European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1030

23.1.2024

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Samhain 2023

maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha san oideachas agus san oiliúint

(C/2024/1030)

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 165 agus 166 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

Tá scileanna agus inniúlachtaí digiteacha ríthábhachtach anois i mbeagnach gach earnáil den tsochaí agus den gheilleagar, agus is bunchloch iad de chuimsiú sóisialta, de dhea-bhail, de shaoránacht ghníomhach, d’infhostaitheacht, de tháirgiúlacht, de shlándáil agus d’fhás. Teastaíonn scileanna agus inniúlachtaí digiteacha ó gach saoránach chun maireachtáil, foghlaim, oibriú, a gcearta a fheidhmiú, bheith ar an eolas, rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne, cumarsáid a dhéanamh, agus chun ábhar digiteach a úsáid, a chruthú agus a scaipeadh.

2.

Go háirithe, leagadh béim sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023 (1) ar an ngá atá le gníomhaíocht níos misniúla agus níos uaillmhianaí chun na scileanna a theastaíonn don aistriú glas agus don aistriú digiteach a fhorbairt a thuilleadh trí oideachas, oiliúint, uas-sciliú agus athsciliú. Faoi Chinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ainmníodh an tréimhse ón 9 Bealtaine 2023 go dtí an 8 Bealtaine 2024 mar ‘Bliain Eorpach na Scileanna’, arb é is cuspóir foriomlán di meon athsciliúcháin agus uas-sciliúcháin a chur chun cinn a thuilleadh i gcomhréir le hinniúlachtaí, dlí agus cleachtas náisiúnta.

3.

Dearbhaítear sa chéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (3) go bhfuil ‘an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil’. Thairis sin, luaitear i nDearbhú Eorpach 2022 maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití (4), ina leagtar amach an dóigh ar cheart luachanna agus cearta bunúsacha na hEorpa a chur i bhfeidhm ar an saol digiteach, ‘gur cheart do chách a bheith in ann na bunscileanna digiteacha uile agus na hardscileanna digiteacha uile a ghnóthú’. Sa chomhthéacs sin, iarradh go dtacódh na córais oideachais agus oiliúna le forbairt scileanna digiteacha na saoránach uile. Tá soláthraithe neamhfhoirmiúla ag tabhairt aghaidh ar an riachtanas sin freisin trí thacú le tairiscint oideachais láidir éagsúil do dhaoine óga agus d’aosaigh.

4.

Le straitéisí Aontas an Chomhionannais (5) a ghlac an Coimisiún, cuirtear i dtábhacht an ról tábhachtach atá ag oideachas agus oiliúint ardcháilíochta chuimsitheach sa mhéid a chuidíonn siad chun dul chun cinn i dtreo Aontas comhionannais do chách a bhaint amach, gan beann ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, aois nó ar ghnéaschlaonadh. Ina theannta sin, sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, ar dhaoine faoi mhíchumas, ar dhaoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí. Mar gheall ar ionchais steiréitíopacha, cuirtear teorainn le mianta cailíní agus ban réimse staidéir nó oiliúna a roghnú agus slí bheatha ghairmiúil a shaothrú san earnáil dhigiteach. Imríonn sin tionchar ar dhearadh táirgí digiteacha, agus d’fhéadfaí nach gcuirfí riachtanais nó sainiúlachtaí na mban agus na gcailíní san áireamh go leormhaith leis. I gcomhréir leis an Dearbhú Gealltanais maidir le Mná san Earnáil Dhigiteach, ní mór gníomhú chun rannpháirtíocht chomhionann a bhaint amach ar fud na n-earnálacha agus go háirithe san earnáil dhigiteach.

5.

Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Oideachas Digiteach 2021-2027 (6) cur chuige na hEorpa don oideachas sa ré dhigiteach agus meastar ann go bhfuil forbairt scileanna digiteacha ina tosaíocht straitéiseach. Sonraítear sa phlean gur chóir tuiscint mhaith ar an domhan digiteach a bheith mar chuid d’oideachas foirmiúil agus d’oideachas neamhfhoirmiúil. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcomhthéacs an chlaochlaithe dhigitigh leanúnaigh agus i gcomhthéacs an tionchair atá ag uirlisí digiteacha atá ag teacht chun cinn, atá bunaithe, mar shampla, ar chórais intleachta saorga giniúnaí agus ar theicneolaíochtaí eile atá ag teacht chun cinn. Tugtar le tuiscint leis sin go bhfuil gá le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna chun daoine a ullmhú d’úsáid chruthaitheach, shábháilte, eiticiúil agus fhreagrach na teicneolaíochta, bunaithe ar thuiscint ar an dóigh a bhfeidhmíonn sí.

6.

In 2022, chuir an Coimisiún tús le hidirphlé struchtúrtha leis na Ballstáit maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna digiteacha. Tar éis na díospóireachta aireachta a bhí ar siúl le linn Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (EYCS) Shamhain 2021, d’ainmnigh na Ballstáit a n-ionadaithe don ghrúpa ardleibhéil comhordaitheoirí náisiúnta san idirphlé struchtúrtha, leis an sainordú go ndéanfaidís ionadaíocht ar na ranna ábhartha ina dtíortha atá freagrach as gnéithe éagsúla den oideachas digiteach, den oiliúint dhigiteach agus de na scileanna digiteacha (lena n-áirítear oideachas, lucht saothair, seirbhísí digiteacha, cultúr, earnáil na tionsclaíochta agus airgeadas). Tháinig roinnt dúshlán coiteann chun suntais i dtorthaí an idirphlé struchtúrtha agus léiríodh gur gá do na Ballstáit dea-chleachtais a chomhroinnt le chéile agus tairbhe a bhaint as tacaíocht agus comhar chun forbairt scileanna digiteacha a neartú agus feabhas a chur ar sholáthar scileanna digiteacha ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil de.

7.

Leis an Moladh ón gComhairle maidir leis na príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (7) áirítear teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid agus idirghníomhú leo go muiníneach, go criticiúil agus go freagrach san fhoghlaim, ag an obair agus chun bheith rannpháirteach sa tsochaí mar cheann de na hocht bpríomhinniúlacht don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Leis an gCreat Inniúlachta Digití do Shaoránaigh (DigComp) (8) leagtar amach príomhghnéithe na hinniúlachta digití i gcúig réimse idirghaolmhara lena mbaineann leibhéil éagsúla inniúlachta. Úsáideann soláthraithe oideachais, oiliúna agus deimhniúcháin an creat mar thagairt d’fhorbairt agus do mheasúnú scileanna digiteacha.

8.

Tacaítear le hábharthacht na scileanna digiteacha don tsochaí agus d’infhostaitheacht le sraith spriocanna maidir le leibhéil ghnóthachtála. Leis an Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus lasmuigh de (2021-2030) (9), tá an Chomhairle tiomanta sprioc ar leibhéal an Aontais maidir le scileanna digiteacha daoine óga a bhaint amach, darb aidhm an sciar daltaí lagchumasacha sa litearthacht ríomhaireachta agus faisnéise a laghdú go níos lú ná 15 % faoi 2030. Áirítear ar an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach (10) gealltanas daonra a mbeidh scileanna digiteacha acu agus gairmithe a mbeidh ardscileanna digiteacha acu a bhaint amach faoi 2030, i gcás ina mbeidh bunscileanna digiteacha ar a laghad ag 80 % ar a laghad de dhaoine idir 16 agus 74 bliana d’aois agus ina mbeidh 20 milliún speisialtóir TFC ar a laghad fostaithe laistigh den Aontas, agus rochtain na mban ar an réimse sin á cur chun cinn agus líon na gcéimithe TFC á mhéadú san am céanna.

9.

Mar sin féin, léirítear i sonraí atá ar fáil gur rátáladh ar fud na mBallstát atá rannpháirteach sa Staidéar Idirnáisiúnta ar Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise (ICILS), thart ar 34 % ar an meán de mhic léinn i ngrád a hocht mar mhic léinn a bhí ag tearcghnóthú sa litearthacht ríomhaireachta agus faisnéise in 2018 (11) (i gcomparáid le sprioc de 15 %). In 2021, ní raibh bunscileanna digiteacha (12) ar a laghad ach ag 54 % de dhaoine san Aontas idir 16 agus 74 bliana d’aois, thuairiscigh os cionn leath de chuideachtaí an Aontais deacrachtaí maidir le líon na bhfolúntas do speisialtóirí TFC a líonadh (13), agus ní raibh ach 9 milliún duine ag obair mar speisialtóirí TFC (14) ar fud an Aontais. I ngairmeacha a bhaineann le TFC, b’fhir a bhí i gceist le 81 % den fhigiúr iomlán (15). Is dearbhú iad na figiúirí gur gá tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhorbairt scileanna digiteacha, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir ceantair thuaithe agus cathracha agus ar an tionchar mór atá ag aois, cúlra socheacnamaíoch agus oideachas ar leibhéal na scileanna digiteacha.

