|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1027 |
19.1.2024 |
Teachtaireacht ón gCoimisiún arna foilsiú de bhun Airteagal 27(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle i gCás AT.40452 – Apple – Íocaíochtaí Móibíleacha
(C/2024/1027)
1. Réamhrá
|
(1) |
De réir Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (1), féadfaidh an Coimisiún a chinneadh – i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe aige cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar deireadh a chur le sárú agus ina dtugann na páirtithe lena mbaineann gealltanais go rachaidh siad i ngleic leis na hábhair imní a chuir an Coimisiún in iúl ina réamh-mheasúnú – na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach ar na gnóthais. Féadfar cinneadh den sórt sin a ghlacadh ar feadh tréimhse shonrach ama agus tiocfar ar an gconclúid ann nach bhfuil aon fhoras ann a thuilleadh le haghaidh gníomhaíocht ón gCoimisiún. De réir Airteagal 27(4) den Rialachán céanna, foilseoidh an Coimisiún achoimre bheacht ar an gcás agus ar phríomhábhar na ngealltanas. Féadfaidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach laistigh den teorainn ama a shocróidh an Coimisiún. |
2. Achoimre ar an gCás
|
(2) |
An 2 Bealtaine 2022, ghlac an Coimisiún Ráiteas Agóidí i gCás AT.40452 – Apple – Íocaíochtaí Móibíleacha a bhaineann le sáruithe líomhnaithe ar Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an ‘Conradh’) agus ar Airteagal 54 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’). Is é atá sa Ráiteas Agóidí réamh-mheasúnú de réir bhrí Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. |
|
(3) |
Cuireadh in iúl sa Ráiteas Agóidí an réamhchonclúid go mbeadh mí-úsáid bainte ag Apple as a cheannasacht i margaí le haghaidh tiachóga móibíleacha ar ghléasanna iOS (iPhone) trí theorainn a chur le rochtain ar theicneolaíocht chaighdeánach a úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí éadadhaill le gléasanna móibíleacha i siopaí (‘Cumarsáid Neasréimse nó ‘NFC’) sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘LEE’) (2). |
|
(4) |
Is é Apple Pay réiteach Apple féin i dtaca le tiachóga móibíleacha a úsáidtear chun íocaíochtaí móibíleacha a chumasú i siopaí fisiciúla agus ar líne. Is é Apple Pay an t-aon mhodh a bhfuil rochtain aige ar an ionchur NFC is gá chun íocaíochtaí móibíleacha a dhéanamh i siopaí fisiciúla. Ní chuireann Apple é ar fáil d’fhorbróirí aipeanna tiachóg móibíleach tríú páirtí. Cumasaíonn teicneolaíocht NFC cumarsáid idir gléas móibíleach agus teirminéil íocaíochta i siopaí. Tá NFC caighdeánaithe, tá sé le fáil ag beagnach gach teirminéal íocaíochta i siopaí san Aontas agus is féidir íocaíochtaí móibíleacha níos sábháilte agus níos rianúla a dhéanamh leis. |
3. Príomhábhar na nGealltanas arna dTairiscint
|
(5) |
Ní aontaíonn Apple le Ráiteas Agóidí an Choimisiúin. Mar sin féin, tá gealltanais tugtha aige de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisiúin maidir leis an iomaíocht. Seo a leanas príomhghnéithe na ngealltanas. |
|
(6) |
Geallann Apple go n-éascóidh sé íocaíochtaí ar an láthair (3) ag baint úsáide as NFC le gléasanna iOS trí shraith Comhéadan Ríomhchláraithe Feidhmchlár (‘APInna’) atá neamhspleách ar Apple Pay. Chun na críche sin, geallann Apple cead a thabhairt do sholáthraithe tiachóg móibíleach agus seirbhísí íocaíochta tríú páirtí rochtain a fháil ar fheidhmiúlacht NFC ar ghléasanna iOS agus í a idiroibriú, saor in aisce, gan úsáid a bhaint as Apple Pay ná as Wallet. Chruthódh Apple na APInna is gá chun rochtain choibhéiseach a cheadú, inter alia, ar rialaitheoir NFC (4) agus ar chomhéadan NFC (5). Dhéanfaí an rochtain sin a chumasú trí aithris a dhéanamh ar an gcárta óstála (‘HCE’). |
|
(7) |
Tairgeann Apple na gealltanais a chur i bhfeidhm maidir le gach forbróir aipeanna atá lonnaithe in LEE agus maidir le gach úsáideoir iOS ag a bhfuil Apple ID atá cláraithe in LEE (6). Chuirfí an réiteach ar fáil ar na gutháin iPhone atá in ann uasghrádú go dtí an leagan is déanaí agus aon leagan de iOS amach anseo (iPhone XS agus níos déanaí). |
