European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/669

12.1.2024

TUAIRIM ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 31 Deireadh Fómhair 2023

maidir leis an euro digiteach

(CON/2023/34)

(C/2024/669)

Réamhrá agus bunús dlí

An 11 Meán Fómhair agus an 31 Deireadh Fómhair 2023, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarrataí ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa, faoi seach, ar thuairim maidir le togra le haghaidh rialacháin maidir leis an euro digiteach a bhunú (1) (dá ngairtear an ‘rialachán atá beartaithe’ anseo feasta). An 11 agus an 18 Meán Fómhair 2023, fuair BCE iarrataí ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa, faoi seach, ar thogra le haghaidh rialacháin maidir le soláthar seirbhísí euro dhigitigh ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá corpraithe i mBallstáit nach e an euro an t-airgeadra iontu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (dá ngairtear ‘an rialachán atá beartaithe maidir le seirbhísí digiteacha euro a sholáthar lasmuigh den limistéar euro’ anseo feasta, mar aon leis an rialachán atá beartaithe, na ‘rialacháin atá beartaithe’).

Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagal 133 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena bhforáiltear, gan dochar do chumhachtaí BCE, go bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta, na bearta is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair agus go nglacfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle le BCE. Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt maidir leis na rialacháin atá beartaithe bunaithe freisin ar Airteagal 127(4), an chéad fhleasc, agus Airteagal 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), toisc go bhfuil forálacha sna rialacháin atá beartaithe a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (1) cuspóir príomhúil an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC), cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun, de bhun Airteagal 127(1) CFAE; (2) bunchúraim CEBC beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 127(2), an ceathrú fleasc, CFAE; (3) buchúram CEBC oibriú rianúil córais íocaíochtaí a chur ar aghaidh de bhun Airteagal 127(2), an ceathrú fhleasc, CFAE; (4) ceart eisiach BCE chun eisiúint nótaí bainc in euro laistigh den Aontas a údarú, de bhun Airteagal 128(1), CFAE; agus (5) cúram CEBC rannchuidiú le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais de bhun Airteagal 127(5) CFAE. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta BCE, tá an Chomhairle Rialaithe tar éis an tuairim seo a ghlacadh.

Barúlacha ginearálta

1.    Euro digiteach a fheidhmíonn mar ancaire airgeadaíochta agus a théann chun tairbhe do dhaoine sa ré dhigiteach

1.1.

Is díol mór sásaimh do BCE sprioc na rialachán atá beartaithe maidir le creat a bhunú lena bhféadfaí euro digiteach a thabhairt isteach lena n-áiritheofaí go leanfadh airgead bainc ceannais de ról lárnach a bheith aige, taobh le taobh le híocaíochtaí airgid bainc tráchtála, maidir le córas íocaíochta dea-fheidhmiúil agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun, agus muinín a bheith ag daoine san airgeadra euro ar deireadh: ról ‘ancaire airgeadaíochta’ airgead bainc ceannais.

1.2.

Chun aonmheanma an euro agus éifeachtacht an bheartais airgeadaíochta a chaomhnú, agus ar an gcaoi sin a chumasú do BCE a phríomhchuspóir a bhaint amach, is é sin cobhsaíocht phraghsannaa choimeád ar bun (3), ní mór don euro leanúint de na feidhmeanna airgid uile a chomhlíonadh mar aonad cuntais, mar mhodh malartaithe agus mar stór luacha. Trí airgead bainc ceannais a chur ar fáil don phobal, ní hamháin i bhfoirm fhisiciúil, ach i bhfoirm dhigiteach freisin, beidh airgead bainc ceannais in ann leanúint dá ról mar ancaire airgeadaíochta (4) agus mar mhodh íocaíochta éifeachtúil, i gcomhthéacs ina roghnaíonn daoine níos mó agus níos mó íoc go leictreonach, seachas in airgead tirim (5). Dá bhrí sin, rannchuideoidh an euro digiteach le bonn taca a chur faoi chobhsaíocht an chórais airgeadaíochta agus íocaíochta agus le sláine an euro de gach cineál a chaomhnú. Is réamhchoinníoll é sin, dá réir sin, d’éifeachtacht leanúnach bheartas airgeadaíochta BCE, arb é is aidhm dó cobhsaíocht praghsanna a chaomhnú.

1.3.

Tá na rialacháin atá beartaithe ríthábhachtach chun a áirithiú go bhforbróidh airgead bainc ceannais, mar ancaire airgeadaíochta, mar fhreagairt ar athruithe ar theicneolaíocht agus ar iompraíocht íocaíochta as a n-eascraíonn méadú ar íocaíochtaí digiteacha, agus, dá bhrí sin, chun rannchuidiú le cobhsaíocht an chórais airgeadaíochta a chosaint i ngeilleagar digitithe agus i sochaí dhigitithe.

1.4.

Bheadh tairbhí níos leithne ag baint le hairgead bainc ceannais a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach le haghaidh idirbhearta miondíola, go háirithe trí mhodh íocaíochta digiteach a nglactar leis go huilíoch agus ar féidir é a úsáid ar fud an limistéir euro le haghaidh íocaíochtaí i siopaí, ar líne agus ó dhuine go duine.

1.5.

Ina theannta sin, dhéanfadh an euro digiteach uathriail straitéiseach éiceachóras íocaíochta an Aontais a choimirciú, agus ag an am céanna thacódh sé le hiomaíocht agus nuálaíocht in íocaíochtaí chun leasa tomhaltóirí agus ceannaithe araon. Leis an euro digiteach, d’éascofaí forbairt réiteach íocaíochta atá faoi réir socruithe rialachais Eorpacha agus soláthrófaí ardán uile-Eorpach ar féidir seirbhísí nuálacha a thógáil air. Leis sin, chuirfí borradh faoi éifeachtúlacht éiceachóras íocaíochta na hEorpa ina iomláine, rud a laghdódh costais, a chothódh nuálaíocht, agus a d’áiritheodh athléimneacht i gcoinne cibirionsaithe nó briseadh teicniúil a d’fhéadfadh a bheith ann amhail bristeacha cumhachta.

2.    A chinntiú go gcomhlíonann an euro digiteach riachtanais agus ionchais mhuintir na hEorpa

2.1.

Chun go mbeadh an ancaire airgeadaíochta éifeachtach, bheadh ar an euro digiteach a bheith i gcomhréir le roghanna aonair. Ba cheart go mbeadh gach duine ar fud an limistéir euro in ann é a úsáid le haghaidh íocaíochtaí laethúla: i siopaí, ar líne, nó ó dhuine go duine (6). Dá bhrí sin, is díol sásaimh do BCE an stádas dlíthairisceana atá beartaithe don euro digiteach agus glacadh sainordaitheach leis. Tacaíonn BCE go láidir freisin leis an gceart atá ag daoine aonair euro digiteach a fháil ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta (SSI) a bhfuil cuntas acu leis faoi láthair, a leagan síos i reachtaíocht an Aontais, gan gá le SSI a athrú chun tús a chur le húsáid seirbhísí digiteacha euro.

2.2.

Ar an gcúis chéanna, is díol sásaimh do BCE go bhfuil sé mar aidhm leis na rialacháin atá beartaithe a áirithiú gur féidir le daoine aonair seirbhísí bunúsacha digiteacha euro a úsáid saor in aisce chun críocha bunúsacha ó lá go lá. Ag an am céanna, tacaíonn BCE le dreasachtaí eacnamaíocha iomchuí d’idirghabhálaithe príobháideacha a dháileann an euro digiteach a shocrú i reachtaíocht an Aontais. Faigheann ceannaithe seirbhís inmhuirearaithe ó SSIanna, ach chuirfí i staid lag iad mura ndéanfaí an ceanglas a fhorchuirtear orthu chun glacadh leis an euro digiteach a fhrithchothromú le huasteorainn ar an muirear seirbhíse ceannaí.

2.3.

Is díol sásaimh do BCE go bhfuil sé d’aidhm ag an rialachán atá beartaithe leibhéal ard príobháideachais agus cosanta sonraí a áirithiú d’úsáideoirí an euro dhigitigh, agus rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta á n-íoslaghdú an tráth céanna (7). In aon chás, ní mór don Eurochóras a chinntiú nach féidir leis daoine nádúrtha a shainaithint. Maidir le samhail an euro dhigitigh as líne, is díol sásaimh do BCE go mbeadh an leibhéal príobháideachais agus cosanta sonraí atá beartaithe cosúil le hairgead tirim. Is díol sásaimh do BCE freisin go n-áirítear sa rialachán atá beartaithe forálacha sainráite chun tacaíocht phoiblí a leathnú do dhaoine nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna ó thaobh cúrsaí digiteacha de agus a bhféadfadh gá a bheith acu le cúnamh pearsanta le hidirbhearta euro digitigh.

3.    Inniúlachtaí institiúideacha a chothromú in éiceachóras an euro digitigh

3.1.

Is comhthionscadal Eorpach é an euro digiteach. Tá sé tábhachtach go dtabharfar aird chuí sna rialacháin atá beartaithe ar na trí phrionsabal ghinearálta seo a leanas.

3.2.

Ar an gcéad dul síos, sa chomhthionscadal Eorpach seo, ní mór do na róil a leagtar síos sna rialacháin atá beartaithe don Choimisiún, do na comhreachtóirí, do na húdaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna) agus don Eurochóras maidir leis an euro digiteach a thabhairt isteach agus a rialáil a gcuid inniúlachtaí Conartha faoi seach a léiriú. Ar thaobh amháin, tá gné rialála i gceist le hinniúlacht eisiach an Aontais maidir le beartas airgeadaíochta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu faoi Airteagal 3(1), pointe (c), CFAE, lena mbeartaítear stádas an airgeadra aonair a ráthú, (8)go háirithe cumhacht an reachtóra na bearta is gá a leagan síos chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair faoi Airteagal 133 CFAE (9). Dá bhrí sin, leagtar amach sa rialachán atá beartaithe na bearta riachtanacha sin maidir le húsáid an euro ina fhoirm dhigiteach agus sonraítear ann na himpleachtaí a bhaineann lena stádas dlíthairgthe. Ar an taobh eile, luaitear go sainráite go bhfuil na hinniúlactaí a leagtar amach faoi Airteagal 133 CFAE gan dochar d’inniúlachtaí BCE. Léiríonn an rialachán atá beartaithe an socrú dlí príomha seo maidir le foráil a dhéanamh go bhféadfaidh an tEurochóras an euro digiteach a eisiúint ‘i gcomhréir leis na Conarthaí (10)’, i.e. bunaithe ar an inniúlacht a thugtar don Eurochóras le dlí príomha an Aontais.

3.3.

Is díol sásaimh do BCE go n-aithnítear a inniúlacht an euro digiteach a eisiúint, agus údarú a thabhairt do bhainc cheannais náisiúnta (BCNanna) na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu an euro digiteach a eisiúint, agus a chumhachtaí faoi na Conarthaí á bhfeidhmiú aige. Ar bhonn na hinniúlachta aitheanta sin, ba cheart do BCE a bheith in ann a chinneadh an údarófar eisiúint an euro dhigitigh, lena n-áirítear na hamanna, na méideanna, agus bearta áirithe eile a bhfuil dlúthbhaint acu lena eisiúint. Bunaithe ar Airteagal 133 CFAE, rialaíonn na comhreachtóirí na heilimintí riachtanacha le haghaidh úsáid an euro dhigitigh, agus cinneann BCE ar cheart an euro digiteach a eisiúint agus cathain a eiseofar é, lena n-áirítear na gnéithe teicniúla intreacha ba cheart a bheith aige. De réir analaí le nótaí bainc, níor cheart go mbeadh ach an Eurochóras in ann a chinneadh cad é an euro digiteach, ós rud é gur dliteanas de chuid an Eurochórais é.

3.4.

Ar an dara dul síos, ní mór do na rialacháin atá beartaithe neamhspleáchas an bhainc ceannais a urramú mar a chumhdaítear in Airteagal 130 CFAE agus na cúraimí is gá á ndéanamh acu chun an euro digiteach a thabhairt isteach, a rialáil agus a mhaoirsiú. Ós rud é gur faoin Eurochóras atá sé an euro digiteach a fhorbairt, a dhearadh, a eisiúint agus a mhaoirsiú de bhun a inniúlachtaí, ba cheart na cúraimí sin a chur i gcrích go neamhspleách (11), agus aon treoracha agus aon srianta ar chomhlíonadh aon chúraim a shanntar don Eurochóras leis na Conarthaí á seachaint.

3.5.

