|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1120 |
24.1.2024 |
Nuashonrú ar mhéideanna tagartha i ndáil le trasnú na dteorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)
(C/2024/1120)
Na méideanna tagartha i ndáil le trasnú na dteorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.
Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.
MÉIDEANNA TAGARTHA IS GÁ CHUN NA TEORAINNEACHA SEACHTRACHA A THRASNÚ, ARNA LEAGAN SÍOS AG NA hÚDARÁIS NÁISIÚNTA
AN FHIONLAINN
Le cur in ionad na faisnéise a foilsíodh in IO C 247, 13.10.2006, lch.19.
De réir an Achta um Neamhnáisiúnaigh (301/2004, mír 11), cruthóidh eachtrannach, ar dhul isteach dó, go bhfuil cóir leordhóthanach mhaireachtála aige, agus fad na tréimhse fanachta atá beartaithe á cur san áireamh mar aon le filleadh ar an tír imeachta nó idirthuras chuig tríú tír a ráthaítear a chead isteach inti, sin nó cruthóidh sé gur féidir cistí den sórt sin a fháil go dleathach. Meastar cistí a bheith leordhóthanach ar bhonn cás ar chás. I dteannta na gcistí nó na dticéad is gá le haghaidh an imeachta agus na cóiríochta le linn na tréimhse fanachta, meastar go bhfuil gá le thart ar EUR 50 in aghaidh an lae, ag brath ar na socruithe cóiríochta agus ar theacht a bheith ag an duine sin ar urraitheoir.
Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo
IO C 247, 13.10.2006, lch. 19.
IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.
IO C 447, 13.12.2014, lch. 32.
IO C 366, 10.10.2018, lch. 12.
IO C 459, 20.12.2018, lch. 38.
IO C, C/2023/266, 19.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/266/oj
IO C, C/2023/793, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/793/oj
(1) Féach liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1120/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)