European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/884

6.2.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Pacáiste coigeartaithe le haghaidh na chéad ghlúine eile d’acmhainní dílse

(COM(2023) 330 final)

agus an togra leasaithe le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

(COM(2023) 331 final/2 — 2021/0430 (CNS))

(C/2024/884)

Rapóirtéir:

Katrīna ZARIŅA

Comhrapóirtéir:

Philip VON BROCKDORFF

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 18.7.2023

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 19.7.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

5.10.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

25.10.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

582

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

169/04/04

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Aithníonn Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na hiarrachtaí atá ar siúl ag an gCoimisiún chun acmhainní dílse nua a bheartú agus buiséad fódúil inbhuanaithe don Aontas a ráthú. Colún de phríomhcholúin an Aontais é an buiséad atá ar fáil aige, rud a chuireann ar a chumas an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur i gcrích agus iomaíochas domhanda an Aontais san fhadtéarma a chinntiú.

1.2.

Tá CESE an-sásta leis an togra maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), 2021-2027, togra lena bhfuil sé beartaithe cur de réir a chéile leis an gcóimheas idir acmhainní dílse an Aontais agus ioncam na mBallstát atá bunaithe ar an ollioncam náisiúnta (OIN). Beidh gá le méadú ar ranníocaíocht na mBallstát le hacmhainní dílse reatha an Aontais, sin mar gheall ar riachtanais bhuiséid an Aontais a bheith faoi bhrú ag an méid a leanas: an cor chun donais eacnamaíoch de dheasca COVID-19, an clár NextGenerationEU agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an tacaíocht atá á tabhairt ar mhaithe le téarnamh na hÚcráine, na beartais um uathriail straitéiseach, an t-aistriú cóir, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.

1.3.

Is díol sásaimh, i gcoitinne, do CESE pacáiste coigeartaithe an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh na chéad ghlúine eile d’acmhainní dílse, ar an tuiscint gur de chineál sealadach é agus ar an mbonn go bhfuil sé teoranta d’aisíoc na leithreasuithe arna n-úsáid chun NextGenerationEU a mhaoiniú.

1.4.

Iarrann CESE ar Pharlaimint na hEorpa agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh pacáiste coigeartaithe a ghlacadh le haghaidh na chéad ghlúine eile d’acmhainní dílse sula n-eagrófar na chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa in 2024 agus sula dtiocfaidh deireadh leis an téarma oifige polaitiúil reatha.

1.5.

Creideann CESE, áfach, i gcás shaincheist na n-acmhainní dílse agus na n-acmhainní buiséadacha san Aontas, nach bhfuair an tsaincheist sin an phoiblíocht chuí le gur féidir díriú ar gach gné di. Ba cheart díospóireacht chuimsitheach, ach í faoi cheangal ama, a thionól gan mhoill a mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach inti agus í i gcomhréir leis an gcéad téarma oifige eile a bheidh ag institiúidí an Aontais. Tá práinn ar leith leis an díospóireacht sin, díospóireacht inar cheart díriú freisin ar acmhainn bhuiséadach an Aontais a chlár oibre uaillmhianach féin, clár oibre a bhfuil gá leis, a mhaoiniú. I ndáil leis sin, cuireann an tsraith tograí le haghaidh acmhainní dílse a mhol Parlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 (1), agus a dtacaíonn CESE leo den chuid is mó, go mór leis an díospóireacht sin.

1.6.

Cuireann CESE chun suntais gur tábhachtach an ní nach ndéanfar cistiú clár nó infheistíochtaí eile de chuid an Aontais a laghdú faoin leagan reatha ná faoin gcéad leagan eile de CAI mar gheall ar an gcaiteachas ó bhuiséad an Aontais a rachaidh ar aisíocaíocht NextGenerationEU. Tá tábhacht thar meán leis sin, mar a bhí i gcónaí, do lánpháirtiú eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta an Aontais agus d’iomaíochas domhanda an Aontais tráth atá téarnamh ar siúl sa mheántéarma i ndiaidh na paindéime.