Ar an tríú dul síos, tugtar le fios leis an prionsabal maidir le neodracht na teicneolaíocha (12) nár cheart do na rialacháin atá beartaithe seasamh ar bith a ghlacadh maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfadh an euro digiteach riachtanais úsáideoirí agus maidir le héabhlóid a ghnéithe dearaidh feidhmiúla agus teicniúla. Dá gcuirfí isteach forálacha lena gceanglaítear nó lena dtoirmisctear dearaí sonracha nó gnéithe teicniúla sonracha, d’fhéadfaí srian a chur le haon cheann nó gach ceann de na gnéithe seo a leanas: feidhmiú rianúil, éabhlóid agus éileamh an euro dhigitigh, agus cumas an Eurochórais beartas airgeadaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme go neamhspleách. D’fhéadfadh sé nach mbeadh reachtaíocht ina mbeadh forálacha maidir leis na saincheisteanna sin in ann dul i ngleic le forbairtí teicneolaíochta i réimse dhigiteáil an airgid agus na seirbhísí íocaíochta atá ag athrú go tapa.

Barúlacha sonracha maidir leis an rialachán atá beartaithe maidir leis an euro digiteach a bhunú

4.    Sainmhínithe

4.1.

Molann BCE an sainmhíniú ar mhodhanna íocaíochta digiteacha inchomparáide a leasú (13) chun go gcuimseofaí gach ionstraim íocaíochta a fhéadfar a úsáid i dtimpeallacht dhigiteach ina dtarlaíonn tionscnamh na híocaíochta ag an bpointe idirghníomhaíochta, áit a d’fheicfeadh an t-úsáideoir a cuntas taisce curtha cur chun docha go láithreach (eisiatar íocaíochtaí a dhéantar trí úsáid a bhaint as cártaí creidmheasa, lena n-áirítear raon seirbhísí níos leithne atá cuachta leis an tseirbhís íocaíochta). D’áireofaí leis sin cásanna ina dtionscnófar aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha ag an bpointe idirghníomhaíochta, ach go leanfaí de chásanna nach dtionscnófar aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha ag an bpointe idirghníomhaíochta a eisiamh (e.g. i gcás ‘íocaíochtaí athfhillteacha’, is cosúil gurb é dochar díreach an modh íocaíochta digiteach inchomparáide is fearr).

4.2.

Molann BCE ‘aitheantóir cuntais’ a fhágáil ar lár ar fud an rialacháin atá beartaithe (14) agus ‘uimhir chuntais íocaíochta an euro dhigitigh’ a chur ina ionad (15) agus i gcás inarb infheidhme, ‘ailias úsáideora’ (16).

4.3.

Thairis sin, molann BCE an sainmhíniú ar ‘ailias úsáideora’ a leasú (17) chun brí an téarma a shonrú tuilleadh, agus sampla nithiúil á sholáthar ag an am céanna.

5.    Ábhar, bunú agus eisiúint an euro dhigitigh

5.1.

Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe, inter alia, an euro digiteach a bhunú mar airgeadra digiteach bainc ceannais agus rialacha a leagan síos maidir leis na gnéithe riachtanacha deartha a bhaineann leis go háirithe (18).

5.2.

Bunaítear an euro, mar an t-airgeadra aonair, sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) (19). Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do BCE go n-aithnítear sa rialachán atá beartaithe go bhfuil inniúlachtaí eisiúna BCE agus BCNanna daingnithe sna Conarthaí (20). Dá bhrí sin, ba cheart ‘bunú’ an euro dhigitigh a thuiscint mar thagairt do bhunú na gceanglas dlíthiúil fíor-riachtanach, i.e. na ceanglais sin atá riachtanach le haghaidh úsáid na foirme nua sin den euro ag an Eurochóras (ar leithligh ó chripteashócmhainní agus ó aon dliteanas eile de chuid eintiteas príobháideach).

6.    Cineál dlíthiúil an euro dhigitigh

6.1.

Tugann BCE dá aire go leagtar amach sa rialachán atá beartaithe cineál dlíthiúil an euro dhigitigh mar dhliteanas díreach ar bhanc ceannais an Eurochórais i leith úsáideoirí an euro dhigitigh, agus go bhfuil an caidreamh conarthach maidir le soláthar seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach idir na SSIanna a dháileann an euro digiteach agus a gcliaint agus eatarthu amháin. Tá sé ríthábhachtach chun an córas airgeadaíochta dhá shraith a chothabháil, chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint agus chun dí-idirghabháil SSIanna a sheachaint, go leanfaidh SSIanna de bheith freagrach go hiomlán as a gcaidreamh lena gcliaint a bhainistiú. I ndáil leis sin, tugann BCE dá aire go soiléirítear (21) leis an rialachán atá beartaithe nach bhfuil aon chuntas ná gaol conarthach eile ann idir banc ceannais an Eurochórais agus úsáideoir den euro digiteach.

6.2.

Bunaithe ar ábhar mhír 6.1, tuigeann BCE gurb iad úsáideoirí úinéirí aonair nó sealbhóirí aonair ar leasanna maoine sna cearta a léirítear le euro digiteach agus go leanfaidh siad de bheith ina úinéirí aonair nó sealbhóirí aonair orthu, cé nach mbeidh úsáideoirí in ann rochtain a fháil ar a sealúchais agus iad a úsáid ach amháin trí SSI. Is é sin le rá, cuireann an SSI seirbhísí íocaíochta ar fáil lena gcuirtear ar chumas an úsáideora an euro digiteach a chuirtear ar fáil a shealbhú agus a aistriú, ach is dliteanas de chuid an bhainc ceannais iad na cistí foluiteacha. Leanann SSIanna de bheith freagrach agus faoi dhliteanas as sábháilteacht na seirbhísí íocaíochta a chuireann siad ar fáil a chinntiú, i ndáil leis an euro digiteach freisin. Bheadh sé úsáideach foráil níos sonraí a áireamh sa rialachán atá beartaithe lena sonraítear go soiléir na prionsabail sin chun éiginnteacht a sheachaint maidir lena chur i bhfeidhm náisiúnta i mBallstáit uile an limistéir euro.

7.    An creat is infheidhme maidir leis an euro digiteach

7.1.

Foráiltear leis an rialachán atá beartaithe go rialófar an euro digiteach le forálacha an rialacháin atá beartaithe agus le gníomhartha tarmligthe an Choimisiúin, agus, laistigh de chreat an rialacháin atá beartaithe, go mbeidh an euro digiteach á rialú freisin ag na bearta, na rialacha agus na caighdeáin mhionsonraithe a fhéadfaidh BCE a ghlacadh de bhun a inniúlachtaí féin faoi na Conarthaí (22).

7.2.

Is mian le BCE aird reachtóir an Aontais a tharraingt ar an bhfíoras nach mbeadh bearta, rialacha agus caighdeáin mhionsonraithe BCE, lena rialófaí forbairt, dearadh agus eisiúint an euro dhigitigh, a mhéid a ghlactar iad de bhun inniúlachtaí BCE faoi na Conarthaí (23), srianta le hionstraim dlí thánaistigh amhail an rialachán atá beartaithe. Dá bhrí sin, ní iomchuí an rialachán seo a lua go sonrach agus d’fhéadfaí míthuiscint a bhaint as an bhfoirmliú roghnaithe mar shrian a chur le neamhspleáchas an Eurochórais agus na cúraimí a shanntar dó leis na Conarthaí á gcomhlíonadh aige.

7.3.

Ba cheart aird a thabhairt ar shoiléiriú a dhéanamh ar na sainmhínithe a leagtar amach sa rialachán atá beartaithe chun a shoiléiriú go bhfuil an sainmhíniú ar idirbhearta digiteacha euro ailínithe leis an sainmhíniú ar idirbhearta íocaíochta faoi Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). Sholáthródh sé sin soiléireacht maidir le ceadúnú SSI i gcomhthéacs Threoir (AE) 2015/2366 maidir leis na rialacha cosanta slándála agus cosanta tomhaltóirí is infheidhme.

7.4.

Ba cheart aithris 66 a leasú chun a shoiléiriú, mar gheall ar shainiúlacht socraíochta an euro dhigitigh dá bhforáiltear go díreach faoin rialachán atá beartaithe, nach bhfuil Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) infheidhme. Tá sé sin d’ainneoin aon aicmiú riosca ag an Eurochóras ina fheidhm formhaoirseachta i ndáil le scéim an euro dhigitigh agus bonneagar socraíochta an euro dhigitigh, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé don chóras íocaíochtaí.

8.    Stádas dlíthairisceana an euro dhigitigh

Stádas dlíthairisceana agus raon feidhme críochach

8.1.

Is díol mór sásaimh do BCE gur bunaíodh rialacha comhchoiteanna maidir le raon feidhme agus éifeachtaí stádas dlíthairisceana an euro dhigitigh ar fud an limistéir euro. Cuireann an sainmhíniú ar ghnéithe dlíthairisceana le dlúthbhunú tuarascálacha ón gCoimisiún roimhe seo maidir le dlíthairiscint airgid thirim, agus lena ghníomhartha neamhcheangailteacha lenar rannchuidigh an tEurochóras (26), agus le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (27).

8.2.

Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais gur coincheap de dhlí an Aontais é coincheap na ‘dlíthairisceana’ a luaitear in Airteagal 128(1) de CFAE agus nach mór léirmhíniú neamhspleách aonfhoirmeach a thabhairt dó ar fud an Aontais (28). Le hAirteagal 133 de CFAE, tugtar de chumhacht do reachtas an Aontais agus dó amháin, na rialacha dlíthiúla a shainmhíniú lena rialaítear an stádas dlíthairisceana a thugtar do nótaí bainc agus boinn atá ainmnithe in euro, a mhéid is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Leis an inniúlacht eisiach sin, cuirtear bac ar aon inniúlacht de chuid na mBallstát rialacha dlíthiúla a shonrú sa réimse seo, mura rud é go bhfuil cumhacht tugtha dóibh ag an Aontas é sin a dhéanamh nó más gá sin a dhéanamh chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta (29).

8.3.

Dá bhrí sin, is príomhghné é stádas dlíthairisceana an euro dhigitigh atá beartaithe chun rogha saoirse íocaíochta daoine agus ceannasacht airgeadaíochta an Aontais a chinntiú. Áiritheofar leis gur féidir le daoine agus gnólachtaí tairbhe a bhaint as glacadh go forleathan leis an euro digiteach mar mhodh íocaíochta, rud a thugann fíor-rogha do dhaoine íoc go leictreonach le hairgead bainc cheannais ar fud an limistéir euro. Éascaítear leis freisin teacht chun cinn réiteach íocaíochta uile-limistéir euro agus ceadaítear bonn láidir chun seirbhísí breisluacha a fhorbairt.

8.4.

Cuireann forálacha dlíthairisceana freisin le ceannasacht airgeadaíochta agus le sláine an euro trína áirithiú gur féidir an cineál airgid a thacaíonn le luach an euro mar airgeadra (i.e. airgead bainc cheannais i bhfoirm airgid thirim in euro nó i bhfoirm dhigiteach) a úsáid go forleathan ar fud an limistéir euro.

8.5.

Is díol sásaimh do BCE go bhfuil ceanglas i gceist leis an stádas dlíthairisceana glacadh leis an euro digiteach ar líne agus as líne araon, ós rud é go bhfuil gá leis sin chun go mbeifear in ann an dá shamhail den euro digiteach a ghlacadh. Is díol sásaimh do BCE freisin go gcuirtear san áireamh go hiomchuí i raon feidhme críochach dhlíthairiscint an euro dhigitigh saintréithe na modhanna íocaíochta ar líne agus as líne.

8.6.

I gcás úsáideoirí euro digiteacha, is saintréith luachmhar é i gcónaí an rogha a bheith acu íoc leis an euro digiteach (30): ní bheadh ar aon duine an euro digiteach a shealbhú nó íoc leis ach bheadh duine a roghnaíonn íoc le euro digiteach i gcónaí in ann é sin a dhéanamh i ngach siopa a ghlacann le híocaíochtaí digiteacha (i.e. siopaí fisiceacha agus ríomhthráchtáil).

8.7.

I gcás ceannaithe, is deis iad na forálacha dlíthairisceana atá beartaithe chun feabhas a chur ar a gcumhacht mhargála vis-à-vis scéimeanna cártaí idirnáisiúnta, ar choinníoll go n-áiritheofar líonra dáileacháin leathan don euro digiteach (31) agus go mbunófar coimircí reachtacha chun mí-úsáid a eascraíonn as glacadh éigeantach a chosc (32).

8.8.

Tugann forálacha dlíthairisceana deis do SSIanna an rochtain is leithne is féidir a thabhairt dá gcliaint ar sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach, agus cúiteamh inchomparáide á fháil ag an am céanna le seirbhísí comhchosúla lena mbaineann rochtain náisiúnta. Dá réir sin, laghdaítear spleáchas SSIanna atá ann faoi láthair ar réitigh íocaíochta neamh-Eorpacha. Ós rud é nach mór do BCE féachaint lena chumasú, a mhéid is féidir agus i gcás inarb iomchuí, go mbainfear úsáid as modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha i gcomhréir leis na rialacha, na caighdeáin agus na próisis lena rialaítear seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach (33) ba cheart go gcabhródh sé sin le deireadh a chur le bacainní teicniúla chun go mbeidh réitigh phríobháideacha áitiúla in ann rochtain uile-limistéir euro a bhaint amach freisin.

