European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/941

29.1.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 – Uno v an Coimisiún

(Cás T-514/20) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Státchabhair - Seirbhís poist - Cúiteamh as an tseirbhís poist uilechoitinne - Comhlachas gairmiúil - Easpa tionchair aonair - Easpa tionchair shubstaintigh ar sheasamh iomaíoch - Do-ghlacthacht)

(C/2024/941)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Uno Organización Empresarial de Logística y Transporte (Coslada, an Spáinn) (ionadaí: J. Piqueras Ruiz, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus D. Recchia, Gníomhairí)

Idiragraithe, chun tacú leis an gcosantóir: Sociedad Estatal Correos y Telégrafos SA (ionadaithe: D. Sarmiento Ramírez Escudero agus A. Pérez Hernández, Dlíodóirí), Ríocht na Spáinne (ionadaí: L. Aguilera Ruiz, Gníomhaire)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an Cinneadh C(2020) 3108 final ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2020 maidir le státchabhair SA.50872 (2020/NN) – an Spáinn – Cúiteamh do Correos faoin oibleagáid seirbhíse uilíche, 2011-2020 ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean mar do-ghlactha.

2)

Ordaítear do Uno Organización Empresarial de Logística y Transporte a chostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus Sociedad Estatal Correos y Telegrafos, SA a íoc.

3)

Ordaítear do Ríocht na Spáinne a costais féin a íoc.


(1)   IO C 339, 12.10.2020.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/941/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)