1.7.

Aithníonn CESE gur gá, agus gur den phráinn, coigeartuithe a dhéanamh ar na hacmhainní dílse nua atá beartaithe cheana chomh maith le hacmhainní dílse nua sa bhreis a chur chun cinn. Ag an am céanna, athdhearbhaíonn CESE go bhfuil gá le nuachóiriú struchtúrach a dhéanamh ar chóras na n-acmhainní dílse, rud a thacódh le cuspóirí digiteacha, comhshaoil agus inbhuanaithe i réimse an fháis eacnamaíoch.

1.8.

Creideann CESE gur cheart don ioncam a eascraíonn as an gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA) tacú le hiarrachtaí na mBallstát bearta a chur i bhfeidhm chun gnólachtaí atá ag feidhmiú sna hearnálacha ina mbailítear an t-ioncam a dhícharbónú. Dá bhrí sin, ba cheart an sciar den ioncam ó CTA a théann chuig buiséad an Aontais a bheith faoi réir dianmheasúnú agus comhaontú idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

1.9.

Tá CESE deimhin de gur cheart táirgiúlacht agus iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa a bheith i measc na dtosaíochtaí. Ag an am céanna, aithníonn CESE gur cheart measúnú cuí a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an acmhainn dhílis nua sin ar iomaíochas gnólachtaí, ina measc athbhreithniú féideartha ar na beartais náisiúnta maidir le cáin chorparáide, agus gur cheart an t-ualach riaracháin ar na húdaráis phoiblí agus ar na cuideachtaí a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ba cheart na hacmhainní a úsáid go straitéiseach chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht an Aontais a neartú agus chun an nuálaíocht, an chothroime shóisialta agus fhioscach agus cuspóirí comhshaoil a chur chun cinn.

1.10.

Tugann CESE le fios go bhféadfadh an acmhainn dhílis staidrimh ar bhrabúis chuideachta a bheith ina hualach riaracháin ar na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus ar ghnólachtaí, ualach ar cuid nádúrtha é de gach cineál acmhainne dílse nua. Cé go meastar gur ualach an-bheag an t-ualach breise sin i gcomparáid leis na roghanna malartacha atá ann, cuireann CESE i bhfáth gur cheart na hualaí riaracháin — go háirithe ar ghnólachtaí — a sheachaint nó a íoslaghdú.

1.11.

Tá CESE den tuairim go bhfuil gá le hanailísí cainníochtúla a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an toradh a bheadh ar na bearta atá beartaithe dá gcuirfí i bhfeidhm iad. Ní foláir méid na n-ioncam a bhfuiltear ag súil leo ó gach acmhainn dhílis nua agus ó na coigeartuithe teicniúla atá beartaithe a fhódú ar bhonn réamhaisnéisí cuimsitheacha agus ba cheart an trédhearcacht a ráthú, rud is tábhachtach do na Ballstáit ionas go mbeidís toilteanach glacadh leo. Ar an ábhar sin, ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí sonracha a dhéanamh ar leibhéal na tíre agus, nuair is gá sin, ar leibhéal an réigiúin, i dtreo gur féidir na ranníocaíochtaí atáthar ag súil a dhéanfaidh na Ballstáit a dhéanamh amach.

1.12.

Tá CESE ar cóimheon leis an gCoimisiún gur gá tús áite a thabhairt do chur chun feidhme Cholún 1 ECFE/G20 ar bhearta eile san earnáil dhigiteach. Creideann CESE gur ríthábhachtach an ní dlús a chur le daingniú an choinbhinsiúin. Maidir leis sin, is mian le CESE béim a leagan air gur cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh gan mhoill ar chur chun feidhme Cholún 1 ECFE trí thús a chur leis an obair theicniúil is gá chun tacú le Treoir de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hacmhainne dílse atá bunaithe ar Cholún 1.

