féin a ailíniú ar bhealach níos córasaí le smachtbhannaí arna ndéanamh ag AE, lena n-áirítear nuair atá siad bunaithe ar sháruithe ar chearta an duine faoi chóras smachtbhannaí domhanda AE maidir le cearta an duine; |
An tsochaí agus an gheopholaitíocht
|
12. |
á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, rannpháirtíocht na hEilvéise i gcruinnithe mullaigh neamhfhoirmiúla an Chomhphobail Pholaitiúil Eorpaigh; |
|
13. |
ag aithint an chomhair idir an tAontas agus an Eilvéis maidir leis an imirce idirnáisiúnta, lena n-áirítear sreafaí dídeanaithe a bhainistiú agus dídeanaithe a athlonnú; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na hEilvéise in Frontex; á iarraidh go ndéanfadh an Eilvéis a malartuithe le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus le Frontex a neartú, a bhfuil baint dhíreach acu le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce idirnáisiúnta isteach san Eilvéis agus amach aisti; á athdhearbhú go bhfuil rannpháirtíocht i gcóras Schengen/Baile Átha Cliath ríthábhachtach; |
|
14. |
á chur in iúl gur oth léi, go dtí seo, nach bhfuil an Eilvéis incháilithe chun páirt a ghlacadh i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, ós rud é nach bhfuil ach tíortha CSTE, ar baill iad de LEE, agus tíortha Eorpacha eile nuair a fhoráiltear amhlaidh i gcomhaontuithe, agus tíortha aontacha AE, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, in ann dul isteach sa sásra; á iarraidh go mbeadh comhpháirtíocht tapa ann amach anseo leis an Eilvéis laistigh den chreat sin, trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a oscailt do bhallstáit CSTE; ag tathant go bhféachfaí ar na féidearthachtaí maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i dtionscnaimh coiscthe, ullmhachta agus freagartha tubaistí, chun athléimneacht fhoriomlán AE agus na hEilvéise araon a neartú; |
Geilleagar, margadh an tsaothair agus rochtain ar mhargadh inmheánach an AE
|
15. |
á mheabhrú go bhfuil an chaidrimh sheanbhunaithe idir AE agus an Eilvéis bunaithe ar luachanna agus spriocanna comhroinnte na síochána, an cheartais shóisialta, na héiceafhreagrachta agus an rathúnais eacnamaíoch, agus ar a n-idirspleáchas eacnamaíoch agus sóisialta; ag spreagadh tuilleadh féidearthachtaí a fhiosrú chun cur ar chumas na hEilvéise dul isteach san Údarás Eorpach Saothair agus i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tiomantas coiteann ann an comhrac i gcoinne dálaí oibre mí-úsáideacha a neartú tuilleadh agus forfheidhmiú éifeachtach na gceart sóisialta ar fud na hEorpa a áirithiú; |
|
16. |
á chur i bhfios go láidir gur ardtosaíocht i gcónaí é caidreamh trádála láidir, cobhsaí agus inbhuanaithe leis an Eilvéis, arb í an ceathrú comhpháirtí trádála is mó de chuid an Aontais í, a choimirciú, a neartú agus a dhoimhniú agus gur chun leas bunúsach an dá pháirtí é sin, go háirithe sa timpeallacht shuaite idirnáisiúnta atá ann faoi láthair; á mheas gur cheart go mbeadh de thoradh ar chaidreamh nuachóirithe comhthairbheach, a mbeadh comhaontú uaillmhianach mar bhonn taca leis, go laghdófaí bacainní ar thrádáil agus gur cheart go mbeadh de thoradh air freisin go ndéanfaí cothroime iomaíochta a chruthú do shaoránaigh agus d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais, go nginfí muinín, cobhsaíocht, poist, fás agus leas, go n-áiritheofaí cosaint neamh-idirdhealaitheach ar chearta oibrithe agus go ráthófaí an leibhéal is airde cosaint do thomhaltóirí agus don chomhshaol, iomaíocht chóir, forbairt inbhuanaithe agus slándáil shóisialta, dul chun cinn agus ceartas; á chur i bhfáth gur den tábhacht é leanúint de na hiarrachtaí comhpháirteacha athchóiriú a dhéanamh ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), a comhlacht um réiteach díospóidí go háirithe, agus tionscnaimh trádála inbhuanaithe agus ghlasa a chur chun cinn roimh an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT; |
|
17. |
á mheas gur príomhthoisc don fhás eacnamaíoch inbhuanaithe é leibhéal suntasach comhtháthaithe na hEilvéise le margadh aonair AE; á chur i bhfios go láidir go dtéann caidreamh láidir idir AE agus an Eilvéis níos faide ná comhtháthú eacnamaíoch agus go gcuireann leathnú an mhargaidh aonair le cobhsaíocht agus rathúnas chun tairbhe na saoránach agus na ngnólachtaí uile, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a áirithiú chun cothrom na Féinne a chruthú agus poist ardcháilíochta a ghiniúint; |
