|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/876 |
6.2.2024 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘AE agus Clár Oibre 2030: cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe a neartú’
(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)
(C/2024/876)
|
Rapóirtéir: |
Maria NIKOLOPOULOU |
|
Comhrapóirtéir: |
Antje GERSTEIN |
|
Comhairliúchán |
Uachtaránacht na Spáinne ar an gComhairle, 14.4.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
2.10.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
25.10.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
582 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
172/2/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is cúis mhór imní é go léirítear in eagrán speisialta na Náisiún Aontaithe ar an Tuarascáil ar an Dul Chun Cinn maidir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) go bhfuilimid i bhfad ón marc ar fud an domhain lena gcur chun feidhme, agus sin leath bealaigh tríd an amlíne a sannadh dóibh (1). De réir na tuarascála sin, tugtar le fios le réamh-mheasúnú ar na spriocanna, a bhfuil sonraí le haghaidh thart ar 140 díobh ann, nach bhfuil ach 12 % díobh ar an mbóthar ceart; go bhfuil thart ar leath díobh measartha nó i bhfad ón marc agus nach ndearnadh aon dul chun cinn nó go ndeachthas ar gcúl ina leith faoi bhonnlíne 2015 i ndáil le 30 % díobh. |
|
1.2. |
In ainneoin go measann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur cuid lárnach de na treoirlínte polaitiúla iad na SDGanna, athdhearbhaíonn CESE go bhfuil straitéis chomhtháite, chuimsitheach ag teastáil ón Aontas a mbeidh spriocanna agus pleananna uaillmhianacha fadtéarmacha ag gabháil léi, chun dlús a chur leis an dul chun cinn maidir leis na SDGanna a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda. In ionad aghaidh a thabhairt ar na spriocanna ceann ar cheann, ba cheart don Aontas cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh chun an chastacht a ghabhann lena chuid beartas agus ionstraimí atá dírithe ar an bhforbairt inbhuanaithe a laghdú. |
|
1.3. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór don Choimisiún gealltanas polaitiúil fadtéarmach a thabhairt agus nach mór tréimhse ama níos faide ná an téarma oifige seo a bheith ag baint leis an ngealltanas sin. Ní mór dó gealltanas a thabhairt go dtabharfaidh sé ról do na geallsealbhóirí ag céim luath i gceapadh agus i socrú an chláir oibre, go n-áiritheoidh sé go ndéanfar ionadaíocht ar na hinstitiúidí eile agus go gcuirfidh sé acmhainní iomchuí ar fáil chun rannpháirtíocht fhóinteach chuimsitheach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú. Ní mór gealltanas fadtéarmach a bheith i gceist leis na SDGanna, ar gealltanas é a mhairfidh i ndiaidh 2030 fiú. |
|
1.4. |
Tá CESE á chur i bhfáth gur gá ról a thabhairt don tsochaí shibhialta, do na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, do lucht acadúil agus d’eagraíochtaí na hóige agus na mban maidir le cur chun feidhme na SDGanna. D’éirigh go maith le CESE agus é ag feidhmiú mar éascaitheoir le déanaí chun léargas a fháil ar dhearcadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar chuid d’Athbhreithniú Deonach an Aontais Eorpaigh. Mar sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún spás a bhunú in éineacht le CESE, ar spás é sin ina bhféadfaí idirphlé rialta struchtúrtha a dhéanamh maidir leis an tsochaí shibhialta le rannpháirtíocht ó chuideachtaí, ceardchumainn agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a oibríonn ar an láthair. |
|
1.5. |
Tá cumasóirí tábhachtacha eile ann a bhféadfaidh dlús a chur le cur chun feidhme na SDGanna. Síleann CESE go bhfuil na gnéithe a leanas i measc na gcumasóirí sin: glacadh ag an tsochaí trí na costais agus na buntáistí a bhaineann leis an aistriú a roinnt go comhréireach; straitéis cumarsáide réamhghníomhach i leith lucht freasúra chlár oibre 2030; tuilleadh infheistíochtaí agus na SDGanna a thabhairt i gcomhréir níos mó leis an Seimeastar Eorpach; an t-iltaobhachas agus taidhleoireacht láidir a fhorbairt maidir leis na SDGanna/an Comhaontú Glas. Níor cheart an costas a bhaineann leis an aistriú a bheith dofhulaingthe do chuideachtaí, d’oibrithe ná don chuid eile den tsochaí. |
2. Staid na himeartha de réir an Choimisiúin Eorpaigh
|
2.1. |
Dar leis an gCoimisiún Eorpach go bhfuil na SDGanna ina gcuid ríthábhachtach de threoirlínte polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen agus de phleananna oibre bliantúla an Choimisiúin Eorpaigh (2). Leanann an Coimisiún cur chuige uile-rialtais maidir leis na SDGanna a chur chun feidhme, agus tugann sé tús áite dóibh i reachtaíocht, i mbeartas agus i maoiniú an Aontais (3) (4). |
|
2.2. |