1.13.

Aithníonn CESE go bhféadfadh an acmhainn dhílis staidrimh shealadach rannchuidiú, ar an iomlán, leis an gclár NextGenerationEU a mhaoiniú go dtí go gcuirfear sásra BEFIT chun feidhme. Ag an am céanna, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí measúnú críochnúil ar éifeachtacht na n-acmhainní dílse atá in úsáid faoi láthair, agus meabhraíonn sé gur gá a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha atá ann cheana agus go ndéanfar na hathchóirithe ar cuireadh tús leo a thabhairt chun críche agus a chur chun feidhme.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

I mí na Nollag 2021, mhol an Coimisiún trí acmhainn dhílse nua lena bhféadfaí buiséad an Aontais a mhaoiniú: ranníocaíocht ón gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA), ranníocaíocht ón Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT), agus acmhainn dhílis bunaithe ar sciar de bhrabúis iarmharacha ó chuideachtaí ilnáisiúnta faoi chomhaontú ECFE/G20 (Colún 1).

2.2.

Tá CESE lánsásta leis an togra atá san athbhreithniú meántéarma ar CAI 2021-2027, togra lena bhfuil sé beartaithe cur de réir a chéile leis an gcóimheas idir acmhainní dílse an Aontais agus ioncam na mBallstát atá bunaithe ar OIN (2). Ó glacadh CAI, tugadh isteach ceanglais nua maidir leis an maoiniú Eorpach, sin mar gheall ar an gcor chun donais eacnamaíoch de dheasca COVID-19, ar an gclár NextGenerationEU agus ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar an tacaíocht atá á tabhairt d’atógáil na hÚcráine, agus ar mhaoiniú infheistíochtaí chun uathriail straitéiseach an Aontais a áirithiú i réimsí éagsúla, go háirithe sa tionsclaíocht ghlas.

2.3.

Meastar go bhfuil práinn leis an togra ón gCoimisiún toisc gur gá na hiasachtaí a fuair an tAontas chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a mhaoiniú a aisíoc le rátaí úis níos airde. Aontaíonn CESE le raon feidhme an togra agus tá sé i bhfách lena ghlacadh go luath sula mbeidh na chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa ann. Mar sin féin, i gcomhréir leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa, is mian le CESE a chur i bhfáth nach mór tuilleadh ioncaim a áirithiú don bhuiséad a bheidh ag an Aontas sna blianta amach romhainn. Creideann an Coiste nach mór an dara céim sin a dhéanamh tar éis díospóireacht chuimsitheach phráinneach a eagrú maidir le hacmhainn bhuiséadach an Aontais spriocanna coiteanna na hEorpa a mhaoiniú ar bhealach inbhuanaithe. Ba cheart ról lárnach a bheith ag an tsochaí shibhialta eagraithe sa díospóireacht sin.

2.4.

Aithníonn CESE na hiarrachtaí atá ar siúl ag an gCoimisiún – i gcomhréir le hAirteagal 322(2) CFAE agus le hAirteagal 9(3) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (3) ón gComhairle — chun acmhainní dílse nua a mholadh agus buiséad fódúil inbhuanaithe don Aontas a ráthú. Colún de phríomhcholúin an Aontais é an buiséad atá ar fáil aige, rud a chuireann ar a chumas an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur i gcrích agus iomaíochas domhanda an Aontais san fhadtéarma a chinntiú.

2.5.

Aithníonn CESE go bhfuil gá le creat cobhsaí trínar féidir freagairt bhuiséadach sholúbtha Eorpach ar thurraingí gan choinne a d’fhéadfadh tarlú san am atá amach romhainn a ráthú. Sa chreat sin, ní foláir a chur san áireamh gur gá an caipiteal agus an t-ús a ghabhann le maoiniú NextGenerationEU a aisíoc, rud ar chomhaontaigh na Ballstáit air le linn phaindéim COVID-19.

2.6.

