European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1072

5.2.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 14 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Ravensburg – an Ghearmáin) – VX, AT v Gemeinde Ummendorf

(Cás C-456/22 (1), Gemeinde Ummendorf)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint sonraí pearsanta - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 82 - An ceart chun cúitimh agus chun dliteanais - An coincheap ‘damáiste neamhábhártha’ - Foilsiú ar líne chlár oibre an chruinnithe de chuid na comhairle cathrach ina bhfuil sonraí pearsanta - Foilsiú gan toiliú na ndaoine lena mbaineann - Iarratas ó na daoine sin ar chúiteamh as damáiste neamhairgid)

(C/2024/1072)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Ravensburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: VX, AT

Cosantóir: Gemeinde Ummendorf

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 82(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 27 Aibreán 2016, a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear i gcoinne rialacháin náisiúnta nó cleachtais náisiúnta leis lena socraítear ‘tairseach de minimis’ chun damáiste morálta de bharr sárú ar an Rialachán seo a shainiú. Ceanglaítear ar an duine lena mbaineann a léiriú gurb ionann iarmhairtí an tsáraithe sin a mhaíonn sé a d’fhulaing sé agus damáiste atá éagsúil leis an sárú simplí ar fhorálacha an Rialacháin sin.


(1)   IO C 359, 19.9.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1072/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)