I mí Iúil 2023, chuir an Coimisiún Eorpach an chéad Athbhreithniú Deonach de chuid an Aontais i láthair. D’athdhearbhaigh sé san athbhreithniú sin tiomantas an Aontais do Chlár Oibre 2030 agus léirítear ann ionchur na sochaí sibhialta. Déantar breithniú san athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas maidir leis na SDGanna a chur chun feidhme go hinmheánach agus go seachtrach araon (5). |
|
2.3. |
San eagrán is déanaí den tuarascáil ó Eurostat, Forbairt inbhuanaithe san Aontas Eorpach – Tuarascáil faireacháin maidir leis an dul chun cinn i dtreo na SDGanna i gcomhthéacs AE, eagrán 2023, tugtar chun suntais an dul chun cinn a rinne an tAontas ó 2015. Cé nach ndearnadh ach dul chun cinn measartha sa chuid is mó de na réimsí, rinneadh dul chun cinn suntasach i dtreo trí sprioc shonracha (6). Mar sin féin, tá moill tagtha ar luas an dul chun cinn agus d’éirigh cúrsaí níos measa fiú i réimsí áirithe ó 2020 mar gheall ar ghéarchéimeanna iomadúla lena n-áirítear paindéim COVID-19, an éigeandáil aeráide agus an cogadh san Úcráin. Cé go bhfuil na tionchair a bhí ag géarchéim COVID-19 le feiceáil sna sonraí cheana féin, ní féidir anailís a dhéanamh ach ar na héifeachtaí gearrthéarmacha a ghabhann leis an gcogadh san Úcráin. Ar an iomlán, tá dul chun cinn suntasach déanta i dtreo roinnt spriocanna socheacnamaíocha ach tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun cosaint an chomhshaoil agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a áirithiú. |
Tá gá le níos mó dul chun cinn maidir le SDG 13, SDG 15 agus SDG 17
|
2.4. |
Maidir le gníomhú ar son na haeráide (SDG 13), cé go meastar go bhfuil laghdú 30 % ar ghlanastaíochtaí gas ceaptha teasa bainte amach cheana féin, tá gá le níos mó iarrachta ná mar a rinneadh le blianta beaga anuas chun an sprioc uaillmhianach 55 % a bhaint amach faoi 2030 (7). |
|
2.5. |
Tá feabhsuithe beaga le feiceáil i dtéarmaí an bheathra ar thalamh (SDG 15) agus tá gá le tuilleadh iarrachta chun díghrádú na talún agus na bithéagsúlachta a aisiompú. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar phróisis táirgthe an Aontais, agus caithfear iad a fheabhsú agus a nuáil ar bhealach níos comhsheasmhaí. Ní mór patrúin tomhaltais a dhíriú i dtreo fíor-réitigh inbhuanaithe ar gach leibhéal de na slabhraí soláthair Eorpacha agus domhanda. |
|
2.6. |
Ní dhearnadh mórán de dhul chun cinn maidir le comhpháirtíochtaí le haghaidh na spriocanna (SDG 17) gan feabhsuithe le feiceáil ach in dhá réimse: allmhairí ó thíortha i mbéal forbartha agus sciar na dteaghlach a bhfuil idirlíon ardluais acu (8). De réir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (9), ní leor an sciar a leithdháiltear ar chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) sa chuid is mó de thíortha an Aontais, agus ní dhearna siad dul chun cinn i dtreo na sprice 0,7 % den ollioncam náisiúnta a leithdháileadh ar ODA faoi 2030 (10). |
|
2.7. |
De réir na tuarascála speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais (11), is beag táscaire atá ann go n-eascróidh as spriocanna uaillmhianacha an Aontais gníomhaíochtaí leordhóthanacha chun spriocanna 2030 a bhaint amach i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais, an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus REPowerEU. |
An dul chun cinn maidir leis na SDGanna eile a bhaint amach
|
2.8. |
Tá dul chun cinn suntasach déanta san Aontas i dtreo obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch a áirithiú (SDG 8) (12). Bhí an ráta fostaíochta san Aontas níos airde ná riamh (74,6 %) in 2022, agus táthar ar an mbóthar ceart chun sprioc 2030 a bhaint amach freisin. Bhí an sciar de dhaoine óga nach raibh ar fostaíocht nó nach raibh oideachas ná oiliúint á cur orthu ag leibhéal níos ísle ná riamh in 2022 agus meastar go mbeimid in ann an sprioc 9 % a bhaint amach faoi 2030. Tháinig méadú suntasach leanúnach ar an infheistíocht in 2022 agus shroich sí 23,2 % den olltáirgeacht intíre (OTI) ag an leibhéal is airde (13). |
|
2.9. |
A mhéid a bhaineann leis an mbochtaineacht a laghdú (SDG 1), bhí feabhsuithe san Aontas ar fud ghnéithe éagsúla na bochtaineachta i rith na tréimhse suas go dtí 2019, rud a d’fhág go raibh níos mó daoine in ann freastal ar a gcuid bunriachtanas. Ó 2020 i leith, tá an ráta laghdaithe i leith na bochtaineachta ró-íseal den chuid is mó, agus tá éagsúlachtaí móra le feiceáil sna rátaí bochtaineachta i measc Bhallstáit an Aontais, agus is iad leanaí agus daoine óga is mó atá thíos leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta (14). |
|
2.10. |
Rinneadh dul chun cinn sách maith maidir le comhionannas inscne (SDG 5) (15). Laghdaíodh an bhearna phá idir na hinscní agus tá mná fós fostaithe i bpoist cheannaireachta agus méadú ag teacht ar líon na mban sna poist sin. Mar sin féin, cé gur cúngaíodh an bhearna phá idir na hinscní, tá gá le níos mó dul chun cinn chun sprioc 2030 a bhaint amach. Os a choinne sin, tá fir fós ag titim chun deiridh ar mhná a mhéid a bhaineann le gnóthachtáil san oideachas treasach. |