Cuireann CESE chun suntais gur tábhachtach an ní nach ndéanfar cistiú clár nó infheistíochtaí eile de chuid an Aontais a laghdú faoin leagan reatha ná faoin gcéad leagan eile de CAI mar gheall ar an gcaiteachas ó bhuiséad an Aontais a rachaidh ar aisíocaíochtaí NextGenerationEU. Tá tábhacht thar meán leis sin, mar a bhí i gcónaí, do lánpháirtiú eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta an Aontais agus d’iomaíochas domhanda an Aontais tráth atá téarnamh ar siúl sa mheántéarma i ndiaidh na paindéime.

2.7.

Faoi mar a cuireadh chun suntais in dhá thuairim dá chuid roimhe seo — Togra le haghaidh cinneadh maidir le hacmhainní dílse (4) agus An dara tacar d’acmhainní dílse nua (5) — aithníonn CESE gur gá, agus gur den phráinn, coigeartuithe a dhéanamh ar na hacmhainní dílse nua atá molta cheana chomh maith le hacmhainní dílse nua sa bhreis a chur chun cinn. Tá gá leis sin i dtreo nach gcaithfear an ranníocaíocht ó acmhainní atá bunaithe ar OIN a mhéadú i gcás nach leor na ranníocaíochtaí ón bpacáiste acmhainní dílse a tíolacadh i mí na Nollag 2021.

2.8.

Is díol sásaimh do CESE, i bprionsabal, an anailís agus an togra de chuid an Choimisiúin (a foilsíodh i mí an Mheithimh 2023) le haghaidh pacáiste nua d’acmhainní dílse, mar a ndéantar athbhreithniú ar an togra tosaigh a eisíodh i mí na Nollag 2021 maidir le trí fhoinse nua ioncaim a chruthú don Aontas, ina measc acmhainn dhílis staidrimh shealadach nua bunaithe ar bhrabúis chuideachta. Ag an am céanna, athdhearbhaíonn CESE go bhfuil gá le nuachóiriú struchtúrach a dhéanamh ar chóras na n-acmhainní dílse, óir thacódh a leithéid le hiarrachtaí na mBallstát cuspóirí digiteacha, comhshaoil agus inbhuanaithe i réimse an fháis eacnamaíoch a bhaint amach.

2.9.

I mí na Bealtaine 2023, chuir Parlaimint na hEorpa réimse leathan d’fhoinsí nua ioncaim chun cinn do bhuiséad an Aontais, ar a bhfuil acmhainní dílse bunaithe ar cháin chorparáideach, cáin ar idirbhearta airgeadais, sásra teorann cothrom, cáin ar chriptea-shócmhainní, acmhainní dílse glasa, agus ranníocaíochtaí náisiúnta bunaithe ar staidreamh.

2.10.

Sa tuairim dá chuid a chuir sé amach roimhe seo maidir leis an dara tacar d’acmhainní dílse nua, léirigh CESE gur dhíol sásaimh dó tograí áirithe ó Pharlaimint na hEorpa agus chuir sé a mholtaí féin ar aghaidh maidir le hacmhainní dílse féideartha nua. D’athdhearbhaigh CESE an uair sin i gcás ina mbeadh togra maidir le hacmhainní dílse á chur le chéile, gur cheart measúnú tionchair ar éifeachtacht na n-acmhainní sin agus ar a dtionchar ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh a bheith á choimhdeacht. I ngeall ar an bpráinn atá leis, ba cheart don Aontas dul amach ar a bhfuil de roghanna breise ann maidir le foinsí ioncaim nua a aimsiú do bhuiséad an Aontais amach anseo, foinsí a íoslaghdóidh an t-ualach cánach atá ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh na hEorpa.

2.11.

