European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/889

6.2.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le creat faireacháin athbhreithnithe don gheilleagar ciorclach

(COM(2023) 306 final)

(C/2024/889)

Rapóirtéir:

Cillian LOHAN

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 29.6.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

2.10.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

25.10.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

582

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

204/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Cé gur dul chun cinn maith é an Creat Faireacháin seo i gcomparáid leis an gcreat a bhí ann roimhe, ní mór dul chun cinn breise a dhéanamh i réimsí áirithe atá sonraithe sa tuairim seo.

2.   Tacaíocht

2.1.

Is ríthábhachtach an ní é Creat Faireacháin a bheith ann ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach agus praiticiúil agus lena áirithiú go leanfaidh an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an bhfaireachán ar an ngeilleagar ciorclach.

2.2.

Tuigeann Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go gcuireann easpa sonraí inchomparáide i réimsí áirithe, ar fud na mBallstát, teorainn leis an méid is féidir a dhéanamh faoin gCreat Faireacháin.

2.3.

Is éasca i bhfad anois teacht ar shonraí tríd an suíomh gréasáin. I measc na dtáscairí nua tá ráta úsáide na n-ábhar ciorclach agus na dramhaíola per capita, ar dul chun cinn iad thar mar a bhí nuair is iad na táscairí dramhaíola atá nasctha le OTI a úsáideadh. Tá faireachán á dhéanamh anois freisin ar onnmhairiú dramhaíola, agus ar an iomaíochas ciorclach agus an nuálaíocht ghlas.

2.4.

Is díol sásaimh na táscairí nua, an lorg tomhaltais, cuir i gcás, nó an lorg amhábhair le haghaidh monaraíochta, agus táscaire eile maidir leis an dramhphacáistíocht. Is rud dearfach é freisin an t-iompar a áireamh i lorg na ngníomhaíochtaí monaraíochta.

3.   Cáineadh

3.1.

B’easnamhach an próiseas comhairliúcháin a reáchtáladh i dtaobh leagan amach an Chreata Faireacháin nua; níor baineadh an leas ab fhearr ab fhéidir as na líonraí gníomhacha atá ann, go háirithe Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (1), is é sin an t-ardán comhpháirtíochta idir an Coimisiún Eorpach agus CESE. Tá an gréasán líonraí maille leis an ardán comhroinnte eolais sin ceaptha ionchur a sholáthar le haghaidh chur chun feidhme an gheilleagair chiorclaigh. Mar sin féin, ní dheachthas i gcomhairle le grúpa comhordaithe na ngeallsealbhóirí, ainneoin a oiread sin oibre a bheith déanta acu ar an ábhar.

3.2.

Ba cheart an próiseas comhairliúcháin a éascú trí chiste a chruthú le tacú leis na geallsealbhóirí páirt a ghlacadh sa phróiseas iomlán agus lena chinntiú gur aighneachtaí ar ardchaighdeán a bheidh ann.

3.3.

Ní dheachthas i gcomhairle le CESE ach an oiread, ina cháil mar chomhlacht comhairleach le haghaidh institiúidí an Aontais agus ainneoin dea-theist a bheith air i réimse an gheilleagair chiorclaigh agus go leor saineolas inmheánach aige. Is oth le CESE go raibh ar an gCoiste féin a iarraidh go ndréachtófaí tuairim maidir leis an ábhar seo.

3.4.

Tráchtar go mion minic sa reachtaíocht is déanaí maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus maidir leis an Éiceadhearthóireacht ar a thábhachtaí atá an éicidhearthóireacht chun athrú sistéamach a chur chun cinn agus geilleagar ciorclach a bhaint amach. Ní leor an faireachán a dhéantar ar an dearadh. Mar shampla, d’fhéadfaí faireachán a dhéanamh ar eisiúint an lipéid Cradle to Cradle Certified® mar dheimhniú a iniúchtar ar bhonn neamhbhrabúis.

3.5.

Ní sreafaí ábhair amháin atá i gceist leis an ngeilleagar ciorclach, ach an caidreamh casta idir amhábhair, táirgeadh agus tomhaltas, agus na daoine a bhfuil baint acu leis na próisis sin, chomh maith le hiompraíochtaí agus cleachtais na sochaí a bhaineann le bheith ag obair agus ag maireachtáil sa gheilleagar ciorclach. Ní leor an faireachán a dhéantar ar an ngné shóisialta sin. Ar na táscairí sóisialta eile a d’fhéadfaí a áireamh tá rochtain agus inacmhainneacht, an fhorbairt dhaonna, an trádáil eiticiúil agus chóir, an tsláinte agus an tsábháilteacht agus iompar tomhaltóirí.

3.6.

Ní ann don dramhaíl sa Gheilleagar Ciorclach, níl ann ach seachtháirgí a bhfuil feidhm leo agus is féidir a athrú ó bhonn nó ar féidir leas eile a bhaint astu. Tá téarmaíocht nua ag teastáil le gur féidir linn éirí as an uile rud a rangú ina dhramhaíl agus le gur féidir na seachtháirgí sin a shainaithint agus monatóireacht a dhéanamh orthu mar amhábhair thánaisteacha.

