European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1155

25.1.2024

Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin

(C/2024/1155)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha maidir le húdaruithe a dheonú agus a úsáid le haghaidh sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin (1), tugann an Aireacht Chomhshaoil fógra leis seo go bhfuil iarratas faighte aici ar réamhthoiliú le haghaidh togra chun láithreán eastósctha Karviná-Doly V a bhunú chun an taisce gáis nádúrtha a bhaineann le seam guail Důl ČSA (uimhir chlárúcháin thaisce 3070601) a shaothrú. Baineann an t-iarratas le limistéar polagánach de thart ar 16,62 km2. Tá an limistéar suite laistigh de limistéar cadastrach na mbardas Staré Město u Karviné, Koukolná, Dětmarovice, Doubrava u Orlové, Darkov, Karviná-město agus Karviná-Doly, i Réigiún na Moráive-na Siléise (oirthuaisceart Phoblacht na Seice), mar atá léirithe ar an léarscáil atá i gceangal.

Maidir leis an Treoir dá dtagraítear sa bhrollach agus le Roinn 24 d’Acht Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú, iarann Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice ar dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha atá údaraithe chun gníomhaíochtaí mianadóireachta a dhéanamh (eintitis chonarthacha) iarratas iomaíoch a chur isteach ar réamhthoiliú chun láithreán eastósctha a bhunú sa limistéar a shainítear thuas.

Is í an Aireacht Chomhshaoil an t-údarás atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh. Tá na critéir, na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) agus in Airteagal 6(2) den Treoir leagtha amach ina n-iomláine i reachtaíocht Phoblacht na Seice in Acht Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú.

Féadfar iarratais a chur isteach le linn na 90 lá tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig an Aireacht Chomhshaoil ag an seoladh seo a leanas:

RNDr. Martin Holý

ředitel odboru geologie

Ministerstvo životního prostředí

Vršovická 65

100 10 Praha 10

POBLACHT NA SEICE

Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis an sprioc-ama. Déanfar cinneadh ar na hiarratais tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse sin dul in éag. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ach í a iarraidh ó Roinn Geolaíochta na hAireachta tríd an seoladh r-phoist martin.holy@mzp.cz.

Karviná-Doly V

Image 1


(1)   IO L 164, 30.6.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1994/22/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1155/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)