Eisceachtaí ón oibleagáid glacadh leis an euro digiteach, toirmeasc ar eisiamh aontaobhach íocaíochtaí sa euro digiteach, agus eisceachtaí breise de chineál dlí airgeadaíochta

8.9.

Is díol sásaimh do BCE na heisceachtaí ón oibleagáid glacadh leis an euro digiteach (34), ós rud é go ndealraíonn sé go bhfuil siad comhréireach agus dlisteanach.

8.10.

Aontaíonn BCE go bhféadfaidh daoine nádúrtha atá i mbun gníomhaíocht de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin íocaíocht sa euro digiteach a dhiúltú, agus go bhféadfaidh micreaghnólachtaí é sin a dhéanamh nuair nach nglacann siad ach le hairgead tirim. Comhfhreagraíonn sé sin i ndáiríre do cheanglas maidir le neamh-idirdhealú, trína gcaithfidh aon cheannaí atá ag glacadh cheana le modhanna íocaíochta digiteacha a bheith réidh chun glacadh leis an euro digiteach má thairgeann íocóir é. Ba cheart go n-áireofaí leis sin, áfach, íocaithe faoi Airteagal 9, pointe (a), den rialachán atá beartaithe. Murab amhlaidh an cás, cheadódh an fhoráil sin d’eintitis den sórt sin gnó digiteach a dhéanamh sa limistéar euro gan glacadh leis an euro digiteach.

8.11.

Tacaíonn BCE go hiomlán leis an toirmeasc atá beartaithe ar eisiamh aontaobhach íocaíochtaí sa euro digiteach (35), rud a áirithíonn nach féidir le soláthraithe earraí agus seirbhísí dochar a dhéanamh do rogha daoine íoc leis an euro digiteach agus an rogha atá ar fáil a shrianadh do mhodhanna íocaíochta digiteacha eile a bhféadfadh siad úinéireacht a bheith acu orthu nó tacú leo.

Idirghníomhaíocht idir an euro digiteach agus nótaí bainc agus monaí euro

8.12.

Is díol sásaimh do BCE gur tugadh isteach idirmhalartacht iomlán ar chomhchéim idir an euro digiteach agus airgead tirim in euro. Tá idirmhalartacht iomlán den sórt sin ina iarmhairt nádúrtha ar a stádas dlíthairisceana comhroinnte. Ní mór do na comhreachtóirí a áirithiú go leanfaidh an fhoráil sin sa togra le haghaidh rialachán maidir le stádas dlíthairisceana nótaí bainc agus monaí euro (36) de bheith ailínithe i rith an phróisis reachtaigh.

9.    Dáileadh an euro dhigitigh

Ról na soláthraithe seirbhísí íocaíochta

9.1.

Is díol sásaimh do BCE na forálacha maidir le dáileadh an euro dhigitigh ag SSIanna (37), lena leagtar síos na cúraimí sonracha nach mór do SSI a chur i gcrích chun go n-úsáidfear an euro mar airgeadra aonair ar fud an Aontais. Tá caidreamh díreach ag SSIanna lena gcliaint cheana féin agus, dá bhrí sin, is iad is fearr a bheith ina gcontrapháirteanna díreacha do na daoine aonair, do na ceannaithe agus do na gnólachtaí a bhainfeadh úsáid as an euro digiteach (38).

9.2.

Luaitear sa rialachán atá beartaithe go bhféadfaidh úsáideoirí an euro dhigitigh cuntas íocaíochta euro dhigitigh amháin nó níos mó a bheith acu leis na SSIanna céanna nó éagsúla (39). Iarrann BCE ar na comhreachtóirí a mheas an beart riachtanach é sin nach mór a shonrú sa rialachán atá beartaithe chun an euro digiteach a úsáid. I ndáil leis sin, bheadh deacrachtaí teicniúla ag baint le dearadh ag a bhfuil cuntais íocaíochta sa euro digiteach, go háirithe maidir le hidirghníomhú na gcuntas sin le bainistiú teorann sealúchais comhdhlúite. D’fhéadfaí a áitiú go bhféadfaí an euro digiteach a theorannú do chuntas aonair ós rud é gur seirbhís phoiblí saor in aisce a bheadh ann. Tuigeann BCE go bhfuil sé d’aidhm ag an bhforáil a bhaineann le cuntais iolracha srianta ar shaoirsí bunúsacha a sheachaint, srianta nach féidir a fhorchur ach amháin i gcás ina bhfuil siad comhréireach.

9.3.

Tá sé ar intinn ag BCE mionanailís theicniúil ar an idirghníomhú idir cuntais iolracha agus bainistiú teorann sealúchais aonair a dhéanamh agus a roinnt leis na comhreachtóirí. Ina theannta sin, molann BCE dhá ghné le breithniú ag na comhreachtóirí maidir le comhréireacht aon srianta ar líon na gcuntas. Ar an gcéad dul síos, ní chuirfí srian le saoirse SSIanna seirbhísí euro dhigitigh a sholáthar trí theorainn a chur le cuntas amháin in aghaidh an úsáideora. Bheadh sé níos éasca cuntas íocaíochta sa euro digiteach a athrú ná cuntas íocaíochta sa lá atá inniu ann, ós rud é nach bhfuil an Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc (IBAN) iniompartha. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cur chuige difriúil a chur i bhfeidhm tráth sheoladh an euro dhigitigh mar gheall ar an gcastacht a mbeadh ag an úsáideoir maidir le teorainn sealúchais chomhdhlúite a bhainistiú thar chuntais éagsúla, nuair nach bhfuil daoine eolach air go fóill.

9.4.

Bhainfeadh aithrisí an rialacháin atá beartaithe tairbhe as tuilleadh soiléireachta maidir le seasamh shaoránaigh an Aontais i dTuaisceart Éireann agus an mbeadh a rochtain ar an euro digiteach faoi réir comhaontú le húdaráis na Ríochta Aontaithe.

9.5.

Sonraítear sa rialachán atá beartaithe go mbeidh sé d’oibleagáid ar institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta miondíola bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar arna iarraidh sin dá gcliaint (40). Is díol mór sásaimh do BCE an ceanglas sin atá beartaithe toisc go dtacóidh sé le rochtain uilíoch ar an euro digiteach (41), a mbeidh tréithe chun leas an phobail aige, ag daoine nádúrtha atá ina gcónaí nó bunaithe sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Níor cheart a cheangal ar dhaoine a bhfuil cuntas bainc cheana féin acu SSI a athrú chun rochtain a fháil ar an euro digiteach (42). Bheadh rochtain uilíoch ar an euro digiteach ag an bpobal i gcoitinne sa limistéar euro ina chomhlánú ar an inúsáidteacht fhorleathan a éascaítear le stádas dlíthairisceana an euro dhigitigh. Tá ullmhacht ceannaithe glacadh le euro digiteach mar dhlíthairiscint bunaithe ar oibleagáid chomhthreomhar SSIanna ábhartha, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa, an euro digiteach a chur ar fáil dá gcliaint. Dá réir sin, cuirfidh na forálacha sin ar chumas an euro dhigitigh gníomhú mar ancaire airgeadaíochta sa ré dhigiteach. Bhí gá riamh le bearta rialála chun comhordú na hearnála príobháidí a áirithiú i réimse na n-íocaíochtaí ar fud an limistéir euro (e.g. IBAN agus limistéar aonair d’íocaíochtaí euro a thabhairt isteach, agus infhaighteacht íocaíochtaí meandracha).

9.6.

Bheadh sé comhréireach, áfach, agus dá bhrí sin, b’fhearr é, dá leathnófaí an ceanglas maidir le euro digiteach a sholáthar ar éileamh chuig na SSIanna sin sa limistéar euro a thairgeann ionstraimí íocaíochta miondíola (i.e. iad siúd a thairgeann na seirbhísí a leagtar amach i bpointí (1), (2) nó (3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2366, rud a chuirfeadh ar chumas an úsáideora IBAN a fháil). Leis sin, bhunófaí (1) an prionsabal nach gá do dhaoine a bhfuil cuntas íocaíochta acu cheana féin chun íocaíochtaí laethúla a dhéanamh an soláthraí a athrú chun euro digiteach a fháil, is cuma cé acu SSI atá an cuntas íocaíochta sin á sholáthar cheana féin; agus (2) cothrom iomaíochta a áirithiú do na heintitis uile atá i dteideal na seirbhísí a leagtar amach i bpointí (1), (2) nó (3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2015/2366 a thairiscint. Chun cearta comhionanna a thabhairt do na heintitis sin uile tionchar a imirt ar leabhar rialacha digiteach an euro, tá sé comhréireach go bhfuil siad faoi réir na n-oibleagáidí céanna. Os a choinne sin, d’fhéadfaí grinnscrúdú a dhéanamh ar an gcomhréireacht a bhaineann le ceangal a chur ar institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit lasmuigh den limistéar euro euro digiteach a dháileadh mura mbeadh formhór mór a gcliant reatha in ann euro digiteach a shealbhú.

Bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach

9.7.

Leagtar amach sa rialachán atá beartaithe an oibleagáid atá ar SSIanna gan táillí a ghearradh ar dhaoine nádúrtha atá ina gcónaí nó bunaithe sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu as bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar (43). Tacaíonn BCE go hiomlán leis an gcur chuige sin, lena léirítear cineál an euro dhigitigh mar earra poiblí agus lena gceadaítear d’úsáideoirí é a úsáid saor in aisce chun críocha bunúsacha ó lá go lá. Mar sin féin, ní áirítear cistiú uathoibrithe agus díchistiú uathoibrithe sa liosta atá beartaithe lena n-áirítear bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach (44).

9.8.

Molann BCE liosta na seirbhísí bunúsacha a leathnú chun cistiú agus díchistiú uathoibrithe a chur san áireamh, toisc go mbeadh roinnt éifeachtaí ag baint lena n-eisiamh nuair a roghnaíonn SSIanna muirear a ghearradh ar an tseirbhís sin. Ar an gcéad dul síos, ghearrfaí muirir gan choinne (45) ar dhaoine a bhaineann le teorainneacha sealúchais a bheith ann, teorainneacha nach bhaineann ach leis an euro digiteach agus ní thuigfidís an gá atá ann íoc astu. Bheadh sé d’éifeacht ag leibhéal na muirear a chuirfí i bhfeidhm iad a stiúradh i dtreo nó ar shiúl ó mhodh íocaíochta ar leith (46). Léiríonn grúpaí fócais gurb iad na daoine is dóichí a úsáidfidh cistiú uathoibrithe rialta iad siúd a bhfuil an gá is mó acu a mbuiséad a choinneáil faoi smacht, ós rud é gurb é cistiú uathoibrithe an uirlis chistiúcháin is fearr a oireann don chuspóir sin (47). Ar an dara dul síos, mhaoineodh níos lú daoine a gcuntas íocaíochta sa euro digiteach dá mbeadh orthu iarratas sainráite a chur isteach chun táillí a sheachaint gach uair ba mhian leo é sin a dhéanamh. Is inmhianaithe cistiú rialta an euro dhigitigh a éascú chun cothabháil cobhsaíocht airgeadais a áirithiú trí éifeachtaí aille a sheachaint (48) agus, dá bhrí sin, chun tarchur ordúil an bheartais airgeadaíochta a áirithiú.

9.9.

Molann BCE liosta na bunseirbhísí a leathnú chun go n-áireofaí aistriú cuntais sa euro digiteach ó SSI amháin go ceann eile. Is é is cuspóir dó sin a áirithiú nach mbeadh SSI a chinneann tomhaltóir a scor d’úsáid a bhaint as in ann ‘táille scoir’ athchomhairleach a ghearradh lena ndíreofar ar rogha an tomhaltóra a chuntas sa euro digiteach a aistriú chuig SSI nua. Molann BCE freisin bearta a mheas chun a áirithiú nach mbeidh laghdú ar uathmheaisín bainc (ATM) mar thoradh ar chistiú agus díchistiú saor in aisce an euro dhigitigh trí airgead tirim. Ina theannta sin, ba cheart seirbhísí bainistithe díospóidí a áireamh ar liosta na mbunseirbhísí, ós rud é go gcuireann siad le muinín as an euro digiteach agus, dá bhrí sin, lena ghlacadh agus lena úsáid.

9.10.

Chun a áirithiú go bhfanfaidh liosta sheirbhísí an euro dhírigh cothrom le dáta agus i gcomhréir le cleachtais an mhargaidh agus riachtanais úsáideoirí le himeacht ama, molann BCE go mbreithneodh an comhreachtóir an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun bunseirbhísí íocaíochta nua sa euro digiteach a chur leis agus raon feidhme na seirbhísí atá ann cheana a léirmhíniú nuair is gá.

Tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine a bhfuil teorainneacha feidhme acu nó do dhaoine a bhfuil scileanna digiteacha teoranta acu, agus do dhaoine scothaosta

9.11.