|
2.11. |
Rinne an tAontas dul chun cinn maith maidir le neamhionannais a laghdú (SDG 10), oideachas ardcháilíochta a chur ar fáil (SDG 4), an tsíocháin, an ceartas agus institiúidí láidre a bhunú (SDG 16), dea-shláinte agus folláine a chur chun cinn (SDG 3) agus tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar a chur chun cinn (SDG 9) (16). Mar sin féin, ní dhearnadh ach dul chun cinn measartha maidir le tomhaltas agus táirgeacht fhreagrach (SDG 12), cathracha agus pobail inbhuanaithe (SDG 11), beatha faoin uisce (SDG 14), díothú an ocrais (SDG 2) agus uisce glan agus sláintíocht (SDG 6) (17). Anuas air sin, cé go ndearnadh dul chun cinn measartha maidir le fuinneamh inacmhainne agus glan (SDG 7), ní chuirtear san áireamh sna sonraí is déanaí na tionchair atá ag an gcogadh san Úcráin ar fhuinneamh, mar a léirítear i Seimeastar Eorpach 2023: Pacáiste an Earraigh (18). |
Éifeachtaí iarmhairtí idirnáisiúnta
|
2.12. |
Tá dul chun cinn déanta ag an Aontas maidir le hiarmhairtí dearfacha a ghiniúint i dtéarmaí oll-bhreisluacha (OBL), agus glan-allmhairí amhábhar á laghdú ag an am céanna (19). |
|
2.13. |
Maidir le beartais a bheidh ann sa todhchaí, ní mór don Aontas a bheith cúramach agus gan iarmhairtí diúltacha nua a chruthú a bhainfeadh lena chuid tomhaltais (bíodh sin tomhaltas fuinnimh, astaíochtaí, tomhaltas amhábhar, bia nó earraí). |
3. Staid na himeartha de réir eagraíochtaí na sochaí sibhialta
|
3.1. |
Ní haon ionadh é go bhfuil léargas níos cáintí ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar chúrsaí; is í an fháth leis sin go gcomhtháthaítear sna tuarascálacha sin sonraí neamhoifigiúla ó fhoinsí iontaofa amhail Transparency International, agus ar an mbealach sin, leanann siad raon níos leithne táscairí agus cuirtear tionchar an Aontais ar thíortha eile san áireamh ar bhealach níos cuimsithí iontu freisin.. |
|
3.2. |
Sa chomhthéacs sin, tugann CESE dá aire go síleann eagraíochtaí na sochaí sibhialta go bhfuil baol tromchúiseach ann nach mbainfear na SDGanna amach tar éis na 3 bliana beaga anuas inar thit géarchéimeanna amach i ndiaidh a chéile. Cuirtear i bhfáth sa Tuarascáil is Déanaí maidir le Forbairt Inbhuanaithe (20) agus sa tuarascáil ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe na buillí a bhí mar thoradh ar na géarchéimeanna sin maidir le baint amach na SDGanna agus forbairt an chine dhaonna ar fud an domhain. Mar sin féin, i gcomhthéacs an teannais gheopholaitiúil atá ag dul i méad agus an iltaobhachais atá ag dul i laige, tá sé ríthábhachtach aitheantas a thabhairt don luach ollmhór a bhaineann leis na SDGanna agus le Clár Oibre 2030, agus é ar an treochlár is cuimsithí, is uaillmhianaí agus is uilíche atá againn don rathúnas socheacnamaíoch inbhuanaithe laistigh de theorainneacha an phláinéid. D’fhéadfadh sé go gcruthófaí tuilleadh géarchéimeanna mura n-éiríonn linn prionsabail na SDGanna a chur chun feidhme, rud a fhágann go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh don Aontas cur lena iarrachtaí agus na SDGanna a úsáid mar threoir le haghaidh níos mó uaillmhéine laistigh den Aontas agus níos mó idirphlé agus comhair le páirtithe lasmuigh den Aontas. |
|
3.3. |
Tugadh le fios i roinnt tuarascálacha le déanaí an tearcfheidhmíocht atá á déanamh i leith forbairt inbhuanaithe ar fud an domhain agus san Eoraip ar scála domhanda. Is cúis mhór imní é go léirítear in eagrán speisialta na Náisiún Aontaithe ar an Tuarascáil ar an Dul Chun Cinn maidir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) go bhfuilimid i bhfad ón marc ar fud an domhain lena gcur chun feidhme, agus sin leath bealaigh tríd an amlíne a sannadh dóibh (21). De réir na tuarascála sin, tugtar le fios le réamh-mheasúnú ar na spriocanna, a bhfuil sonraí le haghaidh thart ar 140 díobh ann, nach bhfuil ach 12 % díobh ar an mbóthar ceart; go bhfuil thart ar leath díobh measartha nó i bhfad ón marc agus nach ndearnadh aon dul chun cinn nó go ndeachthas ar gcúl ina leith faoi bhonnlíne 2015 i ndáil le 30 % díobh. |
|
3.4. |
Léirítear i dtuarascálacha ón tsochaí shibhialta atá bunaithe ar na sonraí treochtaí atá ar fáil nach raibh an tAontas ar an mbóthar ceart chun na SDGanna a bhaint amach fiú roimh an bpaindéim. Cuireadh stad leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ó 2020 i leith (22), cé nach raibh an dul chun cinn sin á dhéanamh ag an luas ceart. Faoi láthair, tá an tAontas ar an mbóthar ceart chun thart ar 66 % de na spriocanna maidir le SDGanna atá sa Tuarascáil maidir le Forbairt Inbhuanaithe na hEorpa a bhaint amach (23), ach ba bheag an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le 20 % de na táscairí agus thiteamar ar cúl maidir le 13 % díobh. Tá ar an Aontas dul i ngleic le dúshláin shuntasacha i réimsí amhail tomhaltas freagrach agus táirgeadh freagrach, córais bhia inbhuanaithe, an gníomhú ar son na haeráide agus sláinte na n-éiceachóras talún agus muirí (SDG 2 agus SDGanna 12 – 15). Anuas air sin, tá bearnaí feidhmíochta le feiceáil i dtíortha éagsúla maidir le SDG 9 (Tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar). |
