|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/607 |
15.1.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 23 Samhain 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Instituto de Financiamento da Agricultura e Pescas, IP v CS
(Cás C-213/22 (1), Instituto de Financiamento da Agricultura e Pescas (Bearta Athfhoraoisithe))
(Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas talmhaíochta - Roinn Ráthaíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) - Scéim cabhrach Comhphobail do bhearta foraoiseachta sa talmhaíocht - Rialachán (CEE) Uimh. 2080/92 - Pointe (b) agus pointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 3 - An scéim cabhrach - Préimheanna cothabhála agus préimheanna i leith caillteanais ioncaim - Coinníollacha maidir le deonú - Reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos ceanglas maidir le híosdlús stocála do dháileachtaí - Mainneachtain maidir leis an gceanglas a chomhlíonadh mar gheall ar chúis nach bhfuil inchurtha i leith an tairbhí - Oibleagáid an chabhair a aisíoc - Force majeure - Prionsabal na comhréireachta)
(C/2024/607)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Supremo Tribunal Administrativo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Instituto de Financiamento da Agricultura e Pescas, IP
Cosantóir: CS
An chuid oibríochtúil
Maidir le pointe (b) agus pointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 3 de Rialachán (CEE) Uimh. 2080/92 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1992 lena mbunaítear scéim cabhrach Comhphobail do bhearta foraoiseachta sa talmhaíocht agus prionsabal na comhréireachta
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní choisceann siad oibleagáid ar fhaighteoir préimheanna cothabhála agus préimheanna caillteanais ioncaim arna n-íoc faoi ghealltanas ilbhliantúil chun talamh talmhaíochta a fhoraoisiú lenar gheall sé na préimheanna sin a aisíoc i gcás nach gcomhlíontar coinníoll maidir le deontas a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta, a bhaineann le híosdlús stocála foraoise a bheith ann, le linn chur chun feidhme an ghealltanais sin mar gheall ar dhálaí drochaimsire.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/607/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)