European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/802

17.1.2024

Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

(C/2024/802)

Tar éis fhoilsiú an Fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (1) i dtaca leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’, ‘an tír lena mbaineann’), fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (‘an bun-Rialachán’).

1.   Iarraidh ar athbhreithniú

Is é Cumann Monaróirí Rothar na hEorpa (‘EBMA’, ‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach an 16 Deireadh Fómhair 2023 thar ceann tháirgeoirí rothar leictreach an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.

Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an iarraidh ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   An táirge faoi athbhreithniú

Is é an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo rothair, a bhfuil troitheáin chuidithe acu, agus mótar cúnta leictreach (‘an táirge faoi athbhreithniú’), a thagann faoi láthair faoi chóid AC 8711 60 10 agus ex 8711 60 90 (cód TARIC 8711609010). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú de réir taraife ina dhiaidh sin.

3.   Na bearta atá ann cheana

Is éard atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 ón gCoimisiún (3) arna leasú go deireanach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2023/609 ón gCoimisiún (4).

4.   Foras an athbhreithnithe

Tá an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfaí den dumpáil agus go gcuirfí tús arís leis an díobháil do thionscal an Aontais de thoradh dhul in éag na mbeart.

4.1.    An líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil

Mhaígh an t-iarratasóir nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid, i ngeall gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí an t-iarratasóir ag brath ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil tíre a chuir seirbhísí an Choimisiúin ar fáil an 20 Nollaig 2017 inar tugadh tuairisc ar imthosca sonracha an mhargaidh sa tSín (5). Go háirithe, thagair an t-iarratasóir do shaobhadh mar láithreacht an stáit i gcoitinne agus an tionchar atá aige sin go sonrach ar na hearnálacha rothar agus rothar leictreach sa tSín, agus do chaibidlí maidir le saobhadh ginearálta, mar shampla amhábhair, fuinneamh, saothar nó rochtain ar mhaoiniú.

Thairis sin, thagair an t-iarratasóir do thacaíocht shonrach rialtas na Síne do thionscal ceallraí na Síne agus do thionscal mótar leictreach na Síne, tionscail a leanann de thairbhe a bhaint as creat fabhrach a bunaíodh leis an 14ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Rothar agus Rothar Leictreach, an 14ú Plean Ginearálta Cúig Bliana, ‘Made In China 2025’, agus pleananna cúigeacha éagsúla. Ina theannta sin, tá go leor táirgeoirí ceallraí agus mótarfheithiclí Síneacha ina gcomhaltaí de Chumann Rothar na Síne (CBA) (6) agus/nó cuideachtaí faoi úinéireacht stáit, a sholáthraíonn tionscal intíre rothar leictreach na Síne ar théarmaí fabhracha (7).

Ina theannta sin, bhí an t-iarratasóir ag brath ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, go háirithe ar thorthaí in imscrúduithe cosanta trádála a rinne an Coimisiún le déanaí, lena léirítear gur ann do shaobhadh fairsing, suntasach agus sistéamach in earnálacha a sholáthraíonn ionchuir chriticiúla do thionscal rothar leictreach na Síne, i.e. cruach na Síne (e.g. feadáin tháite agus píopaí cruach, cruach dhosmálta teorollta) (8), alúmanam (e.g. easbhrúnna alúmanaim, táirgí cothromrollta alúmanaim, agus rothaí bóthair alúmanaim) (9) agus tionscail bonn (10).

Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag leanúint den dumpáil ón tSín, tá sí bunaithe ar chomparáid idir gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmhairc neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí, agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) ón tír lena mbaineann nuair a dhíoltar an táirge lena onnmhairiú chuig an Aontas. Roghnaigh an t-iarratasóir an Tuirc mar thír ionadaíoch iomchuí.

Ar an mbonn sin tá na corrlaigh dumpála a ríomhtar suntasach i gcás na Síne.