Sa lá atá inniu ann, tá rochtain gan chostas ag daoine a bhfuil cónaí orthu sa limistéar euro ar mhodhanna íocaíochta atá sábháilte agus a nglactar go huilíoch leo i bhfoirm airgid thirim, rud atá tábhachtach don chuimsiú airgeadais. Ba cheart an méid sin a bheith fíor freisin a mhéid is féidir le haghaidh íocaíochtaí digiteacha, ar líne agus as líne.

9.12.

Maidir leis an gcuimsiú digiteach, is díol sásaimh do BCE go mbeartaítear leis an rialachán atá beartaithe go gcuirfidh údaráis thiomnaithe bunseirbhísí íocaíochta digití agus tacaíocht don chuimsiú digiteach ar fáil duine le duine i ngaireacht fhisiciúil freisin do dhaoine faoi mhíchumas, do .dhaoine ag a bhfuil teorainneacha feidhme nó do dhaoine ag a bhfuil scileanna digiteacha teoranta, agus do dhaoine scothaosta. Tugann aiseolas a fhaigheann comhlachais tomhaltóirí le fios go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le tacaíocht duine le duine i ngaireacht fhisiciúil (49).

9.13.

Thairis sin, is díol sásaimh do BCE go n-éascaítear cuimsiú digiteach trí ainmniú ag na Ballstáit d’údaráis shonracha nó d’institiúidí gíoró postoifige dóibh siúd nach bhfuil cuntas íocaíochta príobháideach ina seilbh acu nó nach mian leo ceann a bheith ina seilbh acu.

9.14.

Ina theannta sin, leis an rialachán atá beartaithe, cuirtear de chúram ar an Údarás Baincéireachta Eorpach agus ar an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid treoirlínte a eisiúint go comhpháirteach lena sonraítear an idirghníomhaíocht idir ceanglais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac agus bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthar, agus béim ar leith á leagan ar chuimsiú airgeadais grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear iarrthóirí tearmainn nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, daoine aonair nach bhfuil aon seoladh seasta acu nó náisiúnaigh tríú tír nach ndeonaítear cead cónaithe dóibh ach nach féidir iad a dhíbirt ar chúiseanna dlíthiúla nó fíorasacha (50). Is díol sásaimh do BCE é sin, ach cuireann sé i bhfios go láidir an riosca nach dtabharfaidh na treoirlínte comhpháirteacha, nuair a eiseofar iad, ach treoir do na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus nach n-eisiafar go hiomlán an fhéidearthacht maidir le cur chun feidhme ilroinnte. Bheadh foráil lena mbunófaí critéir íosta do na treoirlínte comhpháirteacha níos fabhraí do chomhchuibhiú ar fud an limistéir euro.

10.    An euro digiteach a úsáid mar stór luacha agus mar mhodh íocaíochta — táillí le haghaidh seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach

Prionsabail agus teorainneacha ar úsáid an euro dhigitigh chun rioscaí do tharchur an bheartais airgeadaíochta agus do chobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro a mhaolú  (51)

10.1.

Sa lá atá inniu ann, tá sé de cheart ag taisceoirí a gcuid taiscí prapéilimh a thiontú ina n-airgead tirim ag am ar bith. Mar sin féin, tá bacainní praiticiúla ann maidir le suimeanna móra airgid thirim a shealbhú, lena n-áirítear an riosca go gcaillfear nó go ngoidfí iad. Chun cothromaíocht a choinneáil idir taiscí bainc agus airgead bainc ceannais, i gcomhthéacs úsáid airgid thirim a bheith ag laghdú agus an euro digiteach a bheith ar fáil, ba ghá teorainneacha áirithe a chur ar na suimeanna digiteacha euro a d’fhéadfadh daoine aonair a choinneáil.

10.2.

Chuir BCE in iúl go soiléir go bhfuil sé ar intinn aige uirlisí éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme chun uasmhéid an euro dhigitigh atá i gcúrsaíocht a rialú (52). Moltar, dá réir sin, gur cheart tagairt shainráite d’intinn shoiléir BCE ina leith sin a áireamh in aithris 31 den rialachán atá beartaithe. I measc na n-uirlisí sin, leag BCE béim go sonrach ar a aidhm teorainneacha a bhunú ar ghabháltais an euro dhigitigh ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha (53). D’fhéadfadh easpa teorainneacha den sórt sin bagairt a dhéanamh ar sheasamh an bheartais airgeadaíochta agus ar tharchur an tseasaimh sin, agus ar chobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro. Ba cheart aon iarmhairtí neamh-inmhianaithe a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar eisiúint an euro dhigitigh don seasamh beartais airgeadaíochta agus dona tharchur, agus don chobhsaíocht airgeadais, a íoslaghdú roimh ré trí dhearadh.

10.3.

Cé go mbeadh calabrú na dteorainneacha sealbhúchais mar thoradh ar mheasúnú eacnamaíoch casta, ba cheart, lena gcur chun feidhme feidhmiúil agus teicniúil, tús áite a thabhairt d’eispéireas úsáideoirí ‘is fearr san aicme’ agus do chur chun feidhme éifeachtúil do na gníomhaithe uile lena mbaineann (54). Ba cheart an cinneadh maidir le conas aon uirlis lena rialaítear méid an euro dhigitigh atá i gcúrsaíocht a chomhcheangal agus a chalabrú níos gaire in am do thabhairt isteach an euro dhigitigh amach anseo agus ba cheart é a athbhreithniú go rialta, agus an timpeallacht eacnamaíoch agus airgeadais faoi seach á cur san áireamh (55).

10.4.

Ar thaobh amháin, tugtar le fios sa rialachán atá beartaithe gur gné roghnach d’úsáid an euro dhigitigh é an fhéidearthacht teorainneacha a bhunú ar ghabháltais, lena bhforáiltear i gcás inarb ábhartha go bhféadfadh úsáid an euro dhigitigh mar stór luacha a bheith faoi réir teorainneacha (56). Ar an taobh eile, cuireann an rialachán atá beartaithe oibleagáid ar BCE ionstraimí a fhorbairt chun teorainn a chur le húsáid an euro dhigitigh mar stór luacha (57). Ina theannta sin, leagtar amach sa rialachán atá beartaithe liosta de choinníollacha éigeantacha le haghaidh na n-ionstraimí sin (58). Is í cobhsaíocht airgeadais an príomhchuspóir sa liosta sin, chun dochair do shainmhíniú agus do chur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta, arb é an príomhchúram é a chur i gcrích trí CEBC de bhun a phríomhchuspóra cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun, agus chun aimhleasa daoine nádúrtha agus dlítheanacha rochtain a fháil ar an euro digiteach agus é a úsáid.

10.5.

Is díol sásaimh do BCE gur aithníodh a inniúlacht teorainneacha a bhunú maidir le húsáid an euro dhigitigh mar stór luacha agus iad a chalabrú le himeacht ama (59). Tá sé beartaithe ag BCE teorainneacha sealúchais a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ar bun, mar bhunchloch de dhearadh an euro dhigitigh. Go deimhin, tá sé d’inniúlacht ag BCE cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid euro digiteach atá le heisiúint, ós rud é go mbíonn tionchar aige ar mhéid chlár comhardaithe an Eurochórais agus ar chur chun feidhme a bheartais airgeadaíochta. Is é an toradh atá ar theorainneacha sealúchais aonair a bhunú agus a chalabrú uasteorannú a dhéanamh ar an méid foriomlán euro digiteach a fhéadfar a eisiúint agus ta sé le déanamh ag an Eurochóras de bhun a inniúlachtaí faoi na Conarthaí, agus ní mar thoradh ar oibleagáid faoin rialachán atá beartaithe.

10.6.

Maidir leis an liosta de choinníollacha éigeantacha atá beartaithe dá dtagraítear i mír 10.4, comhaontaíonn BCE leis na trí chuspóir atá le saothrú agus teorainneacha sealúchais á gcalabrú, ach tugann sé dá aire gur féidir a mheas go gcuirtear srian le croíchúram atá ann cheana (sainiú agus cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta) trí thosaíocht a thabhairt do cheann díobh (cobhsaíocht airgeadais) trí pharaiméadair a shonrú do ghníomhaíocht BCE, ag imeacht ó phríomhshainordú BCE maidir le cobhsaíocht praghsanna faoin gConradh. Ós rud é go n-éascaítear i gcás ar bith sainiú agus cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta trí chobhsaíocht airgeadais a choimirciú, ní dhéanann BCE machnamh ar aon easaontas idir an dá chúram sin maidir leis na teorainneacha sealúchais a shocrú.

10.7.

Foráiltear leis an rialachán atá beartaithe nach mbeidh ús ar an euro digiteach faoi chuimsiú an rialacháin atá beartaithe (60). Ní féidir a lua go daingean nach bhfuil euro digiteach ar luach saothair á fhorbairt ag BCE. Go deimhin, mar is amhlaidh i gcás nótaí bainc euro, níl sé i gceist ag BCE luach saothair a thabhairt as an euro digiteach, tráth a sheoladh ná amach anseo. Níor tugadh luach saothair riamh do nótaí bainc, toisc nach bhfuil sé praiticiúil é sin a dhéanamh, cé nach bhfuil an luach saothair sin dodhéanta go teoiriciúil ná toirmiscthe go sainráite leis an dlí. I bhfianaise an tsainordaithe atá aige cobhsaíocht praghsanna a choinneáil agus i bhfianaise an bhunchúraim chomhchéimnigh maidir le beartas airgeadaíochta an limistéir euro a shainiú agus a chur chun feidhme, ní féidir le BCE cásanna a eisiamh amach anseo ina bhféadfadh sé go mbeadh údar le luach saothair ar an euro digiteach. Chomh maith leis sin, chun a shainordú beartais airgeadaíochta a chur chun cinn, ní mór do BCE leanúint de bheith i gceannas ar luach saothair na ndliteanas uile ar a chlár comhardaithe. Fiú dá ndéanfaí an fhoráil seo a léirmhíniú mar eisiamh iomlán luacha saothair, ní fhéadfadh sé sin, in aon chás, srian a chur le hinniúlacht phríomha dhlí an Eurochórais beartas airgeadaíochta an limistéir euro a shainiú agus a chur chun feidhme go neamhspleách, toisc go luaitear go sainráite go bhfuil na cumhachtaí a leagtar amach faoi Airteagal 133 CFAE gan dochar do chumhachtaí BCE. Ar an gcúis sin, moltar leasú chun soiléiriú a dhéanamh ar thosaíocht shainordú BCE cobhsaíocht praghsanna a choinneáil ar bun agus ar an mbunchúram comhchéimneach a bhaineann le beartas airgeadaíochta an limistéir euro a shainiú agus a sheoladh.

Táillí ar sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach  (61)

10.8.

Is díol sásaimh do BCE an tsamhail chúitimh a bheartaítear leis an rialachán atá beartaithe, lena bhféachtar le cothromaíocht a bhunú faoina mbeadh (1) an euro digiteach saor in aisce d’úsáid bhunúsach; (2) dreasachtaí leordhóthanacha ag SSIanna chun an euro digiteach a dháileadh chun inrochtaineacht leathan a áirithiú; agus (3) coimircí leordhóthanacha ag ceannaithe ionas nach ngearrfar muirir iomarcacha orthu. Gheobhadh ceannaithe seirbhís inmhuirearaithe ó SSIanna, ach chuirfí i staid lag iad mura ndéanfaí an ceanglas a fhorchuirtear orthu chun glacadh leis an euro digiteach a fhrithchothromú le huasteorainn ar an muirear seirbhíse ceannaí. Dá réir sin, dá dtabharfaí aitheantas sainráite do tháillí idir SSIanna, d’fhéadfaí SSIanna a dháileadh chun ioncaim inchomparáide a fháil leo siúd a thuilltear i ndáileadh ionstraimí íocaíochta inchomparáide, rud a spreagfadh dáileadh gníomhach an euro dhigitigh agus leibhéil seirbhíse ardcháilíochta d’úsáideoirí deiridh. Is díol sásaimh do BCE an prionsabal nár cheart go mbeadh táillí agus muirir níos airde ná na táillí agus na muirir a iarrtar le haghaidh modhanna íocaíochta digiteacha inchomparáide (príobháideacha), agus i bhfianaise an ghá atá ann úsáid éifeachtach an euro dhigitigh mar dhlíthairiscint a chaomhnú. Ar an gcaoi chéanna, is díol sásaimh do BCE an toirmeasc ar SSIanna táillí a ghearradh ar dhaoine nádúrtha as bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach (62) agus an toirmeasc ar fhormhuirir ar fhiachas a íoc trí úsáid a bhaint as an euro digiteach (63).

10.9.