|
18. |
á chur in iúl gur oth léi gurb í an Eilvéis an t-aon chomhalta amháin de CSTE nár tháinig isteach in LEE; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil na cearta céanna ag saoránaigh na hEilvéise agus atá ag saoránaigh AE gluaiseacht, dul isteach agus cónaí faoi shaoirse laistigh de AE, i gcomhréir le dlí AE; á athdhearbhú go bhfuil 71 % de dhaonra na hEilvéise i bhfabhar dul isteach in LEE, agus go bhfuil an tromlach ag iarraidh rochtain iomlán ar mhargadh aonair AE agus rannpháirtíocht i gcomhar AE freisin; ag tabhairt dá haire go mbeadh fáilte i gcónaí roimh an Eilvéis dul isteach in LEE nó in AE dá gcuirfí mian den sórt sin in iúl sa todhchaí; ag tabhairt dá haire, i gcás ina gcuirfí mian den sórt sin in iúl a mhéid a bhaineann le ballraíocht AE, go gcuirfeadh sé sin ar chumas na hEilvéise páirt iomlán a ghlacadh i gcinntí agus i rialacha AE; |
|
19. |
ag cur béim ar na naisc láidre eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha idir na réigiúin teorann idir an Ostair, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lichtinstéin agus an Eilvéis, eadhonAuvergne-Rhône-Alpes, Baden-Württemberg, Bavaria, Bourgogne-Franche-Comté, Bozen-Südtirol, Grand Est, Prionsacht Lichtenstéin agus Vorarlberg, a bhfuil stair fhada acu; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá caidreamh agus creataí cobhsaí agus láidre idir AE agus an Eilvéis don chomhar trasteorann amach anseo; |
|
20. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di easpa cur chun feidhme comhaontuithe áirithe leis an Aontas ag an Eilvéis agus bearta agus cleachtais reachtacha a ghlacadh ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir leis na comhaontuithe sin, go háirithe bearta a dhéanann difear do shaorghluaiseacht daoine; á iarraidh go ndéanfadh an Eilvéis saorghluaiseacht daoine a neartú trí bhearta breise a thabhairt isteach, i ndáil leis sin, trí ailíniú a dhéanamh le Treoir 2004/38/CE (18); á chur i bhfáth gur gá don Eilvéis dlí AE maidir le saincheisteanna comhair fhrithpháirtigh a ghlacadh go dinimiciúil; |
|
21. |
á thabhairt dá haire go bhfuil líon mór comaitéirí trasteorann idir AE agus an Eilvéis agus líon mór saoránach AE agus náisiúnach de chuid na hEilvéise atá ina gcónaí agus ag obair san Eilvéis nó san Aontas faoi seach; á mheabhrú gur bunphrionsabal de mhargadh aonair AE í saorghluaiseacht daoine; á chur i bhfáth nach bhfuil lonnaíocht i dtír eile AE gan teorainneacha; á chur in iúl gur oth léi cinneadh Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise srianta a thabhairt isteach an athuair maidir le rochtain ar mhargadh saothair na hEilvéise d’oibrithe na Cróite i bhfoirm cuótaí ar cheadanna, agus á iarraidh go ndéanfadh an Eilvéis machnamh ar an gclásal coimirce sin a bhaint; |
|
22. |
ag tathant ar an Eilvéis acquis ábhartha AE a chur i bhfeidhm agus a hoibleagáidí faoi chomhaontú 1999 maidir le saorghluaiseacht daoine a chomhlíonadh, go háirithe maidir le hoibrithe ar postú, agus bearta tionlacain a oiriúnú lena ráthaítear cosaint d’ardchaighdeáin shóisialta agus cosaint éifeachtúil agus neamh-idirdhealaitheach chearta oibrithe, lena n-áiritheofar pá comhionann as obair chomhionann san áit chéanna d’oibrithe soghluaiste, oibrithe ar postú agus oibrithe áitiúla, agus lena gceadófar d’oibreoirí eacnamaíocha AE seirbhísí a sholáthar ina críoch ar bhonn neamh-idirdhealaitheach; á thabhairt dá haire go bhfuil imní ar an Eilvéis ina leith sin agus á chur i bhfios go mbíodh ábhair imní den chineál céanna ag Ballstáit reatha AE, nár tháinig aon bhun orthu go dtí seo; á iarraidh go ndéanfadh an Eilvéis constaicí maorlathacha i réimse phostú oibrithe a éascú; á thabhairt dá haire go bhfuil feabhas leanúnach á chur ag an Eilvéis ar fheidhmiú na mbeart tionlacain agus á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé gníomhach agus rialta atá aici lena stáit chomharsanachta agus le Ballstáit eile AE maidir le saincheisteanna nithiúla faoi chuimsiú seirbhísí trasteorann a sholáthar; |