10.

Tá iarrachtaí ag teastáil le haghaidh scileanna bunúsacha chomh maith le hardscileanna digiteacha. Sa chomhthéacs sin, cuirtear i dtábhacht sa Chlár Oibre Eorpach Nua don Nuálaíocht (16) gur gá díriú ar thallann a fhorbairt in earnáil na teicneolaíochta doimhne. Chuige sin, cuireadh de chúram ar an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht an tionscnamh Deep Tech Talent a chomhordú, a bhfuil sé d’aidhm aige oiliúint a chur faoi 2025 ar aon mhilliún duine i réimsí na teicneolaíochta doimhne ar fud na mBallstát. I measc na dtionscnamh straitéiseach eile de chuid an Choimisiúin tá an tAcadamh Scileanna Cibearshlándála, a bhfuil tús curtha leis cheana agus arb é is aidhm dó scileanna cibearshlándála a chur chun cinn agus líon na ngairmithe cibearshlándála san Eoraip a mhéadú (17).

11.

Moladh i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Oideachas Digiteach 2021-2027 go gceapfaí deimhniú Eorpach um scileanna digiteacha chun trédhearcacht agus aithint deimhnithe um scileanna digiteacha a fheabhsú. Cé go bhfuil obair déanta cheana féin chun caighdeáin a bhunú don ghairm TFC, lena gclúdaítear gach earnáil TFC le cnuasach seanbhunaithe eolais atá glactha ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ag Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) (18), tá tuilleadh oibre ag teastáil chun linn níos mó agus níos éagsúlaithe daoine tréitheacha a mhealladh chuig an earnáil dhigiteach. Mar a luaitear i bpacáiste 2022 um scileanna agus tallanna (19), ní mór don Aontas a bheith níos tarraingtí do dhaoine tréitheacha ó gach cearn den domhan le bheith iomaíoch i gcónaí ar fud an domhain. A bhuí leis an Treoir maidir le Cárta Gorm, (20), a glacadh in 2021, tá sé níos éasca d’imircigh ardoilte teacht isteach i lucht saothair an Aontais, lena n-áirítear trí aithint a gcuid scileanna gairmiúla a éascú. Thairis sin, tá Comhpháirtíochtaí Tallainne á seoladh ag an gCoimisiún, i dteannta na mBallstát leasmhar, le príomhthíortha comhpháirtíochta. Baintear leas as tacaíocht dhíreach do scéimeanna soghluaisteachta agus as fothú acmhainneachta agus infheistíochtaí i gcaipiteal daonna araon sna comhpháirtíochtaí sin. Tá Comhpháirtíochtaí Tallainne ar fáil do gach leibhéal scile agus d’fhéadfadh baint a bheith acu le hearnálacha éagsúla i margadh an tsaothair, ar nós TFC.

12.

Leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le hoideachas digiteach i sochaithe eolais (21) na hEorpa iarrtar oideachas digiteach lena gclúdaítear na meáin, litearthacht dhigiteach agus litearthacht sonraí, smaointeoireacht chriticiúil agus an comhrac in aghaidh mífhaisnéise agus bréagaisnéise, fuathchainte agus caint dhíobhálach, agus cibearbhulaíochta agus andúile. Thairis sin, leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le tacú le dea-bhail san oideachas digiteach (22) léirítear gur gá machnamh a dhéanamh ar an bpríomhról atá ag scileanna digiteacha chun dea-bhail na ngníomhaithe go léir a bhfuil baint acu leis an bpróiseas teagaisc agus foghlama a áirithiú.

13.

Maidir le hoideachas agus oiliúint, áirithítear forbairt scileanna agus inniúlachtaí digiteacha trí chuir chuige éagsúla (23) agus tá dúshláin éagsúla le sárú ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna (24). Thairis sin, nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil leanaí ag idirghníomhú le teicneolaíochtaí digiteacha ó aois i bhfad níos óige agus sa bhaile (25) den chuid is mó, tá ról lárnach ag múinteoirí atá inniúil go digiteach in oideachas agus cúram luath-óige maidir le tacú le teaghlaigh agus le leanaí óga tuiscint níos fearr a fháil ar dheiseanna agus ar rioscaí an domhain dhigitigh ar bhealach níos cothroime agus níos cuimsithí. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach go háirithe a áirithiú go bhféadfaidh leanaí a mbealach a dhéanamh go sábháilte tríd an timpeallacht dhigiteach agus leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann léi, agus freisin go ndéanfaí an mhí-úsáid a bhainfeadh foghlaimeoirí as an intleacht shaorga (IS) agus as teicneolaíochtaí eile atá ag teacht chun cinn a réamh-mheas agus cur ina coinne, trí thuiscint mhaith ar na teicneolaíochtaí sin a chur chun cinn agus míniú a thabhairt conas leas sábháilte a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann leo.

14.

Leis an Moladh ón gComhairle maidir le cuir chuige i leith na foghlama cumaisc le haghaidh bunoideachas agus meánoideachas ardcháilíochta cuimsitheach (26) iarrtar go sonrach go ndéanfaí iarrachtaí borradh a chur faoi fhorbairt scileanna agus inniúlachtaí digiteacha foghlaimeoirí agus múinteoirí, agus an bhearna dhigiteach agus an bhearna dhigiteach inscne á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, dearbhaíodh leis an idirphlé struchtúrtha go bhforbraítear scileanna digiteacha sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas le meascán de chuir chuige (27) agus go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag go leor Ballstát ar a gcuraclaim chun scileanna digiteacha a chur chun cinn ar bhealach níos fearr (mar ábhar tiomnaithe nó mar ábhar comhtháite laistigh d’ábhair nó ar fud ábhar). Treocht eile atá ag teacht chun cinn i roinnt Ballstát is ea faisnéisíocht (28) nó smaointeoireacht ríomhaireachtúil a thabhairt isteach mar ábhair ar leithligh nó iad a áireamh i bpríomhréimse curaclaim atá ann cheana, mar shampla an mhatamaitic nó an eolaíocht. Gan beann ar roghanna curaclaim, is gá oideachas ardcháilíochta a chur chun cinn sna réimsí seo, le tacaíocht ó mhodhanna teagaisc atá aoisoiriúnach agus atá oiriúnach ó thaobh na forbraíochta de, acmhainní cáilíochta, glacadh atá cothrom ó thaobh inscne de, ionadaíocht agus meastóireacht chuí (29).

15.

Leagadh béim i réimse gníomhartha ón gComhairle (30) ar an tábhacht a bhaineann le scileanna agus inniúlachtaí digiteacha ar gach leibhéal agus i ngach cineál oideachais agus oiliúna. Spreagann siad iarrachtaí móra chun barr feabhais a chur chun cinn i bhforbairt scileanna agus inniúlachtaí digiteacha do gach foghlaimeoir sna scoileanna, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (VET), san ardoideachas, san fhoghlaim aosach agus i ngach leibhéal de scileanna digiteacha, ón mbunleibhéal go dtí an t-ardleibhéal. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir leis na gníomhartha sin go bhfuil ról lárnach ag institiúidí oideachais agus oiliúna maidir le dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach san Eoraip agus go bhfuil ról tábhachtach ag institiúidí oideachais agus oiliúna maidir le scileanna digiteacha a chomhtháthú go héifeachtach ar fud a ngníomhaíochtaí uile, mar shampla trí thairiscint foghlama a chur ar fáil lena dtugtar aghaidh ar ghairmithe TFC agus lena gcuirtear scileanna digiteacha ar fáil i gcuraclaim earnáilsonracha.

16.

