Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/680 |
12.1.2024 |
Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
(C/2024/680)
Tar éis fhoilsiú an Fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (1) i dtaca leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’, ‘an tSín’), fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (‘an bun-Rialachán’).
1. Iarraidh ar athbhreithniú
Is é AIRAL s.c.r.l. (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach an 16 Deireadh Fómhair 2023 thar ceann thionscal radaitheoirí alúmanaim an Aontais de bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.
Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an iarraidh ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.
2. An táirge faoi athbhreithniú
Is é atá sa táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo radaitheoirí alúmanaim agus eilimintí nó codanna de radaitheoirí den sórt sin, bídís cóimeáilte ina mbloic nó ná bídís, gan radaitheoirí agus eilimintí agus codanna díobh den chineál leictreach a áireamh (‘an táirge faoi athbhreithniú’), a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 7615 10 10, ex 7615 10 80, ex 7616 99 10 and ex 7616 99 90 (cóid TARIC codes 7615101010, 7615108010, 7616991091, 7616999001 agus 7616999091). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú de réir taraife ina dhiaidh sin.
3. Bearta atá ann cheana
Dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/59 ón gCoimisiún atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair (3).
4. Foras an athbhreithnithe
Tá an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha go dtarlódh an dumpáil agus an díobháil arís do thionscal an Aontais de thoradh dhul in éag na mbeart.
4.1. Líomhain maidir leis an dóchúlacht go dtarlódh an dumpáil arís
Mhaígh an t-iarratasóir nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid, i ngeall gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.
Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí an t-iarratasóir ag brath ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil tíre a chuir seirbhísí an Choimisiúin ar fáil an 20 Nollaig 2017 inar tugadh tuairisc ar imthosca sonracha an mhargaidh sa tSín (4). Go háirithe, thagair an t-iarratasóir do shaobhadh amhail láithreacht an stáit i gcoitinne agus do shaobhadh a dhéanann difear go háirithe d’earnáil an alúmanaim, ar tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ina leith, inter alia, pleananna, treoracha, agus doiciméad éagsúla eile a bhaineann le halúmanam, a eisíodh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach, gur léirigh siad go soiléir leibhéal ard idirghabhála ó rialtas na Síne. Dá bharr sin, bhíothas in ann rialú díreach agus iomlán a dhéanamh ar gach gné d’fhorbairt agus d’fheidhmiú earnáil an alúmanaim.
Ina theannta sin, bhí an t-iarratasóir ag brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí, go háirithe ar thorthaí an Choimisiúin a fuarthas le déanaí in imscrúduithe cosanta trádála a bhaineann le táirgí alúmanaim ón tSín, inar chinn an Coimisiún nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go ndearna idirghabháil mhór an rialtais difear dóibh de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, agus nárbh iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí (5).
Mar thoradh air sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go dtarlódh an dumpáil ón tSín arís, tá sí bunaithe ar chomparáid idir gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa sa Tuirc – roghnaithe ag an iarratasóir mar thír ionadaíoch iomchuí – ar thaobh amháin, agus praghas onnmhairiúcháin agus tairiscintí an táirge faoi athbhreithniú ó shuíomhanna gréasáin tráchtála Shíneacha nuair a dhíoltar lena onnmhairiú é le tríú tíortha, i bhfianaise nach bhfuil an-chuid allmhairí ón tSín chuig an Aontas faoi láthair.
Ar bhonn na comparáide thuas, lena léirítear go bhfuil an gnáthluach ríofa níos airde ná praghas onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann ón tSín ar mhargaí tríú tíortha, líomhnaíonn an t-iarratasóir gur dócha go dtarlódh an dumpáil arís ón tSín san Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.
Thairis sin, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil maidir leis na hacmhainneachtaí táirgeachta móra sa tSín, ar acmhainneachtaí iad a forbraíodh le deich mbliana anuas agus a sháraíonn an t-éileamh intíre go mór. Leis an acmhainneacht dhíomhaoin amháin, bheadh onnmhaireoirí Síneacha in ann cuid réasúnta mór de mhargadh an Aontais a ghlacadh.
4.2. An líomhain maidir leis an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís
Ós rud é nach bhfuil tionscal an Aontais i staid dhíobhálach faoi láthair, líomhnaíonn an t-iarratasóir gur dócha go dtarlódh an díobháil ón tSín arís. I ndáil leis sin, tá fianaise leordhóthanach curtha ar fáil ag an iarratasóir, dá ligfí do na bearta dul in éag, gur dócha go dtiocfaidh méadú ar leibhéal allmhairiúcháin reatha an táirge atá faoi athbhreithniú ón tSín chuig an Aontas, de bharr chumas shaoráidí monaraíochta ollmhóra na dtáirgeoirí agus de bharr an mhéid acmhainneacht neamhúsáidte sa tSín i gcomparáid le margadh an Aontais.