|
3.5. |
In addition, inequalities within countries have increased in several Member States over the past two years, as shown by the lack of progress in many dimensions of the ‘leave no one behind’ Index at EU level (24). Is dúshlánach an rud é SDG 17 (Comhpháirtíochtaí do na spriocanna) a bhaint amach san Eoraip, i bpáirt mar gheall nár bhain ach ceithre Bhallstát AE an sprioc amach maidir le 0,7 % den ollioncam náisiúnta a chur ar leataobh don ODA. |
|
3.6. |
Shainaithin eagraíochtaí na sochaí sibhialta freisin nach bhfuil roinnt beartas agus ionstraimí de chuid an Aontais, amhail Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (25) agus an Comhaontú Glas don Eoraip (26), i gcomhréir ar bhealach leordhóthanach leis na SDGanna (27). Athdhearbhaíonn siad freisin nach leor an rannpháirtíocht ó ghníomhaithe na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme na SDGanna san Aontas ná san fhaireachán atá á dhéanamh orthu. |
4. Na beartais a bheidh ann sa todhchaí: príomhchumasóirí chun na SDGanna a bhaint amach
|
4.1. |
Is cúis imní do CESE an cur chuige ilroinnte atá á úsáid i reachtaíocht an Aontais maidir leis na SDGanna a bhaint amach. In ionad an chur chuige sin, tá straitéis chomhtháite chuimsitheach de dhíth ar an Aontas agus ar na Ballstáit chun na SDGanna a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda. D’fhonn na beartais forbartha inbhuanaithe a shimpliú agus dul i dteagmháil go héifeachtach le saoránaigh agus le heolaithe, tá CESE ag iarraidh go nglacfar straitéis uileghabhálach (28) lena mbaineann cur chuige iomlánaíoch in áit na spriocanna a dheighilt agus aghaidh a thabhairt orthu ar leithligh. |
|
4.2. |
Tá gá le spriocanna, amlínte agus treochláir chun soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas na 17 SDG a bhaint amach. D’fhéadfaí cur chuige níos oibríochtúla a ghlacadh, ‘Six Transformations’ (29) cuir i gcás, cur chuige faoina eagraítear na SDGanna go léir ina sé chlaochlú dhoimhne. Tá gach claochlú ailínithe le heagraíocht rialtais agus tugtar tuairisc ann ar athrú mór ar struchtúir shóisialta, eacnamaíocha, pholaitiúla agus theicniúla, agus prionsabal na ciorclaíochta agus an prionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ mar bhonn taca leo. Cuireadh an creat sin in oiriúint do chomhthéacs na hEorpa (30) d’fhonn insint a chruthú atá oibríochtúil agus éasca le cur in iúl do dhaoine, agus chun cuidiú le sineirgí a fhorbairt agus aghaidh a thabhairt ar chomhbhabhtálacha a bhaineann le cuspóirí agus spriocanna éagsúla. Measann CESE gur cur chuige suimiúil é sin, nach mór súil níos géire a chaitheamh air agus go bhféadfadh sé a bheith ina thagarmharc maidir leis an mbealach ina ndéanfaí na SDGanna a chur i ngníomh. Tá sé ríthábhachtach an plean a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus go mbeidh na cuspóirí buan fiú i ndiaidh 2030. |
|
4.3. |
D’fhéadfadh sé, a bhuí le beartais eile nach cosúil, ar an gcéad amharc, go bhfuil baint dhíreach acu le SDGanna, go mbeadh stíleanna maireachtála na saoránach níos inbhuanaithe agus gur stíleanna maireachtála feabhsaithe a bheadh ann freisin, rud a chabhródh leis na SDGanna a chothú tuilleadh. Le beartais ama maidir le hamchláir, am oibre, am fóillíochta agus gnéithe ama eile i saol na ndaoine, chomh maith leis an bpleanáil uirbeach, mar shampla, d’fhéadfaí feidhmíocht scoile agus oibre a fheabhsú, an saol teaghlaigh agus saol na hoibre a réiteach lena chéile, níos mó Cathracha Cliste a fhorbairt le córais iompair phoiblí leordhóthanacha, etc. Fiú más gá cineál na réimsí beartais sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus náisiúnta, ní mór spriocanna beartais an Aontais a bhaint amach leo mar sin féin. Cuireadh an creat sin in oiriúint do chomhthéacs na hEorpa d’fhonn insint a chruthú atá oibríochtúil agus éasca le cur in iúl do dhaoine, agus chun cuidiú le sineirgí a fhorbairt agus aghaidh a thabhairt ar chomhbhabhtálacha a bhaineann le cuspóirí agus spriocanna éagsúla. |
|
4.4. |
Thairis sin, ba cheart cleachtais agus nósanna imeachta bainistíochta poiblí, go háirithe an soláthar poiblí, agus measúnuithe tionchair rialála, a threisiú chun iarmhairtí neamhbheartaithe na mbeartas intíre a chosc. D’fhéadfadh spriocanna tomhaltasbhunaithe, bearta maidir le haiste bia agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus an nuálaíocht cuidiú le srian a chur le hiarmhairtí sna slabhraí soláthair a bhaineann le bia agus mianraí agus i slabhraí soláthair eile. Ba cheart tacú le pacáiste beartas den sórt sin le straitéis cumarsáide shoiléir, le sásraí forfheidhmiúcháin i gcás inar gá agus le córais sonraí chuimsitheacha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal tionscail agus corparáideach. |