Leis an bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (31) moltar spriocanna soiléire maidir le rannpháirtíocht aosach in oiliúint (60 % faoi 2030), lena n-áirítear i réimse na scileanna digiteacha. Leis an Rún ón gComhairle maidir le clár oibre Eorpach nua don fhoghlaim aosach 2021-2030 (32), dírítear, i measc nithe eile, ar dheiseanna foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla d’aosaigh, go háirithe conas soláthar, cur chun cinn agus glacadh na foghlama aosaí a mhéadú agus a fheabhsú, lena n-áirítear i bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus sa Mholadh ón gComhairle maidir le Conairí Uas-Scilithe: Le Deiseanna Nua d’Aosaigh (33) aithnítear inniúlacht dhigiteach mar cheann de na trí bhunscil nach mór do gach aosach a fhorbairt. D’ainneoin aird an bheartais, tá rannpháirtíocht aosach in oiliúint íseal, lena n-áirítear oiliúint i réimse na scileanna digiteacha, agus tá soláthar scileanna digiteacha d’aosaigh scaipthe agus míchothrom (34). Tá na Ballstáit ag iarraidh aghaidh a thabhairt air sin trí thionscnaimh atá ann cheana agus trí thionscnaimh nua a áirítear ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus trí ról a thabhairt do pháirtithe leasmhara éagsúla iontu mar shampla an earnáil shóisialta dheonach neamhrialtasach agus institiúidí oideachais neamhfhoirmiúla. Le cuntais foghlama aonair mar a leagtar amach sa Mholadh gaolmhar ón gComhairle (35), féadfar cabhrú leis an méadú ar an líon daoine atá ag gabháil d’oiliúint gach bliain trí mheascán dreasachtaí, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais.

17.

Leis na conclúidí ón gComhairle maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí Eorpacha don todhchaí (36) cuirtear i dtábhacht go bhfuil múinteoirí ina gceann feadhna nach mór dóibh a bheith páirteach i gcruthú beartas oideachais agus oiliúna ach nach mór tacú leo trí chur chuige cuimsitheach maidir lena n-oideachas foirmiúil, ionduchtú agus forbairt ghairmiúil leanúnach. Is i réimse na hinniúlachta digití a bhraitheann formhór na múinteoirí go bhfuil géarghá acu le forbairt ghairmiúil (37). Thairis sin, cuireadh i dtábhacht san idirphlé struchtúrtha na dúshláin a bhíonn ag formhór na mBallstát maidir le múinteoirí a earcú, a choinneáil agus a ullmhú, go háirithe san fhaisnéisíocht (le haghaidh bunoideachais/meánoideachais agus gairmoideachais agus gairmoiliúna) nó i réimsí digiteacha sonracha/ardleibhéil eile (le haghaidh ardoideachais).

18.

Tá sé mar aidhm ag tionscnaimh éagsúla ó na Ballstáit agus an Coimisiún, mar shampla Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ tacú le múinteoirí, oiliúnóirí, oideoirí agus ceannairí scoile atá inniúil, spreagtha agus ardcháilithe, agus a bhforbairt ghairmiúil leanúnach a chur chun cinn, lena n-áirítear i réimse na scileanna digiteacha. Thairis sin, tá sé beartaithe ag Seachtain Chóid an Aontais agus ag Haiceatón an Oideachais Dhigitigh rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus nuálaíocht an phobail san oideachas digiteach agus i scileanna digiteacha a chur chun cinn. Mar an gcéanna, leis an straitéis Eorpach nua maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+) (38) cuirtear rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara chun cinn, lena n-áirítear trí líonra na nIonad d’Idirlíon Níos Sábháilte chun idirlíon níos sábháilte a chruthú do leanaí. Leis na tionscnaimh sin, tacaítear le forbairt scileanna agus inniúlachtaí digiteacha san earnáil neamhfhoirmiúil agus ba cheart iad a chur chun cinn a thuilleadh mar mhodh chun tacú le forbairt scileanna agus inniúlachtaí digiteacha trí chur chuige comhtháite a úsáid, le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

19.

Tá ról ríthábhachtach ag cuideachtaí maidir le huas-sciliú agus athsciliú a bhfoirne, ach tá neamhréireachtaí móra ann. De réir sonraí Eurostat 2022, níor chuir ach céatadán beag FBManna (20.9 %) oiliúint ar fáil dá mbaill foirne chun a scileanna a bhaineann le TFC a fheabhsú, i gcomparáid le 69.5 % de chuideachtaí móra (39). Leis an gComhshocrú um Scileanna iarrtar ar an lucht gnó, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí poiblí teacht le chéile agus gníomh nithiúil a dhéanamh chun an lucht saothair a uas-sciliú agus a athsciliú ar fud an Aontais. Thairis sin, tugann an Chomhghuaillíocht Scileanna Digiteacha agus Post le chéile Ballstáit, cuideachtaí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus soláthraithe oideachais chun oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an easpa scileanna digiteacha san Eoraip.

20.

Léiríonn na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta spreagadh polaitiúil na mBallstát chun scileanna digiteacha a fhorbairt a thuilleadh d’fhoghlaimeoirí, do mhúinteoirí agus don lucht saothair agus chun creat dlíthiúil leordhóthanach agus an trealamh agus an bonneagar is gá chun na críche sin a áirithiú. Cé go bhfuil straitéisí forbartha ag formhór na mBallstát le haghaidh scileanna digiteacha, tá sé tábhachtach freisin foráil a dhéanamh do chonair chomhleanúnach fhorásach a rachaidh trí gach leibhéal agus gach cineál oideachais agus oiliúna (40). I dtuarascáil ón gCoimisiún le déanaí i dtaobh infheistíochtaí cáilíochta in oideachas agus oiliúint (41) cuirtear i dtábhacht an gá atá le measúnú tionchair a dhéanamh ar na cláir éagsúla maidir le torthaí foghlama foghlaimeoirí. Is de chineál ginearálta í an tsaincheist agus baineann sí le scileanna digiteacha chomh maith céanna. Cuirtear i bhfios go láidir sna torthaí freisin gur féidir deiseanna ollmhóra a chur ar fáil chun borradh a chur faoi thorthaí oideachais le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha don teagasc agus don fhoghlaim, má dhéantar iad a phleanáil agus a dhearadh i gceart. Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach na rioscaí a bhaineann le heisiamh digiteach nó le húsáid mhíchuí na teicneolaíochta a mhaolú.

21.

Urramaítear go hiomlán leis an Moladh seo prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Cinnfidh na Ballstáit, de réir a n-imthosca náisiúnta, conas an Moladh a chur chun feidhme,

MOLANN SÍ DO NA BALLSTÁIT:

1.

Teacht ar chomhaontú, de rogha trí chur chuige uile-rialtais, agus na príomhpháirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach, maidir le straitéisí nó cuir chuige straitéiseacha comhleanúnacha comhsheasmhacha náisiúnta, agus i gcás inarb iomchuí, straitéisí nó cuir chuige straitéiseacha réigiúnacha le haghaidh an oideachais dhigitigh agus scileanna agus inniúlachtaí digiteacha, arna bhforbairt, arna neartú a thuilleadh nó arna nuashonrú agus inspioráid á tógáil ó phrionsabail an Mholta seo, agus faireachán a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus ar a dtionchar. Agus a straitéisí nó a gcuir chuige straitéiseacha á saothrú acu, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cuspóirí náisiúnta a leagan síos nó a athbhreithniú chun scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a sholáthar agus a áirithiú go ndéanfar iad a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta;

(b)

i gcás inarb ábhartha, tosaíochtaí straitéiseacha Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Oideachas Digiteach 2021-2027 a chur san áireamh laistigh de na cuspóirí náisiúnta; i gcás inar féidir, cur leis an bpróiseas sin chun bonn eolais a chur faoi na treochláir náisiúnta atá le cur isteach ag na Ballstáit faoi Chlár Beartais na Deacáide Digití 2030;

(c)

‘grúpaí tosaíochta nó grúpaí ar deacair teacht orthu’ (42) a shainaithint agus bearta iomchuí a bhunú chun a rannpháirtíocht a éascú in oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil le haghaidh scileanna digiteacha, agus inrochtaineacht, bearnaí críochacha (43) agus bearnaí socheacnamaíocha sna scileanna digiteacha á gcur san áireamh;

(d)

cur chuige comhleanúnach atá oiriúnach ó thaobh aoise de a lorg i leith soláthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha ar fud na leibhéal agus na gcineálacha uile oideachais agus oiliúna, ó thaobh foghlama ar feadh an tsaoil de, trí seo a dhearadh ó oideachas agus cúram na luath-óige, tríd an mbunoideachas, tríd an meánoideachas agus trí ghairmoideachas agus gairmoiliúint go dtí an t-ardoideachas agus foghlaim aosach ar bhealach forchéimnitheach, i ndlúthchomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha agus le comhpháirtithe sóisialta chun teacht ar chomhthuiscint ar na príomhghnéithe atá le cumhdach maidir le scileanna digiteacha a fhorbairt d’aoisghrúpaí agus do leibhéil agus cineálacha oideachais agus oiliúna ar leith;

(e)

aghaidh a thabhairt ar bhealach comhleanúnach ar speictream iomlán na scileanna digiteacha, ó bhunscileanna digiteacha go hardscileanna digiteacha in earnálacha uile mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear do ghairmithe TFC;

(f)

féachaint le faireachán, meastóireacht agus measúnú atá ábhartha agus fónta ó thaobh na modheolaíochta de a bhaint amach ar thionscnaimh oideachais agus ar chláir oiliúna maidir le scileanna digiteacha ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta chun éifeachtacht agus cáilíocht na ngníomhaíochtaí a dhéantar a chruthú agus a fheabhsú, agus ualaí riaracháin iomarcacha á seachaint ag an am céanna;

(g)

cur le piarfhoghlaim, malartú cleachtas agus comhordú, lena n-áirítear ar fud earnálacha beartais, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda, chun teacht ar réitigh chomhchoiteanna ar dhúshláin thras-ilchríochacha, idirnáisiúnta agus idir-réigiúnacha.