Thairis sin, níor cheart rialáil leibhéil na dtáillí i ndáil le seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a bheith teoranta don earnáil phríobháideach ach ba cheart feidhm a bheith aici maidir leis an earnáil phoiblí freisin. I ndáil leis sin, ba cheart tagairt a dhéanamh sna forálacha ábhartha do cheannaithe agus d’eintitis san earnáil phoiblí araon a ghlacann le euro digiteach. Is díol sásaimh do BCE freisin aithris 41 den rialachán atá beartaithe, lena léirítear go bhfuil sé beartaithe ag an Eurochóras a chostais féin a sheasamh, mar is amhlaidh i ndáil le nótaí bainc a tháirgeadh agus a eisiúint. Bheadh a gcostais féin ag SSIanna a bhaineann le dáileadh na seirbhísí euro dhigitigh a sholáthraíonn siad, ach ní ghearrfadh an tEurochóras iad, rud a léiríonn leas poiblí an euro dhigitigh agus a leanann loighic atá cosúil le hairgead tirim.

10.10.

Bunaítear leis an rialachán atá beartaithe gurb é an muirear seirbhíse ceannaí an t-aon mhuirear in aghaidh an idirbhirt a fhéadfaidh SSIanna a ghearradh ar cheannaithe (64). Is díol sásaimh do BCE é sin, ós rud é gur gá uasteorainneacha a dhéanamh éifeachtach. Mar sin féin, ní bhainfear an cuspóir sin amach más féidir táillí comhréidh a ghearradh gan aon srian. Más féidir an críochfort íocaíochta céanna a úsáid le haghaidh íocaíochtaí sa euro digiteach agus i bhfoirmeacha íocaíochta eile, ar cuspóir é a bhféachfaidh BCE lena bhaint amach, molann BCE táillí comhréidhe breise a eisiamh nach mbeadh feidhm acu ach amháin maidir le glacadh leis an euro digiteach. Maidir le táillí comhréidh is infheidhme maidir le seirbhísí glactha íocaíochta foriomlána, amhail críochfort íocaíochta a sholáthar, féadfaidh siad leanúint d’fheidhm a bheith acu gan srianta.

10.11.

Leis an rialachán atá beartaithe, forchuirtear ar BCE an oibleagáid faireachán rialta a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá ábhartha chun críocha na muirear agus na dtáillí a phléitear thuas agus na méideanna a eascraíonn as an bhfaireachán sin a fhoilsiú go tréimhsiúil le tuarascáil mhíniúcháin (65). Tuigeann BCE nach mbeadh sé i gceist costais, táillí agus muirir SSIanna aonair a fhoilsiú mar thoradh ar ghníomhaíocht tuairiscithe a dhéantar i ndáil leis na méideanna arna mbunú sa rialachán atá beartaithe agus nár cheart go mbeadh na méideanna sin intuigthe ón gcleachtadh tuairiscithe sin. Leagann BCE béim freisin ar an ngá atá le sásraí forfheidhmiúcháin láidre i ndáil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar SSIanna chun tuairisciú don údarás inniúil, go háirithe i gcásanna ina ndiúltaíonn SSIanna a ndualgais tuairiscithe a chomhlíonadh. Molann BCE, ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, gur cheart na gnéithe sin a shoiléiriú tuilleadh sa rialachán atá beartaithe.

10.12.

Leis an rialachán atá beartaithe, cuirtear d’oibleagáid ar BCE modheolaíocht a fhorbairt chun na méideanna a ríomh agus bunaítear paraiméadair chun na críche sin (66). Leis an rialachán atá beartaithe, féachtar le rogha an údaráis inniúil a laghdú maidir le méideanna na dtáillí a leagan síos trí shonrú a dhéanamh ar na paraiméadair ábhartha a bheidh le cur i bhfeidhm. Mar sin féin, ní bhaintear an cuspóir sin amach go hiomlán, ós rud é gur coincheapa suibiachtúla iad cuid de na paraiméadair ábhartha, amhail ‘corrlach brabúis réasúnta’ agus na ‘soláthraithe seirbhísí íocaíochta is costéifeachtúla’, a mbraitheann a léirmhíniú ar rialacha cuntasaíochta, ar straitéisí gnó i measc SSIanna éagsúla, ar shamhlacha gnó éagsúla agus ar réimsí éagsúla oibríochta. Dá bhrí sin, molann BCE na paraiméadair sin a shoiléiriú a thuilleadh sa rialachán atá beartaithe nó sa mhodheolaíocht atá beartaithe.

10.13.

Go háirithe, is díol sásaimh do BCE go n-úsáidtear na ‘soláthraithe seirbhíse íocaíochta is costéifeachtúla’ mar thagairt. Féachtar leis sin le cásanna a sheachaint sna Ballstáit ina bhfuil SSIanna thar a bheith éifeachtúil maidir le seirbhísí íocaíochta a sholáthar ina bhféadfadh costais níos airde a bheith ar cheannaithe maidir le glacadh le euro digiteach mar thoradh ar uasteorainneacha a bheith á ríomh trí úsáid a bhaint as meáin an limistéir euro. Dá bhrí sin, is gné riachtanach é an sciar atá le glacadh ag na SSIanna ‘is costéifeachtúla’ chun go mbunófar an rialachán atá beartaithe. Mar sin féin, sonraítear sa rialachán atá beartaithe an sciar sin le haghaidh ceann de na tosca a d’fhéadfadh an uasteorainn praghsála a chinneadh (costais iomchuí arna dtabhú ag SSIanna chun íocaíochtaí digiteacha euro a sholáthar, lena n-áirítear corrlach réasúnta brabúis), ach ní le haghaidh an fhachtóra eile (táillí nó muirir a iarrtar ar mhodhanna íocaíochta digiteacha inchomparáide) Molann BCE an sciar a mholtar sa chéad chás a chur i bhfeidhm (‘na soláthraithe seirbhíse íocaíochta is costéifeachtúla arb éard a bheidh iontu le chéile an ceathrú cuid den euro digiteach arna dháileadh ar fud an limistéir euro i mbliain ar leith’) sa dara cás freisin.

10.14.

Faoi chuimsiú na gConarthaí, is ar na reachtóirí, agus ní ar BCE, atá an fhreagracht shubstainteach agus fhoirmiúil araon táillí a rialáil. D’fhonn ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus saobhadh suntasach ar an iomaíocht a sheachaint trí dhlíthe éagsúla agus trí chinntí riaracháin éagsúla, tá an chumhacht sin feidhmithe ag na reachtóirí roimhe seo chun bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dtáillí idirmhalartaithe arda agus éagsúla chun a chur ar chumas SSIanna a seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann agus chun ligean do thomhaltóirí agus do cheannaithe seirbhísí trasteorann a úsáid (67).

10.15.

Tá BCE réidh chun a thacaíocht theicniúil agus a shaineolas a chur ar fáil chun na méideanna ábhartha a ríomh. Tá easpa inniúlachta dlíthiúla ann, áfach, maidir le huasteorainneacha agus táillí a chinneadh, agus mar thoradh air sin níor cheart foilsiú na suimeanna ag BCE a bheith coibhéiseach de jure le cinneadh na dtáillí. Seachas sin, féadfar agóid a dhéanamh i gcoinne ghníomhaíochtaí BCE den sórt sin agus iad a chur faoi réir grinnscrúdú breithiúnach trí chaingean le haghaidh neamhniú.

10.16.

Tá BCE réidh chun cabhrú leis na comhreachtóirí a n-inniúlacht a fheidhmiú trí ról comhairleach agus teicniúil, nó chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún má tharmligtear an ról sin dó. Go háirithe, tá BCE réidh chun (1) an cúnamh teicniúil is gá a chur ar fáil agus an mhodheolaíocht á forbairt chun na méideanna a ríomh, (2) faireachán rialta a dhéanamh ar fhorbairtí, agus (3) na sonraí is gá a fhoilsiú chun na huasteorainneacha a shocrú. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh socrú deiridh na méideanna sin agus glacadh na modheolaíochta ag na comhreachtóirí, nó ag an gCoimisiún má tharmligtear an ról sin dó.

10.17.

Is díol sásaimh do BCE go mbunaítear leis an rialachán atá beartaithe freagracht shoiléir ar ÚINanna comhlíonadh SSIanna a fhorfheidhmiú maidir lena n-oibleagáidí gan táillí a chur i bhfeidhm ar chor ar bith ar na bunseirbhísí íocaíochta sa euro digiteach a sholáthraítear do dhaoine nádúrtha, agus táillí a chur i bhfeidhm ar cheannaithe laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sa rialachán atá beartaithe (68). Tá córas forfheidhmiúcháin a fheidhmíonn go maith ríthábhachtach chun úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a chosaint agus chun iomaíocht chóir a chur chun cinn.

11.    Coinníollacha maidir leis an euro digiteach a dháileadh lasmuigh den limistéar euro

11.1.

Is díol sásaimh do BCE gur leis an rialachán atá beartaithe a dhéantar an euro digiteach a chur ar fáil ar dtús do dhaoine atá bunaithe nó a bhfuil cónaí orthu sa limistéar euro. Tá sé sin ailínithe le moladh an Eurochórais go ndíreodh sé an chéad eisiúint den euro digiteach ar chónaitheoirí, ceannaithe agus rialtais an limistéir euro. Aontaíonn BCE go bhféadfadh rochtain do chuairteoirí mar aon le rochtain do thomhaltóirí agus do cheannaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus tríú tíortha roghnaithe a bheith mar chuid d’eisiúintí ina dhiaidh sin (69). Ní mór an euro digiteach a thabhairt isteach ar dtús do dhaoine atá bunaithe nó ina gcónaí sa limistéar euro sula gcuirfear i bhfeidhm é de réir a chéile chuig daoine eile. Le tabhairt isteach sin an euro dhigitigh ar dtús, agus an úsáid a bhaineann leis, cruthaítear bonn don euro digiteach a bheidh le húsáid ina dhiaidh sin ag daoine atá bunaithe nó atá ina gcónaí lasmuigh den limistéar euro.

11.2.

Iarrann BCE ar na comhreachtóirí tuilleadh mionsaothraithe a dhéanamh ar choincheap cuairteora chun a shoiléiriú nach féidir rochtain bhuan ar an euro digiteach a bheith mar thoradh ar fhanacht sealadach sa limistéar euro ag cónaitheoir i mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro nó i dtríú tír, ós rud é go rachadh sé sin timpeall ar na prionsabail a léirítear sa rialachán atá beartaithe maidir leis an ngá atá le comhaontú roimh ré sula mbeidh rochtain fhorleathan ar an euro digiteach sa Bhallstát sin nach bhfuil sa limistéar euro nó sa tríú tír sin (70).

Dáileadh an euro dhigitigh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe i mBallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe i dtríú tíortha

11.3.

Is díol sásaimh do BCE go n-aithnítear sa rialachán atá beartaithe a thábhachtaí atá comhaontú idir an tEurochóras agus banc ceannais nach bhfuil sa limistéar euro chun an euro digiteach a oibríochtú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe i mBallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu. Mar sin féin, iarrann BCE ar na comhreachtóirí an difríocht a shonrú idir an comhaontú arna shíniú ag BCE agus BCN an Bhallstáit lena mbaineann agus aon socruithe oibríochtúla is gá chun a áirithiú go gcloíonn an BCN lena mbaineann le haon rialacha, treoirlínte, treoracha nó iarrataí arna n-eisiúint ag BCE agus go soláthraíonn sé an fhaisnéis uile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó BCE. Tacaíonn BCE freisin le hoibleagáid a fhorchur faoin dlí náisiúnta ar BCNanna agus ar SSIanna Ballstát nach bhfuil sa limistéar euro chun faisnéis a sholáthar do BCE agus chun cloí lena threoracha, go háirithe maidir le teorainneacha sealúchais a fhorchur (71).

11.4.

Bheadh BCE i bhfabhar dhá ghné a chur leis an bhforáil lena rialaítear caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta idir an tAontas agus tríú tíortha chun an euro digiteach a dháileadh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe i dtríú tíortha.

11.5.

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a chur in iúl go soiléir gur cheart tabhairt i gcrích comhaontaithe ardleibhéil phrionsabálta idir an Chomhairle agus tríú tír a fhorlíonadh le comhaontú oibríochtúil idir an tEurochóras agus banc ceannais an tríú tír sin. Ba cheart cumas oibríochtúil an bhainc ceannais tríú tír agus a chumas ceanglais an Eurochórais a chomhlíonadh a fhíorú sa chleachtas, agus níor cheart go gceadófaí aon dáileadh den euro digiteach a thosú roimh an bhfíorú sin.

11.6.

Ar an dara dul síos, ba cheart go mbeadh eilimint fíoraithe ag an Aontas i ndáil leis an tríú tír chun a áirithiú go mbeidh idirghabhálaithe atá bunaithe nó ag oibriú sa tríú tír agus a dháileann an euro digiteach faoi réir ceanglais mhaoirseachta agus rialála atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le SSIanna atá bunaithe san Aontas. Bheadh cinneadh coibhéise i bhfoirm gníomh tarmligthe ón gCoimisiún iomchuí chun sláine an euro dhigitigh a choimirciú agus é á dháileadh lasmuigh den Aontas.