|
4.5. |
Ní mór na SDGanna a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil má táthar chun iad a bhaint amach go ginearálta. Chuige sin, beidh sé ríthábhachtach go ngeallann na gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha a gcuid beartas féin a nascadh leis na SDGanna. Ní mór tacú leis an bpróiseas áitiúil sin trí shocruithe éifeachtacha bainistíochta ar leibhéil éagsúla. Chomh maith leis na SDGanna a chur san áireamh i bpleananna forbartha áitiúla, ba cheart dreasachtaí a chur ar bun chun geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha a spreagadh chun dul i mbun comhair agus nuála agus réitigh a dhearadh go comhpháirteach trí chur chuige ilearnálach. |
Faireachán córasach a dhéanamh ar an idirphlé agus bunachar sonraí daingean a chruthú
|
4.6. |
Ba cheart comhpháirtíochtaí láidre le geallsealbhóirí éagsúla agus bealaí eolaíochtbhunaithe a bheith i gcroílár cheapadh beartas na hEorpa. Trí chluas éisteachta a thabhairt do smaointe agus ábhair imní na gcuideachtaí, na gceardchumann agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a oibríonn ar an láthair agus a bhfuil léargas soiléir acu ar an ngeilleagar agus ar na riachtanais shóisialta, agus trí na smaointe agus na hábhair imní sin a chur san áireamh, chuirfí dlús leis an bpróiseas sin agus sheachnófaí fadhbanna tráth a bheadh na beartais nua á gcur chun feidhme. |
|
4.7. |
Agus athbhreithniú deonach an Aontais á dhréachtú, bhí ról lárnach ag CESE maidir le tuairimí eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhailiú, rud a bhí le feiceáil sa doiciméad deiridh. I bhfianaise an chomhoibrithe rathúil a bhain leis an gcúram sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún spás a bhunú in éineacht le CESE a bheadh tiomanta do rannpháirtíocht struchtúrach na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme na SDGanna. Chuige sin, tá sé tábhachtach gealltanas polaitiúil fadtéarmach a fháil ón gCoimisiún, gealltanas a rachaidh níos faide ná an téarma oifige seo, ina bhfuil geallsealbhóirí rannpháirteach ag céim luath i gceapadh agus i socrú an chláir oibre, agus lena n-áiritheofar ionadaíocht na n-institiúidí eile chomh maith le hacmhainní leordhóthanacha chun rannpháirtíocht fhóinteach agus chuimsitheach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a ráthú. Bheadh sé úsáideach freisin comhar a bhunú le grúpaí móra agus le geallsealbhóirí eile agus a gcomhordaitheoirí réigiúnacha, chun a gcuid tuairimí a chur in iúl do chomhlachtaí an Aontais agus do chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe agus chun níos mó infheictheachta a thabhairt do na héilimh atá ag na grúpaí móra agus na geallsealbhóirí éagsúla (31). |
|
4.8. |
Maidir le togra 39 ón tuarascáil deiridh maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, molann CESE go n-úsáidfí an ról uathúil atá aige laistigh d’ollstruchtúr institiúideach an Aontais chun painéil saoránach atá dírithe ar na SDGanna a bhaint amach ar bhealach níos fearr a éascú agus a mhodhnú. A mhéid a bhaineann le beartais a fheabhsú agus comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú, go háirithe le linn tráthanna idirthréimhseacha deacra mar seo, tá CESE suite de gur féidir é sin a dhéanamh le próisis dhaonlathacha thomhaiste. Baineann an-tábhacht le daoine óga agus an t-oideachas chun na SDGanna a bhaint amach ós rud é gur ar dhaoine óga a mbeidh an tionchar is mó ag cinntí atá á ndéanamh faoi láthair agus toisc go bhfuil siad ag éirí níos buartha faoin todhchaí. |
|
4.9. |
Tá eagraíochtaí óige agus eagraíochtaí na mban ríthábhachtach chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus ba cheart iad a chumhachtú chun beartais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a mhúnlú leis na SDGanna. Ba cheart don Aontas tionchar óige agus mhná na hEorpa ar bheartas i leith na SDGanna agus sa chinnteoireacht a mhéadú ar gach leibhéal, agus samplaí dea-chleachtas CESE maidir le rannpháirtíocht na hóige agus toscaire óige CESE i gcruinnithe COP agus cruinnithe comhchéime maidir leis an inbhuanaitheacht san Aontas á leanúint. |
|
4.10. |