2.

Tosú ag treorú foghlaimeoirí sa domhan digiteach go luath agus deiseanna comhionanna a thairiscint chun inniúlachtaí digiteacha a fhorbairt atá oiriúnach d’aois na bhfoghlaimeoirí. A ndea-bhail a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, agus breathnú ar an gcothromaíocht iomchuí idir úsáid gléasanna digiteacha agus cineálacha eile foghlama. Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

i gcomhréir le tosaíochtaí foriomlána oideachais agus cúraim luath-óige, tacú le daltaí réamh-bhunscoile agus go háirithe lena dtuismitheoirí, lena gcúramóirí agus lena dteaghlaigh inniúlachtaí ábhartha digiteacha a shaothrú, agus a bheith ar an eolas faoi na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann leis an digiteáil agus tuiscint níos fearr a fháil orthu;

(b)

gníomhaíochtaí atá iomchuí ó thaobh aoise agus forbartha de a úsáid, in oideachas agus cúram luath-óige, mar shampla gníomhaíochtaí oideachais dhigitigh (44) nach n-úsáideann nasc ná scáileán agus inniúlachtaí digiteacha a fhoghlaim ar bhealach súgradhbhunaithe (45) i gcomhréir le forbairt shochmhothúchánach agus chognaíoch an linbh.

3.

Soláthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a neartú a thuilleadh sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas, agus lena chois sin sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar sholáthar na scileanna is gá chun tuiscint iomchuí a bheith ag duine ar na teicneolaíochtaí digiteacha agus a bheith in ann idirghníomhú go fónta, sláintiúil, sábháilte agus inbhuanaithe leo agus le teicneolaíochtaí ábhartha eile agus a bhfeidhmeanna siúd, lena n-áirítear córais intleachta saorga giniúnaí. Ina theannta sin, ba cheart cleachtais shábháilte a chur chun cinn, idir chleachtais aonair agus chleachtais chomhchoiteanna, lena dtéitear i ngleic le rioscaí na hipearnascachta agus na cibearbhulaíochta, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha.

4.

Cur chuige traschuraclaim a leathnú i gcás inarb iomchuí (is é sin, scileanna digiteacha a mhúintear ar bhonn trasnach in ábhair éagsúla) agus feabhas a chur ar mheasúnú agus ar oiliúint múinteoirí. Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

tacú le cineálacha cur chuige traschuraclaim chun scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a sholáthar ar gach leibhéal agus i ngach cineál oideachais agus oiliúna agus measúnú traschuraclaim ar scileanna digiteacha a chur chun cinn, ar mhodhanna agus ar mhinicíocht atá inchomparáide leis an measúnú ar na bunscileanna eile, chun súil a choinneáil ar dhul chun cinn;

(b)

[aghaidh a thabhairt, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas agus oiliúint rathúil i gcúrsaí digiteacha, ar bhacainní ar an gcur chuige traschuraclaim trí oiliúint ardcháilíochta a spreagadh maidir le húsáid na teicneolaíochta digití i ngach clár tosaigh oideachais múinteoirí le haghaidh múinteoirí réamhsheirbhíse, agus tacú le soláthraithe na gclár sin trí na hacmhainní agus na saoráidí is gá a chur ar fáil;

(c)

gníomhaíocht níos comhbheartaithe a dhéanamh chun an bhearna inscne i leibhéil na scileanna digiteacha idir múinteoirí baineanna agus múinteoirí fireanna a dhúnadh;

(d)

úsáid a bhaint as ‘Treoirlínte do mhúinteoirí agus oideoirí chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus chun an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn tríd an oideachas agus oiliúint’ (46) agus as an bhfoireann uirlisí maidir le bréagaisnéis a aithint agus dul i ngleic léi, chomh maith leis na ‘Treoirlínte eiticiúla maidir le húsáid na hintleachta saorga (IS) agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim d’oideoirí’ (47) a chur chun cinn i seomraí ranga;

(e)

rannpháirtíocht scoileanna sa Haiceatón Oideachais Dhigitigh agus i Seachtain Chóid an Aontais a spreagadh agus a éascú mar réamhghníomhaíocht chun deireadh a chur le haon bhacainní ar chur chuige traschuraclaim a chomhtháthú i leith scileanna agus inniúlachtaí digiteacha i ngnáthchleachtais teagaisc ar bhealach nuálach rannpháirteach. Ba chóir an rannpháirtíocht sin a threisiú chun tacú le straitéisí agus beartais nua scoile nó le straitéisí agus beartais nua áitiúla/réigiúnacha;

(f)

cur chuige idirdhisciplíneach a chothú lena gcomhtháthaítear saothrú scileanna agus inniúlachtaí digiteacha i réimsí éagsúla ábhair, go háirithe san oideachas eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta, ealaíon agus matamaitice (STEAM).

5.

Leanúint d’fheabhas a chur ar bhearta chun múinteoirí a earcú agus a oiliúint ag a bhfuil saineolas i réimsí na faisnéisíochta nó na smaointeoireachta ríomhaireachtúla le haghaidh oideachas bunscoile agus meánscoile, agus saineolas in ardteicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh an ardoideachais, agus é a aithint ag an am céanna go dteastaíonn uathu réimse éagsúil scileanna oideolaíocha agus teagaisc. Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

breathnú ar thionscnaimh leanúnacha mar shampla an Comhshocrú um Scileanna agus an Chomhghuaillíocht Scileanna Digiteacha agus Post, nó tionscnaimh nua chun tacú le malartú agus comhoibriú dhá threo idir institiúidí oideachais agus oiliúna agus an earnáil phríobháideach (48) chun an méid seo a leanas a éascú:

i)

cur ar a gcumas do ghairmithe atá ag obair san earnáil dhigiteach (mar shampla san fhaisnéisíocht) tacú le múinteoirí seomra ranga ar leibhéal na bunscoile nó na meánscoile (agus lena chois sin sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint); agus

ii)

cur ar a gcumas do mhúinteoirí sainscileanna a ghnóthú i réimse na faisnéisíochta nó na smaointeoireachta ríomhaireachtúla agus i sainréimsí teicneolaíochta digití (mar shampla an intleacht shaorga, cibearshlándáil).

(b)

i gcás inarb ábhartha, a bhfuil ar fáil i dtaca le cúrsaí san fhorbairt ghairmiúil leanúnach a nuashonrú, rud a thacóidh le deiseanna foghlama sonracha a chruthú chun tuilleadh gairmiúlachta a chumasú san fhaisnéisíocht nó sa smaointeoireacht ríomhaireachtúil.

6.