Dáileadh an euro dhigitigh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i dtríú tíortha nó i dtríú críocha faoi chomhaontú airgeadaíochta leis an Aontas

11.7.

Mar an gcéanna maidir le dáileadh an euro dhigitigh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a chónaíonn nó atá bunaithe i mBallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu nó i dtríú tíortha, is mian le BCE béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tEurochóras agus banc ceannais nó údarás airgeadaíochta tríú tír nó tríú críoch faoi chomhaontú airgeadaíochta leis an Aontas chun an euro digiteach a dháileadh ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe i dtríú tíortha nó críocha den sórt sin, mar réamhchoinníoll lena dháileadh.

12.    Íocaíochtaí trasairgeadra

12.1.

Tacaíonn BCE leis an togra gur cheart go mbeadh íocaíochtaí trasairgeadra (72) idir an euro digiteach agus airgeadraí digiteacha banc ceannais eile de chuid na mBallstát lasmuigh den limistéar euro nó de chuid tríú tíortha faoi réir comhaontuithe roimh ré idir, ar thaobh amháin, BCE agus, ar an taobh eile, BCNanna na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu agus tríú tíortha (73). Tá sé beartaithe ag an Eurochóras tacú le feidhmiúlachtaí trasairgeadra a sholáthar agus tá cineálacha cur chuige á n-imscrúdú aige a d’fhéadfadh tacú le soláthar feidhmiúlachtaí trasairgeadra i gcás ina bhfuil leasanna frithpháirteacha le dlínsí eile nó le limistéir airgeadra eile (74).

12.2.

Measann BCE gur de chineál dearbhuithe iad na forálacha ábhartha den rialachán atá beartaithe maidir le híocaíochtaí trasairgeadra agus maidir le comhar le bainc cheannais na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro chun a chumasú go mbeidh íocaíochtaí idir-inoibritheacha (75) ós rud é go bhfeidhmíonn BCE an inniúlacht sin cheana féin faoin dlí príomha (76). Dá bhrí sin, féadfaidh an fhoráil sin tairbhe a bhaint as tagairt a dhéanamh d’inniúlacht BCE faoi na Conarthaí, ós rud é go bhfuil inniúlacht dlí phríomhúil ag an Eurochóras cheana comhaontuithe den sórt sin a dhéanamh agus a n-inneachar a leagan síos agus páirt a ghlacadh i socruithe idirnáisiúnta chun íocaíochtaí idir-inoibritheacha a chumasú.

13.    An euro digiteach a úsáid ar líne agus as líne

13.1.

Tá BCE tiomanta dhá shamhail íocaíochta a chumasú don euro digiteach: ‘ar líne’ (77) agus ‘as líne’. Tá an dara ceann deartha chun tréithe áirithe airgeadúla a uasmhéadú (78). Dá bhrí sin, aontaíonn BCE go bhfuil buntáistí scoite ag baint leis an dá shamhail den euro digiteach, mar a bheartaítear sa rialachán atá beartaithe, ó thaobh inoiriúnaitheacht do roghanna éagsúla úsáideoirí. Cé go gcuireann an tsamhail euro dhigitigh ar líne airgead bainc ceannais ar fáil i gcás nach féidir íocaíochtaí a dhéanamh le hairgead tirim, is féidir leis an tsamhail euro dhigitigh as líne tacú le hinfhaighteacht mhéadaithe, lena n-áirítear i gcásanna éigeandála (e.g. nuair nach mbíonn nascacht líonra ar fáil nó le linn mífheidhm eangaí leictreachais). Is díol sásaimh do BCE go mbeadh samhail euro digiteach as líne cosúil go mór le hairgead tirim, go háirithe i gcás idirbhearta saoil laethúil ar luach íseal, sa chaoi a n-aistrítear é agus sa leibhéal níos airde príobháideachais agus cosanta sonraí a ráthaítear d’úsáideoirí íocaíochta, agus fós an fhéidearthacht slándáil agus sláine an euro dhigitigh a choimirciú. D’áiritheofaí leis an tsamhail euro dhigitigh as líne nach gá go ndéanfadh tríú páirtí gach idirbheart a bhailíochtú, rud a chomhlíonfadh na ceanglais cosanta sonraí a bhaineann le comhréireacht agus riachtanas.

13.2.

Ceanglaítear leis an rialachán atá beartaithe go mbeidh idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach ar líne agus as líne araon ar fáil nuair a eiseofar an euro digiteach den chéad uair (79). Ag an am céanna, beidh gá le tuilleadh tástála ón Eurochóras chun a ráthú go mbeidh slándáil agus aibíocht leordhóthanach ag gach samhail ábhartha an euro dhigitigh.

13.3.

Tá BCE tiomanta do na samhlacha euro dhigitigh ar líne agus as líne araon a chur ar fáil ón gcéad eisiúint den euro digiteach (80), agus samhlaítear é sin a dhéanamh cheana féin leis an gcur chuige cur i bhfeidhm céimneach atá beartaithe ag BCE. Ag an am céanna, trí rún BCE a chumhdach i bhforáil atá ceangailteach ó thaobh dlí, cuirfear srian ar a chumas freagairt don leibhéal níos airde éiginnteachta atá i gceist leis an tsamhail euro dhigitigh as líne, chomh maith le freagairt d’imthosca eisceachtúla a fhágann gur gá aon samhail atá ar fáil a eisiúint go luath. Dá dtiocfadh trádmhalartú nár sainaithníodh fós chun cinn, is é eisiúint fhoriomlán an euro dhigitigh a chur siar an t-aon rogha amháin a bheadh ar fáil do BCE.

13.4.

Ar na cúiseanna sin, iarrann BCE ar na comhreachtóirí machnamh a dhéanamh ar cheanglas a fhorchur ar BCE leaganacha ar líne agus as líne den euro digiteach a sholáthar, mar aon le foráil ‘na n-iarrachtaí is fearr’ faoina gcuirfeadh BCE samhlacha ar líne agus as líne araon ar fáil amhail ón gcéad eisiúint den euro digiteach. In imthosca ar bith, cuirfidh BCE Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, chomh maith le rannpháirtithe sa mhargadh agus an pobal, ar an eolas go tráthúil faoi aon tosca teicniúla a chuireann bac ar leathadh amach comhuaineach na samhlacha ar líne agus as líne, chomh maith le haon imthosca eisceachtúla ar gá an euro digiteach a eisiúint go luath ina leith. Molann BCE gur cheart an t-ábhar sin a léiriú freisin i leasú ar aithris 34 den rialachán atá beartaithe.

14.    Íocaíochtaí coinníollacha agus airgead in-ríomhchláraithe

14.1.

Leis an rialachán atá beartaithe, cuirtear toirmeasc ar an euro digiteach a eisiúint mar airgead in-ríomhchláraithe, a shainmhínítear mar aonaid airgid dhigitigh a bhfuil loighic intreach acu lena gcuirtear teorainn le hidirmhalartacht iomlán gach aonaid (81). Tá an fhoráil sin go hiomlán i gcomhréir leis an méid atá dearbhaithe go poiblí cheana féin ag BCE ar ócáidí éagsúla (82): nach mbeadh an euro digiteach in-ríomhchláraithe choíche Dá mbeadh aon teorainn ann ar an áit, cathain nó cé ar féidir le húsáideoirí íocaíochta a íoc agus úsáid á mbaint as an euro digiteach, b’ionann sin agus dearbhán. Bheadh sé sin ar neamhréir lena stádas dlíthairgthe, go háirithe lena ghlacadh ar aghaidhluach iomlán (83), agus chiallódh sé nach mbeadh sé idirmhalartach le haonaid eile den euro digiteach, ná le nótaí bainc agus boinn euro ar par (84). Níl sainordú ag BCE dearbháin a eisiúint. Dá bhrí sin, fiú mura n-áireofaí teorannú den sórt sin sa dlí tánaisteach, bheadh eisiúint airgid in-ríomhchláraithe ag BCE ar neamhréir leis na Conarthaí. Dá bhrí sin, d’fháilteodh BCE roimh an bhfoclaíocht a thabhairt isteach sna haithrisí agus in airteagail an rialacháin atá beartaithe á rá go bhfuil an toirmeasc ar airgead in-ríomhchláraithe a eisiúint fréamhaithe sna Conarthaí.

Íocaíochtaí coinníollacha

14.2.

Is díol sásaimh do BCE go mbeartaítear leis an rialachán atá beartaithe go bhféadfadh SSIanna seirbhísí breisluacha a sholáthar amhail íocaíochtaí coinníollacha, i.e. íocaíochtaí a spreagtar go huathoibríoch trí choinníoll a chomhlíonadh (85). Cé gurb iad SSIanna is fearr atá in ann seirbhísí íocaíochta coinníollacha a fhorbairt, tá sé beartaithe ag an Eurochóras tacú le soláthar íocaíochtaí coinníollacha ón margadh trí chomhchaighdeáin scéime a fhorbairt trí leabhar rialacha scéime an euro dhigitigh (má iarrann an margadh é) agus trí fheidhmiúlachtaí socraíochta breise a chur ar fáil i mbonneagar cúil an euro dhigitigh (86).

15.    Dáileadh

Ceanglas idir-inoibritheachta  (87)

15.1.

Is díol sásaimh do BCE an tagairt d’idir-inoibritheacht na gcaighdeán lena rialaítear seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach le caighdeáin ábhartha lena rialaítear modhanna íocaíochta digiteacha príobháideacha. Tá sé beartaithe ag BCE na caighdeáin reatha a athúsáid a mhéid is féidir chun costais oiriúnaithe a laghdú, ag tabhairt dá aire go bhféadfaidh réitigh íocaíochta iomaíocha caighdeáin éagsúla a chur i bhfeidhm sa réimse glactha íocaíochta agus aistir úsáideoirí éagsúla a leanúint. Dá bhrí sin, ní mór tacú le cinntí den sórt sin leis an gcomhthoil margaidh is leithne is féidir ar thaobh an tsoláthair agus an éilimh, chomh maith le cumas cinnteoireachta BCE nuair nach féidir teacht ar chomhthoil iomlán. Tá tús curtha cheana féin leis an obair chun na críche sin. Tá sé ar intinn ag BCE a áirithiú a mhéid is féidir agus is iomchuí gur féidir le modhanna íocaíochta príobháideacha agus/nó áitiúla caighdeáin, rialacha agus próisis an euro dhigitigh a úsáid (i.e., mar a phléitear i mír 10.10, gur féidir le críochfort íocaíochta amháin gach modh íocaíochta a sholáthar) chun a rochtain a leathnú.

Seirbhísí tosaigh chun an euro digiteach a rochtain agus a úsáid

15.2.

Is díol sásaimh do BCE go dtugtar aghaidh sa rialachán atá beartaithe ar roghanna na n-úsáideoirí trí chead a thabhairt d’úsáideoirí an euro dhigitigh rochtain a fháil ar sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach agus iad a úsáid trí sheirbhísí tosaigh arna bhforbairt ag SSIanna nó ag BCE (88). Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé de rogha i gcónaí ag an úsáideoir comhéadan caighdeánach a úsáid le haghaidh íocaíochtaí tionscanta sa euro digiteach, rud a fhágfaidh go mbeidh taithí íocaíochta choiteann lán-chomhchuibhithe ann ar fud an limistéir euro agus lena gcuirfear cosc ar shaincheisteanna a bhaineann le haitheantas ceannaí agus glacadh leis an euro digiteach. Ina theannta sin, le seirbhísí tosaigh arna bhforbairt ag BCE laghdófar go suntasach an t-ualach forbartha ar SSIanna nach roghnaíonn ach seirbhís BCE a úsáid, rud a rachaidh go mór chun tairbhe do SSIanna beaga a bhféadfadh sé nach bhfuil an taithí nó na hacmhainní is gá acu chun seirbhís tosaigh a fhorbairt chun íocaíochtaí sa euro digiteach a thionscnamh

15.3.

Is díol sásaimh do BCE go gceanglaítear leis an rialachán atá beartaithe ar SSIanna a dháileann an euro digiteach a áirithiú go n-úsáidfidh seirbhísí íocaíochta sa euro digiteach lógó oifigiúil an euro dhigitigh, agus gur féidir le húsáideoirí an euro dhigitigh rochtain a fháil ar chuntais íocaíochta sa euro digiteach agus iad a úsáid go tapa agus go héasca (89). Is gá go mbeadh an t-íocóir agus an t-íocaí ar an eolas faoin modh íocaíochta atá roghnaithe agus gur féidir leo rochtain a fháil air go héasca. Nuair is airgead bainc ceannais (airgead tirim nó euro digiteach) an modh íocaíochta seo, tacaíonn sé le cumas an airgid bainc ceannais gníomhú mar ancaire airgeadaíochta: bíonn taithí ag daoine ar inmhalartacht taiscí bainc go hairgead bainc ceannais níos minice agus cuirtear in iúl dóibh gur euro amháin é euro amháin i gceachtar cás.