Dar leis an iarratasóir, dá ligfí do na bearta dul in éag, bheadh tarraingt láidir ann ós rud é go bhfuil táirgeoirí Síneacha ag onnmhairiú faoi láthair chuig réigiúin ina bhfuil éagobhsaíocht pholaitiúil (an Airméin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an Chasacstáin, an Rúis agus an Úcráin) agus go bhfuil dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh i bhfeidhm ar tháirgí áirithe easbhrúnna alúmanaim ón tSín, e.g. sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i Meicsiceo agus i gCeanada.
Mura mbeadh bearta frithdhumpála, d’fhéadfadh onnmhairí radaitheoirí alúmanaim i méideanna atá inchomparáide leis na leibhéil a baineadh amach le linn an imscrúdaithe frithdhumpála bunaidh (sciar 24 % den mhargadh idir Iúil 2010-Meitheamh 2011 (an IP bunaidh)) a thabhairt ar ais ar mhargadh an Aontais mar gheall ar leibhéal praghsanna na n-allmhairí dumpáilte. Ríomh an t-iarratasóir go mbeadh corrlach sladghearrtha teoiriciúil suas le 47 % ann i gcás ina dtiocfadh allmhairí ón tSín isteach i margadh an Aontais ar na leibhéil chéanna praghsanna le tríú tíortha.
Líomhnaíonn an t-iarratasóir freisin gur tháinig deireadh leis an díobháil den chuid is mó mar gheall ar na bearta atá i bhfeidhm agus gur dócha go dtarlódh an díobháil do thionscal an Aontais arís dá gcuirfí tús arís le hallmhairí substaintiúla ar phraghsanna dumpáilte ón tSín, dá ligfí do bhearta dul in éag.
5. Nós imeachta
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise atá ann gur dócha gur ann don dumpáil (6) agus don díobháil chun údar maith a thabhairt le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán.
Is éard a chinnfear leis an athbhreithniú éaga an dócha go leanfaí de dhumpáil an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne nó go dtarlódh an dumpáil arís de thoradh dhul in éag na mbeart, agus an dócha go leanfaí den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlódh sí arís.
5.1. Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).
5.2. Barúlacha maidir leis an iarraidh agus le tionscnamh an imscrúdaithe
Ní mór do na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt maidir leis an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le hatarlú na díobhála agus le cúisíocht) nó le haon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta atá ann don iarraidh) déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7).
Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo.
5.3. Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís
In imscrúdú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar onnmhairí a cuireadh chuig an Aontas i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus, gan beann ar onnmhairiú chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann, gur dócha go leanfar den onnmhairiú ar phraghsanna dumpáilte nó go dtarlóidh sé arís má théann na bearta in éag.
Dá bhrí sin, táirgeoirí uile (8) an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis na himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh orthu, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.
5.3.1. Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí sa tír lena mbaineann
Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí sa tSín a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, an fhaisnéis faoina chuideachta nó faoina gcuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R809_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER. I ranna 5.6 agus 5.9 thíos tá faisnéis faoi rochtain le fáil ar Tron.
Chun an fhaisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach do roghnú shampla na dtáirgeoirí, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann agus féadfaidh sé dul i dteagmháil le haon chomhlachas táirgeoirí aitheanta sa tír lena mbaineann.
Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó allmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Gach táirgeoir aitheanta sa tír lena mbaineann, údaráis na tíre lena mbaineann agus comhlachais táirgeoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na tíre lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnófar le bheith sa sampla.
Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Ní mór aon bharúil maidir le roghnú an tsampla a fháil laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.
Beidh cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://intragate.ec.europa.eu/sherpa/Case.do?action=view&id=2711
Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.
5.3.2. Nós imeachta breise maidir leis an tSín atá faoi réir saobhadh suntasach
Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, leis seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a sholáthraítear san iarraidh, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo.
De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e), den bhun-Rialachán, go luath tar éis dó an t-imscrúdú a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún na páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach sa tSín a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin nóta a chur leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Cuimseoidh sé sin na foinsí uile, lena n-airítear, i gcás inarb iomchuí, roghnú tríú tír iomchuí. Nuair a chuirfear an nóta leis an gcomhad sin, beidh 10 lá ag na páirtithe san imscrúdú ón dáta sin chun a gcuid barúlacha a chur isteach.