Tacú le hoideachas ardcháilíochta san fhaisnéisíocht nó sa smaointeoireacht ríomhaireachtúil ar an mbunscoil agus ar an meánscoil agus comhthéacsanna sonracha á gcur san áireamh. Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

soláthar oideachais ardcháilíochta a chothú sna réimsí sin ó thús an oideachais éigeantaigh, lena ngabhann cuspóirí soiléire foghlama, am tiomnaithe agus measúnú struchtúrtha, agus é mar aidhm aige an deis a thabhairt do gach foghlaimeoir a scileanna agus a n-inniúlachtaí digiteacha a fhorbairt trí mhodhanna oideolaíocha atá fónta ó thaobh na heolaíochta de;

(b)

a áirithiú gur múinteoirí cáilithe a chuirfidh teagasc agus foghlaim san fhaisnéisíocht nó sa smaointeoireacht ríomhaireachtúil ar fáil, cibé acu a theagasctar mar ábhar ar leith í nó ar bhealach traschuraclaim í, ar múinteoirí cáilithe iad sin a bhfuil rochtain acu ar acmhainní foghlama ardcháilíochta agus inrochtana, agus go gcuirfear san áireamh méideanna agus comhthéacsanna na scoileanna mar aon le measúnú iomchuí ar thorthaí foghlama;

(c)

éagsúlacht agus glacadh atá cothrom ó thaobh inscne de a chur chun cinn agus aon steiréitíopa a d’fhéadfadh a bheith i dteagasc agus i bhfoghlaim na faisnéisíochta nó na smaointeoireachta ríomhaireachtúla a laghdú. Ba cheart tacú leis sin trí thaighde a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, ar bhacainní cultúrtha, socheacnamaíocha agus institiúideacha ar mhianta cailíní agus ar rochtain ar an earnáil dhigiteach (lena n-áirítear cailíní a bhfuil cúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh acu) agus ar an dara dul síos ar thionchar téacsleabhar agus acmhainní eile lena múintear ábhair dhigiteacha ar bhealach níos cuimsithí;

(d)

comhar a chur chun cinn trí mhalartú dea-chleachtas i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha uile san oideachas agus san oiliúint maidir le forbairt, soláthar agus measúnú curaclaim, chomh maith le comhar institiúidí oiliúna múinteoirí na mBallstát laistigh d’Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ agus tionscnaimh ábhartha eile.

7.

A áirithiú go bhforbrófar ardscileanna digiteacha agus sainscileanna digiteacha sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, lena n-áirítear maidir leis an intleacht shaorga, an teicneolaíocht dhomhain agus i bpríomhréimsí inniúlachta eile. Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

soláthar scileanna digiteacha a neartú agus rochtain foghlaimeoirí a éascú (i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint tosaigh agus leantach) ar ardscileanna digiteacha agus sainscileanna digiteacha, scileanna atá ag teastáil níos mó agus níos mó le haghaidh go leor próifílí gairme, lena n-áirítear trí shocrúcháin foghlama obairbhunaithe agus printíseachta, cláir idirdhisciplíneacha nó gearrchúrsaí as a ngnóthaítear micridhintiúir;

(b)

tacú le mic léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna agus iad ag sealbhú na scileanna digiteacha is gá chun, mar shampla, úsáid IS a aithint agus teicneolaíochtaí tumthacha a úsáid mar shampla réaltacht fhíorúil, réaltacht bhreisithe, ionsamhlú agus cluichíocht chomh maith le foghlaim oiriúnaitheach, agus na bearta is gá a dhéanamh chun níos mó foghlaimeoirí a mhealladh chuig cláir ghairme i réimsí lena n-áirítear an intleacht shaorga, an chibearshlándáil agus forbairt bogearraí, i gcomhréir le riachtanais mhargadh an tsaothair.

8.

Forbairt réimse leathan scileanna agus inniúlachtaí digiteacha san ardoideachas a chothú agus aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí atá ann faoi láthair agus cinn atá ag teacht chun cinn. Go háirithe, agus aird chuí á tabhairt ar an tsaoirse acadúil agus ar neamhspleáchas na n-institiúidí ardoideachais, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

institiúidí ardoideachais a spreagadh chun soláthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a chur chun cinn, idir ghinearálta agus, i gcás inarb ábhartha, earnáilsonrach, agus comhar agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn idir institiúidí ardoideachais agus na gníomhaithe ábhartha uile maidir le forbairt, soláthar agus measúnú curaclaim. Mar shampla, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

i)

deiseanna foghlama agus cúrsaí chun inniúlacht dhigiteach a shaothrú thar leibhéil agus disciplíní dar cuspóir an soláthar do gach foghlaimeoir a neartú, gan beann ar an earnáil ina bhfuil a shlí bheatha ghairmiúil;

ii)

deiseanna foghlama solúbtha, oiriúnaithe agus inrochtana go digiteach maidir le hardscileanna digiteacha agus sainscileanna digiteacha, lena n-áirítear trí ghearrchúrsaí as a bhféadfadh duine micridhintiúir a ghnóthú.

(b)

malartuithe idir earnálacha éagsúla tionscail (lena n-áirítear FBManna) nó grúpaí gairmiúla agus institiúidí ardoideachais a éascú agus a spreagadh chun cúrsaí idirdhisciplíneacha a fhorbairt agus ardchúrsaí agus sainchúrsaí maidir le scileanna digiteacha a leabú a thuilleadh i gcúrsaí céime agus freagairt ar riachtanais shonracha mhargadh an tsaothair;

(c)

tacaíocht a thabhairt don trédhearcacht agus do dhearbhú cáilíochta, agus d’aitheantas cáilíochtaí acadúla agus, más iomchuí, micridhintiúr maidir le scileanna digiteacha;

(d)

aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí foirne teagaisc agus institiúidí ardoideachais nuair a threisítear soláthar scileanna digiteacha do gach mac léinn. Soghluaisteacht foirne teagaisc idir institiúidí ardoideachais agus, i gcás inarb ábhartha, idir an saol acadúil agus an earnáil phríobháideach, a spreagadh agus a chur chun cinn;

(e)

tacú le hinstitiúidí ardoideachais mic léinn, agus go háirithe mná, a mhealladh chun clárú ar staidéir agus staidéir a dhéanamh ina ndírítear ar ardscileanna a fhorbairt i réimsí digiteacha éagsúla (e.g. crua-earraí, bogearraí, dearadh digiteach, comhtháthú digiteach, eolaíocht sonraí, intleacht shaorga nó cibearshlándáil) agus saothrú ardscileanna digiteacha i ndisciplíní eile a chur chun cinn.

9.

Tacú le haosaigh chun scileanna digiteacha a shaothrú agus comhionannas deiseanna a thairiscint. Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

deiseanna scileanna digiteacha a phríomhshruthú ar fud an chórais foghlama aosaí, mar shampla trína gcomhtháthú, i gcás inarb ábhartha, i straitéisí náisiúnta scileanna, agus a áirithiú go dtabharfar aird agus tacaíocht leordhóthanach ar chur chun feidhme beart ar gach leibhéal de scileanna digiteacha, lena n-áirítear in oideachas agus oiliúint sheachfhoirmiúil;

(b)

comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun cinn, lena n-áirítear idir gníomhaithe, mar shampla comhpháirtithe sóisialta, údaráis náisiúnta agus áitiúla, scoileanna áitiúla agus ionaid agus comhlachais phobail, eagraíochtaí agus grúpaí sa tsochaí shibhialta dhigiteach, earnáil na tionsclaíochta agus earnálacha eile, chun cláir agus tionscnaimh nua ina dtugtar aghaidh ar riachtanais shainiúla foghlama aosach, lena n-áirítear foghlaim obairbhunaithe a cheapadh, a fhorbairt, a sholáthar agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Ba cheart malartú cleachtas a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais maidir le forbairt, seachadadh agus measúnú curaclaim;

(c)

feachtais feasachta spriocdhírithe a reáchtáil maidir le tábhacht scileanna digiteacha agus tacaíocht shonrach a sholáthar do na haosaigh sin is mó a chaithfidh a gcuid scileanna digiteacha a fhorbairt, lena n-áirítear rochtain ar threoir ghairme;

(d)

oiliúint rialta maidir le scileanna digiteacha d’aosaigh a chur chun cinn agus a aithint, is é sin laistigh den soláthar oideachais agus oiliúna atá ann cheana, agus, i gcás inarb infheidhme, trí chuntais foghlama aonair a úsáid, i gcomhréir leis an Moladh gaolmhar ón gComhairle (49). Deiseanna oiliúna dearbhaithe cáilíochta a chur san áireamh, ar na cúrsaí atá ar fáil, ar leibhéil éagsúla scileanna digiteacha de réir riachtanais mhargadh an tsaothair agus na sochaí. Ba cheart fostóirí a spreagadh agus a ghríosú chun fostaithe a uas-sciliú agus a athsciliú, mar thosaíocht, le linn am oibre;

(e)

iarrachtaí a neartú chun cuideachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, a leabú ar bhealach níos fearr sna héiceachórais earnála, thionsclaíocha agus náisiúnta atá ann cheana chun an tacaíocht riachtanach a thabhairt dóibh, lena n-áirítear comhroinnt eolais, treoraíocht agus deiseanna foghlama;

(f)

cruthú Comhghuaillíochtaí áitiúla agus réigiúnacha breise Scileanna Digiteacha agus Post a spreagadh agus a chur chun cinn chun bearta nithiúla a fhorbairt do scileanna digiteacha i gcomhréir leis na riachtanais áitiúla agus réigiúnacha.