Aistriú cuntas íocaíochta sa euro digiteach

15.4.

Is díol sásaimh do BCE forálacha an rialacháin atá beartaithe lena n-éascaítear aistriú éasca cuntas íocaíochta sa euro digiteach (90), lena dtabharfar aghaidh ar phríomhroghanna na n-úsáideoirí agus lena dtacófar le hathléimneacht éiceachóras an euro dhighitigh (91). Áirítear ar na bearta sin freisin cumas an úsáideora a chuntas íocaíochta sa euro digiteach a aistriú chuig SSI eile in imthosca eisceachtúla. Bheadh rochtain ag úsáideoirí i gcónaí ar a gcuid sealúchas sa euro digiteach freisin, mar shampla, nuair nach mbíonn SSI ar fáil ar feadh tréimhse fhada nó nuair a bhfuil na sonraí ábhartha caillte aige.

Sásra ginearálta chun calaois a bhrath agus a chosc

15.5.

Is díol sásaimh do BCE forálacha an rialacháin atá beartaithe lena n-éascaítear sásra ginearálta um chalaois a bhrath agus a chosc le haghaidh idirbhearta ar líne sa euro digiteach chun feidhmiú rianúil agus éifeachtúil an euro dhigitigh a áirithiú (92). Molann BCE a shoiléiriú go sainráite gur dlúthchuid den sásra ginearálta chun calaois a bhrath agus a chosc é faisnéis íocaíochta a áirithiú. Is gá faisnéis íocaíochta a dhaingniú (e.g. uimhir an chuntais sa euro digiteach), nuair a mhalartaítear an fhaisnéis sin idir gairis tionscanta íocaíochta agus gairis glactha íocaíochta, chun úsáideoirí an euro dhigitigh a chosaint ar riosca calaoise agus cibirionsaithe, trí bhíthin, mar shampla, luach ionadach a chur in ionad faisnéise íocaíochta.

16.    Cosaint sonraí agus príobháideachas

16.1.

Is díol sásaimh do BCE an t-ardchaighdeán príobháideachais agus cosanta sonraí dá bhforáiltear faoin rialachán atá beartaithe, (93)rud atá ríthábhachtach chun muinín a áirithiú as an euro digiteach a bheidh ann amach anseo agus, go háirithe, freagrachtaí cosanta sonraí a leithdháileadh go soiléir (‘rialú’).

16.2.

Is díol sásaimh do BCE freisin an leithdháileadh ar BCE nó ar sholáthraithe seirbhísí tacaíochta próiseála sonraí nach mbaineann le príomhchúraimí BCE, ach ar gá di tarlú ar fud idirghabhálaithe chun slándáil shonraí pearsanta úsáideoirí an euro dhigitigh a áirithiú (94). Le leithdháileadh soiléir an róil rialaithe ar (95) BCE (agus, i gcás inarb ábhartha, ar BCNanna) nó ar oibreoir seirbhíse tacaíochta, i gcomhréir leis na forálacha diana rialála atá sa rialachán atá beartaithe, áirithítear go mbeidh a fhios ag úsáideoirí an euro dhigitigh i gcónaí cén áit ar cheart dóibh a gcearta mar ábhair sonraí a fheidhmiú (e.g. ceart rochtana) maidir lena sonraí pearsanta a phróiseáiltear i bhfeidhmiú seirbhísí tacaíochta.

16.3.

Ina theannta sin, is díol sásaimh do BCE cumhachtú an Choimisiúin dul i ngleic le rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a eascraíonn as úsáid an euro dhigitigh as líne trí theorainneacha oibríochtúla iomchuí a leagan síos. Maidir le samhail ar líne an euro dhigitigh, cé go ndéantar foráil sa togra reatha maidir le leibhéal príobháideachais atá inchomparáide le modhanna íocaíochta gan airgead tirim atá ann cheana, molann BCE freisin breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht príobháideachas méadaithe a thairiscint d’íocaíochtaí áirithe sa euro digiteach a bhfuil ísealriosca agus méid beag i gceist leo.

17.    Rochtain chothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach ar ghairis móibíleacha

Is díol sásaimh do BCE gur cuireadh isteach foráil lena bhféachtar le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna rochtana i ndáil le gnéithe áirithe de ghairis mhóibíleacha atá riachtanach le haghaidh íocaíochtaí sa euro digiteach atá soláimhsithe, gan uaim agus slán ar ghairis mhóibíleacha (96). Tá rochtain ar na gnéithe riachtanacha cumarsáide neasréimse ríthábhachtach le haghaidh íocaíochtaí éadadhaill le gairis móibíleacha agus tá rochtain ar an ngné shlán ríthábhachtach d’íocaíochtaí sa euro digiteach as líne ar ghairis móibíleacha. Ba cheart rochtain den sórt sin a bheith oscailte agus gan a bheith ag brath ar fheidhmchláir eile de chuid an chórais oibriúcháin mhóibíligh. Tacaíonn BCE leis an bhfíric go dtabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun na ceanglais a shonrú tuilleadh chun an rochtain neamh-idirdhealaitheach sin a bhaint amach go héifeachtach, ós rud é go bhféadfadh sé sin tacú le hinfhaighteacht thráthúil seirbhísí as líne sa euro digiteach.

18.    Ceanglais tuairiscithe

18.1.

Luaitear sa rialachán atá beartaithe go mbeidh feidhm ag na socruithe cuntasachta a leagtar amach in Airteagail 15.1 agus 15.3 de Reacht CEBC maidir le heisiúint agus úsáid an euro dhigitigh (97). Tá sé sin comhsheasmhach le haitheantas an rialacháin atá beartaithe gurb é an tEurochóras a eiseoidh an euro dhigitigh i gcomhréir leis na (98)Conarthaí, i.e. bunaithe ar inniúlacht atá ann cheana féin.

18.2.

Thairis sin, leagtar amach sa rialachán atá beartaithe ceanglais mhionsonraithe bhreise maidir le tuairisciú (99). Tugann BCE dá aire, más cúraimí BCE agus an Eurochórais iad an t-údarú chun an euro digiteach a eisiúint, gur cheart gur leor tagairt a dhéanamh do shocruithe cuntasachta BCE faoi Airteagail 15.1 agus 15.3 de Reacht CEBC. Thairis sin, leis na sásraí institiúideacha atá ann cheana, ceadaítear do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar BCE nuair is gá.

18.3.

Ina theannta sin, bunaítear leis an rialachán atá beartaithe oibleagáid ar BCE faisnéis ‘ex ante’ a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún faoi ha hionstraimí chun teorainn a chur le húsáid an euro dhigitigh agus anailís ar an mbealach a mheastar go gcomhlíonfaidh na hionstraimí agus na paraiméadair a shocraíonn sé an cuspóir maidir le cobhsaíocht airgeadais a chosaint (100). Cé go bhfuil BCE réidh chun institiúidí eile an Aontais a chur ar an eolas faoina bhfuil beartaithe aige trédhearcacht agus intuarthacht a chur chun cinn, ba cheart d’aon chóras cuntasachta téarmaí Airteagal 15 de Reacht CEBC a urramú, lena soiléirítear go dtarlaíonn cuntasacht BCE ex post facto. Níor cheart an oibleagáid maidir le comhroinnt faisnéise ex ante a léirmhíniú mar fhoráil chumasúcháin do na faighteoirí gníomhaíocht an Eurochórais amach anseo a athrú, gan aird a thabhairt ar neamhspleáchas BCE faoi Airteagal 130 CFAE.

18.4.

Ar choinníoll go mbeadh sé de shaoirse ag BCE cinneadh a dhéanamh maidir lena bheartas agus gan treoracha a fháil, ní bheadh aon choinbhleacht idir oibleagáidí tuairiscithe BCE faoin rialachán atá beartaithe agus Airteagal 130 CFAE. Measann BCE, dá bhrí sin, go bhféadfaí na tagairtí dá ról maidir le tuairimí, tuarascálacha, faireachán agus cúnamh a sholáthar don Choimisiún, don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa a cháiliú tuilleadh chun cúraimí agus neamhspleáchas BCE faoi na Conarthaí agus chun leithdháileadh soiléir an tsaineolais theicniúil agus na bhfreagrachtaí faoi dhlí an Aontais a léiriú go cruinn (101)

19.    Barúlacha sonracha maidir leis an rialachán atá beartaithe maidir le soláthar seirbhísí euro dhigitigh lasmuigh den limistéar euro

19.1.

Is díol sásaimh do BCE an rialachán atá beartaithe maidir le seirbhísí digiteacha euro a sholáthar lasmuigh den limistéar euro, atá ríthábhachtach chun a áirithiú go bhféadfaidh gach SSI, cé acu atá nó nach bhfuil siad corporaithe i mBallstáit inarb é an euro an t-airgeadra nó i mBallstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an euro digiteach a dháileadh agus a saoirse a fheidhmiú dá bhrí sin chun seirbhísí a sholáthar laistigh den Aontas. Go deimhin, cé is moite den euro digiteach a bheith ina mhodh íocaíochta dlíthairisceana laistigh den limistéar euro, ba cheart d’idirbhearta íocaíochta sa euro digiteach, chomh maith leis na SSIanna a éascaíonn iad, reachtaíocht íocaíochtaí an Aontais atá bunaithe go ginearálta ar Airteagal 114 CFAE a chomhlíonadh.

I gcás ina molann BCE go leasófar na rialacháin atá beartaithe, leagtar amach tograí sonracha dréachtaithe maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leith a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil ar fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna déanamh in Frankfurt am Main, an 31 Deireadh Fómhair 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2023) 369 final.

(2)  COM(2023) 368 final.

(3)  Féach Airteagal 127(1) agus Airteagal 282(2) CFAE.

(4)  Is é atá mar bhonn taca faoi mhuinín na ndaoine as airgead príobháideach in-chomhshóiteacht ar bhonn duine le duine leis an bhfoirm airgid is sábháilte sa gheilleagar, is é sin airgead bainc ceannais (an t-ancaire airgeadaíochta), agus dá bhrí sin le foirmeacha eile airgid rialáilte. Féach Panetta, F., ‘airgeadraí digiteacha bainc ceannais: óráid a rinne Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE ag Institiúid Elcano Royal i Maidrid an 5 Samhain 2021. Ar fáil ar shuíomh Gréasáin BCE agwww.ecb.europa.eu

(5)  Féach ‘Staidéar ar na dearcthaí íocaíochta atá ag tomhaltóirí sa limistéar euro’ (SPACE), BCE (2022), a léiríonn, i dtéarmaí luach na n-íocaíochtaí, gurbh ionann cártaí (46 %) agus sciar níos airde d’idirbhearta ná íocaíochtaí in airgead tirim (42 %). Ar fáil ar shuíomh Gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(6)  Féach Panetta, F., ‘A digital euro: widely available and easy to use [euro digiteach atá ar fáil go forleathan agus atá éasca le húsáid’], ráiteas tosaigh ó Fabio Panetta, Comhalta Bhord Feidhmhúcháin BCE ag Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa, an Bhruiséil, 24 Aibreán 2023. Ar fáil ar shuíomh Gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(7)  I gcomhairliúchán poiblí a rinne BCE in 2020, rinne 43 % de na freagróirí príobháideachas a rangú mar an ghné is tábhachtaí den euro digiteach (i bhfad chun tosaigh ar ghnéithe eile) chun muinín a choinneáil in íocaíochtaí sa ré dhigiteach. Dúirt rannpháirtithe an ghrúpa fócais freisin go mbeadh siad buíoch dá mbeadh roghanna ann lena dtabharfaí smacht dóibh ar a gcuid sonraí pearsanta. Féach ‘Eurosystem report on the public consultation on a digital euro’ [Tuarascáil an Eurochórais ar an gcomhairliúchán poiblí maidir le euro digiteach], BCE, Aibreán 2021; agus ‘Study on New Digital Payment Methods’ [Staidéar ar Mhodhanna Íocaíochta Digiteacha Nua], Kantar Poiblí/BCE, 2022. Ar fáil ar shuíomh Gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(8)  Mar a sheas breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, C-422/19 agus C-423/19, EU:C:2021:63 (dá ngairtear ‘an breithiúnas i gCásanna Uamtha C-422/19 agus C-423/19’ anseo feasta), mír 38.

(9)  Féach an breithiúnas i gCásanna Uamtha C-422/19 agus C-423/19, míreanna 42.

(10)  Féach Airteagal 4(1) den rialachán beartaithe.

(11)  Féach Airteagal 130 de CFAE.

(12)  Treoirphrionsabal de chuid reachtaíocht an Aontais is ea an neodracht theicneolaíoch. Féach, mar shampla, aithris 9 de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).

(13)  Féach Airteagal 2, pointe 25, den rialachán atá beartaithe.

(14)  Féach aithris 67 agus aithris 74, agus Airteagal 2, pointe (26), agus Airteagal 31(1) den rialachán atá beartaithe.

(15)  In aithris 67, Airteagal 2, pointe (26), Airteagal 31(1) agus Iarscríbhinn V(i).