Bíonn dea-cheapadh beartas bunaithe ar shonraí láidre: i gcás na hEorpa, baineann tábhacht ar leith le rianú agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na SDGanna a chur chun feidhme. Is amhlaidh an cás maidir le caidreamh seachtrach le tíortha comhpháirtíochta lasmuigh den Aontas. Tá CESE ag iarraidh ar Eurostat sonraí feidhmíochta ón Seimeastar Eorpach a chur san áireamh go córasach ina bhunachar sonraí maidir leis na SDGanna d’fhonn feidhmíocht i leith na SDGanna laistigh den Aontas a mheas ar bhealach níos fearr. Caithfidh Eurostat leanúint de bheith ina fhoinse oifigiúil sonraí, ach ní mór é a fheabhsú freisin agus machnamh a dhéanamh ar chur chuige níos nuálaí a úsáid i leith táscairí. Thairis sin, tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta ann a bhfuil sonraí an-sonrach agus an-luachmhar acu; ba cheart do lucht ceaptha beartas na sonraí sin a chur san áireamh mar chuid de chur chuige cás ar chás. |
|
4.11. |
Is cúis iontais do CESE go bhfuil anailís an Choimisiúin bunaithe ar shonraí ó thréimhse suas go dtí 2019, go háirithe a mhéid a bhaineann le SDG 1 maidir leis an mbochtaineacht. Mar thoradh ar na géarchéimeanna iomadúla a thit amach ó shin, i.e. COVID-19, an méadú ar rátaí úis, boilsciú ard agus praghsanna fuinnimh arda, agus éifeachtaí eile a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin, tá cúrsaí níos measa le haghaidh neart teaghlach anois. A mhéid a bhaineann leis an mbochtaineacht i measc leanaí agus na hóige, measadh go raibh 24,4 % de leanaí (faoi 18 mbliana d’aois) san Aontas i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta in 2021 i gcomparáid le 21,1 % de dhaoine fásta (18 mbliana d’aois nó níos sine) (32). Léirítear sna figiúirí is déanaí go raibh 20 % de dhaoine óga idir 15 bliana d’aois agus 29 mbliana d’aois i mbaol na bochtaineachta in 2021, cé gur 17 % de dhaonra iomlán an Aontais a bhí i mbaol na bochtaineachta an uair úd (33). Anuas air sin, de réir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, bhí an t-ocras roimh 122 mhilliún duine níos mó in 2022 i gcomparáid le 2019, agus neamhshlándáil an tsoláthair bia ag éirí níos measa san Eoraip (34). |
Níos mó infheistíochta i ndaoine agus i mbonneagar a chur chun cinn
|
4.12. |
Is éard atá sna SDGanna go príomha clár oibre infheistíochta i gcaipiteal daonna (an tsláinte, an t-oideachas, cosaint shóisialta) agus bonneagar fisiciúil (an leictriú, fuinneamh glan, bonneagar digiteach). Ar an gcúis sin, ní mór don Aontas cur chuige fairsing a ghlacadh, lena dtreorófar sreafaí infheistíochta poiblí agus príobháideacha chun na SDGanna a bhaint amach. Chuige sin, tá gá le pleanáil, rialáil, tuairisciú agus maoirseacht náisiúnta atá comhleanúnach agus níos fearr. Sa chomhthéacs sin freisin, dá mbeadh an Seimeastar Eorpach ag teacht leis na SDGanna, d’fhéadfadh sé gur bealach éifeachtach a bheadh ann samhail eacnamaíoch nua atá inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn (35). |
|
4.13. |
D’fhéadfaí glacadh sochaíoch na SDGanna a mhéadú freisin trí bhéim a leagan ar an nasc bunúsach idir beartais forbartha inbhuanaithe agus an leas sóisialta, geilleagair rathúla, an smacht reachta agus na cearta bunúsacha, i.e. na colúin a bhaineann le dea-bhail na sochaí san fhadtéarma. Tá sé tábhachtach cumarsáid shoiléir a dhéanamh maidir leis an tionchar dearfach a bheidh ag baint amach na SDGanna ar ghrúpaí éagsúla sa tsochaí. Go háirithe, tá sé ríthábhachtach a thaispeáint conas a chruthaíonn na SDGanna luach le haghaidh gnólachtaí, cuir i gcás, giniúint ioncaim trí dhifreáil margaidh, rud a spreagfadh suim na n-infheisteoirí agus a mhéadódh athléimneacht an tslabhra soláthair (36). |
|
4.14. |
Tríd an tábhacht a bhaineann leis na SDGanna a mhíniú ar bhealach simplí agus trí bhéim a leagan ar na buntáistí a ghabhann leo, d’fhéadfaí glacadh na sochaí ina leith a mhéadú. Chun tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann leis na SDGanna, ní mór tosú a bheith ag foghlaim fúthu san oideachas foirmiúil nó neamhfhoirmiúil (37). Tá gá le freagairtí leormhaithe a thabhairt ar an mbréagnuacht a scaiptear maidir leis na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le Clár Oibre 2030. Tá insint bhréagach ar éifeachtaí diúltacha na forbartha inbhuanaithe glactha ag roinnt gluaiseachtaí pobalacha a chuireann teoiricí comhcheilge chun cinn, go háirithe páirtithe polaitiúla antoisceacha na heite deise. Ina fhianaise sin, tá sé ríthábhachtach straitéis cumarsáide réamhghníomhach atá bunaithe ar fhíricí a ghlacadh roimh thoghcháin an Aontais atá ar na bacáin. |
|
4.15. |
Rud eile a chabhródh leis na SDGanna a dhéanamh inghlactha don tsochaí is ea a thaispeáint do dhaoine go leithdháilfear, ar bhealach comhréireach, ní hamháin na costais ach na buntáistí freisin a bhaineann leis an aistriú i dtreo domhan níos glaise, níos cothroime agus níos rathúla. Thairis sin, d’fhonn muinín na ndaoine a chothú, ní mór do na Ballstáit agus don Aontas a léiriú gur féidir leo leithdháileadh den sórt sin a ráthú. Níor cheart an costas a bhaineann leis an aistriú a bheith dofhulaingthe do chuideachtaí, d’oibrithe ná don chuid eile den tsochaí. |
An dearcadh seachtrach: an tIltaobhachas agus Taidhleoireacht Ghlas