10.

Forbairt aitheantais agus deimhnithe scileanna digiteacha a chur chun cinn, go háirithe laistigh de na próisis atá ann cheana. I ndáil leis sin, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tacú le haitheantas agus/nó deimhniú scileanna digiteacha ar na leibhéil agus sna cineálacha éagsúla oideachais agus oiliúna agus iad a chur chun cinn, lena n-áirítear iad siúd a fhaightear trí oiliúint a chuirtear ar fáil trí chuntais foghlama aonair nó trí bhearta cistiúcháin eile;

(b)

i gcomhar leis na húdaráis inniúla, aitheantas do theastais agus cáilíochtaí i scileanna digiteacha a chur chun cinn, lena n-áirítear micridhintiúir, agus sin a dhéanamh freisin nuair a bheifear ag obair chun an gealltanas a chomhlíonadh go ndéanfaí bearta chun aitheantas frithpháirteach uathoibríoch cáilíochtaí (50) a thabhairt isteach faoi 2025;

(c)

dreasachtaí a sholáthar i gcás inarb iomchuí agus infheictheacht a thabhairt do scileanna digiteacha don fhoghlaim nó don dul chun cinn gairme trína n-aitheantas, a ndoiciméadú, a measúnú agus a ndeimhniú a éascú, gan beann ar cé acu trí fhoghlaim fhoirmiúil, trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó trí fhoghlaim neamhfhoirmiúil a gnóthaíodh na scileanna sin. Ba cheart cúnamh a thabhairt d’earcaitheoirí agus do náisiúnaigh tríú tír i ngach céim a bhaineann le scileanna agus cáilíochtaí a aithint agus a dheimhniú;

(d)

forbairt an Deimhnithe Eorpaigh um Scileanna Digiteacha a leanúint.

11.

Cur chuige straitéiseach agus córasach a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas gairmithe TFC. Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

réamh-mheastachán scileanna a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais scileanna digiteacha a bheidh ann amach anseo i spriocghrúpaí éagsúla sa mhargadh, go háirithe riachtanais scileanna digiteacha FBManna agus taighde a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar bhearnaí sna scileanna digiteacha;

(b)

breithniú a dhéanamh, i straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta nó i gcuir chuige straitéiseacha, ar thionscnaimh lena dtugtar aghaidh ar ghanntanais shonracha scileanna digiteacha (mar shampla sa chibearshlándáil, san intleacht shaorga agus sa róbataic) atá ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, agus tionscnamh an Acadaimh um Scileanna Cibearshlándála a chur san áireamh;

(c)

daoine tréitheacha ón gcoigríoch a mhealladh agus a choinneáil trí lán-úsáid a bhaint as an Treoir maidir le Cárta Gorm (51) agus Comhpháirtíochtaí Tallainne, agus feabhas a chur ar an gcomhar le Ballstáit eile chun cleachtais agus réitigh a mhalartú chun daoine atá cumasach go digiteach a mhealladh chuig an Aontas Eorpach agus chun a soghluaisteacht a éascú, i gcás inarb infheidhme;

(d)

cur chuige níos straitéisí agus níos córasaí a leanúint chun oiliúint a chur ar ghairmithe TFC agus iad a mhealladh, lena n-áirítear gairmithe ó thríú tíortha, agus béim ar leith ar FBManna;

(e)

treoir chuimsitheach ghairme agus staidéir a sholáthar ar scoil, ar leibhéal an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus ar leibhéal an ardoideachais chun suim daoine óga a spreagadh, go háirithe suim cailíní agus ban óg, chun tabhairt faoi staidéar in TFC agus/nó chun gabháil do ghairm in TFC. Ba cheart feachtais spriocdhírithe a reáchtáil chun aghaidh a thabhairt ar réamhthuairimí maidir le hinrochtaineacht gairmeacha teicneolaíochta (ina ndírítear go háirithe orthu siúd nach bhfuil cúlra TFC acu) agus ar na conairí gairme éagsúla a d’fhéadfaí a leanúint agus staidéar á dhéanamh ar TFC. Ba cheart úsáid a bhaint as bealaí cumarsáide éagsúla chun teagmháil a dhéanamh le hearnálacha éagsúla, agus chun aird a tharraingt ar an bhféidearthacht dul i mbun gairm TFC fhiúntach a bheadh tairbheach don tsochaí;

(f)

i gcomhréir leis an Dearbhú Gealltanais maidir le Mná san Earnáil Dhigiteach agus i sineirge leis na tionscnaimh ábhartha ón Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus ón gComhairle Nuálaíochta Eorpach, tús áite a thabhairt d’iarrachtaí lena bhféachtar le dul i ngleic leis an laofacht inscne chun an bhearna inscne agus phá in TFC a dhúnadh agus deiseanna spriocdhírithe uas-scilithe agus athscilithe a sholáthar do chailíní agus mná ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna, agus mar sin luach a n-ionchuir agus a dtallainne a aithint;

(g)

cur le tarraingteacht na hearnála digití do mhná, mar shampla trí oibriú leis na Comhghuaillíochtaí Náisiúnta Scileanna agus Poist Dhigiteacha chun feachtais feasachta a fhorbairt agus teachtaireachtaí náisiúnta a chur in oiriúint;

(h)

deiseanna a chruthú do scoileanna, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus institiúidí ardoideachais chun mic léinn a mhealladh isteach i ngairmeacha digiteacha (mar shampla trí laethanta oscailte, laethanta teaghlaigh agus seimineáir a eagrú, agus trí rannpháirtíocht i dtionscnaimh mar shampla an tArdán Tallainne Nuálaíochta, Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, Haiceatón an Oideachais Dhigitigh, agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim a chur chun cinn).

12.

An cistiú is gá d’fhorbairt scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a sholáthar. Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

gnéithe éagsúla an Mholta seo a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as cistí náisiúnta agus cistí an Aontais, lena n-áirítear Erasmus+, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste um Aistriú Cóir, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, agus leanúint de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme;

(b)

úsáid a bhaint as an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla, lena n-áirítear a cur chuige iltíre, chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme chun soláthar scileanna digiteacha ó thaobh foghlaim ar feadh an tsaoil de a neartú i gcomhréir leis an Moladh seo;

(c)

infheistíocht phríobháideach i bhforbairt scileanna digiteacha a spreagadh agus smaoineamh ar fhoinsí éagsúla cistiúcháin a mheascadh chun méadú de réir a chéile a dhéanamh ar thionscnaimh agus a dtionchar agus a n-inbhuanaitheacht a mhéadú;

(d)

úsáid réitigh foinse oscailte, ábhair oscailte nó sonraí oscailte agus coimíneacht dhigiteach (52) i gcoitinne agus rannchuidiú leo a chur chun cinn.

13.

Sainordú a thabhairt don Ghrúpa Ardleibhéil um Oideachas agus Oiliúint treoir a chur ar fáil maidir leis na príomhábhair straitéiseacha a dtugtar aghaidh orthu sa Mholadh seo. Déanfar é sin go príomha trí phlé, malartú rialta faisnéise agus trí threoir a chur ar fáil maidir le saincheisteanna straitéiseacha (53) a bhaineann le hoideachas agus oiliúint dhigiteach agus le scileanna agus inniúlachtaí digiteacha. Ba cheart don Ghrúpa Ardleibhéil tacaíocht a fháil agus leas a bhaint as saineolas de réir mar a bhíonn gá leis sin, lena n-áirítear ón Meitheal um Oideachas Digiteach: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (DELTA) agus grúpaí saineolaithe in earnálacha eile, mar shampla an Bord um an Deacáid Dhigiteach, chun tógáil ar chur chuige cothrománach tras-rannach. D’fhéadfaí na hábhair a chlúdófar a fhógairt sna cláir oibre beartais 18 mí i ndiaidh a chéile.

DEARBHAÍONN SÍ GUR DÍOL SÁSAIMH DI RÚN AN CHOIMISIÚIN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

Tógáil ar thionscnaimh atá ann cheana, lena n-áirítear Bliain Eorpach na hÓige agus Bliain Eorpach na Scileanna, chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát i réimse na scileanna agus na n-inniúlachtaí digiteacha agus chun iad a chomhlánú. Go háirithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

1.