|
(8) |
Geallann Apple gnéithe agus feidhmiúlachtaí breise a sholáthar, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
|
|
(9) |
Ina theannta sin, geallann Apple go n-úsáidfear critéir incháilitheachta atá cothrom, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach chun rochtain ar NFC a dheonú d’fhorbróirí tríú páirtí, forbróirí a mbeadh orthu comhaontú ceadúnúcháin Apple Developer Program a thabhairt i gcrích agus glacadh le téarmaí breise is infheidhme maidir le húsáid na teidlíochta. |
|
(10) |
Tá Apple ag tairiscint na gealltanais a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse 10 mbliana. |
|
(11) |
Ní bhaineann na gealltanais sin ach leis an gcás reatha AT.40452. |
|
(12) |
Tá na gealltanais foilsithe ina n-iomláine, i mBéarla, ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta ag:
https://ec.europa.eu/competition-policy/index_en |
4. Cuireadh chun Tuairimí a Thabhairt
|
(13) |
Faoi réir tástáil margaidh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 lena ndearbhófar gur ceangailteach na gealltanais a bhfuil achoimre orthu thuas agus atá foilsithe ar an Idirlíon, ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 27(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha maidir leis na gealltanais atá beartaithe a chur faoina bhráid. Ní mór na barúlacha sin a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis dháta an fhoilsithe seo. Iarrtar ar thríú páirtithe leasmhara leagan neamhrúnda dá gcuid barúlacha a chur isteach freisin, leagan inar cheart aon fhaisnéis a mhaíonn siad gur rúin ghnó í agus faisnéis rúnda eile a scriosadh agus a ionadú, de réir mar is gá, le hachoimre neamhrúnda nó leis na focail ‘rúin ghnó’ nó ‘rúnda’. |
|
(15) |
Más féidir, ba cheart freagraí agus barúlacha a bheith réasúnaithe agus ba cheart na fíorais ábhartha a leagan amach iontu. Má aimsíonn tú fadhb a bhaineann le haon chuid de na gealltanais atá beartaithe, iarrann an Coimisiún ort freisin réiteach féideartha a mholadh. |
|
(16) |
Is féidir barúlacha a chur chuig an gCoimisiún faoin uimhir thagartha AT.40452 – Apple – Íocaíochtaí Móibíleacha le r-phost (COMP-GREFFE-ANTITRUST@ec.europa.eu), nó tríd an bpost, chuig an seoladh a leanas:
|
(1) IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Le héifeacht ón 1 Nollaig 2009, rinneadh Airteagail 101 agus 102 CFAE d’Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE, faoi seach. Tá an dá shraith forálacha comhionann le chéile ó thaobh substainte de. Chun críocha an fhógra seo, ba cheart tagairtí d’Airteagail 101 agus 102 CFAE a thuiscint mar thagairtí d’Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE nuair is infheidhme.
(2) Chun críocha an Ráitis Agóidí, cé gur tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach ón 1 Feabhra 2020, de réir Airteagal 92 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7), tá an Coimisiún inniúil i gcónaí chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le nósanna imeachta riaracháin a tionscnaíodh roimh dheireadh na hidirthréimhse. Dá réir sin, rinne tagairt sa Ráiteas Agóidí do LEE agus an Ríocht Aontaithe san áireamh.
(3) Íocaíochtaí a dhéantar ag teirminéil íocaíochta díolphointe fisiciúla an cheannaí atá deimhnithe ar leibhéal an tionscail.
(4) Chun cumarsáid a dhéanamh le teirminéil íocaíochta NFC chun sonraí a mhalartú.
(5) Chun cumarsáid le Rialaitheoir NFC a chumasú.
(6) Chun críocha na ngealltanas arna dtairiscint ag Apple, ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear le tagairtí do LEE 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh (an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir), chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1027/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)