Siúd is go ndearna an Coimisiún anailís ar na roghanna féideartha maidir le foinsí nua ioncaim do bhuiséad an Aontais, tugann CESE dá aire, agus is ábhar aiféala dó é, gur measadh nach raibh roinnt de na roghanna a mhol Parlaimint na hEorpa agus CESE oiriúnach ná fuaimintiúil go leor chun go bhféadfaí iad a áireamh sa togra ón gCoimisiún. Mar sin féin, meastar gur réiteach eatramhach éifeachtach a mbeadh ‘breisluach ard’ (6) ag baint leis í acmhainn dhílis staidrimh atá bunaithe ar mheastachán ar bhrabúis cuideachtaí.

2.12.

Tá CESE den tuairim, arís eile, nuair a bhíonn cinneadh le déanamh faoi bhuiséad an Aontais, dá laghad nó dá mhéad é, nach mór don Choimisiún iarracht a dhéanamh tús a chur le díospóireacht leathan ar leibhéal na sochaí agus tuairimí ina leith a bhailiú ó na saoránaigh, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó ghnólachtaí, ó údaráis riaracháin agus ó na páirtithe leasmhara uile. Ba cheart don phrionsabal sin comhreachtóirí an Aontais a threorú d’fhonn is go molfaidh siad i gcónaí bearta nach gcuirfidh i mbaol na buiséid atá ar fáil do chláir eile an Aontais agus a mbeidh toradh orthu i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus na cothroime sóisialta.

2.13.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh measúnuithe agus meastóireachtaí a dhéanamh ar na bearta atá sainaitheanta mar acmhainní dílse féideartha; rud eile, tá amhras áirithe air faoi éifeachtacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach na n-acmhainní atá molta d’fhonn na cistí a bailíodh chun ionstraim téarnaimh NextGenerationEU a mhaoiniú a aisíoc.

2.14.

I ndáil leis an méid sin, measann CESE go bhfuil na critéir a ghlac an Coimisiún sa mheasúnú a rinne sé, e.g. acmhainneacht ioncaim, an tsimplíocht agus slógadh tapa ioncaim, teoranta go leor. Bhunaigh an Coimisiún an mheastóireacht a rinne sé ar na hocht n-acmhainn dhílse fhéideartha ar thrí cinn de phrionsabail a baineadh as na saothair theoranta thaighde atá ar fáil maidir le hioncaim an Aontais. Dá thoradh sin, is de chineál cáilíochtúil, a bheag nó a mhór, é an measúnú scórála (7), rud is siocair bhreise éiginnteachta a fhad a bhaineann le héifeachtacht agus inbhuanaitheacht na n-acmhainní san fhadtéarma.

2.15.

Chun é sin a chur ina cheart, síleann CESE gur gá anailísí cainníochtúla a dhéanamh ar na bearta atá molta. Ní foláir méid na n-ioncam a bhfuiltear ag súil leo ó gach acmhainn dhílis nua agus ó na coigeartuithe teicniúla atá beartaithe a fhódú ar bhonn réamhaisnéisí cuimsitheacha agus ba cheart an trédhearcacht a ráthú, rud is tábhachtach do na Ballstáit ionas go mbeidís toilteanach glacadh leo. Ar an ábhar sin, ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí sonracha a dhéanamh ar leibhéal na tíre agus, nuair is gá sin, ar leibhéal an réigiúin, i dtreo gur féidir an brú a mheastar a chuirfear ar bhuiséid na mBallstát a dhéanamh amach. Ba cheart a chur san áireamh sna réamhaisnéisí sin cásanna san am atá amach romhainn a chuirfidh srianta breise ar bhuiséid na mBallstát, ina measc suaití eacnamaíocha nó cúinse nua ar bith ba shiocair leis an éagobhsaíocht airgeadais.

2.16.

Is díol imní do CESE freisin an tráthchlár faoina gcaithfear an togra maidir leis na hacmhainní dílse nua a chur i láthair. Nuair a chuirtear san áireamh na tosaíochtaí a thíolaic Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bheidh ann i mí an Mheithimh 2024, áitíonn CESE ar na páirtithe lena mbaineann pacáiste coigeartaithe le haghaidh acmhainní dílse a ghlacadh roimh dheireadh an téarma oifige pholaitiúil reatha.

