European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/547

8.1.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2023 – SkinIdent v EUIPO – Beiersdorf (NIVEA SKIN-IDENTICAL Q10

(Cás T-665/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh NIVEA SKIN-IDENTICAL Q10 - Trádmharc náisiúnta agus clárú idirnáisiúnta ar fhocalmharc roimhe seo SKINIDENT - Ainm cuideachta Skinident roimhe seo - Forais choibhneasta le diúltú - Easpa dóchúlachta mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Úsáid chomhartha nach bhfuil a raon feidhme ann i gcúrsa gnó áitiúil amháin - Airteagal 8(4) de Rialachán 2017/1001 - Gaireacht earnála - Cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta ag EUIPO - An ceart chun éisteacht a fháil - Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

(C/2024/547)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: SkinIdent AG (Freienbach, an Eilvéis) (ionadaí: U. Hildebrandt, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova-Valchanova agus E. Markakis, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Beiersdorf AG (Hambourg, an Ghearmáin) (ionadaithe: V. von Bomhard, J. Fuhrmann agus A. Malkmes, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 18 Lúnasa 2022 (cás R 1499/2021-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do SkinIdent AG a chostais féin a íoc chomh maith leo siúd a thabhaíonn Beiersdorf AG.

3)

Ordaítear do EUIPO na costais a íoc.


(1)   IO C 472, 12.12.2022.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/547/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)