European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1129

25.1.2024

Fógra ón Státrúnaí do Ghnóthaí Eacnamaíocha agus don Bheartais Aeráide Ríocht na hÍsiltíre de bhun hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid le haghaidh sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón

(C/2024/1129)

Leis seo, tugann an Státrúnaí do Ghnóthaí Eacnamaíocha agus don Bheartas Aeráide fógra go bhfuarthas iarratas ar údarú le haghaidh sirtheoireacht hidreacarbón i mblocdheighleoga A18b agus B16c mar a léirítear sa léarscáil atá i gceangal mar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Mianadóireacht (Mijnbouwregeling).

Is iad na ciorcail mhóra idir na péirí reanna A-B, B-C, C-D, D-E, E-F, F-G, G-H, H-I, I-J, J-K agus K-A a theorannaíonn blocdheighleog A18b.

237,5 km2 atá in achar bhlocdheighleog A18b.

Sainítear na reanna mar a leanas:

Rinn

o

’’ O

o

’’ T

A

3

39

54,790

55

9

57,462

B

3

42

4,505

55

9

57,464

C

3

42

4,519

55

3

18,444

D

3

53

34,825

55

3

18,452

E

3

53

34,824

55

3

42,459

F

3

54

56,465

55

7

32,516

G

3

53

29,722

55

8

38,575

H

3

53

29,811

55

9

57,472

I

3

59

54,820

55

9

57,476

J

3

59

54,842

54

59

57,456

K

3

39

54,811

54

59

57,442

Is iad na ciorcail mhóra idir na péirí reanna L-M, M-N, N-O, O-P agus P-L a theorannaíonn blocdheighleog B16c.

129,8 km2 atá in achar bhlocdheighleog B16c.

Sainítear na reanna mar a leanas:

Rinn

o

’’ O

o

’’ T

L

4

10

24,837

55

9

57,484

M

4

19

54,851

55

9

57,491

N

4

19

54,862

55

4

57,480

O

3

59

54,831

55

4

57,466

P

4

3

30,970

55

5

10,367

Sainítear na reanna thuas lena gcomhordanáidí geografacha, arna ríomh de réir chóras ETRS89.

Le tagairt don Treoir dá dtagraítear i mbrollach an Achta maidir le Mianadóireacht (Mijnbouwwet) agus in Airteagal 15 de, iarrann an Státrúnaí do Ghnóthaí Eacnamaíocha agus don Bheartais Aeráide leis seo ar pháirtithe leasmhara iarratas iomaíoch a chur isteach ar údarú le haghaidh sirtheoireacht hidreacarbón i mblocdheighleoga A18b agus B16c de scairbh ilchríochach na hÍsiltíre.

Is é an Státrúnaí do Ghnóthaí Eacnamaíocha agus don Bheartais Aeráide an t-údarás inniúil maidir le húdaruithe a dheonú. Leagtar amach san Acht maidir le Mianadóireacht na critéir, na coinníollacha agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) agus Airteagal 6(2) den Treoir thuasluaite.

Féadfar iarratais a chur isteach le linn na 13 seachtaine tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig:

Ríomhphost: mijnbouwvergunningen@minezk.nl

An Státrúnaí do Ghnóthaí Eacnamaíocha agus don Bheartais Aeráide

Le cur faoi bhráid: J. Visser, an Stiúrthóireacht um an Aistriú in Úsáid Acmhainní go Domhain faoi Thalamh

Bezuidenhoutseweg 73

Postbus 20401,

2500 EK Den Haag

AN ÍSILTÍR

Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis dhul in éag na tréimhse sin.

I bprionsabal, déanfar cinneadh ar na hiarratais tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse sin dul in éag.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ach glaoch a chur ar oifig MABEL ar an uimhir theileafóin seo a leanas: +31 703796970.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1129/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)