|
23. |
ag spreagadh AE agus na hEilvéise chun dea-chleachtais a roinnt agus cosaintí ar chearta saothair a neartú, go háirithe maidir le dífhostú in aghaidh ceardchumainn, cúiteamh íosta gaolmhar agus cómhargáil chun margadh cóir agus cothrom a áirithiú do gach oibrí; á thabhairt dá haire go bhfuil próiseas idirghabhála neamhspleách leanúnach san Eilvéis arb é is aidhm dó teacht ar chomhréiteach maidir le cosaint ceardchumannaithe ar dhífhostú éagórach; á mheas, chun cosaint mhaith a áirithiú d’oibrithe, go bhféadfadh an Coimisiún agus Comhairle Chónaidhme na hEilvéise, i mbuanmhalartú le comhpháirtithe sóisialta na hEilvéise, breithniú a dhéanamh ar bhearta sealadacha, teoranta nó cosanta a chur i bhfeidhm, bunaithe ar dhlí AE, ar feadh tréimhse ama dhea-shainithe; |
|
24. |
á thabhairt dá haire, fad is nach ann do chomhaontú maidir le margadh pacáiste, go bhfuil líon mór comhaontuithe déthaobhacha idir AE agus an Eilvéis i mbaol creimeadh agus gur gá breathnú arís orthu chun a áirithiú go leanfaidh siad de bheith ábhartha agus éifeachtúil, agus chun deimhneacht dhlíthiúil, comhdhlúthú agus forbairt bhreise ar an gcaidreamh idir AE agus an Eilvéis a chur ar fáil agus dearcadh réamhbhreathnaitheach, go háirithe iad siúd maidir le rochtain fheabhsaithe chómhalartach ar mhargadh na hEilvéise d’oibreoirí eacnamaíocha AE; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil deireadh á chur de réir a chéile le comhaontuithe déthaobhacha bunúsacha agus nach bhfuil rochtain gan bhac ar an margadh slán a thuilleadh mar thoradh ar neamhchorprú forbairtí nua in acquis AE; á thabhairt dá haire go bhfuil an tsamhail, atá bunaithe ar chomhaontuithe déthaobhacha aonair seachas ar chomhaontú pacáiste, as dáta; á mheabhrú gur réamhchoinníoll fós é comhaontú pacáiste a ghlacadh le haghaidh comhaontuithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo lena gcumasaítear rannpháirtíocht na hEilvéise i margadh aonair AE chun aonchineálacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú chun cur chuige earnálach a fhorbairt tuilleadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach ann do réiteach maidir leis na saincheisteanna institiúideacha, as a dtiocfaidh tuilleadh creimthe ar chur i bhfeidhm an chomhaontaithe um aitheantas frithpháirteach; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire, ós rud é nach ndearnadh aon nuachóiriú ar an gcomhaontú saorthrádála, a tugadh i gcrích 50 bliain ó shin agus nach ndearnadh é a choigeartú chun na forbairtí sna rialacha trádála idirnáisiúnta ó shin a léiriú, agus ós rud é nach ndearnadh aon nuachóiriú ar an bpacáiste de chomhaontuithe déthaobhacha (I agus II), a tugadh i gcrích beagnach 20 bliain ó shin, agus ós rud é nach ndearnadh an reachtaíocht um an margadh aonair a thrasuí, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú mar is ceart, nach rachaidh an caidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis chun tairbhe iomlán do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus gur cinnte go dtiocfaidh meath ar an gcaidreamh sin le himeacht ama; á chreidiúint gur cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh réitigh phragmatacha a fháil chun an tsaincheist sin idir an tAontas agus an Eilvéis a réiteach; ag tabhairt dá haire gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar chomhaontuithe déthaobhacha atá as dáta ionas nach rachaidh siad in éag agus chun forbairtí i reachtaíocht ábhartha an Aontais a chur san áireamh chun rochtain fhrithpháirteach ar an margadh a chaomhnú, agus é sin fíor go háirithe i réimsí na rochtana cómhalartaí ar an margadh ag earraí tionsclaíocha, an éascaithe custaim, na saorghluaiseachta daoine, na mbacainní teicniúla ar thrádáil agus an tsoláthair phoiblí; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, dá bhrí sin, sainordú a mholadh chun an comhaontú saorthrádála a nuachóiriú a luaithe a chuirfear tús arís leis an gcaibidlíocht; |
|
26. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil comhaontú um aitheantas frithpháirteach 2002 ag dul as dáta de réir a chéile mar nach féidir nach féidir uasdátú a dhéanamh air chun reachtaíocht nua AE a chur san áireamh; á thabhairt dá haire go ndearnadh cheana féin, dá bharr sin, bacainní teicniúla a chruthú agus bac a chur ar thrádáil feistí leighis agus go ndéanfar amhlaidh amach anseo i dtaobh innealtóireacht mheicniúil, innealra, táirgí foirgníochta agus intleacht shaorga go háirithe; á chreidiúint gur cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh réitigh phragmatacha a fháil chun an tsaincheist sin idir an tAontas agus an Eilvéis a réiteach; |
|
27. |
á thabhairt dá haire go dtacaítear le cosaint infheistíochta faoi láthair trí bhíthin comhaontuithe déthaobhacha idir an Eilvéis agus Ballstáit de chuid an Aontais, ar comhaontuithe déthaobhacha iad atá as dáta agus gan ach naoi mBallstát de chuid an Aontais ina bpáirtithe iontu; á chreidiúint go mbeadh de thoradh ar chomhaontú nua-aimseartha um chosaint infheistíochta idir an tAontas agus an Eilvéis go méadófaí an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh infheisteoirí ar an dá thaobh agus go neartófaí tuilleadh an caidreamh déthaobhach trádála; ag spreagadh an Choimisiúin, dá bhrí sin, chun sainordú a mholadh chun comhaontú nua-aimseartha um chosaint infheistíochta idir an tAontas agus an Eilvéis a chaibidliú; |
|
28. |
á thabhairt dá haire nach dtéitear i gcomhairle le comhlachais ghnó agus tionscail faoi láthair ach amháin trí bhíthin cainéil neamhfhoirmiúla faisnéise; á iarraidh go dtiocfadh na hidirbheartaithe ar chomhaontú maidir le hardán déthaobhach ex ante agus ex post comhairliúcháin idir an tAontas agus an Eilvéis a bhunú d’fhonn pléití agus comhairliúcháin a éascú roimh aon bhearta nó aon fhóirdheontais nua lena bhféadfaí tionchar diúltach a imirt ar an trádáil nó ar an infheistíocht; á chur in iúl gurb é a tuairim gur cheart go mbeadh comhlachais ghnó agus tionscail in ann aird rúnaíocht an ardáin sin a tharraingt ar aon ní nua a chuirfeadh isteach ar thrádáil nó ar infheistíocht; á chreidiúint gur cheart go mbeadh an t-ardán, ar deireadh thiar, ina dhlúthchuid den chreat rialachais don chomhaontú nuachóirithe trádála agus gur cheart go mbunófaí deasc chabhrach FBM, rud a chabhródh le costais trádála agus ualaí riaracháin a laghdú agus a mhéadódh freisin rannpháirtíocht FBManna sa trádáil; |
|
29. |
á chur i bhfios go láidir gur cheart comhaontuithe idirbheartaíochta a dhearadh le struchtúr lena gceadaítear comhsheasmhacht agus trédhearcacht chothrománach chun cur chun feidhme na gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana a éascú, chomh maith le comhaontuithe nua agus nuashonraithe, ar bhealach atá so-léirmhínithe agus praiticiúil lena soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht, agus lena ráthaítear gur féidir le saoránaigh, oibrithe agus gnólachtaí atá ag gabháil do thrádáil AE-na hEilvéise a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach; |
|
30. |
á mheas gur cheart go mbeadh coiste comhpháirteach ag cur faireachán comhpháirteach, idirphlé struchtúrtha agus formhaoirseacht chomhpháirteach ar fáil ag Parlaimint na hEorpa agus ag Parlaimint na hEilvéise, mar chuid de rialachas comhaontaithe AE-na hEilvéise a d’fhéadfadh a bheith ann, nó rialachas ar chomhaontú saorthrádála nuachóirithe; |
|
31. |
á iarraidh go mbeadh AE agus an Eilvéis ag comhoibriú níos dlúithe sa chomhrac i gcoinne na calaoise cánach, an sciúrtha airgid agus na himghabhála cánach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cothrom na féinne maidir le cánachas, go háirithe maidir le trédhearcacht cánach agus malartú uathoibríoch faisnéise; |
|
32. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil sásra éifeachtach um réiteach díospóidí, a bhfuil ról ann do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mar an chéim dheireanach maidir le léirmhíniú dhlí AE, bunriachtanach, agus go bhfuil gá le réiteach ar gach ábhar institiúideach agus struchtúrach, lena n-áirítear rannchuidiú cothrom le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta AE, léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhaontuithe, ailíniú dinimiciúil le acquis AE agus cothrom na féinne, go háirithe maidir le Státchabhair; á mheabhrú go ndearna an Coimisiún comhréitigh cheana maidir le sásra um réiteach díospóidí; á chur i bhfáth gur gá rochtain ar mhargadh inmheánach AE a bheith bunaithe ar chothromaíocht chóir idir cearta agus oibleagáidí agus gur réamhriachtanas é leabhar rialacha coiteann idir AE agus an Eilvéis, sa chomhthéacs sin, do chómhargadh agus do rannpháirtíocht na hEilvéise sa mhargadh inmheánach; |