4.   Moltaí

4.1.

Ba mhaith iad mar tháscairí faireachán a dhéanamh ar shamhlacha gnó ciorclacha (e.g. athúsáid, deisiú, athchóiriú, ardáin le haghaidh comhroinnte, áitribh agus ardáin díolta táirgí athláimhe) agus tomhas a dhéanamh ar an sciar den mhargadh ag na samhlacha sin.

4.2.

Ba cheart ionchas saoil táirgí a chur san áireamh chun cuidiú leis an dífheidhmeacht phleanáilte a dhíothú agus an dearadh ciorclach a bhrú chun cinn.

4.3.

Tá sonraí ar fáil cheana féin maidir le FBManna a laghdaíonn a gcuid dramhaíola a oiread is féidir ina samhlacha gnó agus ba cheart na sonraí sin a úsáid mar tháscaire (2).

4.4.

Ba cheart príomhtháscaire maidir leis an dramhaíl a chuirtear sa talamh (líonadh talún) nó a loisctear a chur san áireamh chun faireachán a dhéanamh ar na cleachtais neamhchiorclacha dheireanacha atá fós ar siúl. Ba cheart sruthanna dramhaíola sonracha a thomhas i ngach earnáil, lena n-áirítear an tógáil, teicstílí, an leictreonaic etc., seachas díreach na rátaí athchúrsála sna hearnálacha sin a thomhas.

4.5.

Ba cheart faireachán a dhéanamh freisin ar chineálacha eile dramhaíola a thagann ón ngeilleagar líneach, e.g. truailleáin san ithir, san aer agus san uisce, micreaphlaistigh san áireamh. Ba cheart faireachán ar tháirgeadh bia a chur san áireamh freisin i gcás ina mbeadh sonraí ar fáil ina chomhair.

4.6.

Ba cheart faireachán a dhéanamh ar fhóirdheontais breoslaí iontaise mar bheart cistiúcháin phoiblí a úsáidtear chun tacú leis an táirgeadh fuinnimh neamhchiorclach.

4.7.

Tá gá le trédhearcacht feadh an tslabhra soláthair agus is úsáideach í go deimhin i ngeilleagar ciorclach. D’fhéadfaí faireachán a dhéanamh ar phasanna ábhar chun cabhrú leis sin agus, amach anseo, beifear in ann sonraí níos cuimsithí a fháil ó Phasanna Táirgí Digiteacha. Cuideoidh sé sin le fíorú a dhéanamh ar an gciorclaíocht a mhaítear a bheith ann.

4.8.

Is díol sásaimh an líon daoine atá fostaithe sa gheilleagar ciorclach, ach is den phráinn faireachán a dhéanamh ar na figiúirí le go mbeidh miondealú againn a chabhróidh linn tuiscint níos fearr a fháil orthu. Áirítear leis sin miondealú de réir inscne, aoise, tuarastail etc. Tá sé tábhachtach freisin faireachán a dhéanamh ar thionóiscí ag an obair de réir earnála.

4.9.

Tá gá le táscaire maidir le scileanna (comhpháirt an chaipitil dhaonna) chun bearnaí a shainaithint, ionchur a sholáthar do chláir oiliúna agus oideachais agus an acmhainneacht a áirithiú laistigh den mhargadh (3).

4.10.

Is suíomh gréasáin úsáideach suíomh an Chreata Faireacháin, tá feabhas tagtha air agus níor cheart fáil réidh leis. B’fhiú go mór, d’fhonn spreagadh a thabhairt chun spriocanna a bhaint amach, suíomh gréasáin nua, arna óstáil ag an gCoimisiún agus bunaithe ar shonraí Eurostat, a chruthú ar a ndéanfaí na spriocanna sin a mhapáil agus ar a dtabharfaí le fios cé chomh gar is atáimid d’aimsiú na spriocanna.

4.11.

Is bealach praiticiúil é an geilleagar ciorclach chun rathúnas agus rachmas a ghiniúint, i gcomhthéacs gheilleagar na dea-bhaile. Cabhraíonn sin freisin imeacht ón bhfócas cúng ar OTI. Ba cheart an faireachán a nascadh leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus ba cheart dó cur leis na seasaimh a ghlac CESE maidir le ‘Bearta a bhfuil níos mó i gceist leo ná OTI’ (4).

An Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  https://circulareconomy.europa.eu/platform/en

(2)  Eorabharaiméadar Flash 456: FBManna, éifeachtúlacht acmhainní agus margaí glasa – data.europa.eu.

(3)  Staidéar de chuid CESE Europe's Circular Econnomy and its Pact for Skills: working together for an inclusive and job-rich transition?.

(4)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 7 agus IO C 106, 31.3.2020, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/889/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)