|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/562 |
8.1.2024 |
Caingean arna tabhairt an 16 Samhain 2023 — Apple v an Coimisiún
(Cás T-1079/23)
(C/2024/562)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Apple Inc. (Cupertino, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: D. Beard, S. Love, J. Bourke, Abhcóidí, W. Knibbeler agus T. van Helfteren, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 5 Meán Fómhair 2023, ar tugadh fógra faoi do Apple an 6 Meán Fómhair 2023, tagairt DMA.100022, chun imscrúdú margaidh a oscailt i ndáil le iMessage de bhun Airteagail 16 agus 17(3) de Rialachán (AE) 2022/1925 (1) a mhéid atá sé bunaithe go mícheart ar chinneadh gur seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir í iMessage de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/1925 agus Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (2) a chur ar neamhní; agus |
|
— |
ordú a thabhairt don Choimisiún Eorpach costais an iarratasóra a íoc de bhun Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, lena n-áirítear na costais a bhaineann le haon pháirtithe idirghabhálacha. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin lena n-éilítear míthuiscint agus cur i bhfeidhm mícheart Rialachán (AE) 2022/1925 agus Threoir (AE) 2018/1972, agus earráidí fíorasacha ábhartha, agus cinneadh á dhéanamh gur seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir í iMessage.
(1) Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO 2022 L 265, lch. 1).
(2) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO 2018 L 321, lch .36).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/562/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)