|
33. |
á chur in iúl gur geal léi gur eisíodh an dara ranníocaíocht ón Eilvéis le beartas comhtháthaithe AE agus á chur i bhfáth go bhfuil rannchuidiú na hEilvéise le beartas comhtháthaithe AE riachtanach amach anseo agus gur cheart go n-éireodh siad níos rialta agus níos mó, ag leanúint shampla tíortha eile, amhail an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin; |
|
34. |
á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá creat comhchoiteann don Státchabhair; á iarraidh go dtiocfadh an Coimisiún agus Comhairle Chónaidhme na hEilvéise ar réiteach ina leith sin; |
Fuinneamh, an aeráid agus an comhshaol
|
35. |
á chur in iúl gur geal léi an leibhéal ard ailínithe pholaitiúil idir an Eilvéis agus AE i réimse na mbeartas fuinnimh agus aeráide; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil AE agus an Eilvéis ag iarraidh soláthar fuinnimh agus aeráidneodracht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, iomaíoch agus slán a bhaint amach faoi 2050 agus á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí reachtaíocht idir AE agus an Eilvéis a ailíniú ar bhealach níos fearr; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus Comhairle Chónaidhme na hEilvéise bealaí comhair a aimsiú maidir leis an bpacáiste AE 'Oiriúnach do 55', agus rannpháirtíocht na hEilvéise i ngnéithe éagsúla den Chomhaontú Glas don Eoraip, go háirithe plean REPowerEU, agus comhghuaillíochtaí tionsclaíocha freisin, lena n-áirítear Comhaontas an Aontais maidir le Tionscal Ghrianfhótavoltach, Comhpháirtíocht an Aontais don Hidrigin Ghlan agus Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais; á iarraidh go ndéanfadh an Eilvéis reachtaíocht maidir le cosaint an chomhshaoil a chur i bhfeidhm faoi chomhaontú comhair amach anseo, go háirithe an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus athchóiriú ar an gCóras Trádála Astaíochtaí; |
|
36. |
á thabhairt dá haire go bhfónann an neamhspleáchas straitéiseach atá á lorg ag AE maidir le táirgí tionsclaíocha agus amhábhair chriticiúla freisin do leasanna na hEilvéise mar gheall ar dhéine na malartuithe frithpháirteacha eacnamaíocha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh leas coiteann a bheith ag an Eilvéis agus ag AE maidir lena mbeartais thionsclaíocha a chomhordú ar bhealach níos fearr ar mhaithe le comhlántacht níos fearr i réimsí straitéiseacha tionsclaíocha; |
|
37. |
á chur in iúl gur geal léi freisin rannpháirtíocht na hEilvéise maidir le hidrigin a chur chun cinn agus béim ar leith á leagan ar hidrigin inathnuaite agus á chur i bhfáth an ról cumasúcháin a d’fhéadfadh a bheith ag idirthuras tríd an Eilvéis do mhargadh Eorpach don hidrigin agus do gháis in-athnuaite agus dhícharbónaithe; |
|
38. |
á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár thacaigh an Eilvéis go leordhóthanach le hiarrachtaí AE cosaintí ar bhreoslaí iontaise a bhaint den Chonradh um Chairt Fuinnimh; á iarraidh go ndéanfadh an Eilvéis machnamh ar tharraingt siar ón gConradh seo, de réir shampla roinnt Ballstát de chuid an Aontais; |
|
39. |
á chur i bhfáth go mbraitheann cobhsaíocht na heangaí agus slándáil an tsoláthair agus an idirthurais in earnáil an leictreachais ar dhlúthchomhar idir AE agus an Eilvéis; ag cur sonrú in idirnascadh eangaí cumhachta na hEilvéise, na Gearmáine, na hIodáile, na hOstaire agus na Fraince; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí go bhfuil rioscaí sistéamacha ann d'eangach shioncronach mhór-roinn na hEorpa má dhéantar tionscal fuinnimh na hEilvéise a eisiamh; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé aistriú fuinnimh inbhuanaithe agus athléimneach a shaothrú agus á iarraidh go ndéanfadh an Eilvéis páirt ghníomhach a ghlacadh i dtionscnaimh AE maidir le fuinneamh in-athnuaite agus comhtháthú eangaí, amhail an pacáiste fuinnimh ghlain agus an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, le hailíniú dinimiciúil éifeachtach le dlí an Aontais in earnáil an leictreachais; |