4.2.    An líomhain maidir leis an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís

Ós rud é nach bhfuil tionscal an Aontais i staid dhíobhálach faoi láthair, líomhnaíonn an t-iarratasóir gur dócha go dtarlódh an díobháil ón tSín arís. I ndáil leis sin, tá fianaise leordhóthanach curtha ar fáil ag an iarratasóir, dá ligfí do na bearta dul in éag, gur dócha go dtiocfaidh méadú ar leibhéal méideanna allmhairiúcháin reatha an táirge atá faoi athbhreithniú ón tSín chuig an Aontas, de bharr shaoráidí monaraíochta ollmhóra méadaitheacha na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus de bharr an mhéid acmhainneachta neamhúsáidte sa tSín atá mór faoi láthair. Chuir an t-iarratasóir i dtábhacht go láidir go raibh sé éasca do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a láithreacht ar mhargadh an Aontais a mhéadú go han-tapa.

Thairis sin, chuir an t-iarratasóir i dtábhacht go bhfuil praghsanna mhargadh an Aontais tarraingteach de bharr éileamh ard atá ag fás, agus go gníomhóidh siad mar thosca tarraingthe le haghaidh onnmhairí ón tSín dá ligfí do na bearta dul in éag. Tá rothair leictreacha fós ag teacht ón tSín ar phraghsanna an-íseal agus léiríonn comparáid bunaithe ar na staitisticí atá ar fáil go bhfuil sladghearradh suas le 69 % ann.

Ar deireadh, líomhnaíonn an t-iarratasóir gur tháinig deireadh leis an díobháil den chuid is mó mar gheall ar na bearta atá i bhfeidhm agus gur dócha go dtarlóidh an díobháil do thionscal an Aontais arís má chuirfear tús arís le hallmhairí substaintiúla ar phraghsanna dumpáilte ón tSín, dá ligfí do bhearta dul in éag.

5.   Nós imeachta

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise atá ann gur dócha go bhfuil dumpáil (11) agus díobháil ann chun údar maith a thabhairt le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

Is éard a chinnfear leis an athbhreithniú éaga, más rud é go dtéann na bearta in éag, an dócha go leanfar den dumpáil a mhéid a bhaineann leis an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne, agus an dócha go gcuirfí tús arís leis an díobháil do thionscal an Aontais.

5.1.    Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 (‘tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin’). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

5.2.    Barúlacha ar an iarraidh agus faoi thionscnamh an imscrúdaithe

Ní mór do na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt ar an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le hatosú na díobhála agus le cúisíocht) nó aon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta atá ann don iarraidh) déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  (12).

Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.3.    Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís

In imscrúdú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar onnmhairí a cuireadh chuig an Aontas i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus, gan beann ar onnmhairiú chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann, gur dócha go leanfar den onnmhairiú ar phraghsanna dumpáilte nó go dtarlóidh sé arís má théann na bearta in éag.

Dá bhrí sin, táirgeoirí uile (13) an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

5.3.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí sa tír lena mbaineann

I bhfianaise an líon mór táirgeoirí a d’fhéadfadh a bheith sa tSín atá páirteach san athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún na táirgeoirí a bhfuil imscrúdú le déanamh orthu a theorannú do líon réasúnta trí shampla a roghnú (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, sampla a roghnú, iarrtar leis seo ar na táirgeoirí uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, an fhaisnéis faoina gcuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: [https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R810_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER]. I ranna 5.6 agus 5.9 thíos tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar Tron.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh sé teagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann freisin agus is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí sa tír lena mbaineann.

Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó allmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Na táirgeoirí aitheanta uile sa tír lena mbaineann, údaráis na tíre lena mbaineann, agus na comhlachais táirgeoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na tíre lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

Beidh cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála [https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2712].

Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.

5.3.2.   Nós imeachta breise maidir leis an tSín atá faoi réir saobhadh suntasach

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, leis seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a sholáthraítear san iarraidh, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e), den bhun-Rialachán, go luath tar éis dó an t-imscrúdú a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún na páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach sa tSín a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin nóta a chur leis an gcomhad atá le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Cuimseoidh sé sin na foinsí uile, lena n-airítear, i gcás inarb iomchuí, roghnú tríú tír iomchuí. Nuair a chuirfear an nóta leis an gcomhad sin, beidh 10 lá ag na páirtithe san imscrúdú ón dáta sin chun a gcuid barúlacha a chur isteach.

De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, d’fhéadfadh an Tuirc a bheith ina tríú tír ionadaíoch don tSín sa chás seo. D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú féachaint an bhfuil tíortha ann inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche atá iontu agus atá sa tSín, tíortha ina dtáirgtear agus ina ndíoltar an táirge faoi athbhreithniú agus ina bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu.