2.17.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún leanúint d’fhoinsí nua cistiúcháin a shainaithint le go bhféadfar NextGenerationEU a aisíoc agus buiséad an Aontais a mhaoiniú. Faoi mar a luadh cheana, is den mhórthábhacht cead cainte sa díospóireacht a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha nuair a bheifear ag dul amach ar a bhfuil de roghanna breise ann agus nuair a bheidh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu sa mheántéarma agus san fhadtéarma á mheas. Creideann CESE, a mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse a leagan amach chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a aisíoc, agus le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras acmhainní dílse i gcoitinne, gur den mhórthábhacht na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta eagraithe a rannpháirtiú sa chomhairliúchán foirmiúil. D’fhágfadh sin go mbeadh sé níos éasca teacht ar chomhaontú sóisialta Eorpach maidir le buiséad an Aontais. Iarrann CESE ar an gCoimisiún dul chun cinn a dhéanamh ina leith sin.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Tá CESE ar cóimheon leis an gCoimisiún gur gá tús áite a thabhairt do chur chun feidhme Cholún 1 ECFE/G20 ar bhearta eile san earnáil dhigiteach. Ós rud é go bhfuil Colún 1 dírithe cheana féin ar na dúshláin a fhreagairt a bhaineann le cánachas san earnáil dhigiteach agus leis an obair theicniúil a theastaíonn chun é a chur chun feidhme, creideann CESE gur ríthábhachtach an ní dlús a chur le daingniú an choinbhinsiúin. Maidir leis sin, is mian le CESE béim a leagan air gur cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh gan mhoill ar chur chun feidhme Cholún 1 trí thús a chur leis an obair theicniúil is gá chun tacú le Treoir de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hacmhainne dílse atá bunaithe ar Cholún 1.

3.2.

Aithníonn CESE go bhfuil méadú tagtha ar acmhainneacht ioncaim an Chórais Trádála Astaíochtaí (CTA) de thoradh na gcor is déanaí a chuir na margaí carbóin díobh. Ainneoin go bhfuiltear ag súil leis go bhfanfaidh praghsanna an mhargaidh go seasta os cionn an leibhéil EUR 55 sna blianta amach romhainn — mar atá ráite ag an Coimisiún (8) — creideann CESE gur cheart don ioncam a ghnóthófar a bhuí le CTA a chur chun sochair freisin d’iarrachtaí na mBallstát bearta a chur i ngníomh ar mhaithe le dícharbónú gnólachtaí atá ag feidhmiú sna hearnálacha ina mbailítear ioncaim. Dá bhrí sin, ba cheart an sciar den ioncam ó CTA a théann chuig buiséad an Aontais a bheith faoi réir dianmheasúnú agus comhaontú idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Is cúis imní do CESE coigeartú na hacmhainne dílse atá bunaithe ar CTA agus an méadú atá beartaithe ar an nglaoráta go 30 % den ioncam ar fad a ghintear le trádáil astaíochtaí an Aontais, i gcomórtas le 25 %, an glaoráta a moladh ar dtús. Tá an baol ann, mar gheall air sin, go gcuirfear moill ar na próisis dícharbónaithe agus ar infheistíochtaí glasa, i gcoitinne, ar an leibhéal náisiúnta.

3.3.

Más uathu an aeráidneodracht a bhaint amach, ní mór do na Ballstáit iarrachtaí nach beag a dhéanamh ina leith sin, agus na riachtanais, na huirlisí agus na bearta éagsúla a bhaineann go sonrach le gach tír faoi leith a chur san áireamh san am céanna. Is gá, dá bhrí sin, acmhainneacht agus iarrachtaí na mBallstát a éascú chun gur féidir dóibh na cuspóirí a bhaineann leis an aeráid a bhaint amach gan milleadh faoin ngealltanas atá tugtha acu NextGenerationEU a aisíoc.

