|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1083 |
5.2.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Corte d’appello di Bologna (an Iodáil) a taisceadh an 26 Deireadh Fómhair 2023 – Hera Comm SpA v Falconeri Srl
(Cás C-645/23, Hera Comm)
(C/2024/1083)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte d’appello di Bologna
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Hera Comm SpA
Cosantóir: Falconeri Srl
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An dtagann cáin bhreise arna dtobhach ag an mBallstát ar dhleacht mháil ar leictreachas, mar chodán nó mar iolraí den dleacht mháil a bhfuil an táirge faoina réir cheana, faoin gcoincheap ‘cánacha indíreacha eile’ de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE, (1) nó an gcaithfear í a thuiscint mar nach bhfuil inti ach méadú ar an ráta dleachta máil, agus dá bhrí sin go bhfuil sé de cheart ag an mBallstát gan é a úsáid chun ‘na gcríoch sonrach’ a cheanglaítear le hAirteagal 1(2) de Threoir 2008/118/CE? |
|
2. |
Más rud é go gcumhdaítear an cháin bhreise ar dhleacht mháil ar leictreachas leis an gcoincheap ‘cánacha indíreacha eile’, an gcaithfear Airteagal 1(2) de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 a léiriú sa chiall go gcomhlíonann sé na coinníollacha faoina bhféadfaidh daoine aonair a bheith ag brath air os comhair cúirte náisiúnta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1083/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)