|
40. |
á chur i bhfáth go gcruthódh comhaontú maidir leis an margadh leictreachais bonn fabhrach do dhlúthchomhar leanúnach idir AE agus an Eilvéis, go háirithe maidir le leictreachas saor ó iontaise agus gáis ghlana, lena n-áirítear trí réitigh nuálacha ar thrádáil leictreachais trasteorann, amhail comhmhargadh leictreachais; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí in aon chomhaontú nua acquis ábhartha AE i ndáil leis an gComhaontú Glas agus forálacha maidir le comhar idir rialtóirí fuinnimh AE agus na hEilvéise; á chur in iúl gur oth léi, mar gheall ar fhoirceannadh na caibidlíochta idir AE agus an Eilvéis maidir le creat-chomhaontú institiúideach, nach féidir an comhaontú leictreachais atá beartaithe a thabhairt i gcrích sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé tús a chur leis an gcaibidlíocht ina leith a luaithe is féidir; á chur i bhfios go láidir, go dtí go dtabharfar i gcrích é, go bhfuil gá le réitigh theicniúla ar leibhéal na n-oibreoirí córas tarchurtha agus le cuimsiú na hEilvéise i ríomhanna acmhainneachta AE chun na rioscaí is mó do chobhsaíocht na heangaí réigiúnaí agus do shlándáil an tsoláthair a laghdú; |
Taighde agus nuálaíocht, forbairt, oideachas agus cultúr
|
41. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar idir AE agus an Eilvéis sa taighde, sa nuálaíocht agus san fhorbairt, lena gcothaítear ról na hEorpa mar ghníomhaí láidir i réimse an taighde agus na nuálaíochta sin, agus lena neartaítear an córas oideachais Eorpach; á mheabhrú go gcaitheann an Eilvéis beagnach CHF 23 bhilliún in aghaidh na bliana ar thaighde agus ar fhorbairt; á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá taighde agus nuálaíocht in earnáil an fhuinnimh agus rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir taighde agus nuálaíochta AE chun forbairt teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus inbhuanaithe a chur chun cinn; á chreidiúint go rannchuidíonn clár Erasmus+ le sochaithe a thabhairt níos gaire dá chéile; |
|
42. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá iarrachtaí comhpháirteacha AE-na hEilvéise chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, amhail an t-athrú aeráide, sláinte agus slándáil fuinnimh, trí thaighde agus forbairt; ag spreagadh an dá pháirtí tosaíocht a thabhairt do thionscadail chomhoibríocha a rannchuidíonn le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach; |
|
43. |
á thabhairt dá haire go bhfuil ísliú céime chuig stádas tríú tír neamhchomhlachaithe in Erasmus+ agus in Fís Eorpach ag an Eilvéis anois; |
|
44. |
á athdhearbhú a thábhachtaí atá an comhar idir AE agus an Eilvéis i gcláir AE amhail Fís Eorpach, an Eoraip Dhigiteach, Euratom, ITER agus Erasmus+, agus á mholadh go bhfuil dea-cháil ar an gcomhar go dtí seo; á iarraidh go ndéanfadh AE agus an Eilvéis cur chuige coiteann a aimsiú chun leas na saoránach chun comhar comhthairbheach a bhaint amach, go háirithe a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir uile AE sa tréimhse 2021-2027; á iarraidh go ndéanfadh an dá pháirtí plé ar rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir AE, eadhon Fís Eorpach, an Eoraip Dhigiteach, Euratom, ITER agus Erasmus+, mar chuid den chaibidlíocht maidir le pacáiste leathan, ionas go bhféadfadh an Eilvéis a bheith páirteach arís go tapa nuair a bheidh an chaibidlíocht tugtha chun críche; |
|
45. |
á chreidiúint go daingean go rachaidh comhpháirtíocht atá níos cobhsaí agus níos dírithe ar an todhchaí chun tairbhe don dá thaobh agus go gcuideoidh sí le comhlachas na hEilvéise le Erasmus+ agus le cláir Eorpacha eile; |
|
46. |
á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus Comhairle Chónaidhme na hEilvéise a seacht ndícheall chun socruithe idirthréimhseacha na hEilvéise do Fís Eorpach a áirithiú, a luaithe a ghlacfar sainordú caibidlíochta, mar aon le gealltanas ón Eilvéis maidir le rannchuidiú rialta agus iomchuí le beartas comhtháthaithe AE; á chur in iúl gur oth léi, mar gheall ar neamh-chomhlachas na hEilvéise le Fís Eorpach, go ndearnadh é a eisiamh le déanaí ón bhFóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde; á thabhairt dá haire go bhfuair an Eilvéis cistiú CHF 2,7 billiún faoi Fhís 2020 agus, dá bhrí sin, go raibh sí sa chéad áit i measc tíortha comhlachaithe; |