(16)  In aithris 74.

(17)  Féach Airteagal 2, pointe 28, den rialachán atá beartaithe.

(18)  Féach Airteagal 1 den rialachán beartaithe.

(19)  Féach Airteagal 3(4) CAE.

(20)  Féach Airteagal 4(1) den rialachán atá beartaithe, lena bhforáiltear, i gcomhréir leis na Conarthaí, go mbeidh an ceart eisiach ag BCE eisiúint an euro dhigitigh a údarú, agus go bhféadfaidh BCE agus BCNanna an euro digiteach a eisiúint.

(21)  Féach aithris 9 den rialachán beartaithe.

(22)  Féach Airteagal 5(1) agus (2) den rialachán beartaithe.

(23)  Féach Airteagal 4(1) den rialachán beartaithe.

(24)  Féach Airteagal 2, pointe (5) de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(25)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (OJ L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(26)  Moladh (2010/191/AE) ón gCoimisiún an 22 Márta 2010 maidir le raon feidhme agus éifeachtaí dlíthairisceana nótaí bainc agus bonn euro (IO L 83, 30.3.2010, lch. 70).

(27)  Féach an breithiúnas i gCásanna Uamtha C-422/19 agus C-423/19, .

(28)  Féach an breithiúnas i gCásanna Uamtha C-422/19 agus C-423/19, mír 45.

(29)  Féach an breithiúnas i gCásanna Uamtha C-422/19 agus C-423/19, míreanna 50 go 52.

(30)  Féach BCE, Aibreán 2021 agus ‘Staidéar ar Mhodhanna Íocaíochta Digití Nua’, Kantar Public/BCE, 2022.

(31)  Tá an méid sin nasctha le hAirteagail 13 agus 14 den rialachán atá beartaithe (maidir le dáileadh ag SSIanna).

(32)  Tá sé sin nasctha le hAirteagal 17 den rialachán atá beartaithe (‘Táillí ar sheirbhísí íocaíochta sa euro digiteach’).

(33)  Féach Airteagal 26 den rialachán beartaithe.

(34)  Féach Airteagal 9 den rialachán beartaithe.

(35)  Féach Airteagal 10 den rialachán beartaithe.

(36)  COM(2023) 364 final.

(37)  Féach Airteagal 13 den rialachán beartaithe.

(38)  Féach Panetta, F., ‘Building on our strengths: the role of the public and private sectors in the digital euro ecosystem’ [Ag cur lenár láidreachtaí: ról na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha in éiceachóras digiteach an euro], ráiteas tosaigh ó Fabio Panetta, Comhalta Bhord Feidhmhúcháin BCE ag Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa, an Bhruiséil, 29 Meán Fómhair 2022.

(39)  Féach Airteagal 13(7) den rialachán beartaithe.

(40)  Féach Airteagal 14(1) den rialachán beartaithe.

(41)  Féach Panetta, F., ‘A digital euro: widely available and easy to use [euro digiteach atá ar fáil go forleathan agus atá éasca le húsáid’], ráiteas tosaigh ag Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa, an Bhruiséil, 24 Aibreán 2023.

(42)  Dá mbeadh dáileadh deonach d’idirghabhálaithe ina ionad sin, d’fhéadfadh constaicí suntasacha a bheith roimh dhaoine maidir le euro digiteach a fháil. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu cuntas a oscailt le hidirghabhálaí nua mura gcuireann a mbanc féin rochtain ar an euro digiteach ar fáil dóibh. I gcás den sórt sin, áfach, d’fhéadfadh sé nach dtuigfeadh daoine cén fáth ar cheart dóibh cuntas eile a oscailt agus b’fhéidir nach ndéanfadh siad iarracht euro digiteach a fháil ó idirghabhálaí eile. Thairis sin, léiríonn samplaí de thionscnaimh íocaíochta uile-Eorpacha roimhe seo gur ghá bearta rialála a thabhairt isteach i gcónaí chun a áirithiú go mbeidh rochtain leathan ag tomhaltóirí ar na seirbhísí íocaíochta ábhartha ar fud an limistéir euro.

(43)  Féach Airteagal 17(1) den rialachán beartaithe.

(44)  Féach Iarscríbhinn II, pointe (c), den rialachán atá beartaithe.

(45)  Ní bheifí ag súil le réasún go ngearrfaí muirear ar úsáideoirí an euro dhigitigh as cuntas íocaíochta sa euro digiteach a bhreisiú (e.g. EUR 1 000 a chur isteach ag tús gach míosa), ós rud é gur annamh a ghearrtar buanorduithe (e.g. cíos a íoc ag tús na míosa).

(46)  Féach aithris 10 den Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 260/2012 agus (AE) 2021/1230 maidir le haistrithe creidmheasa ar an toirt in euro (COM(2022) 546 final).

(47)  Féach ‘Staidéar ar Thiachóga Digiteacha’, tuarascáil an ghrúpa fócais, Kantar, Aibreán 2023, ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu.

(48)  Cuireann cistiú agus díchistiú uathoibrithe eispéireas áisiúil chun cinn d’úsáideoirí deiridh, rud a thacódh le glacadh an euro dhigitigh agus lena thairbhí don chobhsaíocht airgeadais, go háirithe ós rud é go mbeidh teorainneacha sealúchais dea-chalabraithe ag gabháil leis an bhfeidhmiúlacht sin. Má choinníonn go leor úsáideoirí cothromaíocht éigin in euro digiteach go rialta, bíonn tionchar níos ísle ar chobhsaíocht airgeadais má spreagann teagmhas úsáideoirí an euro dhigitigh chun a ngabháltais euro dhigitigh a mhéadú, toisc go mbeidh an tionchar tobann ar thaiscí bainc níos ísle.

(49)  Féach, mar shampla, an fhreagairt ó Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) ar an nós imeachta i scríbhinn tar éis sheisiún teicniúil ERPB maidir le euro digiteach an 12 Bealtaine 2023, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(50)  Féach Airteagal 14(1) den rialachán beartaithe.

(51)  Féach Airteagal 15 den rialachán beartaithe.

(52)  Féach Panetta, F., ‘Shaping Europe’s digital future: the path towards a digital euro’ [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú: conair i dtreo euro dhigitigh] ráiteas tosaigh ó Fabio Panetta, Comhalta Bhord Feidhmhúcháin BCE ag Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa, an Bhruiséil, 04 Meán Fómhair 2023.

(53)  Féach BCE (2022), ‘Dul chun cinn maidir le céim imscrúdaithe an euro dhigitigh’, ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(54)  Féach Panetta, F., ‘An euro digiteach and forás an chórais airgeadais’, ráiteas tosaigh ó Fabio Panetta, Comhalta Bhord Feidhmhúcháin BCE ag Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa, an Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022. Ar fáil ar shuíomh Gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(55)  Féach Panetta, F., ‘An euro digiteach agus éabhlóid an chórais airgeadais’, ráiteas tosaigh ag Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa, an Bhruiséil, an 15 Meitheamh 2022.

(56)  Féach Airteagal 15(1) den rialachán beartaithe.

(57)  Féach Airteagal 16(1) den rialachán beartaithe.

(58)  Féach Airteagal 16(2) den rialachán beartaithe.

(59)  Féach Airteagal 16(1) den rialachán beartaithe.

(60)  Féach Airteagal 16(8) den rialachán beartaithe.

(61)  Féach Airteagal 17 den rialachán beartaithe.

(62)  Féach Airteagal 17(1) den rialachán beartaithe.

(63)  Féach Airteagal 7(4) den rialachán beartaithe.

(64)  Féach Airteagal 17(6) den rialachán beartaithe.

(65)  Féach Airteagal 17(3) den rialachán beartaithe.

(66)  Féach Airteagal 17(5) den rialachán beartaithe.

(67)  Féach aithris 13 de Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch.1); Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uim. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22); agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le híocaíochtaí trasteorann san Aontas (IO L 274, 30.7.2021, lch.20).

(68)  Féach Airteagal 17 den rialachán beartaithe.

(69)  Féach BCE (2023), ‘Dul chun cinn maidir le céim imscrúdaithe an euro dhigitigh — an tríú tuarascáil’, ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(70)  Féach Airteagal 18(1) agus Airteagal 19(1) den rialachán atá beartaithe.

(71)  Féach Airteagal 16 den rialachán beartaithe.

(72)  Is éard atá in íocaíochtaí miondíola trasairgeadra idirbhearta idir an t-íocóir agus an t-íocaí lena n-áirítear comhshó trasairgeadra mar chuid de shlabhra na n-íocaíochtaí. D’fhónfadh sé sin, mar shampla, do chásanna trádála idirnáisiúnta miondíola agus seoltán idirnáisiúnta.

(73)  Féach Airteagal 23 den rialachán beartaithe.

(74)  Féach BCE (2023), ‘Dul chun cinn maidir le céim imscrúdaithe an euro dhigitigh — an tríú tuarascáil’.

(75)  Féach Airteagal 21(2) den rialachán beartaithe.

(76)  Féach Airteagal 23 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Reacht CEBC’ anseo feasta).

(77)  Le samhail ar líne, bheifí in ann airgead bainc ceannais a úsáid (1) le haghaidh íocaíochtaí a dhéantar go cianda (a bhfuil méadú ag teacht ar a méid agus an digitiú ag dul i méid), (2) chun a áirithiú go gcumhdófar gach cás úsáide i bhformhór na gcásanna íocaíochta, agus (3) ag daoine aonair gan a bheith ag brath ach ar ionstraim iompróra (a d’fhéadfadh a bheith caillte nó goidte) chun go mbeidís in ann airgead bainc ceannais a shealbhú.

(78)  Ionstraim íocaíochta iompróra a bheadh i samhail as líne nach mbraitheann ar nasc ar líne ach atá teoranta d’íocaíochtaí gaireachta agus don ghá atá ann í a réamhchistiú; dá bhrí sin, d’fhéadfaí leibhéal comhchosúil príobháideachais agus a bhfuil feidhm aige i gcás ina n-úsáidtear airgead tirim a chumasú le haghaidh íocaíochtaí.

(79)  Féach Airteagal 23(1) den rialachán beartaithe.

(80)  Féach BCE (2023), ‘Dul chun cinn maidir le céim imscrúdaithe an euro dhigitigh — an ceathrú tuarascáil’, ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(81)  Féach Airteagal 24(2) den rialachán beartaithe.

(82)  Féach, mar shampla, Panetta, F., ‘The digital euro: our money wherever, whenever we need it’ [An euro digiteach: ár gcuid airgid, áit ar bith, aon uair is gá dúinn é’, ráiteas tosaigh ó Fabio Panetta, Comhalta Bhord Feidhmhúcháin BCE ag Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa, an Bhruiséil, 23 Eanáir 2023. Ar fáil ar shuíomh Gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(83)  Féach Airteagal 7(2) den rialachán beartaithe.

(84)  Féach Airteagal 12(2) den rialachán beartaithe.

(85)  Féach BCE (2023), ‘Dul chun cinn maidir le céim imscrúdaithe an euro dhigitigh — an tríú tuarascáil’.

(86)  Go háirithe feidhmiúlacht ‘cistí a fhorchoimeád’, a bheadh riachtanach chun roinnt seirbhísí íocaíochta coinníollacha a sholáthar go sábháilte d’úsáideoirí deiridh, agus is gné tacaíochta é d’ilchásanna úsáide íocaíochta coinníollacha a d’fhéadfadh a bheith ann amhail íocaíocht in áit seachadta agus íoc de réir úsáide.

(87)  Féach Airteagal 26 den rialachán beartaithe.

(88)  Féach Airteagal 28(1) den rialachán beartaithe.

(89)  Féach Airteagal 28(3) den rialachán beartaithe.

(90)  Féach Airteagal 31 den rialachán beartaithe.

(91)  Féach míreanna 8.2 agus 8.3 den Tuairim.

(92)  Féach Airteagal 32 den rialachán atá beartaithe.

(93)  Féach Airteagail 32 agus 34 go 36 den rialachán beartaithe.

(94)  Féach Airteagail 35 agus 36 den rialachán beartaithe.

(95)  Féach Airteagal 35(5) agus Airteagal 36(5) den rialachán atá beartaithe.

(96)  Féach Airteagal 33 den rialachán beartaithe.

(97)  Féach an chéad fhomhír d’Airteagal 40(1)den rialachán atá beartaithe.

(98)  Féach Airteagal 4(1) den rialachán beartaithe.

(99)  Féach Airteagal 40(1) den rialachán beartaithe.

(100)  Féach Airteagal 40(2) den rialachán beartaithe.

(101)  Féach mír 1.3 de Thuairim CON/2018/20 ón mBanc Ceannais Eorpach an 11 Aibreán 2018 maidir le togra le haghaidh rialachán maidir leis an gCiste Airgeadaíochta Eorpach a bhunú (IO C 220, 25.6.2018, lch. 2). Tá tuairimí uile BCE ar fáil ar EUR-Lex.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/669/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)