Tacú le hiarrachtaí athchóirithe maidir le forbairt scileanna agus inniúlachtaí digiteacha agus faisnéisíocht ardcháilíochta nó smaointeoireacht ríomhaireachtúil. Go háirithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

athchóirithe na mBallstát a éascú, trí bhíthin ionstraimí de chuid an Aontais mar shampla an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla, lena n-áirítear trí mhalartuithe a éascú maidir le cuir chuige náisiúnta i dtaca le forbairt scileanna agus inniúlachtaí digiteacha agus scileanna a bhaineann leis an bhfaisnéisíocht nó le smaointeoireacht ríomhaireachtúil. Cuirfidh an Coimisiún chun cinn úsáid agus méadú na n-uirlisí atá ann chun meastóireacht a dhéanamh ar scileanna, agus tionscnaimh rathúla um oiliúint múinteoirí sna réimsí sin;

(b)

tacú le hoideachas ardcháilíochta san fhaisnéisíocht nó sa smaointeoireacht ríomhaireachtúil, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, trí threoirlínte a fhorbairt do mhúinteoirí agus oideoirí mar thairiscint dheonach do na Ballstáit;

(c)

tacú le piarfhoghlaim agus le comhar chun faisnéis a roinnt maidir le forbairt, soláthar agus measúnú curaclaim ag na Ballstáit trí chláir de chuid an Aontais mar shampla Erasmus+ agus uirlisí lena n-áirítear na Creataí Eorpacha Inniúlachta Digití do Shaoránaigh agus d’Oideoirí;

(d)

tacú leis na Ballstáit maidir le faireachán a dhéanamh ar fhorbairt scileanna digiteacha trína rannpháirtíocht i suirbhéanna idirnáisiúnta (mar shampla ICILS, PISA, TALIS, PIAAC) agus i dtionscnaimh Eorpacha eile (mar shampla Eurograduate), ar féidir iarrachtaí náisiúnta bailithe sonraí a chomhlánú leo.

2.

Barr feabhais a chur chun cinn i gcúrsaí ardscileanna digiteacha agus sainscileanna digiteacha san ardoideachas agus i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint. Go háirithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tacú leis na Ballstáit chun dálaí a chruthú a bheidh fabhrach maidir le hardscileanna digiteacha agus sainscileanna digiteacha mac léinn, taighdeoirí agus foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil a fhorbairt, agus na scileanna sin le soláthar ag institiúidí ardoideachais agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna ar bhonn deonach. Dhéanfaí é sin i gcláir idirdhisciplíneacha agus i gcláir ina ndírítear ar ardscileanna TFC, ag cur san áireamh gur gá na scileanna sin a uasghrádú ar bhonn buan chun an luas tapa nuálaíochta a leanúint, chomh maith leis an ngá na cláir sin a bheith ina gcláir chuimsitheacha agus inrochtana d’fhoghlaimeoirí éagsúla;

(b)

tacaíocht a chothú do thairiscintí acadúla in ardscileanna digiteacha i réimsí teicneolaíochta digití agus i réimsí trasdisciplíneacha nó ildisciplíneacha eile, agus dá bhfeidhmeanna in earnálacha straitéiseacha nach bhfuil cumhdaithe go leormhaith sna cláir oibre don Eoraip Dhigiteach a glacadh roimhe seo.

3.

Tacú le hiarrachtaí maidir le scileanna digiteacha a sholáthar do dhaoine fásta. Go háirithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tionscnaimh mar shampla an Comhshocrú um Scileanna agus an Chomhghuaillíocht Scileanna agus Poist Dhigiteacha a chur chun cinn, chun dul i bpáirt le chéile chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe a thairiscint do dhaoine fásta chun a scileanna digiteacha a fheabhsú;

(b)

forbairt cúrsaí oiliúna inrochtana i scileanna digiteacha a spreagadh agus tacú léi, ar cúrsaí iad as a dtiocfaidh micridhintiúir i gcás inar féidir, agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais shainiúla foghlama daoine fásta, mar shampla tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus deiseanna cistiúcháin an Aontais. Féadfar béim ar leith a leagan ar ardscileanna digiteacha a sholáthar d’fhoireann FBManna;

(c)

malartuithe ar dhea-chleachtais d’fhoghlaim aosach maidir le scileanna digiteacha a éascú trí líonra na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta, tríd an gComhshocrú um Scileanna, trí mheitheal an Limistéir Eorpaigh Oideachais ar fhoghlaim aosach, trí na comhordaitheoirí náisiúnta ar fhoghlaim aosach agus trí fhóraim ábhartha eile.

4.

Aitheantas do dheimhniú scileanna digiteacha a éascú. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a)

deimhniú Eorpach um scileanna digiteacha a reáchtáil ar bhonn píolótach agus a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach, dá n-éireodh leis, i gcomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí (54), deimhniú a d’fhéadfadh na Ballstáit a úsáid ar bhonn deonach. Bheadh sé d’aidhm ag an deimhniú muinín i ndeimhniúchán scileanna digiteacha agus glacadh deimhniúcháin a fheabhsú i rialtais agus tionscail. Féachann an scéim phíolótach leis na híosriachtanais cháilíochta ba cheart a bheith ag aon deimhniú agus próiseas deimhniúcháin maidir le scileanna digiteacha a aithint agus a thástáil. Leis an deimhniú Eorpach um scileanna digiteacha d’fhéadfadh sé go mbeadh gach saoránach Eorpach ábalta a leibhéal scileanna digiteacha a chomhfhreagraíonn do chreat DigComp a chur in iúl ar bhealach iontaofa trédhearcach;

(b)

tacú, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le treoirlínte a fhorbairt agus malartuithe ar dhea-chleachtais maidir le measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a éascú;

(c)

tacú leis na comhlachtaí inniúla maidir le dearbhú cáilíochta agus/nó caighdeánú chun sásra aitheantais a fhorbairt le haghaidh deimhniúchán scileanna digiteacha, lena n-áirítear micridhintiúir, agus leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun na coinníollacha a chur ar bun a d’fhágfadh go mbeifí in ann na scileanna digiteacha sin a aithint go frithpháirteach agus go huathoibríoch faoi 2025.

5.

Tacú le hiarrachtaí lena bhféachtar leis an líon agus le héagsúlacht gairmithe TFC a mhéadú. Go háirithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, tógáil ar an dearbhú Gealltanais maidir le Mná san Earnáil Dhigiteach, chun mná a spreagadh a thuilleadh chun ról gníomhach lárnach a bheith acu in earnáil na teicneolaíochta digití agus forbairt ardscileanna digiteacha agus gairmeacha san earnáil dhigiteach a chur chun cinn i measc ban;

(b)

tacú leis na Ballstáit maidir le teagasc scileanna digiteacha inscne-fhreagrúil sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas a chur chun cinn trí chleachtais teagaisc nuálacha inscálaithe a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní institiúideacha agus cultúrtha ar mhianta cailíní agus ar a rochtain ar staidéar TFC agus ar ghairmeacha TFC san Aontas;

(c)

na hiarrachtaí i dtreo cuimsiú digiteach a choinneáil ar bun agus a fheabhsú, i gcás inar gá, lena áirithiú gur féidir le gach duine aonair agus gach pobal, lena n-áirítear na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste (mar shampla grúpaí leochaileacha agus grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, daoine faoi mhíchumas agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta), cur leis an gclaochlú digiteach agus leas a bhaint as.

6.

Faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, dea-chleachtais a scaipeadh agus malartuithe le geallsealbhóirí a mhéadú. Go háirithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an Mholta seo, agus aird á tabhairt ar straitéisí nó cur chuige straitéiseach na mBallstát, agus lena n-áirítear na torthaí agus an tionchair ar leith ar sholáthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha. Ba cheart é sin a dhéanamh laistigh den Limistéar Eorpach Oideachais agus ina Fhaireachán ar Oideachas agus ar Oiliúint, agus mar chuid de thuairisciú na mBallstát tríd an Deacáid Dhigiteach, gan cur lena n-ualaí riaracháin;

(b)

an comhar idirnáisiúnta maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a neartú;

(c)

athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis an Moladh seo a chur chun feidhme agus tuairisciú don Chomhairle tráth nach déanaí ná 5 bliana i ndiaidh a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. ALEGRÍA CONTINENTE


(1)  EUCO 1/23.

(2)  Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna (IO L 125, 11.5.2023, lch. 1).

(3)   IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

(4)   IO C 23, 23.1.2023, lch. 1.

