|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/510 |
8.1.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Samhain 2023 (iarrataí ar réamhrialú ón Juzgado de lo Social de Madrid – an Spáinn) – NC (C-583/21), JD (C 584/21), TA (C-585/21), FZ (C-586/21) v BA, DA, DV, CG
(Cásanna Uamtha C-583/21 go C-586/21 (1), NC agus páirtithe eile (Aistriú oifig nótaire Spáinnis)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2001/23/CE - Airteagal 1(1) - Cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí - Aistriú oifig nótaire - Dearbhú go bhfuil briseadh fostaithe ar neamhní nó éagórach - Cinneadh sinsearachta chun cúiteamh a ríomh - Infheidhmeacht na treorach sin - Coinníollacha)
(C/2024/510)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado de lo Social de Madrid
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: NC (C-583/21), JD (C-584/21), TA (C-585/21), FZ (C-586/21)
Cosantóirí: BA, DA, DV, CG
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 1(1) de Threoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint cearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí, a léiriú sa chiall go bhfuil an Treoir sin infheidhme maidir le staid ina n-éiríonn nótaire, oifigeach poiblí agus fostóir príobháideach oibrithe atá sannta dá oifig nótaire, an sealbhóir roimhe sin ar oifig den sórt sin, ina ghlacann sé a mhiontuairiscí, chomh maith le chuid riachtanach den fhoireann a bhí fostaithe ag an dara ceann acu sin agus a leanann ar aghaidh ag déanamh na gníomhaíochta céanna san áitreabh céanna leis na modhanna ábhartha céanna, ar choinníoll go seastar le céannacht na hoifige sin, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé é sin a chinneadh trí na himthosca ábhartha go léir a chur san áireamh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/510/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)