3.4.

Is díol sásaimh do CESE gur de chineál sealadach í an acmhainn dhílis staidrimh atá beartaithe. Ag an am céanna, aithníonn CESE gur cheart measúnú cuí a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an acmhainn dhílis nua sin ar iomaíochas gnólachtaí, ina measc athbhreithniú féideartha ar na beartais náisiúnta maidir le cáin chorparáide, agus gur cheart an t-ualach riaracháin ar na húdaráis phoiblí agus ar na cuideachtaí a choinneáil chomh híseal agus is féidir.

3.5.

Tugann CESE dá aire an fógra a tháinig ón gCoimisiún inar chuir sé in iúl go dtugann an easpa comhchuibhithe cánach leordhóthanach atá san Aontas údar ceart leis an acmhainn dhílis staidrimh bunaithe ar bhrabúis chuideachta a úsáid. Fágann an easpa sin gur féidir d’fhiontair ilnáisiúnta (FINanna) mhóra a leas féin a dhéanamh, a bhuí sin le hiompraíochtaí aistrithe brabúis, pleanáil cánach agus neamhréireanna sna córais chánach náisiúnta. Mar sin féin, ba cheart radharc ní ba shoiléire a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann leis an togra ón gCoimisiún agus ba cheart measúnú críochnúil ar na hioncaim fhéideartha a chur ar fáil. Ar an ábhar sin, creideann CESE gur cheart measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh ós taca a bheidh ann don togra le haghaidh na foinse nua ioncaim sin.

3.6.

Cuireann CESE chun suntais gur gá tuilleadh soiléireachta a thabhairt faoi conas FINanna atá ag feidhmiú sna hearnálacha airgeadais agus neamhairgeadais a shainiú i gceart. Is gá faisnéis níos trédhearcaí a áireamh i nDoiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin (9) chun gur féidir an staidreamh comhchuibhithe maidir le hioncam corparáideach nó brabúis chorparáideacha agus a gcomhdhéanamh a shainaithint. A bhuí sin le ríomhanna bunaithe ar shonraí arna n-eachtarshuí ó bhunachar sonraí Eurostat maidir le cuntais earnála neamhairgeadais, ba cheart don Choimisiún faisnéis so-rochtana a sholáthar ionas gur fusa faireachán a dhéanamh ar ranníocaíocht gach Ballstáit le buiséad an Aontais trí bhíthin na hacmhainne dílse staidrimh sealadaí.

3.7.

Aithníonn CESE go bhféadfadh an acmhainn dhílis staidrimh shealadach rannchuidiú, ar an iomlán, leis an gclár NextGenerationEU a mhaoiniú go dtí go gcuirfear sásra BEFIT chun feidhme.

An Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa, Acmhainní dílse: tús nua d’airgeadas an Aontais Eorpaigh, tús nua don Eoraip.

(2)  Tuairim ó CESE An Creat Airgeadais Ilbhliantúil tar éis 2020, IO C 440, 6.12.2018, lch.106 (níl leagan Gaeilge ann).

(3)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(4)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse le haghaidh bhuiséad an Aontais (COM(2021) 566 final) Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (COM(2021) 569 final — 2021/0429 (APP) Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2021) 570 final — 2021/0430 (CNS) (IO C 323, 26.8.2022, lch. 48).

(5)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (an Treoir maidir le Maímh Ghlasa) (COM(2023) 166 final — 2023/0085 (COD)) (IO C 293, 18.8.2023, lch. 13).

(6)  Dréacht-tuarascáil ar Acmhainní dílse: tús nua d’airgeadas an Aontais Eorpaigh, tús nua don Eoraip, An Coiste um Buiséid, Parlaimint na hEorpa.

(7)  Togra leasaithe le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2023) 331 final).

(8)  Togra leasaithe le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2023) 331 final).

(9)  Togra leasaithe le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2023) 331 final).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/884/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)