Maidir leis na foinsí ábhartha, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí uile na Síne faisnéis a chur ar fáil laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo, faisnéis maidir leis na hábhair (amhábhair agus ábhair phróiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: [https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R810_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM]. I ranna 5.6 agus 5.9 thíos tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar Tron.

Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun Airteagal 2(6a), pointe (a) den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ba cheart faisnéis fhíorasach den sórt sin a thógáil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, agus ó na foinsí sin amháin.

Chun an fhaisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe i ndáil le saobhadh suntasach líomhnaithe de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán, cuirfidh an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne freisin.

5.3.3.   Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe (14) (15)

Allmhaireoirí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe reatha seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí a iarrtar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a thabhairt don Choimisiún.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh an Coimisiún teagmháil a dhéanamh le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí freisin.

Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann san Aontas, ar méid é ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na hallmhaireoirí neamhghaolmhara aitheanta uile agus do na comhlachais aitheanta uile d’allmhaireoirí faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

Chun an fhaisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún ceistneoirí chuig na hallmhaireoirí neamh-chomhlachaithe sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála, [https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2712].

5.4.    Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den díobháil nó go gcuirfear tús léis arís agus táirgeoirí de chuid an Aontais a imscrúdú

Chun a chinneadh an mbeidh dóchúlacht ann go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go gcuirfear tús léi arís, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú san Aontas a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.

Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara.

Leis seo, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Ina theannta sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-airítear táirgeoirí de chuid an Aontais nár chomhoibrigh san imscrúdú nó sna himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ba thoradh air, ar táirgeoirí iad a mheasann go bhfuil cúiseanna ann ar cheart dóibh a bheith sa sampla, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó dháta fhoilsithe an Fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus/nó do chomhlachais de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2712).

5.5.    Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

Má dheimhnítear gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála i bhfeidhm.

Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.

Aon fhaisnéis maidir le measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor nó trí cheistneoir arna ullmhú ag an gCoimisiún a líonadh isteach.

Cóip den cheistneoir, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, tá sé ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála [https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2712]. In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhónta ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í.

5.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.3 agus 5.4.1, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.

Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (16).

5.7.    Aighneachtaí eile i scríbhinn

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar, leis seo, a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.8.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.

I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar a iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua ábhartha a chur ar fáil tar éis na héisteachta.

5.9.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Sula gcuirfidh na páirtithe leasmhara faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, ní mór dóibh cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘ Íogair ’ orthu (17). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘ Íogair ’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘ Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara ’. Ní mór do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil agus go seiceáiltear é ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Ard-Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi

R-phost: TRADE-R810-EBIKES-DUMPING@ec.europa.eu

TRADE-R810-EBIKES-INJURY@ec.europa.eu

6.   Sceideal an imscrúdaithe

De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán.

7.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear i roinn 5 den Fhógra seo.

Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach breise.

8.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chur páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, na barúlacha ar fhaisnéis a chuir páirtithe leasmhara isteach mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad sin a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúil a thabhairt ar an nochtadh breise sin, mura shonraítear a mhalairt.

An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo

Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, aon síneadh a chuirfear leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, beidh sé teoranta do 3 lá, agus de ghnáth ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh an síneadh ama thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.

10.   Neamh-chomhoibriú

I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac mór ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán dá bhrí sin, féadfaidh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh sé i ndiaidh comhoibriú.

Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagairt a thabhairt ar an mbealach ar iarradh é. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

11.   Oifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Ní mór aon iarraidh a thíolacadh in am trátha agus go pras ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en

12.   An deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán

Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 11(6) den bhun-Rialachán.

Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d'fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.

Aon pháirtí ar mian leis athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, ar athbhreithniú é a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú éaga a luaitear san Fhógra seo, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCoimisiún ag an seoladh a shonraítear thuas.

13.   Sonraí pearsanta a phróiseáil

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W


(1)   IO C 154, 2.5.2023, lch. 46.

(2)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear dleacht chinntitheach frithdhumpála agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 16, 18.1.2019, lch. 108).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme 2023/609 ón gCoimisiún an 17 Márta 2023 lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a mhéid a bhaineann le Giant Electric Vehicle (Kunshan) Co., Ltd tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gcás T-242/19 (IO L 80, 20.3.2023, lch. 41).