|
47. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil dea-chomhar idir AE agus an Eilvéis i réimse an spáis, go háirithe le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte, Galileo agus EGNOS; á iarraidh go ndéanfaí an comhar sin a dhoimhniú tríd an Eilvéis a áireamh sa chlár um fhaire na Cruinne, Copernicus, agus sa chlár teileachumarsáide satailíte, IRIS; á mheabhrú go mbaineann an Eilvéis tairbhe cheana féin as sonraí rochtana oscailte Copernicus agus go bhféadfadh sí tairbhe bhreise a bhaint as rochtain ar shonraí agus ar sheirbhísí na gclár sin; |
|
48. |
á aithint a thábhachtaí atá sé éagsúlacht chultúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus á iarraidh go ndéanfadh an Eilvéis agus AE a gcomhar a neartú i réimsí an mhalartaithe chultúrtha, an oideachais agus an spóirt, lena n-áirítear an tionscnamh Príomhchathracha Cultúir na hEorpa; |
|
49. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhthuiscint ar dhá thaobh na dteorainneacha idir AE agus an Eilvéis; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil bac á chur le rochtain thrasnáisiúnta ar na meáin le haghaidh nuachta agus gnóthaí reatha idir AE agus an Eilvéis, go háirithe do chónaitheoirí trasteorann; ag moladh do AE agus don Eilvéis, dá bhrí sin, tacú le rochtain trasteorann ar na meáin atá acu le haghaidh nuachta agus gnóthaí reatha chun cultúr comhchoiteann a chur chun cinn; |
|
50. |
á thabhairt faoi deara go bhfuil an Eilvéis scartha ó chlár Erasmus+ ó 2014 i leith, tar éis a reifrinn maidir le hinimirce; ag cur sonrú i gcur i bhfeidhm neamhshrianta chomhaontú 1999 maidir le saorghluaiseacht daoine agus diúltú do thoradh reifreann 2014 i reifreann nua ar inimirce in 2020; á thabhairt chun suntais gur réamhchoinníoll é saorghluaiseacht daoine chun páirt a ghlacadh in Erasmus+; |
|
51. |
á chur in iúl gur geal léi gur lig glao 2022 ar thograí Erasmus+ do chomhpháirtithe comhlachaithe ó Limistéar Eorpach an Ardoideachais a bheith rannpháirteach i gcomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha a bhunú, as a d’eascair rannpháirtíocht na hEilvéise; |
|
52. |
á chur i bhfáth go bhfuil nasc idir rannpháirtíocht na hEilvéise in Erasmus+ agus a glacadh go hiomlán leis na saoirsí bunúsacha arna mbunú le conarthaí an Aontais agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ós rud é go mbraitheann malartuithe Erasmus+ ar shaorghluaiseacht daoine; |
|
53. |
á aithint go bhfuil go leor geallsealbhóirí oideachais san Eoraip ag iarraidh go mbeadh an Eilvéis bainteach le Erasmus+ agus go bhfuil eagraíochtaí mac léinn agus eagraíochtaí óige de chuid na hEilvéise ag tathant ar Rialtas na hEilvéise dul i mbun caibidlíocht chuiditheach leis an Aontas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil buntáistí oideachasúla agus eile ag baint le comhlachas den sórt sin don Eilvéis agus do AE; |
|
54. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil fáilte roimh gach tír chomharsanach agus gach tír atá ar aon intinn leo, lena n-áirítear an Eilvéis, a bheith bainteach le clár Erasmus+, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le córais oideachais Eorpacha agus leis an Limistéar Eorpach Oideachais ina iomláine a neartú; |
|
55. |
á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh soghluaisteacht foghlaimeoirí idir AE agus an Eilvéis cuimsitheach ar deireadh agus go mbeadh rannpháirtithe ó Bhallstáit, ó réigiúin agus ó chúlraí sóisialta uile AE rannpháirteach inti, agus go bhféadfaí é sin a bhaint amach tríd an tacaíocht bhreise a thugtar dóibh siúd a bhfuil dúshláin shóisialta rompu a leathnú, agus ar an gcaoi sin stádas Erasmus+ mar chlár Eorpach fíorchuimsitheach a threisiú; |
Creat institiúideach agus comhar
|
56. |
