|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1074 |
5.2.2024 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 16 Samhain 2023 – AV, AW v Parlaimint na hEorpa
(Cás C-773/21 P) (1)
(Achomharc - Seirbhís shibhialta - Oifigigh poiblí - Imeachtaí araíonachta - Pionós araíonachta - Ísliú céime - Imscrúdú ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) - Imeachtaí coiriúla náisiúnta ag an am céanna - Údarás an dlíodóra chun gníomhú - Comhréireacht an phionóis araíonachta - Airteagal 181 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Achomharc atá do-ghlactha go follasach go páirteach agus atá go follasach gan bhunús go páirteach)
(C/2024/1074)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóirí: AV, AW (ionadaí: J. Martins, advogado)
Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: I. Lázaro Betancor agus N. Scafarto, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an bpáirtí eile: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz, C. Biz agus F. Blanc, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
(1) |
Diúltaítear don achomharc toisc é a bheith do-ghlactha go follasach go páirteach agus go follasach gan bhunús go páirteach. |
|
(2) |
Ordaítear do AV agus do AW a gcostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa a íoc. |
|
(3) |
Ordaítear do Choimisiún na hEorpa a chostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1074/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)