|
4.16. |
Bhí ról tábhachtach ag an Aontas maidir le glacadh na SDGanna, agus ba cheart ról ceannasach a bheith aige anois maidir le gealltanas domhanda níos láidre i leith na SDGanna a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an Taidhleoireacht faoi na SDGanna/um an gComhaontú Glas don Eoraip ag Cruinniú Mullaigh SDG 2023, COP28 agus ag Cruinniú Mullaigh na Todhchaí 2024. |
|
4.17. |
Ós rud é go bhfuil ar thíortha ísealioncaim agus meánioncaim dul i ngleic le fadhbanna móra maidir le spás fioscach agus ós rud é go bhfuil easpa rochtana acu ar chaipiteal idirnáisiúnta chun infheistíocht a dhéanamh i gClár Oibre 2030, ba cheart don Aontas na gealltanais a rinneadh ag COP 27 agus ag Cruinniú Mullaigh G 20 i mBailí a threisiú agus a chur chun feidhme agus tacú leis an iarraidh ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe go ndéanfar an t-ualach maoiniúcháin a bhaineann leis an oiriúnú don athrú aeráide agus na costais a bhaineann le caillteanais agus damáiste a roinnt idir na tíortha is freagraí trí bhíthin Spreagadh SDG (‘SDG Stimulus’). Anuas ar mhéadú ollmhór ar an maoiniú le haghaidh SDGanna trí acmhainneacht níos fearr ag bainc forbartha iltaobhacha chun iasachtaí a thabhairt, ba cheart don Aontas tacaíocht láidir a thabhairt chun athchóiriú mór a bhaint amach ar an ollstruchtúr domhanda airgeadais agus ar institiúidí idirnáisiúnta, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe, an Banc Domhanda agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI). Trí ghníomhaíochtaí misniúla a dhéanamh chun maoiniú idirnáisiúnta le haghaidh SDGanna agus córais na Náisiún Aontaithe a neartú, féadfaidh an tAontas tíortha eile a spreagadh maidir le luachanna atá tábhachtach don Aontas agus atá dírithe ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas agus an smacht reachta. |
|
4.18. |
Thairis sin, tá CESE ag tathant go ndéanfaí an iarracht chun an sprioc 0,7 % den Olltáirgeacht Náisiúnta a chaitheamh ar Chúnamh Oifigiúil Forbartha a neartú d’fhonn forbairt eacnamaíoch agus leas tíortha atá i mbéal forbartha a chur chun cinn a luaithe agus is féidir, ach tráth nach déanaí ná 2030. Áirítear leis sin cistí an Aontais, chomh maith le cistí na mBallstát. |
Iarmhairtí diúltacha idirnáisiúnta a íoslaghdú
|
4.19. |
Baineann tomhaltas an Aontais le hiarmhairtí diúltacha suntasacha don chomhshaol agus don tsochaí ar fud an domhain. Le déanaí, chuir an tAontas lena chuid iarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar iarmhairtí diúltacha idirnáisiúnta atá mar chuid de shlabhraí soláthair neamh-inbhuanaithe, agus chun srian a chur leis na hiarmhairtí sin, go háirithe trí dhul i mbun comhair le tíortha comhpháirtíochta maidir le conairí aistrithe. Gabhann tábhacht le comhaontuithe déthaobhacha láidre trádála atá chun leasa an Aontais agus tríú tíortha, agus ba cheart clásail chomhuaineacha a bhaineann leis na SDGanna bheith mar chuid díobh, ní hamháin d’fhonn iarmhairtí a sheachaint agus cuidiú le tíortha eile a gcuid caighdeán a fheabhsú ach d’fhonn a bheith cothrom leis na cuideachtaí agus earnálacha san Aontas, go háirithe an earnáil phríomhúil, a bhfuil iarracht agus infheistíocht airgeadais á ndéanamh acu na SDGanna a bhaint amach. |
|
4.20. |
Maidir leis na gníomhartha reachtacha atá ann san Aontas faoi láthair, agus a bhfuil plé á dhéanamh orthu san am i láthair, ba cheart breathnú orthu mar dheis éifeachtach chun dlús a chur leis an bpróiseas a bhaineann le spriocanna Chlár Oibre 2030 a bhaint amach. Leis an togra le haghaidh Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach (38), leis an togra chun toirmeasc a chur ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais (39) agus trí na moltaí a luaitear sa Teachtaireacht maidir le hObair Chuibhiúil ar fud an domhain (40), is féidir rannchuidiú le SDG 12 agus SDG 8 faoi seach a bhaint amach. Thairis sin, beidh tionchar dearfach ag an Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht agus an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, maidir leis na SDGanna a bhaint amach agus na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le hiarmhairtí a chosc. Ar deireadh, creideann CESE nach mór ról ceannasach a bheith ag an Aontas a mhéid a bhaineann le Clár Oibre 2030 i leith na SDGanna a bhaint amach lena chomhpháirtithe domhanda. Ba cheart don Aontas leanúint dá iarrachtaí ar an leibhéal domhanda agus díriú ar chomhaontuithe tacaíochta, cuir i gcás, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, a fheabhsú ar bhonn leanúnach. |
An Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Na Náisiúin Aontaithe, An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta (Bealtaine 2023), Special edition: progress towards the Sustainable Development Goals Report of the Secretary-General, Nua-Eabhrac, SAM.