(5)  Glacadh cúig straitéis chomhionannais in 2020 agus 2021 chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025 (COM(2020) 152 final); an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 (COM(2020) 698 final); Plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025 (COM(2020)565 final); Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 2020-2030 (COM(2020) 620 final); Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030 [Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030] (COM(2021)101 final).

(6)  COM(2020) 624 final.

(7)  Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 4.6.2018, lch. 1).

(8)  Vuorikari, R., Kluzer, S. agus Punie, Y., DigComp 2.2: The Digital Competence Framework for Citizens - With new examples of knowledge, skills and attitudes, [An Creat Inniúlachta Digití do Shaoránaigh - Le samplaí nua d'eolas, de scileanna agus de dhearcthaí] Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022.

(9)   IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.

(10)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach ( IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(11)  Fraillon, J., Ainley, J., Schulz, W., Friedman, T. agus Duckworth, D., Preparing for Life in a Digital World: IEA International Computer and Information Literacy Study 2018 International Report, Springer Open, IEA, Amstardam, 2019.

(12)  Eurostat (2021). Úsáid TFC i dteaghlaigh.

(13)  Eurostat (2021). Speisialtóirí TFC - staidreamh maidir le folúntais atá deacair a líonadh i bhfiontair.

(14)  Eurostat (2021). Úsáid TFC i dteaghlaigh agus ag daoine aonair.

(15)  Eurostat (2021). Speisialtóirí TFC san fhostaíocht.

(16)  COM(2022) 332 final.

(17)  COM(2023) 207 final.

(18)  Is le ‘CEN/TC 428 - Gairmiúlacht TFC agus Inniúlachtaí Digiteacha’ atá an Creat Eorpach r-Inniúlachtaí (e-CF) á bhainistiú faoi láthair.

(19)  COM(2022) 657 final.

(20)  Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta ardcháilíochta, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle ( IO L 382, 28.10.2021, lch. 1).

(21)   IO C 415, 1.12.2020, lch. 22.

(22)   IO C 469, 9.12.2022, lch. 19.

(23)  Féach, mar shampla, na conclúidí ón gComhairle maidir le géarchéim COVID-19 a chomhrac san oideachas agus san oiliúint (IO C 212I, 26.6.2020, lch. 9), na conclúidí ón gComhairle maidir leis an oideachas digiteach i sochaithe eolais na hEorpa (IO C 415, 1.12.2020, lch. 22) agus na conclúidí ón gComhairle maidir le tacú leis an dea-bhail san oideachas digiteach (IO C 469, 9.12.2022, lch. 19).

(24)  Féach, i measc nithe eile, an Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige ar Ardcháilíocht (IO C 189, 5.6.2019, lch. 4) agus Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).

(25)  An Coimisiún Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Chaudron, S., Di Gioia, R., Gemo, M., Young Children (0-8) and Digital Technology - A qualitative study across Europe [Leanaí Óga agus an Teicneolaíocht Dhigiteach — Staidéar cáilíochtúil ar fud na hEorpa], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2017.

(26)  Moladh ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le cineálacha cur chuige foghlama cumaisc i gcomhair bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta (IO C 504, 14.12.2021, lch. 21).

(27)  Mar shampla, an cur chuige traschuraclaim, ábhar ar leith a thabhairt isteach, nó scileanna digiteacha a áireamh in ábhar eile. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach doiciméad inmheánach oibre SWD(2023) 205 final.

(28)  Sa Mholadh seo, meastar gur disciplín eolaíochta ar leith í an fhaisnéisíocht, a bhfuil a coincheapa, a modhanna, a cnuasach eolais, agus a saincheisteanna oscailte féin mar shaintréith aici. Clúdaítear leis an bhfaisnéisíocht boinn na struchtúr, na bpróiseas, na ndéantán agus na gcóras ríomhaireachtúil, chomh maith lena ndearaí bogearraí, lena bhfeidhmchláir, agus lena dtionchar ar an tsochaí. I mBallstáit áirithe, tugtar ríomheolaíocht ar an disciplín sin.

(29)  An Coimisiún Eorpach, An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, Oideachas Faisnéisíochta ar scoil san Eoraip, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022.

(30)  Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1), na Conclúidí ón gComhairle maidir le daoine faoi mhíchumas a áireamh i margadh an tsaothair (15134/22), na conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis Eorpach lena gcumhachtaítear institiúidí ardoideachais do thodhchaí na hEorpa (IO C 167, 21.4.2022, lch. 9), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe (IO C 243, 27.6.2022, lch. 1) agus Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (IO C 243, 27.6.2022, lch. 10).

(31)  COM(2021) 102 final.

(32)   IO C 504, 14.12.2021, lch. 9.

(33)  Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uas-scilithe: Deiseanna Nua d'Aosaigh (IO C 484, 24.12.2016, lch. 1).

(34)  Beblavý, M., Bačová, B., Athbhreithniú ar an litríocht maidir le scileanna digiteacha a sholáthar d'aosaigh, Tuarascáil Líonra Eorpach na Saineolaithe ar Eacnamaíocht an Oideachais (EENEE), Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022. Righi, R., Lopez Cobo, M., Papazoglou, M., Samoili, S., Cardona, M., Vazquez-Prada Baillet, M.agus De Prato G., Tairiscint Acadúil Ardscileanna Digiteacha in 2020-21. Comparáid Idirnáisiúnta, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022.

(35)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26).

(36)   IO C 193, 9.6.2020, lch. 11.

(37)  Torthaí ECFE, TALIS 2018 (Imleabhar I): Múinteoirí agus Ceannairí Scoile mar Fhoghlaimeoirí ar feadh an tSaoil, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, 2019.

(38)  COM(2022) 212 final.

(39)  Eurostat (2022). Fiontair a sholáthair oiliúint chun scileanna TFC a bpearsanra a fhorbairt/a uasghrádú de réir aicme méide an fhiontair.

(40)  Mar a léirítear sa doiciméad inmheánach oibre SWD(2023) 205 final agus tuarascáil Eurydice 2022 (an Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, Oideachas Faisnéisíochta ar scoil san Eoraip, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022).

(41)  An Coimisiún Eorpach, An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Investing in our future: Quality investment in education and training [Ag infheistiú inár dtodhchaí: Infheistíocht ardcháilíochta san oideachas agus san oiliúint], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. Lucsamburg, 2022.

(42)  Mar shampla, na daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe, grúpaí faoi mhíbhuntáiste nó grúpaí imeallaithe mar shampla daoine faoi mhíchumas, náisiúnaigh Romacha agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a n-eolas ar an tír óstach teoranta, agus na daoine sin a bhfuil leibhéal íseal nó meánleibhéal oideachais acu, nó nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna.

(43)  E.g. réigiúin uirbeacha/tuaithe, réigiúin iargúlta agus forimeallacha, críocha trasteorann.

(44)  Mar shampla, gníomhaíochtaí oideachais lena gcuirtear forbairt scileanna digiteacha chun cinn gan gléasanna digiteacha a úsáid.

(45)  Mar shampla, cuir chuige oideolaíocha maidir le scileanna digiteacha inar féidir le leanaí óga a bheith ag taiscéaladh, ag triail, ag fionnadh, agus ag réiteach fadhbanna ar bhealaí samhlaíocha spraíúla.

(46)  An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Treoirlínte do mhúinteoirí agus oideoirí chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus chun an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn tríd an oideachas agus oiliúint, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.

(47)  An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Treoirlínte eiticiúla maidir le húsáid na hintleachta saorga (IS) agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim d’oideoirí, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.

(48)  Bunoideachas, meánoideachas agus an earnáil seirbhísí.

(49)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26).

(50)  Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1).

(51)  Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta ardcháilíochta, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle ( IO L 382, 28.10.2021, lch. 1).

(52)  Chun sainmhíniú a fháil ar an gcoincheap ‘coimíneacht dhigiteach’, féach an Moladh ón gComhairle maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach rathúil.

(53)  D’fhéadfaí a áireamh ar na saincheisteanna sin, i measc nithe eile, measúnú agus deimhniú scileanna agus inniúlachtaí digiteacha, ceanglais cháilíochta le haghaidh uirlisí agus ábhar oideachais dhigitigh nó an intleacht shaorga a chomhtháthú san oideachas agus san oiliúint, lena n-áirítear trí fhaisnéisíocht agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil.

(54)  Geallsealbhóirí ón oideachas agus oiliúint, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe deimhniúcháin scileanna digiteacha.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1030/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)