|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/944 |
29.1.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 – Piaggio & C. v EUIPO – Zhejiang Zhongneng Industry Group (Cruth scútair)
(Cás T-19/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Marc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh - Cruth scútair - Dearbhfhoras neamhbhailíochta - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (UE) 2017/1001 anois) - Curtha chun sainiúlachta ag úsáid a bhaint as - Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001 anois))
(C/2024/944)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Piaggio & C. SpA (Pontedera, an Iodáil) (ionadaithe: F. Jacobacci agus B. La Tella, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Capostagno, D. Gája agus J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Zhejiang Zhongneng Industry Group Co. Ltd (Taizhou, an tSín) (ionadaithe: M. Spolidoro, M. Gurrado, L. Mendola agus M. Balestriero, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 25 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 359/2021-5).
An chuid oibríochtúil
|
(1) |
Cuirtear ar neamhní an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 359/2021-5); |
|
(2) |
Ordaítear do EUIPO agus do Zhejiang Zhongneng Industry Group Co. Ltd a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag Piaggio & C. SpA a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/944/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)