á chur in iúl gur oth léi cinneadh Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise deireadh a chur leis an gcaibidlíocht maidir le creat-chomhaontú institiúideach AE-na hEilvéise i mí na Bealtaine 2021 tar éis seacht mbliana de chaibidlíochtaí; á thabhairt dá haire go raibh an comhaontú sin bunriachtanach chun comhaontuithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a thabhairt i gcrích maidir le rannpháirtíocht bhreise na hEilvéise sa mhargadh aonair agus leanúint de thrádáil gan bhac i roinnt earnálacha tionscail agus go ndearna foirceannadh na caibidlíochta difear do rannpháirtíocht na hEilvéise i gclár Erasmus+; á chur in iúl gur oth léi aon insintí i réimsí poiblí agus polaitiúla na hEilvéise go n-oibreodh AE i gcoinne leasanna na hEilvéise; á chur i bhfáth go ndéanfadh an dara mainneachtain maidir le comhaontú maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an Eilvéis a chaibidliú dochar do AE agus don Eilvéis araon agus go bhféadfadh sé go lagófaí a ról polaitiúil; á thabhairt dá haire go bhfuil an caidreamh idir AE agus an Eilvéis neamhchothrom agus go bhfuil tionchar ag easpa caidrimh struchtúraigh ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí; á chur in iúl gur geal léi cur chuige Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise i mí Feabhra 2022 maidir le pacáiste caibidlíochta leathan agus á iarraidh go nglacfaí sainordú caibidlíochta maidir le príomh-shaincheisteanna struchtúracha mar chomhartha polaitiúil don Aontas; |
|
57. |
á chur i bhfáth gur chun leas bunúsach an dá thaobh é caidreamh maith, cobhsaí agus comhthairbheach a choinneáil agus a neartú faoi chuimsiú caidreamh nuachóirithe bunaithe ar chomhaontú pacáiste lena gcruthaítear cobhsaíocht, muinín, leas, cothrom na féinne, poist, fás agus tiomantas don tslándáil shóisialta agus don cheartas; |
|
58. |
ag cur sonrú i gcinneadh Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise bailchríoch a chur ar chainteanna tosaigh le AE i bhfianaise na gcaibidlíochtaí a bheidh ann amach anseo agus gur fhormheas sí príomhpharaiméadair do shainordú caibidlíochta; á thabhairt dá haire gur oth léi nach ndéanfaidh Comhairle Chónaidhme na hEilvéise cinneadh ach amháin i dtaobh an n-ullmhófar nó nach n-ullmhófar do ghlacadh sainordú caibidlíochta faoi dheireadh 2023; á mheabhrú go bhfuil deis ghearr ann i bhfianaise thoghcháin chónaidhme na hEilvéise i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus thoghcháin AE i mí an Mheithimh 2024; |
|
59. |
á chur in iúl gur geal léi an ráiteas polaitiúil tar éis chomhdháil na gcantún an 24 Márta 2023 lena moltar caidreamh conradhbhunaithe leis an Aontas bunaithe ar luachanna comhroinnte, lena n-athdhearbhaítear a seasamh chun leanúint de na comhaontuithe déthaobhacha agus iad a dhoimhniú, agus go bhfuil siad toilteanach tacú leis an gComhairle Cónaidhme sa chaibidlíocht; á chur in iúl gur geal léi gur thug na cantúin dá n-aire, in éagmais rogha eile inghlactha ó thaobh AE de, nach bhfuil aon bhealach thart ar ghlacadh dinimiciúil dhlí AE; |
|
60. |
ag dréim leis go gcuirfear dlús leis an dul chun cinn sna cainteanna tosaigh idir an Coimisiún agus Comhairle Chónaidhme na hEilvéise d’fhonn na soiléirithe agus na dearbhuithe is gá a fháil chun sainordú caibidlíochta a ghlacadh; á iarraidh go ndéanfadh an dá thaobh an deis sin a thapú le haghaidh cainteanna maidir le pacáiste caibidlíochta nua a d’fhéadfadh a bheith ann agus maidir le comhaontú comhair idir AE agus an Eilvéis, agus teacht ar chomhaontú roimh dheireadh théarma reatha an Choimisiúin agus na Parlaiminte; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus Comhairle Chónaidhme na hEilvéise bailchríoch a chur go pras ar na cainteanna tosaigh; |
o
o o
|
61. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Beartas Slándála, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Chónaidhm na hEilvéise. |
(2) IO L 300, 31.12.1972, lch. 189.
(3) IO L 205, 27.7.1991, lch. 3.
(4) IO L 199, 31.7.2009, lch. 24.
(5) IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.
(6) IO L 114, 30.4.2002, lch. 369.
(7) IO L 114, 30.4.2002, lch. 132.
(8) IO L 114, 30.4.2002, lch. 430.
(9) IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.
(10) IO C 308, 14.12.2004, lch. 2
(11) IO L 347, 3.12.2014, lch. 3.
(12) IO L 15, 20.1.2014, lch. 3.
(13) IO L 65, 11.3.2016, lch. 22.
(14) IO L 322, 7.12.2017, lch. 3.
(15) IO C 108, 26.3.2021, lch. 133
(16) IO C 362, 8.9.2021, lch. 90
(17) IO L 347, 20.12.2013, lch. 924.
(18) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1183/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)