(5)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2. Tá an tuarascáil tíre ar fáil sa chomhad atá le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara, agus tá sí ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2017)483&lang=en) Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe.

(6)  Tá CBA faoi mhaoirseacht sainráite Chomhairle Náisiúnta Thionscal Éadrom na Síne (CNLIC), an Aireacht Tionscail Éadrom a bhí ann roimhe seo, rud a ligeann do rialtas na Síne rialú agus maoirseacht a fheidhmiú.

(7)   IO L 16, 18.1.2019, lch. 5.

(8)  e.g. IO L 132, 19.4.2021, lch. 145; IO L 110, 8.4.2020, lch. 3.

(9)  e.g. IO L 109, 30.3.2021, lch. 1; IO L 359, 11.10.2021, lch. 6; IO L 18, 19.1.2023, lch. 66.

(10)   IO L 116, 7.5.2018, lch. 8. Cé gur bhain an t-imscrúdú le boinn le haghaidh busanna nó leoraithe, níl aon fhianaise ann go bhfuil an saobhadh teoranta do na cineálacha bonn sin.

(11)  I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann a léiríonn nach iomchuí na praghsanna agus na costais náisiúnta sa tír lena mbaineann a úsáid i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, agus, ó tharla sin amhlaidh, go n-éilítear imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(12)  Le tagairtí d’fhoilsiú an fhógra seo, is é foilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheidh i gceist mura sonraítear a mhalairt.

(13)  Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá cuideachtaí comhlachaithe a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin náisiúnta nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.

(14)  Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil gaol acu leis na táirgeoirí sa tír lena mbaineann a shampláil. Ní mór d’allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(15)  Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le dumpáil a chinneadh.

(16)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 22979797.

(17)  Is doiciméad ‘ Íogair ’ doiciméad a mheastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leagan íogair

Leagan le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara

(cuir tic sa bhosca iomchuí)

IMEACHTAÍ FRITHDHUMPÁLA I NDÁIL LE HALLMHAIRÍ ROTHAR LEICTREONACH DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE

FAISNÉIS LE HAGHAIDH ROGHNÚ AN TSAMPLA DE NA HALLMHAIREOIRÍ NEAMH-CHOMHLACHAITHE

Tá an fhoirm seo ceaptha le cuidiú le hallmhaireoirí neamh-chomhlachaithe agus an iarraidh ar fhaisnéis samplála a rinneadh i bpointe 5.3.3 den Fhógra tionscnaimh á freagairt acu.

Ba cheart an leagan Íogair agus an leagan Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara a chur ar ais chuig an gCoimisiún de réir mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.

1.   CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA

Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

Ainm na cuideachta

 

Seoladh

 

Teagmhálaí

 

Seoladh ríomhphoist

 

Teileafón

 

2.   LÁIMHDEACHAS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN

Léirigh in euro (EUR) láimhdeachas iomlán na cuideachta, an luach in euro (EUR) agus an méid in aonaid rothar leictreach le haghaidh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de réir mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh, agus le haghaidh athdhíolacháin an táirge sin ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’), le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

 

An líon aonad

Luach in euro (EUR)

Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR)

 

 

Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne

 

 

Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú (de gach tionscnamh)

 

 

Athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón tSín

 

 

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA AGUS NA GCUIDEACHTAÍ COMHLACHAITHE (1)

Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta atá comhlachaithe léi (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi athbhreithniú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.

Ainm agus suíomh na cuideachta

Gníomhaíochtaí

Gaol

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   FAISNÉIS EILE

 

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.

5.   DEIMHNIÚCHÁN

Tríd an bhfaisnéis thuasluaite a chur ar fáil, aontaíonn an chuideachta go bhféadfaí í a áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, is é a bheidh i gceist leis sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh leis go dtabharfar cuairt ar a háitreabh chun a freagra a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú athbhreithniúcháin. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás táirgeoirí allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don chuideachta sin agus a bheadh sé dá mbeadh comhoibriú déanta aici.

Síniú an oifigigh údaraithe:

Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

Dáta:


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith comhlachaithe sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/802/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)