(2) European Commission, 2023, EU holistic approach to sustainable development
(3) European Commission, 2023, EU Voluntary Review on the implementation of the 2030 Agenda for Sustainable Development
(4) SWD(2020) 400 final: Delivering on the UN’s Sustainable Development Goals – a comprehensive approach [Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach – cur chuige cuimsitheach] (níl leagan Gaeilge ann).
(5) An Coimisiún Eorpach, 2023, Athbhreithniú Deonach an Aontais Eorpaigh ar chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.
(6) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(7) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(8) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(9) https://data.oecd.org/oda/net-oda.htm
(10) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(11) Tuarascáil speisialta 18/2023: Spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais — Baineadh amach na spriocanna do 2020, ach is beag léiriú atá ann gur leor gníomhaíochtaí chun na spriocanna do 2030 a bhaint amach.
(12) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(13) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(14) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(15) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(16) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(17) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(18) An Coimisiún Eorpach, 2023, Seimeastar Eorpach 2023: Pacáiste an Earraigh.
(19) Eurostat, 2023. Sustainable development in the European Union – monitoring report on progress towards the SDGs in an EU context, eagrán 2023.
(20) Sachs, J.; Lafortune, G.; Kroll, C.; Fuller, G.; Woelm, F., Sustainable Development Report 2022: From Crisis to Sustainable Development: The SDGs as Roadmap to 2030 and Beyond, Cambridge University Press: Cambridge, An Ríocht Aontaithe, 2022.
(21) Na Náisiúin Aontaithe, An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta (Bealtaine 2023), Special edition: progress towards the Sustainable Development Goals Report of the Secretary-General, Nua-Eabhrac, SAM.
(22) Lafortune, G., Fuller, G., Bermont Diaz, L., Kloke-Lesch, A., Koundouri, P., Riccaboni, A. (2022), Achieving the SDGs: Europe's Compass in a Multipolar World. Europe Sustainable Development Report 2022, Líonra Réiteach um an bhForbairt Inbhuanaithe (SDSN) agus SDSN na hEorpa, Páras, an Fhrainc.
(23) Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Indicators better suited to evaluate the SDGs — the civil society contribution’ (own-initiative opinion) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 440, 6.12.2018, p. 14).
(24) Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Indicators better suited to evaluate the SDGs — the civil society contribution’ (own-initiative opinion) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 440, 6.12.2018, p. 14).
(25) Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCeardchumann (CIC) 2023. Halfway to 2030: A trade union take on the EU and the SDGs. https://www.ituc-csi.org/halfway-to-2030-a-trade-union-take-on-the-eu-and-the-sdgs?lang=en
(26) Koundouri, P., et al (2022). Financing the Joint Implementation of the SDGs and the European Green Deal. An dara tuarascáil ó Mheitheal Shinsearach SDSN maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. SDSN Europe.
(27) SDG Watch Europe (2023). How far is Europe from achieving the SDGs? Civil Society Spotlight Report. https://sdgwatcheurope.org/imagining-europe-beyond-growth/
(28) Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Indicators better suited to evaluate the SDGs — the civil society contribution’ (own-initiative opinion) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 440, 6.12.2018, lch. 14).
(29) https://resources.unsdsn.org/six-transformations-to-achieve-the-sustainable-development-goals-sdgs
(30) Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Indicators better suited to evaluate the SDGs — the civil society contribution’ (own-initiative opinion) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 440, 6.12.2018, lch. 14).
(31) Féach freisin Neart a chur leis an iltaobhachas agus leis na croíphrionsabail idirnáisiúnta le haghaidh ord riailbhunaithe i ndomhan atá ag athrú go tapa: a thábhachtaí atá rannchuidiú na sochaí sibhialta le córas na Náisiún Aontaithe.
(32) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/ddn-20221027-2
(33) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ILC_LI02__custom_5706066/default/table?lang=en
(34) https://www.fao.org/3/cc3017en/online/state-food-security-and-nutrition-2023/food-security-nutrition-indicators.html
(35) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Moltaí CESE maidir le hathchóiriú láidir ar an Seimeastar Eorpach (IO C 228, 29.6.2023, lch. 1).
(36) Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe (níl teacht air). SDG Accelerator. Business and the SDGs, https://www.undp.org/sdg-accelerator/business-and-sdgs
(37) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An óige a chumhachtú chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach tríd an oideachas (IO C 100, 16.3.2023, lch. 38).
(38) Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Mandatory due Diligence’ (exploratory opinion) (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 429, 11.12.2020, p. 136), OJ C 443, 22.11.2022, p. 81.
(39) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (IO C 140, 21.4.2023, p. 75).
(40) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hObair chuibhiúil ar fud an domhain, IO C 486, 21.12.2022, p. 149.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/876/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)