De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, d’fhéadfadh an Tuirc a bheith ina tríú tír ionadaíoch don tSín sa chás seo. D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú féachaint an bhfuil tíortha ann inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche atá iontu agus atá sa tSín, tíortha ina dtáirgtear agus ina ndíoltar an táirge faoi athbhreithniú agus ina bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu.
Maidir leis na foinsí ábhartha, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí uile na Síne faisnéis a chur ar fáil laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo, faisnéis maidir leis na hábhair (amhábhair agus ábhair phróiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AD698_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM. I ranna 5.6 agus 5.9 thíos tá faisnéis faoi rochtain le fáil ar Tron.
Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun Airteagal 2(6a), pointe (a), den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo. Ba cheart faisnéis fhíorasach den sórt sin a thógáil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, agus ó na foinsí sin amháin.
Chun an fhaisnéis a fháil a mheasann sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe i ndáil le saobhadh suntasach líomhnaithe de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán, cuirfidh an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne freisin.
5.3.3. Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe (9) (10)
Allmhaireoirí neamh-comhlachaithe a allmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach allmhaireoir neamh-chomhlachaithe, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe reatha seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí a iarrtar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a thabhairt don Choimisiún.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na n-allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.
Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann san Aontas, ar méid é ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach allmhaireoir neamh-chomhlachaithe agus do gach comhlachas aitheanta d’allmhaireoirí faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.
Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Ní mór aon bharúil maidir le roghnú an tsampla a fháil laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí chuig na hallmhaireoirí neamh-chomhlachaithe sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe le fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachta na Trádála https://intragate.ec.europa.eu/sherpa/Case.do?action=view&id=2711
5.4. Nós imeachta chun a chinneadh an dócha go gcuirfí tús arís leis an díobháil agus imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí an Aontais
Chun a chinneadh an dócha go leanfaí den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlódh sí arís, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú san Aontas a bheith rannpháirteach san imscrúdú.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.
Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara.
Leis seo, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Ina theannta sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-airítear táirgeoirí de chuid an Aontais nár chomhoibrigh leis an imscrúdú nó leis na himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, ar táirgeoirí iad a mheasann go bhfuil cúiseanna ann ar cheart dóibh a bheith sa sampla, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó dháta fhoilsithe an fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta san Aontas agus/nó do na comhlachais aitheanta uile de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.
Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála (https://intragate.ec.europa.eu/sherpa/Case.do?action=view&id=2711).
5.5. Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais
Má dheimhnítear gur dócha go leanfaí den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí na bearta frith-dhumpála i bhfeidhm.
Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.
Aon fhaisnéis maidir le measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor, sin nó trí cheistneoir a d’ullmhaigh an Coimisiún a líonadh isteach.
Tá cóip de na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála (https://intragate.ec.europa.eu/sherpa/Case.do?action=view&id=2711). In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í, ar fianaise í a thugann bunús lena bailíocht.
5.6. Páirtithe leasmhara
Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.3 agus 5.4, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.
Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (11).
5.7. Aighneachtaí eile i scríbhinn
Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar, leis seo, a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
5.8. An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin
Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh. Maidir le hiarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.
I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar a iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua ábhartha a chur ar fáil tar éis na héisteachta.
5.9. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críocha na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, is mar ‘ Íogair ’ a dhéanfar iad a lipéadú (12). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear i modh rúin í.
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘ Íogair ’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘ Le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara ’. Ní mór do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta. Mura féidir le páirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh go gcaithfear i modh rúin léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus gach iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de bhileoga deimhniúcháin. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil agus go seiceáiltear é ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:
An Coimisiún Eorpach |
Ard-Stiúrthóireacht na Trádála |
Ard-Stiúrthóireacht G |
Oifig: CHAR 04/039 |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi
Seoladh Ríomhphoist:
|
Maidir le gnéithe dumpála: TRADE-R809-AR-DUMPING@ec.europa.eu |
|
Maidir le gnéithe leas an Aontais/díobhála: TRADE-R809-AR-INJURY@ec.europa.eu |
6. Sceideal an imscrúdaithe
De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an fhógra seo, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán.
7. Faisnéis a chur isteach
Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear i roinn 5 den Fhógra seo.
Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna éigeantacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.
8. An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile
Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.
Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chur páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, na barúlacha ar fhaisnéis a thug páirtithe leasmhara mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad sin a thabhairt laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúil a thabhairt ar an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.
An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
9. Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo
Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, aon síneadh a chuirfear leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, beidh 3 lá i gceist leis de ghnáth, agus de ghnáth ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh aon síneadh ama thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.
10. Neamh-chomhoibriú
I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.
I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh sé dá mbeadh comhoibriú déanta aige.
Mura dtugtar freagra leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist leis sin ar choinníoll go léiríonn an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnta ann má thugtar an freagra ar an mbealach a iarradh é. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.
11. Oifigeach Éisteachta
Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí tráchta a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.
Ní mór aon iarraidh a thíolacadh in am trátha agus go pras ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en
12. An deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán
Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 11(6) den bhun-Rialachán.
Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d'fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.
Aon pháirtí ar mian leis athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, ar athbhreithniú é a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú éaga a luaitear san Fhógra seo, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCoimisiún ag an seoladh a shonraítear thuas.
13. Sonraí pearsanta a phróiseáil
Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo (13).
Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W
(1) IO C 138, 21.4.2023, lch. 4.
(2) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(3) IO L 12, 15.1.2019, lch. 13.
(4) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2. Tá an tuarascáil tíre ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála
(https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2017)483&lang=en) Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe.
(5) IO L 216, 18.6.2021, lch. 142.
(6) I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann a léiríonn nach iomchuí na praghsanna agus na costais náisiúnta sa tír lena mbaineann a úsáid i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, agus, ó tharla sin amhlaidh, go n-éilítear imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
(7) Le tagairtí d’fhoilsiú an fhógra seo, is é foilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheidh i gceist mura sonraítear a mhalairt.
(8) Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá cuideachtaí comhlachaithe a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin náisiúnta nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.
(9) Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil gaol acu leis na táirgeoirí sa tír lena mbaineann a shampláil. Ní mór d’allmhaireoirí atá comhlachaithe le táirgeoirí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(10) Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamh-chomhlachaithe ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le dumpáil a chinneadh.
(11) I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 2 297 97 97.
(12) Is doiciméad ‘ Íogair ’ doiciméad a mheastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(13) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
☐ |
Leagan íogair |
☐ |
Leagan lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara |
(cuir tic sa bhosca iomchuí) |
IMEACHTAÍ FRITHDHUMPÁLA I NDÁIL LE HALLMHAIRÍ RADAITHEOIRÍ ALÚMANAIM DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE
FAISNÉIS LE HAGHAIDH ROGHNÚ AN TSAMPLA DE NA HALLMHAIREOIRÍ NEAMH-CHOMHLACHAITHE
Tá an fhoirm seo ceaptha le cuidiú le hallmhaireoirí neamh-chomhlachaithe agus an iarraidh ar fhaisnéis samplála a rinneadh i bpointe 5.3.3 den Fhógra tionscnaimh á freagairt acu.
Ba cheart an leagan Íogair agus an leagan Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara a chur ar ais chuig an gCoimisiún de réir mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.
1. CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA
Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:
Ainm na cuideachta |
|
Seoladh |
|
Teagmhálaí |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Uimhir theileafóin |
|
2. LÁIMHDEACHAS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN
Sonraigh láimhdeachas iomlán na cuideachta in euro (EUR) i dtaca le radaitheoirí alúmanaim mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh, agus luach in euro (EUR), líon na n-eilimintí agus an meáchan i gcileagraim le haghaidh allmhairí agus athdhíolacháin ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.
|
Aonad tomhais: Eilimintí |
Aonad tomhais: Cileagraim |
Luach in euro (EUR) |
Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR) |
|
|
|
Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne |
|
|
|
Allmhairí an táirge faoi imscrúdú (de gach tionscnamh) |
|
|
|
Athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón tSín |
|
|
|
3. GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA AGUS NA GCUIDEACHTAÍ COMHLACHAITHE (1)
Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta atá comhlachaithe léi (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi athbhreithniú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.
Ainm na cuideachta agus suíomh na cuideachta |
Gníomhaíochtaí |
Gaol |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
4. FAISNÉIS EILE
Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.
5. DEIMHNIÚ
Tríd an bhfaisnéis thuasluaite a chur ar fáil, aontaíonn an chuideachta go bhféadfaí í a áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, is é a bheidh i gceist leis sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh leis go dtabharfar cuairt ar a háitreabh chun a freagra a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú athbhreithniúcháin. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.
Síniú an oifigigh údaraithe:
Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:
Dáta:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/680/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)